Go deimhin, níl i gcód ach cumarsáid. Ar an leibhéal simplí, leis an ríomhaire. Ach ní hé sin an gné is tábhachtaí. Ní bheidh aon doiléire san comhad dénártha a thiomáinfidh an ríomhaire. Ach ní gá go mbainfear amach aidhm an ríomhchláraitheora!
Mar sin, is gá go mbeadh an cód inléite; ag an ríomhchláraitheoir féin, ag an foireann profa, agus ach go hairithe ag an foireann cothabhála.
Mar is gnách, siad na mionrudaí is tábhachtaí:
Is féidir leithéidí
Másmóafábnácfáddéaneésinnódéanfa scríobh agus beidh clár bhailí agat. Ach is féidir é scríobh ar bhealach i bhfad níos inléite le lúibíní agus spás bhán:
Más mó (a fá b) ná (c fá d)
dean e
é sin nó
déan f
Is é an gnáth nós ná
- Línte cód a bhfuil baint acu le chéile a scaradh ó línte eile le líne folamh. i. Altanna a úsáid, mar a bheadh in ábhar scríofa.
- Feidhm a bhaint as bearnú chun an leibhéal feidhme a chuir in iúl.
- Spás a fhágáil thart ar oibreoirí dénártha (*, /,+,- agus rl)
Má déantar faillí i rud mar seo, beidh an clár a bhí leagtha amach go gleoite, dar leat, ina ghiobail doléite dar leis an té a thagann i do dhiaidh!
Níl i spás bán agus lúibíní ach cuid den scéal. Agus i leor sin de racht anocht.
Tá léargas chuimsitheach ar conas praiseach cheart a dhéanamh anseo