05 February 2012

Cé leis Raidió na Gaeltachta?

Bhí plé ghairid agam ag tús na seachtaine le Tiarnán de Hál ar twitter maidir le RnaG, an clár Glór Anoir ach go háirithe. Tá Tiarnán den tuairim nach bhfuil Raidió na Gaeltachta ag freastal mar ba cheart ar Ghaeilgeoirí Oirthear na hÉireann. Bhain cuid dá argóint le cúrsaí spóirt; dá laghad mo spéis iontu is lú fós mo scil, mar sin níl faic le rá agam faoin réimse sin. Is le Lyric a éistimse ag an deireadh seachtaine ar mhaithe le cúrsaí spóirt a sheachaint! Ach seachas sin is le RnaG  a éistim, go háirithe agus mé ag taisteal ar an DART idir Cluain Tairbh agus an baile. Ní fear Gaeltachta mise, gan amhras, agus ní dóigh liom gur chaith mé níos mó ná coicís nó b'fhéidir trí seachtain i gceantar ar bith sa Ghaeilge Oifigiúil. Ach de bharr mo shuim sa Ghaeilge tá suim agam sa Ghaeltacht. Táim go láidir den tuairim go mbeidh seala an bháis go críochnúil ar an nGaeilge má theipeann uirthi mar theanga pobail. Dá thábhachtaí pobail na Gaeilge san Iar Ghaeltacht i ndán na teanga,  ní pobal dlúth muid agus beidh bearnaí suntasacha sna réimsí teanga a chlúdaíonn muid. Caithfidh aon straitéis don nGaeilge na difríochtaí seo a chuir san áireamh agus thar rud ar bith eile seachadadh an teanga ó ghlúin go glúin sa Ghaeltacht a neartú.
Sin is dócha, an chomhthéacs do mo chuid tuairimí maidir le RnaG. Ar an gcéad dul síos, cé go bhfuil fáil ar Raidió na Gaeltachta go náisiúnta, ní craoltóir náisiúnta atá ann. Is ar Údarás Craolacháin na hÉireann (Alt 25/2/h) agus RTÉ (Alt 114) a leagann AN tACHT CRAOLACHÁIN 2009 na dualgais a bhaineann leis an nGaeilge a chuir chun cinn mar teanga labhartha. Níl ról RnaG amháin atá ann. Raidió Pobail is ea RnaG, raidió a d'eascair as gluaiseacht Ceárta Sibhialta na Gaeltachta agus Saor Raidió Chonamara. Bhíodh rannóg bisiúil ar RTÉ1 ag plé leis an nGaeilge, ach tá sin á siar imeallú, agus pé imir den nGaeilge atá fágtha a bhrú faoi fhreagracht RnaG, ag am go bhfuiltear ag ciorrú acmhainní orthu sin. Sin rud nach mian liomsa tacú leis a bheag ná a mhór. Ní maith an rud, fágaim, nach bhfuil clár dá gcuid féin le bheith ag Maigh Eo níos mó de bhrí go bhfuil Máirtín Mac Donnchadha ag dul amach ar pinsean. Agus n'fheadar a bhfuair na Déise, Músgraí, Teileann, Uíbh Ráthach agus a leithéidí a gceart riamh.

Maidir leis an Údaras, agus an foras a bhí ann roimhe, bíonn méid áirithe ar bun acu. Maoinítear cláir tríd an scéim Fuaim agus Fís - mar shampla, an dráma iontach úd An Cuimhin leat? Bíonn clár i nGaeilge ar Newstalk - Splanc. Tá clár freisin ar an stáisiúin pobail Near FM - Muin na Muice. Agus, gan amhras, tá stáisiún pobail ag Gaeilgeoirí Átha Cliath - Raidió na Life. Tá comhoibriú idir an Údarás Craolacháin agus an Comhdháil - Cogar.
Tá gníomhaíochtaí eile ann, mar shampla Raidió RíRá.
Is mó i bhfad na deiseanna ag Gaeilgeoirí seilbh a ghlacadh ar na meáin ná mar a bhí sna 1970í a bhuí leis an idirlíon. Rudaí gur féidir a dhéanamh ar bheagán costas, agus neamhspleách, i ngan fhios, agus gan buíochas don bpárlathas! Seachas baint ó luach Raidió na Gaeltachta do phobail na Gaeltachta, is ceart dúinne san Iar Ghaeltacht a bheith ag tacú leo, agus san am céanna ag briseadh fearainn nua don teanga.
Tá lúb ar lár suntasach i gcuir chuige RTÉ mar chraoltóir seirbhís poiblí go ginearálta.  Níl siad iomlán Stát maoinithe. Tá fógraíocht i gceist. Gnó. Agus téann sin chun dochar don ról seirbhís poiblí. Fágann sé freisin gur beag suim atá san ardbhainistíocht i conas atá RnaG ag cruthú, toisc nach gcraoltar fógraí ar an stáisiún. Níl iontu, mar sin, ach costas dar leo. Ní fiú iad a chuir san áireamh in san JNLR, mar nach mbeidh brabach le gnóthú as. Mar sin, níl eolas cruinn ar fáil maidir le héisteoirí RnaG. Níl againn ach suirbhé fánach thall is abhus fearacht an chinn seo. Mar sin, tá sonraí in easnamh chun plé ceart a dhéanamh ar an gceist.
Maidir leis an ceist sonrach, an féidir le  Cormac Ó hEadhra, fear Gaeltachta, a bheith ionadaíoch ar Ghaeil Bhaile Átha Cliath, sílim gur féidir. Ar an gcéad dul síos, ní hé féin amháin a chuireann an clár le chéile ná i láthair, agus is Bleá Cliathaigh ó dhúchas cuid mhaith den foireann.  Ar an dara dul síos, más féidir le - abair - Donncha Ó hÉallaithe nó Pádraig Ó hAoláin labhairt ar cheisteanna mar ionadaí Gaeltachta, tuige nach féidir le fear atá a chaitheann a shaol gairmiúil abhus labhairt ar son Gaeilgeoirí Oirthear na hÉireann? Tar éis an tsaoil, cuid suntasach de phobal na Gaeilge abhus muintir na Gaeltachta ar deoraíocht!

Mar sin: Treise le RnaG ag freastal ar Muintir na Gaeltachta, agus ar aghaidh leis an Ríomhlóid abhus!


7 comments:

  1. Molaim thú as an mblag a Aonghuis, agus tacaím le go leor atá á rá agat. Is áis iontach í Raidió na Gaeltachta, gan aon agó, agus is é mo rogha stáisiún é le tamall de bhlianta anuas dá bharr. Ceist eile an bhfuil mórán rogha agam áfach!! Ach pé scéal é, pé am den lá go mbíonn seans agam a bheith ag éisteacht leis an raidió, is iondúil go mbíodh mé ag éisteacht le Raidió na Gaeltachta. Go dtí le fíor dhéanaí, áfach.
    Níl aon amhras ach go bhfuil scoth na gcraoltóirí ag Raidió na Gaeltachta agus go gcuireann an stáisiún an-seirbhís ar fáil dúinn, ó mhaidin go hoíche, do phobal uile an oileáin, agus go deimhin thar lear, a bhuíochas don teicneolaíocht. Tá an t-ádh liom go raibh seans agam aithne a chur ar chuid mhaith d’fhostaithe an stáisiúin le blianta beaga anuas, agus fiú agallaimh a dhéanamh leo ar ábhair éagsúla i gcaitheamh an ama seo. Mar cosúil leat féin, is maith liom a bheith ag caint, go háirithe má tá daoine ag éisteacht!!
    Murab ionann leat féin, chaitheas féin breis is bliain go leith i mo chónaí i gConamara go dtí tús na bliana seo caite, agus is mar mholadh ollmhór don stáisiún é go bhfuilim in ann a rá gur bhraith mé mar chuid lárnach den phobal éisteachta le linn na tréimhse seo. Agus is cinnte gur bhraith mé go raibh an stáisiún ionadaíoch dom. Bhíos den tuairim go raibh luach le mo ghlór ach go háirithe, rud nach mhothóinn faoi aon stáisiúin eile, ná baol air, seachas Raidió na Life b’fhéidir, mar atá á aithint agam le cúpla seachtain anuas, cé go mbíonn orm éisteacht leis an stáisiún sin ar an idirlíon, toisc mé taobh amuigh d’imeall an chomhartha FM atá acu san áit ina bhfuil cónaí orm faoi láthair.
    Toisc gur éirigh mo mháthair tinn ag tús na bliana seo caite táim anois lonnaithe i sléibhte Chill Mhantáin, ach cúpla míle uait féin i mBaile Uí gCearnaigh. Faraor, ardaíonn sin ceist faoin ardán atá á úsáid againn don phlé seo! N’fheadar an mbeadh sé ciallmhar dúinn an cupán caife sin a bheith againn ar deireadh agus na hábhair seo a ionramháil go príobháideach? Seachas a bheith ag díospóireacht go poiblí! Mar bhíodh nath ag mo sheanmháthair a dúirt nár cheart éadaí salacha a ní go poiblí!!
    Ar aon nós, sula dtéim níos faide, ní mór a rá nach Gaeil as Baile Átha Cliath mé agus ní miste an t-idirdhealú sin a dhéanamh!!! Agus más ag freastal ar Ghaeil Bhaile Átha Cliath atá an clár ‘Glór Anoir’, mar shampla, bíodh sin láithreoirí nó léiritheoirí an chláir, ní nach ionadh go mbraithim nach bhfuil mo ghuth, guth mo chlann, nó go deimhin guth mo phobail tógtha san áireamh acu. Mar ní Gaeil Bhaile Átha Cliath cuid mhaith dúinn, nó fiú formhór dúinn, agus ní bheinn ag iarraidh go mbeadh aon duine den tuairim gurb ea!!
    Deir tú gur “Raidió Pobail is ea RnaG”. Ach cén pobal? Is ceist í sin atá cosúil leis an gceist “cé muid?” a ardaíodh sa phlé eadrainn i rith na seachtaine seo caite. Tá soiléireacht ar an gceist sin á lorg agam le tamall anois, ach táim ag ceapadh go bhfuil pobal (nó muid) níos leithne i gceist ná mar a bhí nuair a bunaíodh Raidió na Gaeltachta ar an gcéad lá riamh? Agus ardmholadh agus ardmheas tuilte ag gach duine a bhí ceangailte leis an bhfeachtas úd gan aon dabht!!
    Beidh tuilleadh plé againn maidir leis na ceisteanna seo, agus eile, as seo amach, ach seans gur fearr fanacht ar fhreagraí ar na ceisteanna atá curtha againn go dtí seo go fóill. Cúpla rud eile le déanamh agam anois ar aon nós, ach beimid ag caint arís.

    ReplyDelete
  2. Maith agat as an fhreagra cuimsitheach. B'fhiú dul níos doimhne i gceist an phobail, cinnte. Ní dóigh liom go bhfuil aon dochar le ceist mar seo a phlé go poiblí; ag deireadh an lae, ceist pobail atá ann!

    ReplyDelete
  3. Go raibh maith agat féin a Aonghuis, mar murach do bhlag ní bheadh seans agam aon fhreagra a thabhairt.
    Tá cúpla ceist le freagairt fós áfach, ach is cosúil go bhfuilimid ag dul i gceart!

    ReplyDelete
  4. Pointe eile atá ábhartha Aonghus, munar mhiste leat, ar eagla nach bhfuil sé soiléir ón méid thuas, ná go bhfuil sé sách soiléir go bhfreastalaíonn ‘Iris Aniar’ ar scéalta áitiúla an Iarthair, ‘Barrscéalta’ ar scéalta áitiúla ó thuaidh, ‘An Saol Ó Dheas’ ar scéalta áitiúla an phobail sa deisceart, ach gur scéalta ginearálta náisiúnta (nó go deimhin idirnáisiúnta) iad a bhíonn ar Ghlór Anoir atá sách éagsúil ó na trí chlár eile, cé go mbíonn blaiseadh den chur chuige áitiúil i gceist chomh maith cinnte.
    Níl ann ach tuairim atá agam áfach, cé go bhfuilim ag ceapadh dá ndéanfaí anailís ar ábhair na gclár éagsúil go bhféadfaí patrún a léiriú, dá mbeadh duine ag iarraidh. Rud a théann ar ais go dtí mo bhuncheist, sí sin, an bhfuil Raidió na Gaeltachta ag freastal i gceart ar phobal an Oirthir?

    ReplyDelete
  5. Tuigim do cheist go maith. Is é mo bharrúil nach ann do "Phobal (Gaeilge) an Oirthir" sa chaoi ceann gurbh ann do na pobail logánta sna ceantair Gaeltachta Oifigiúla.

    Ach sin lá eile

    ReplyDelete
  6. Níl aon amhras ach go bhfuil dinimicí éagsúla i gceist sna ceantair nó sna pobail éagsúla agus tagaim leat sa mhéid sin. Ach táim lán cinnte, mar shampla, go bhfuil go leor, leor cainteoirí cumasacha san Oirthear nach bhfuair ardán ar RnaG riamh, agus táim go mór den tuairim gur ar leas an stáisiúin a bheadh sé a leithéid a chur ar fáil.

    ReplyDelete
  7. Caithfear ardán a iarraidh; tá muid ag cur tús leis sin is dócha.

    Tá drogall ormsa áfach an t-ualach ar fad a chur ar RnaG seachas RTÉ i gcoitinne. Tuige,mar shampla, nár cuireadh bealach digiteach as Gaeilge ar fáil?

    ReplyDelete

B'fhearr liom gan Béarla a fheiscint anseo!
Is oth liom nach féidir liom tagairtí anaithnid a cheadú - bhí barraíocht turscar ag tíocht isteach.
Má tá an mír níos mó ná coicís d'aois rachaidh an trácht i scuaine le bheith ceadaithe agam.

GRMA.