Amharcann an Eaglais ar chuairt na dtrí saoithe ar Íosa agus A Mháthair mar foilsiú an tslánaithe dos na ciníocha.
Feictear é sin í leachtaí an lae inniu. (Íseáia 60:1-6, Eifísigh 3:2-3. 5-6, Matha 2:1-12).
Agus an réalta, a bhí feicthe acu roimhe sin ag éirí, ghluais sí rompu go dtí gur stad sí os cionn na háite ina raibh an leanbh. Nuair a chonaic siad an réalta, bhí áthas an-mhór orthu. Agus ar dhul isteach sa teach dóibh, chonaic siad an leanbh le Muire a mháthair, agus d’umhlaigh siad go talamh ag déanamh ómóis dó. Agus d’oscail siad a gcistí agus d’ofráil siad tabhartais dó, ór agus túis agus miorra. Agus ó fuair siad foilsiú i mbrionglóid gan dul ar ais go dtí Héaród, ghabh siad bóthar eile abhaile chun a dtíre féin.
Tá traidisiún ag dul i bhfad siar go raibh fear gorm i measc na dtrí ríthe, agus uaireanta feictear íomhánna agus duine acu ina Shíneach. Sin dóigh eile le cur in iúl go mbaineann Críost agus a Shlánú orainn le gach neach daonna.
A bhráithre, tá iomrá cloiste agaibh, ní foláir, ar an gcúram a thug Dia mar ghrásta dom in bhur gcomhair agus mar a thug sé fios a rúin dom in aisling. Níor tugadh fios an rúin seo do na glúinte daoine a chuaigh romhainn ach tá sé arna nochtadh ag Dia anois faoi luí an Spioraid dá aspail naofa agus dá fháithe. Agus is é rún é: gur comhoidhrí na gintlithe, gur comhbhaill den aon chorp iad agus go bhfuil siad comhpháirteach sa ghealltanas i gCríost Íosa tríd an dea-scéal. (Eifísigh 3:2-3. 5-6)
Nach méanar dúinn?