Le déanaí áfach, agus muid i ngleic leis an Covid-19, a shroich a bhuaic san Iodáil san Eoraip, chonaic mé roinnt tagairtí don úrscéal a spreag m'fhiosracht. Is cosúil gur cuid den canóin oideachais é thall agus i litir ó phríomhoide scoile Iodálach a rinneadh athchló air i nuachtán Gearmánach, bhí tagairt do na ceachtanna maidir le fanacht daonna i gcúinsí a cothaíonn eagla atá le fáil ann.
Scéal beirte den íosaicme atá ar tí pósadh. Lombard san seachtú haois déag agus smacht ag na Spáinnigh ar an tír. Mionuaisle agus a gcuid Bravi - ceithearnaigh - ina ualach ar an bpobal.
Titeann mionuasal i ndrúis leis an mbean agus cuireann brú ar an sagart paróiste an pósadh a chuir ar athló. Déanann an lánúin iarracht teacht as an sáinn ach tarlaíonn sraith eachtraí a fhágann scartha iad ar feadh roinnt blianta le linn cogaidh agus go háirithe an plá. Faoi dheireadh aimsíonn siad a chéile arís agus tá cúinsí athruithe sa chaoi agus go bhfuil deireadh sona i ndán dóibh.
Úrscéal stairiúil den scoth, agus pearsana atá luaite sa stair ann, ina measc Federigo Borommeo ard easpag Milano.
Béim ar suáilce agus daonnacht.
Bhain mé taitneamh as, ach shamhlóinn gur mó tairbhe a bhain mé as ná mar a bheadh agus mé fós sna fichidí!