Luadh le linn na hócáide sin go raibh sé de nós ag de Brún an méid a bhí aistrithe aige i rith an lae faoi bhráid saoithe Dhún Chaoin agus iad ar airneáin leis istoíche ina theach ag an Cill. (Cuireann sé arraing trím chroí gach uair a fheicim an bhail atá ar an dteach breá adhmaid sin anois).
Tá an leabhar seo againn de bharr gur cuireadh clóscríbhinn neamhiomlán faoi bhráid Ciarán Ó Coigligh, scoláire. Bhí ainm sagairt eile luaite leis ach bhí amhras air. Chuaigh sé i gcomhairle le Máire Mhac an tSaoi, neacht de Brún. Dhearbhaigh sise a thuairim agus d'aimsigh sé an chuid eile den aistriúchán i gcartlann de Brún. Is cosúil go raibh sé á réiteach chun go bhfoilseoidh Sáirséal agus Dill é ach nár éirigh leis é chríochnú.
Bhí mórchuid d'eachtraí Odaiséis cloiste agam ar bhealach amháin nó bhealach eile ach ní raibh aistriúchán ar bith léite agam.
Ní breitheamh mé i gcúrsaí filíochta, ach bhí an leagan seo soléite go maith - ainneoin an saibhreas cainte a chnuasaigh de Brún in Ollscoil na Cille. Tá go leor athrá i gceist, mar sin ní fada go mbíonn focail nua foghlamtha - fiúnach (fearg), ólaithe (tonnta) agus araile.
Bhí mé ag streachailt beagán mar go mbíonn an insint ag preabadh siar agus aniar san am, pearsan éagsúla ag insint an scéal ag amharc siar.
Scéal lán eachtraí daonna agus diaga. Aitéiné na súl glas ag cuidiú le Odaiséis, Poseidon luascaire cóstaí ag iarraidh é a bhascadh. Chuaigh roinnt de na hainmneacha coimhthíocha sa bhfraoch orm admhaím.
Bhí díomá orm leis an dearadh - measaim go mbeadh cló beagán níos mó agus leagan amach níos snasta chun tairbhe an leabhair.
Coiscéim a d'fhoilsigh i 1990.