Fuair mé seo ar r-phost ó IMRAM: Imeacht mar chuid den Fhéile "Mountains to the Sea"
I
gcaitheamh na 1950í chuaigh lucht tógála ón tír seo go dtí na hionaid
tógála thall i Sasana. Léigh tú faoi sin sna leabhair Dialann Deoraí,
cuimhní cinn, agus Deoraithe, úrscéal le Dónall Mac Amhlaigh. Léifidh
Alan Titley sleachta as an dá leabhar. Inár dteannta beidh Mícheál Ó
hAodha, agus a chnuasach filíochta á chur i láthair aige, Slán le
hÉirinn. Is é atá san úrscéal véarsaíochta de chuid Nessa O’Mahony, In
Sight of Home ná leabhar atá spreagtha ag cartlann de chomhfhreagras
neamhfhoilsithe mar gheall ar na heachtraí a bhain do Bhuitléaraigh
Chill Chainnigh san Astráil dóibh. Léifidh Rita Ann Higgins ‘aiste ríme’
a bhaineann le cúrsaí teanga is imirce i gConamara.
Maritime Museum
€12 & €10 (lacáiste)