Tá allagar sa bhFrainc maidir leis an bhféiniúlacht náisiúnta le tamaill. Táthar ag caint ar cairt cearta agus dualgais - ach is cosúil gurbh iad eachtrannaigh ar mian leo bheith ina saoránaigh amháin a mbeidh orthu glacadh go sollúnta leis an gcairt seo.
Agus, mar a chíorann Beocheist an lae, ní bheidh ceart ná dualgas ann an burqa a chaitheamh...
Tá amhras orm faoi iarrachtaí mar seo ón bharr anuas féiniúlacht a dheimhniú. Ach is sean nós atá ann sa bhFrainc, feictear dom.