Thug mé suntas do cholún ag Sheila O'Flanagan san Irish Times an tseachtain seo chaite.
Bhí sí ag trácht ar an cur i gcoinne Hilary Clinton toisc go raibh "cíocras cumhachta" aici. Deir sí, agus an ceart aici, dar liom, nach gcuirtear sin i leith Barack Obama ná John McCain.
Dar léi, is súile an sochaí gur ceadmhach do bhean glacadh le rath, go humhal agus go grástúil, ach go bhfuil sé crosta uirthi a fonn chun ratha a léiriú.
Cinnte bhí cíocras cumhachta uirthi. Tuige nach mbeadh? Bhí fonn uirthi an post is cumhachtaí ar Domhan a bheith aici. Bheadh sé mínádúrtha mura raibh fonn uirthi chuige.
Mar a bhí ar Margaret Thatcher, nó Angela Merkel. Beirt a ceapadh a bheith faoi scáil fir cumhachtacha - thugadh Helmut Kohl "mo chailín" ar Merkel. Go dtáinig siad i réim agus rinne a gcion. Ní gá bheith ar aon fhocail leo ó thaobh polaitíochta (agus nílim) chun aithint go ndearna siad jab mhaith (atá fós á dhéanamh ag Angela Merkel - bhean a mbeidh tionchar aici ar dán na hÉireann tar éis an reifreann úd!).
Fimíneacht faoi ndeara an dearcadh seo i leith mná i gceannas, agus is mithid fail réidh leis.