Píosaí liom in áiteanna eile:

2014-04-24

Ar thréig mo leithéidí muintir na sé contae?

Bhí mé i mBéal Feirste ar an Lá Dearg. B'shin, seachas turas gairid ar IKEA, an dara uair ann dom.
Agus ní raibh mé sna sé contae ach cúpla uair thairis sin, deireadh seachtaine amháin i bhfochair mo mhnaoi, agus cúpla geábh le Gaelphobal i nGoirtín.
An tseachtain roimh na hagóide bhí muid á phlé ó dheas agus duine as Béal Feirste inár gcomhluadar. Duine a thuig go maith, ainneoin na sluaite a tháinig aduaidh go Baile Átha Cliath, nach mbeadh an oiread ag teacht aneas chuig agóid s'acu. (Níor tháinig an tuar faoin tairngire sin go hiomlán, bhí slua bhreá ann agus Duibhlinnigh agus fiú toscaireacht ó Chroca Dhuibhne ina measc)
Mar sin féin, is deacair a shéanadh gur tír aineoil - coimhthíoch fiú - na sé contae domsa; agus nár bhraith mé go hiomlán ar mo chompord ann riamh.
Baineann cuid mhaith de sin leis na híomhánna a chonaic mé ag fás aníos agus a mhúnlaigh mo dhearcadh. Thrasnaigh muid na sé contae uair nó dhó ar ár slí mar theaghlach go Dhún na nGall; ní cuimhin liom aon taithí teorainn mar é ach nuair a bhí an Cuirtín Iarainn á thrasnú againn roimh 1989. Daingin cruach, saighdiúirí armtha go trom agus amhras ina súile.
Cuid eile den doicheall - i mBéal Feirste ach go háirithe - baineann sé leis an mbuailim sciath féiniúlachta ann, bratacha, múr-phictiúir, manaí.  Tá, ní mór dom a admháil, gné aicmeach ag baint leis sin. Bíonn doicheall sna putóga ag mo leithéidí ón íseal meán aicme roimh ceantair lucht oibre, bíodh is nach bhfuil, i bhfocail George Orwell, le cailleadh agam ach mo "h"-anna.
Is deacair na mothúcháin neamh-chomhfhiosacha sin a dhíbirt. Agus formhór an ama, sna meáin ó dheas, is mar fhadhb ar gá í a leigheas a fhéachtar ar phobail na sé contae, seachas mar cuid dínn fhéin.
Go dtí le fíor ghairid freisin bhí détente sách compordach - ró chompordach is dócha - idir Ghaeilgeoirí ó dheas agus an Stáit. Rud nach raibh riamh ó thuaidh, rud a d'fhág pobal na Gaeilge ó thuaidh crua, misniúil, mórtasach, glórach fiú. Tréithe a chuireann amhras, scaoill scaití, ar mo leithéide de phetit bourgeouis.

Is dócha, mar sin, gur fíor go pointe an maíomh nach bhfuil mo leithéide ag léiriú an dlúthpháirtíocht is gá le pobal na Gaeilge sna sé contae. Rud is mithid dom a athrú. San sáinn ina bhfuil muid anois is mithid pobal na Gaeltachta, pobal Gaeilge na Sé Contae agus nua chainteoirí sna fiche sé contae a thabhairt le céile. Ní ag déanamh neamhaird ar na difríochtaí, ach ag cur na buanna agus tréithe atá againn ar fad le chéile d'fhonn an teanga a bhfuil muid ar fad doirte di a chur chun cinn.

Agus sin mo racht go n-uige seo.