Tá sé de nós agam, má thaitníonn leabhar liom, dul sa tóir ar breis leis an údar céanna.
Mar sin chuir mé fios ar "Leathanaigh as mo dhialann". Sleachta a roghnaigh sé féin as a dhialann ó fichidí an chéad seo caite ar aghaidh. Leabhar beag tanaí atá fós ar fáil ón Siopa Leabhar (Clódhanna Teo a d'fhoilsigh).
Tá an cur síos ar a iarrachtaí Gaeltacht a bhunú ar a fheirm sa chlár spéisiúil - iarrachtaí a chuir Cogadh na Saoirse agus go háirithe Cogadh na Carad deireadh leo.
Tá sé doilíosach go bhfuil an méid a chur sé faoi bhráid Coimisiún na Gaeltachta i 1925 fós fíor nó le déanamh.
Leabhar tanaí atá anseo. Cnuasach smaointe agus eachtraí, breactha síos ag an am - scaití le iarfhocal níos déanaí. Dornán alt nuachtáin (bhí nuachtán á fhoilsiú aige féin).
Samhlaím iad mar a bheadh sraith comhrá leis ar a chuimhní, thar cupán caife. Iontach suimiúil agus pléisiúrtha.
Is cosúil gur scríobh sé cuntas níos iomláine as Béarla, Changing Times.
Imíonn agus athraíonn an t-am...