Chuir muid roinnt
cálráib i bosca glasraí sa ghairdín. Agus seo an toradh - ionradh na gcruimh cabáiste. Chuir mé an ruaig ar scata acu cúpla lá ó shin, ach tá ceann nó dhó á phiocadh agam de na duilleoga maidin agus tráthnóna ó shin. De réir na leabhair, ní dhéanfaidh siad aon ró dhochair don bharr. Tá súil agam gur amhlaidh atá - níl cálráib ró fhlúirseach in Éirinn. Faighim corr uair ó díoltóir i mBarra Temple é, ach ní bhím sa cháthair sách minic ag an deire seachtaine.
Glasra deas milis atá ann.