Tráthnóna breá gréine a bhí ann anseo i gCill Mhantáin. Tá sé d'ádh orainn go bhfuil coill bheag trasna an bhóthair ón eastáit ina bhfuil cónaí orainn.
Chuaigh mé ann le m'iníon, atá anois bliain go leith.
Bhain sí an sult as a bheith (mar a dúirt sí féin) ag patscháil. Tá focail a tharraingíonn pictiúr fairsing sa Ghearmáinis, Lautmalerei - fuaim dhathú - a thugann siad air. Is iontach an focal patsch le cur síos beacht a dhéanamh ar bhuatais ag teacht anuas agus ag díbirt uisce agus draoib!
Bhí coirm siansach na n-éan faoi lán tseoil freisin, agus chonaic muid beacha, féileacáin agus seangáin. Bhí bláth discréideach na darach le feiscint, chomh maith le lusanna agus bláthanna níos feiceálaí. Agus bachlóga na raithní, a bhfuil cuma bachall orthu.
Tá a leithéid de rud ann sna críocha ina labhraítear Gearmáinis agus Waldkindergarten naíonra sa choill - bíonn na gasúr amuigh faoin aer ó cheann ceann na bliana.
Is dócha go bhfuil sé ró thais anseo dá leithéid, agus pé scéal é, tá deireadh na gcoillte ar lár!