Píosaí liom in áiteanna eile:

2019-12-27

Lá Coille

Tamall siar scaip @edil_dictionary an nasc chuig "callann" eadhon kalend na Laidine, .i. céad lá na míosa. Bunús Lá Caille - mar caileann atá sé ag Ó Dónaill. 

Luaigh @riadach go raibh tagairt dó "Lá Coille" ag Amhlaoibh Uí Súilleabháin agus timpeallghearradh luaite leis. Chuir sé sin mearbhall orm agus chuaigh mé ag tochailt. 

Seo an tagairt:

CINNLAE AMHLAOIBH UÍ SÚILEABHÁIN
1834
MI GIONBHAIR - Gach la line. An cead la .i. la 'anodlag beag .i. dia ceadaoin .i. la an Timchiollghearradh. - Creidim gur air an la so glaodhaid na Ciaruighig "la Coilleadh";
oir is ionnan coilleadh agus gearradh no timchiollgearradh.
Tháinig mé ar thagairt do thimpeallghearradh ar seanmóir Lá Coille ag an Athair Pheadar:
Nuair a bhíodar araon sa n-aois sin do labhair Dia le h-Ábhraham agus d'órduigh sé dhó tímpalghearradh do dhéanamh air féin agus ar gach duine fireann.
Ansin is ea rith sé liom go bhfuil Lá Coille ocht lá i ndiaidh Lá Nollaig:
Nuair a bhí ocht lá caite agus é le timpeallghearradh, tugadh Íosa mar ainm air, mar a thug an t‑aingeal air sular gabhadh sa bhroinn é. Lúcás 2:21
Tráthúil go leor bhí plé ar Twitter freisin faoi amhrán Nollaig a bhíodh ag Peig Sayers agus a chan Aodán Ó Ceallaigh ar an gclár Bladhaire, agus amhránaí Déiseach eile  Ciarán Ó Gealbháin ar chlár Mhuireann Nic Amhlaoibh, agus tá sé ar fáil ar an CD Déan Gáirdeachas ag Cór Fear na nDéise. Tráthúil mar go bhfuil an véarsa seo leanas ann (aimsithe i gcnuasach Dúchas - ach tá sé sa leabhar Labharfad le Cách freisin):
Is ocht lá na déid sin-
'Seadh glaodhtar la 'Coille air-
I dTeampall na Trionóide.
'Seadh doirteadh an Fhuil Mhilis
Dá chur in-iúl dóibh siúd
Gur scéal é a bhí Chuige
Bheith ag fulaing na daor-pháise
Is ag iomchar na Croise.


Tháining Seaghan Mac an tSionnaigh ar léamh eile ar an gceist as Albain, san leabhar Carad nan Gàidheal i gcaibidil faoi Saobh-Chrabhadh na nGaidheal


Bha e 'n a chleachdadh am measg nan Gàidheal, 's na linntibh a chaidh seachad, beachd sònraichte 'ghabhail air na neoil, agus air àirde na gaoithe, air ceud oidhche na bliadhn' ùir'. Air an oidhche so, ma tha a' gbaoth o'n àird' an iar, tha sin anabarrach sealbhach, rathail; agus their iad ris, uime sin, " Dàir-na-Coille" — 's e sin, oidhche anns am bheil beatha ùr air a cur anns na craobhan, no anns a' choille ; agus tha daoine fiosrach ag ràdh, gur ann uime sin a thugadh oidhche-choinnle, no choille, mar ainm air an oidhche so.
Bha meas mòr aca air a' ghaoith 'n iar, mar tha na sean-fhocail ag innseadh dhuinn : —
Gaoth à deas, teas 'us toradh ;
Gaoth o'n iar, iasg 'us bainne ;
Gaoth à tuath, fuachd 'us gaillion;
Gaoth o'n ear, meas air crannadh.


2019-12-17

Jiohad ar Árainn Mhór!

Ní túisce Tairngreacht alptha siar agam gur fógraíodh úrscéal eile ó Phroinsias Mac a Bháird. B'ait liom i dtosach gur Coiscéim a d'fhoilsigh seachas Leabhar Comhar, foilsitheoirí Rún an Bhonnáin agus Tairngreacht. Ach cé go bhfuil gnéithe scéinséara ag baint le Fatwa is cineál eile leabhair atá ann. Úrscéalaí Gaeilge an laoch, cineál frustrachas air le saol na litríochta Gaeilge agus an bhearna idir an saol sin agus saol an oileán Ghaeltachta a bhfuil sé fáiscthe as agus ina chónaí ann.

Bhain na slaiseanna agus ciútaí faoi saol na Gaeilge agus dearcadh na meáin Béarla roinnt mhaith gáire croíúil asam.

Scríobhann sé úrscéal samhlaíochta faoin fáidh Mahamad - dúshlán saoirse cainte, más féidir é sin a rá faoi saothar ceilte Gaeilge. 

Ansin a thagann an dara carachtar isteach sa scéal, fear óg le athair (neamhláithreach don mórchuid) Éireannach agus máthair ón Libia a tógadh in Éirinn. Drabhlásaí macnasach. Ach a aimsíonn foilmhe ina shaol agus faoi thionchar a ghaolta déanann iarracht é líonadh le dian Ioslam. Scéal measartha coitianta in Iarthar na hEorpa. 

Cloiseann sé faoin úrscéal agus feiceann deis clú a bhaint amach agus leorghníomh a dhéanamh i saol a shíleann sé bheith peacúil ach ar deacair leis scaradh léi. 

Fíonn Proinsias scéal atá éadrom greannmhar ach fós féin nach múchann dáiríreacht na ceisteanna. Tá sleachta den úrscéal faoin fáidh sa leabhar freisin. 

Léitheoireacht siamsúil ach tairbheach. 

Éire an lae inniu atá ag claochlú - Tá ról tábhachtach sa scéal ag daoine aeracha freisin. 

Molaim an leabhar!

https://www.siopaleabhar.com/tairge/fatwa/

Fatwa 
Proinsias Mac a Bháird 
Coiscéim 
ISBN 13: 6660012190607 

Cur i gCéill

D'fhreastail mé ar sheoladh an leabhair seo i Smock Alley áit ar chuala dornán beag againn comhfhreagraí coiriúlachta RTÉ, Órla O'Donnell ag tabhairt suntas do chruinnis agus fírinne na gnéithe síceolaíocht fóiréinseach sa leabhar.

Tá staidéar déanta ag Celia de Fréine ar a leithéid agus seas sé sin léi in insint an scéil seo. 

Ní bean óg an laoch, Cass Uí Chaoimh. Tá clann tógtha aici. Ach ar bhealach is tús saoil atá i gceist sa leabhar seo. Le linn a saol pósta bhí sí gafa le clann, agus le cúram a máthair chéile. Bean a raibh col aici lena cúlra íosaicmeach. Anois is baintreach í, ag déanamh a cinntí féin. Saor roghanna nua a dhéanamh.

Ag obair i cúpla gné den síceolaíocht. Ina measc do na Gardaí. Ach fiosrach as a stuaim féin faoi bhás bean óg gaolta léi, a chuaigh i bhfarraige as a stuaim féin. Má rinne. 

Tá casadh agus corr sa scéal, agus scéalta eile fite isteach is amach ann. A d'fhéadfadh baint a bheith acu leis an príomhscéal. 

Tá an buaic sásúil drámata. 

Agus tá go leor síolta curtha go bhféadfadh Cass filleadh orainn le héachtraí nua. 

Carachtar nua spéisiúil iltoiseach le cúlra casta domhain. Agus carachtair eile lena hais. 

Léitheoireacht siamsúil spreagúil, mar is ceart do scéinséir. 

Go leor cur i gcéill le scagadh agus scaipeadh!

Cur i gCéill
Celia de Fréine 
Leabhar Comhar 
Sraith: An Léamh Liteartha
ISBN: 978-1-9998029-7-4

https://comhar.ie/leabhair/cur-i-gceill/

2019-12-09

Anseo!

Bainim taitneamh as giolcaireacht Úna-Minh agus cuireann an ciníochas a bhíonn uirthi cuir suas leis colg orm. Maith go leor, bhíomar in adharca a chéile uair nó dhó mar gur mór agam cruinneas agus sanasaíocht agus is deacair idirdhealú idir beachtaireacht (nach mbím ag iarraidh dhéanamh) agus fiosracht saoithín (a bhfuilim ciontach as agus ar deacair orm smacht a choinneáil air).

Fuair mé géarú goile don leabhar le linn an Red Line Book Festival nuair a labhair sí agus léigh sleachta as an leabhar in Áras Chrónáin. 

Tá trí ghné leis an leabhar. A huchtú ag bean singil as Éirinn a thóg anseo i lena hathair sise, iar Gharda de bhunadh na Gaeltachta. Tógáil lán ghrá ainneoin go mothaíonn sí colm an uchtaithe. Ach tógáil oscailte freisin a lig di fréamh láidir Éireannach Gaelach a chuir síos gan neamhaird a dhéanamh ar a hoidhreacht san Vítneam. An dá fréamh fógartha go mórtasach ina hainm - Úna-Minh. 

Tionchar a dhaideo a thug di grá agus cumas sa Ghaeilge, agus na laethanta saoire in Iarthar Dhuibhneach i measc gaolta agus cairde. Ardú croí ó thús deireadh. 

Faraor ansin an taobh dorcha de gan a bheith ag teacht leis an gcuma a shíleann lucht na haigne iata gur cheart a bheith ar Éireannach. An síor cheist "cárbh as dhuit dáiríre". Ionsaithe ar líne agus san fíor saol. Ionsaithe a chreimfeadh muinín duine níos íogaire. 

Bail ó Dhia ar Úna-Minh a shocraigh gan géilleadh agus bheith láidir. (Bheadh claonadh ionam féin admhaím cúlú go limistéar sábháilte). 

Tríú chuid spreagúil faoin obair ceannródaíoch atá á dhéanamh aici mar saoroibrí sna meáin dhigiteacha, ainneoin an streachailt síoraí obair a aimsiú. Feidhm á bhaint aici as a spéis sna cluichí ríomhaireachta chun an Ghaeilge a chur chun cinn! (Seanduine dóite mise gur beag a spéis i gcluichí ríomhaireachta, mar sin admhaím go raibh roinnt de nár thuig mé in aon chor). 

Tá an leabhar snasta eadrom agus go leor nathanna cuí Ghaeilge móide aistriúcháin Béarla i mboscaí tríd síos. Mar a chuireann sí féin frása an lae amárach ar Twitter. 

Thug mé an leabhar ar ais go pras go dtí an leabharlann, mar dúradh liom go raibh scuaine neamhghnách ag fanacht leis! 

Lón machnaimh fiúntach agus dearcadh dearfach ar roinnt ceisteanna atá beo - uchtú, féiniúlacht, ciníochas, saorobair agus an Ghaeilge a choinneáil beoga agus a scaipeadh. 

New Island Books a choimisiúnaigh agus a d'fhoilsigh - toradh indíreach ar an chaoi a chuaigh Úna-Minh i ngleic le hionsaí gránna ciníoch uirthi féin in Áth Cliath.... 

https://www.newisland.ie/nonfiction/anseo

Bail ó Dhia ar a gcuid oibre! 


2019-12-06

Odaisé

Tarraingíodh m'aird ar aistriúchán Pádraig de Brún ar Odaisé Homer le linn an phlé ar Twitter roimh IMRAM na bliana seo, áit a raibh ócáid le haistriúcháin nua.

Luadh le linn na hócáide sin go raibh sé de nós ag de Brún an méid a bhí aistrithe aige i rith an lae faoi bhráid saoithe Dhún Chaoin agus iad ar airneáin leis istoíche ina theach ag an Cill. (Cuireann sé arraing trím chroí gach uair a fheicim an bhail atá ar an dteach breá adhmaid sin anois).

Tá an leabhar seo againn de bharr gur cuireadh clóscríbhinn neamhiomlán faoi bhráid Ciarán Ó Coigligh, scoláire. Bhí ainm sagairt eile luaite leis ach bhí amhras air. Chuaigh sé i gcomhairle le Máire Mhac an tSaoi, neacht de Brún. Dhearbhaigh sise a thuairim agus d'aimsigh sé an chuid eile den aistriúchán i gcartlann de Brún. Is cosúil go raibh sé á réiteach chun go bhfoilseoidh Sáirséal agus Dill é ach nár éirigh leis é chríochnú.

Bhí mórchuid d'eachtraí Odaiséis cloiste agam ar bhealach amháin nó bhealach eile ach ní raibh aistriúchán ar bith léite agam. 

Ní breitheamh mé i gcúrsaí filíochta, ach bhí an leagan seo soléite go maith - ainneoin an saibhreas cainte a chnuasaigh de Brún in Ollscoil na Cille. Tá go leor athrá i gceist, mar sin ní fada go mbíonn focail nua foghlamtha - fiúnach (fearg), ólaithe (tonnta) agus araile. 

Bhí mé ag streachailt beagán mar go mbíonn an insint ag preabadh siar agus aniar san am, pearsan éagsúla ag insint an scéal ag amharc siar.

Scéal lán eachtraí daonna agus diaga. Aitéiné na súl glas ag cuidiú le Odaiséis, Poseidon luascaire cóstaí ag iarraidh é a bhascadh. Chuaigh roinnt de na hainmneacha coimhthíocha sa bhfraoch orm admhaím. 

Bhí díomá orm leis an dearadh - measaim go mbeadh cló beagán níos mó agus leagan amach níos snasta chun tairbhe an leabhair. 

Coiscéim a d'fhoilsigh i 1990.

2019-12-05

Sa Teach seo anocht


Úrscéal gairid, úrscéilín dáiríre atá anseo. Caibidlí gairide. Sruth comhfheasa fir atá á intinn déanta suas aige a bhean, a bhfuil a ghrá di fuaraithe a thréigean. Agus an tig inar tógadh é. Agus a mhac, a bhfuil grá aige fós dó. É diongbháilte imeacht ar maidin. Scéal coitianta faraor. 

Tá teannas san insint, gnéithe den scéal á nochtadh diaidh ar ndiaidh. Ach mar a bheadh sceitse a fhágann fairsinge don léitheoir ionannú leis an reacaire. Macalla de tragóidí bheaga saol aon duine a thug grá seal agus ar tháinig athrú ar an gcaidreamh - agus ní dócha go bhfuil mórán fear nach n-aithneodh tréithe acu san reacaire. Is obair leanúnach caidreamh ar bith seachas finscéal sona amach ón bpósadh go bás. 

Luaigh Mícheál agus é ag caint ar An Cúinne Dána ar RnaG gur insint an fhir amháin atá anseo. Ach tugtar go leor eolais le go gcuirfeadh an léitheoir a léamh f(h)éin ar an scéal. 

Thaithin an scéal go mór liom, ainneoin a truamhéalaí is atá an ábhar. Agus tá an insint snasta. Mórán d'aon ráig amháin a léigh mé é. Bheadh freisin murach go raibh obair le déanamh! 

Táim buíoch de Chló Iar-Chonnacht a chuir cóip léirmheasa chugham. Tá oiread leabhair maithe foilsithe le déanaí gur dócha go mbeadh an ceann seo éalaithe uaim! 



Sa Teach seo Anocht
Mícheál Ó Conghaile
Cló Iar-Chonnacht

2019-12-04

Croí Cine

Bhí cónaí orm sa Ghearmáin, scoite amach ó Ghaeil agus Gaeilge, nuair a cheannaigh mé Croí Cine Seán de Fréine go luath sna nóchaidí. Sleachta as litríocht na Gaeilge ó Rosc Amergin go Ár Ré Dhearóil. In eagar de réir téama sna caibidil i dtreo is go bhfuil scéal le léamh sna dréachta, scéal na nGael agus a gcuid smaointeoireachta. Gaeilge na linne seo curtha go cúramach ar na sleachta ársa.

Tá sé ar mo leabhragáin ó shin, faoi ghradam. Is iomaí seoid aimsithe agam ann, agus is minic a chuaigh mé ag póirseáil ann.

Is fada as cló é agus deacair teacht air. Cailleadh go leor de stoc an Chlóchomhair nuair a bhí tuillte san Trá Thuaidh i mBaile Átha Cliath ag tús an chéid seo. 

Is maith mar sin go bhfuil eagrán méadaithe snasta curtha amach ag Cló Iar-Chonnacht. 

Sa bhreis ar na sleachta féin tá innéacs úsáideach agus nótaí faisnéise ar focail agus leaganacha nach mbeadh ag léitheoir.

Seán de Fréine