- Séadna (1905) leis An tAthair Peadar Ó Laoghaire Léite agam. Fadálach, go leor athrá ann; athinsint ar scéal idirnáisiúnta béaloidis, fear a fhaigheann buntáiste ón Diabhal ach a bhuaileann bob air ag deireadh. Tábhachtach mar saothar luath agus mar uirlis ag an Athair Peadar i cur chun coinn caint na ndaoine.
 - Deoraíocht (1910) le Pádraic Ó Conaire Léite agam. Sách osréalach agus duairc. Saothair eile le Ó Conaire a thaitníonn níos fearr liom, ach tábhachtach mar gur bhris le maoithneachas agus tuath.
 - Mo Bhealach Féin (1940) le Seosamh Mac Grianna. Léite agam. Ach níor shíl mé gur úrscéal a bhí anseo; shíl mé é dírbheathaisnéiseach agus é ag cíoradh a fhealsúnacht.
 - An Béal Bocht (1941) le ‘Myles na gCopaleen’ Léite, agus athléite. Fíor greannmhar, aor den scoth ar ghnéithe de gluaiseacht na Gaeilge.
 - Cré na Cille (1949) le Máirtín Ó Cadhain. Léite le fonn. Clasaiceach agus úrscéal ar leith, caint ar fad!
 - Néal Maidine agus Tine Oíche (1964) le Breandán Ó Doibhlin. Léite. Leabhar deacair ach is fiú an tairbhe an trioblóid.
 - Dé Luain (1966) le Eoghan Ó Tuairisc Le léamh.
 - Caoin Tú Féin (1967) le Diarmaid Ó Súilleabháin Le léamh.
 - An Uain Bheo (1968) le Diarmaid Ó Súilleabháin Le léamh.
 - Fuíoll Fuine (1970) le Máirtín Ó Cadhain. Le léamh. Gearrscéal atá anseo.
 - Méirscrí na Treibhe (1978) le Alan Titley. Léite
 - An Fear Dána (1993) le Alan Titley. Léite
 - Cuaifeach mo Londubh Buí (1983) le Séamas Mac Annaidh Léite.
 - Éagnairc (1994) le Pádraig Ó Siadhail Le léamh.
 - Desiderius a Dó (1995) le Pádraig Ó Cíobháin Le léamh.
 
Ní dóigh liom go bhfuil faic le Diarmuid Ó Suilleabháin léite agam; ach is cinnte gur scríbhneoirí tábhachtacha de chuid na Gaeilge i mo thuairim agus taithí féin gach duine eile ar an liosta. Bheadh dornán eile ina gcomhluadar agam; is ait liom mar shampla gan "Lig sin i gCathú" bheith luaite.