D'eagraigh leabharlann an Chabháin ócáid as Gaeilge le linn na Fleidhe. Niall Tóibín ag léamh gearrscéalta de chuid Seán Mac Mathúna.
Duine tarraingteach is ea Niall, agus bhí slua maith ann - cé gur fhág dornán beag nuair a fógraíodh gurbh as Gaeilge a bheadh an imeacht! Dhá ghearrscéal ón leabhair Úlla a léigh sé.
Níl, go bhfios dom, aon scéal de chuid an údair léite agam. Dhá scéal den scoth a thug Niall chun beatha lena ghuth ealaíonta; scéal íogair faoi dhéagóir, gabhar agus leabhar1 - agus scéal eile faoi scoláire a thiteann - ní i ngrá, ach i ndrúis - le cailín aimsire.
Dhá scéal chumhachtach. Chuir reacaireacht Néill beocht iontu, agus d'imigh uair a chloig go gasta, taitneamhach. (Tá an closleabhar ar mo mhianliosta anois!)
Cuireadh roinnt ceisteanna (as Béarla don gcuid is mó) ar ina dhiaidh. Ina measc, an cheist cárbh as do Mhac Mathúna - agus dúirt an bhean scothaosta a d'fhiafraigh an cheist gurbh mór idir é agus Tomás Ó Criomhthain...(Sílim gur ghlac sí scannal ón scéal faoin skivvy agus an scoláire - bhí sé garbh, gáirsiúil - ach ionraic, réalaíoch freisin sílim. Agus cáineadh an chléir ann, agus é tuillte go maith acu).
Tá an saol bogtha ar aghaidh ó ré an tOileánaigh; is iontach an rud é údair a bheith ann chun an saol ilghnéitheach úd a léiriú, agus is iontaí fós reacairí paiteanta a bheith ann chun sprid bhreise a chuir i mbriathra na n-údar.
1Tá cuid den chéad scéal le clos anseo: (Grma, Seán!)