|
Limistéar chosanta |
|
Bhí muid gar do Bheirlín ar saoire i mbliana.
Ócáid teaghlaigh a thug ann muid - seachnaímid an Mór Roinn sa bhrothall go hiondúil! Ní raibh spás dúinn i dteach mo mháthair céile, mar sin bhíomar ag cuir fúinn in ionad áineasa óige. Bhí árasán beag ann againn agus bhí proinnteach ann inár bhfuair muid bricfeasta.
Ní rabhamar cinnte cad a bheadh romhainn in áit atá ar fáil do ranganna scoile agus grúpaí óige dá dturais - ach bhí KiEZ Hölzerner See ana dheas.
Cé go raibh go leor grúpaí ann san tréimhse ina raibh muid ann, ó leanaí Kindergarten go déagóirí agus aosánaigh, bhí an áit sách mór go raibh sé ciúin agus suaimhneach. Bhí roinnt teaghlaigh - nó grúpaí teaghlaigh - an stopadh ann freisin. |
Tá an t-ionad lonnaithe cois locha i lár coille.
Abhantrach an Dahme agus an Spree atá sa cheantar, áit a bhfuil go leor locha ach go bhfuil an talamh féin gainmheach neamhthorthúil. Tá go leor de faoi choillte, coillte atá in úsáid le céadta bliain ar bhonn tráchtála - idir adhmaid agus seilg. Bhí an tseilg faoi smacht uaisle agus ina dhiaidh sin na húdaráis cumannacha ach anois is sealgairí aonair is mó a bhfuil réimse áirithe acu chun seilge - toirc, fianna agus araile ann. Uaireanta is coill giúise ar fad a fheictear - de bharr go bhfásann siad gasta ainneoin drochthalamh. Ach bhí na coillte a chonaic mé measctha go maith, dair agus béithe ann i gcnapanna. |
|
Fontane, uilíoch |
|
Is fada - ó tharla an áit a bheith gar do Bheirlín ach go háirithe - daoine ag súil sa cheantar, agus tá go leor cosáin marcáilte. Luaitear cuid mhór acu leis an scríbhneoir Theodor Fontane, a scríobh cúig imleabhar lán staire agus seanchais faoina shiúlta féin sna coillte agus cnocáin. (Tá úrscéalta leis léite agam, ach níor léigh mé na siúlóidí, fós). Is iomaí cosán luaite leis, agus ó tharla nach raibh teach mo mháthair céile ach 5 km ón ionad, shiúl mé ann cúpla uair ar cosáin. (Poitigéir ab ea é i thús a shaol oibre agus is iomaí Fontaneapotheke a fheictear cé nach bhfuil na poitigéirí gaolta leis in aon chor). |
|
Eangaigh Iascaireachta |
|
|
Siléar d'Ialtóga |
|
Ní fhaca mé mórán d'ainmhithe na coille ar mo shiúlta - seachas sionnach cúramach amháin. Chonaic mé go leor boscaí nide ar leith - d'ialtóga - agus in áit amháin an siléar seo ar chlé. Tá cineál simléar ann chun na hialtóga a scaoileadh isteach is amach. Go deimhin chonaic mé féin is m'iníon ialtóg i lár an lae ghil; bhí sé ag eitilt thart an ionad snámha cois locha ainneoin scata leanaí glóracha!
Bhí go leor, leor ciaróga, peileacáin agus go háirithe snáthaid mhóra i suaimhneas na coille - cuid de na snáthaid ana mhór ar fad agus iad ar dhath gorm miotalach nó dubh agus buí. (Ach bhíodar ró luaineach chun go n-éireodh liom pictiúr a fháil!) |
|
Cosán coille |
|
Thug muid faoin loch uair amháin ar canú oscailte - ach bhí siotaí gaoithe ann agus bhí saothar orainn ag tabhairt an bád ar ais chun an ionaid! Mar chuid den gceiliúradh chaith muid tamall ar bhád ar na locha, caife agus cistí (agus roinnt fíon súilíneach) againn agus muid ag baint lán an dá shúil as an dúlra. Bhí broighill, corr éisc agus go leor cineálacha géanna le feiceáil. Bíonn iascach ar bun freisin sna locha agus bhí na heangaigh le feiceáil agus ribíní geala ag crochadh astu chun rabhadh a thabhairt do bháid fanacht amach uathu. |
Ceantar turasóireachta atá ann, agus go leor báid de gach cineál ar chíos, agus ionad fearacht an chinn ina rabhamar ann. I ré an DDR b'iad na monarchan a bhí i bhfeighil ar a leithéidí a chuir ar fail dá bhfoirne - agus tráth dá raibh is d'Enver Hoxha a bhí an campa ainmnithe - ceannaire cumannach Albánach. D'fhoghlaim mé é sin ó fógra eolas turasóireachta a raibh scata acu timpeall an cheantair. Bhí na húdaráis ag baint feidhm as sean chartaí poist ó na 1930í nó roimhe. Tógadh fráma adhmaid chun an radharc a cheapadh mar atá sé anois, agus bhí fógra eolais leis an sean phictiúr in aice leis agus eolas faoin gceantar.
Áit taitneamhach suaimhneach a bhí ann chun cúpla lá a chaitheamh ag siúl is ag ligeann scíth. (Agus bhí an bhricfeasta a bhí ar fáil fairsing ilchineálach blasta - cad cineál ispín agus cáis, scata iógairt, go leor aráin éagsúla, torthaí...) |
|
Fógra |
|
|
Cárta poist, anallód |
|