Feictear dom go bhfuilid ann sa bhlagadóireacht atá ag cíoradh na ceisteanna seo. Feictear dom freisin go bfuilimidne a bhíonn ag plé leis na heolaíochtaí go gairmiúil sách oscailte do na dána. An-sampla aiste Sheáin ar an gCeimic. Ach is dócha gur fíor nach bhfuil an cumarsáid ann san treo eile.Ach an féidir linn eolaíocht a phlé – mar shampla, ceist na géineolaíochta, rud atá rí-thábhachtach, bíodh sé le leas nó le haimhleas an chine daonna – mar a phléitear ábhair eile?
Léigh na nuachtáin agus éist leis na meáin chraolta sa Ghaeilge. Pléitear litríocht agus stair agus polaitíocht agus a leithéid go rialta – ach is annamh a phléitear eolaíocht. Ní hé nach bhfuil na téarmaí ar fáil. Ach níl ann ach corrdhuine cosúil leis an Dr Matt Hussey a fhoilsíonn ar chúrsaí eolaíochta. Is trua é, agus is mór an chaill ar an Ghaeilge é.
N'fheadar conas an bearna úd a líonadh? Scríobh linn, is dócha!