Agus mé i bPáras ar na mallaibh, bhí fonn orm Notre Dame a fheiceáil. Ach is Eaglais atá ann, agus ní raibh fonn orm dul ann i mo thurasóir. (Thug mé sciurd ghairid air agus mé ann Meán Fómhair seo chaite).
Mar sin bheartaigh mé Aifreann Domhnaigh a éisteacht ann. Bhí Aifreann le cantaireacht Greagórach le bheith ag 10:00. Bhí mé i mo dhúiseacht moch pé scéal é, mar sin bhí mé ann in am do cantaireacht na moltaí um 9:30.
Luaitear an nath "qui bene cantat bis orat" (déanann an té a chanann go maith urnaí faoi dhó) le hAgaistín Naofa. Níl ar mo chumas féin canadh, ach ardaíonn cantaireacht mhaith mo chroí. Meascán den Laidin agus den Fhraincis a bhí sna urnaithe agus sa chanadh. Bhí tionlacan orgáin ann freisin. Níl aon cheist ach gur ceol diongbhála a leithéidí d'Eaglais mhaorga atá ann.
Tá na céadta bliana de stair agus ealaín san Eaglais, agus rinne mé camchuairt ghairid in ndiaidh Aifrinn.
Nílim ceanúil ar áiteanna arda géara, agus ní raibh sé i gceist agam cos a leagan ar an Túr Eiffel. Ach shocraigh mé, ós rud é go bhfuil na staighrí laistigh, go mbeinn in ann túr Notre Dame a dhreapadh. Tá córas sách eagraithe acu, le hinneall chun am a roghnú le dul in airde. Bhí fanacht orm, agus d'ól mé cupán caife i gcomhluadar mac léinn Gearmánach a bhí ar a bhealach abhaile go mall ó thréimhse sna Stáit. Ar an ndrochuair rinne mé dearmad go dtagann dúbailt ar phraghas an chaife le gach méadar ón gcuntar...
Bhí go leor, leor céimeanna le dreapadh. Ach b'fhiú é, ainneoin mo chol le staighre chúng bhíseach. Ar a laghad ní raibh mé ag féachaint anuas go dtí gur bhain mé barr an Túir amach (le sos idir eatarthu ag leibhéal na gClog, áit a raibh na fíoracha greanta cáiliúla le feiceáil go maith - laistiar de fál sreanga le baois a chosc!
Agus bhí radharc ana bhreá ar an gcathair.
Agus bhí radharc ana bhreá ar an gcathair.