Tá tranglam comhdhálacha ar bun faoi láthair in Éirinn de bharr go bhfuil Cathaoirleacht Comhairle Airí an Aontais Eorpaigh i seilbh na tíre seo. (Faoi thionchar na Fraincise, Uachtaránacht a thugtar air). Tá seasamh láidir i bpolasaithe an Aontais ag teangacha neamhfhorleathana nó teangacha mionlaigh1 agus dá bhrí sin tá an Chomhdháil Voces in Artes á reáchtáil ag Foras na Gaeilge an deireadh seachtaine seo. (Níor éirigh liom teacht ar nasc fhiúntach don comhdháil - ní hiad an Fhoras an dream is fearr ag fónamh ar an Idirlíon is eagal liom).
Bhí an oscailt oifigiúil aréir i Halla na Cathrach - agus mheall an t-aoichainteoir Alan Titley ann mé. B'fhiú an praghas a bhí len íoc - éisteacht le óráid bheirt pholaiteora - a chuid cainte siúd!
De bhrí gur comhdháil idirnáisiúnta a bhí i gceist agus nach raibh ateangaireacht chomhuaineach ar fáil is go dhátheangach a labhair sé. Tig liom a dhearbhú mar sin go bhfuil sé chomh deisbhéalach, grinn, greannmhar glic sa Sacs-Bhéarla agus atá sa Ghaeilge! Ach níorbh ionann a chuid cainte sa dhá theanga - shnámh sé go gasta eatarthu.
Teangacha agus cultúir na hEorpa agus a suíomh san saol a bhí á phlé aige agus é a chuir i gcoinne an tuairim a chloistear go minic faoi gan iad a bheith "úsáideach" cionn is nach dtig pingin a dhéanamh go díreach as an chultúir agus na teangacha céanna; tuairim a chloistear go minic go deimhin ag lucht gaimbín agus atá, shílfeá "ciallmhar", "stuama", fiú "praiticiúil". Tuairim mar sin féin, mar a léirigh sé ina aitheasc nach bhfuil ag dul i bhfeidhm ar an bpobal, mar leoga scéalta agus ealaín is mó a bhíonn i gceist le hoideachas bunscoile! Scéalta eochair foghlama - agus ní scéal go scéal áitiúil i dteanga logánta - scéal a bhfuil gaois agus gustal ár sinsir le fáil ann!
Mhaígh sé - agus samplaí mar fhianaise aige - gur doimhne agus fairsinge an stór scéalta, amhráin agus cultúir atá ar fáil sna ceantair Gaeltachta ná in aon cheantar dá mhéid sa tír a bhfuil an Ghaeilge imithe as.
Rinne sé scigmhagadh éifeachtacht faoin bhfaisin atá forleathan maíomh go mba cheart teanga "an todhchaí" a chuir in áit na Gaeilge san scolaíocht - ag léiriú gurbh maíodh le fiche bliain anuas ar a sheal gurbh Seapáinis/Gearmáinis/Rúisis/Sínis a bhí de dhíth leis an bó a dhíol. D'imigh sin, is tháinig seo!
Caint spreagúil glic greannmhar mar is dual dó a thug sé, ag cur sméar mullaigh air le rann, agus casadh bainte as:
Do threascair an saol is shéid an ghaoth mar smál,
Alastar, Saesar, is an méid úd a bhíodh ina bpáirt.
Tá an Teamhair ina féar is féach an Traoi mar atá,
Is na Sasanaigh féin go mb'fhéidir go bhfaighidís bás.
Do threascair an saol is shéid an ghaoth mar smál,Gurab amhlaidh a bhéas!
Alastar, Saesar, is an méid úd a bhíodh ina bpáirt.
Tá an Teamhair ina féar is féach an Traoi mar atá,
Is ár dteangacha féin cá bhfios nach ndéanfaidís fás
1 Is iomaí mórtheanga de chuid stáit amháin san Eoraip - go háirithe i lár na hEorpa - atá ina theanga mionlaigh i Stáit eile. Ach tá teangacha gan Stáit ann freisin.