Le tríocha bliain anois táim ag plé le bogearraí neadaithe. Formhór an ama, bhí mé ag obair in earnáil an iarnróid agus an spáis. Tá iarmhairtí troma san dá earnáil ar bhogearraí fabhtachta, agus déantar gach iarracht earráidí a sheachaint. Ach fiú i gcás an spástointeálaí ní raibh na bogearraí saor ó fabhtanna - ainneoin forbairt cúramach (agus costasach!). I staidéir NASA ar chastacht bogearraí tá sé ráite:
"le córas forbartha bogearraí atá thar an gcoitiantacht maith, is féidir an ráta fabhtanna a bhrú faoi ceann in aghaidh an deich míle líne cód"
Tá plé ar na modhanna is fearr bogearraí a fhorbairt ag dul ar aghaidh le mo linn - bhí comhdháil cáiliúil ag NATO sa bhliain ar rugadh mé agus daoine aontaithe go raibh "Géarchéim Bogearraí" ann.
Baineann an fhadhb le solúbthacht bogearraí. Ó shin i leith tá na crua earraí éirithe níos cumhachtaí agus tapúla, agus cuimhne éirithe níos saoire agus níos gaiste - agus an líon líonadh cód ag fás go rábach - tharlódh na milliúin líne cód a bheith i mbogearraí gluaisteáin! Rud a chiallaíonn go bhfuil ar a laghad céad fabht ann. Ach ní forbraítear chomh hairdeallach céanna é le spástointeálaí - bíonn brú costais agus ama i gceist, mar sin bíonn níos mó fabhtanna i gceist.
Ar ndóigh níl gach cuid den bogearraí i gcarr, gluaisteán nó spásárthach chomh tábhachtach céanna - agus bhíodh siad roinnte thar ríomhairí éagsúla sa chaoi is nach bhféadfadh siad cuir isteach ar a chéile. Ach de bharr brú costais tagann laghdú ar an líon ríomhaire - agus is gá féachaint chuig bealaí eile chun tionchar fabht a laghdú. Bíonn córais oibriúcháin i gceist chuige sin - ach is bogearra casta córas oibriúcháin - agus fabhtanna ann dá réir. Agus sin gan nasc thar an idirlíon a chuir san áireamh ...
Is gnách iarracht a dhéanamh, bunaithe ar thaithí, réchonn a húsáid maidir le guais don táirge. Agus ansin an priacal a mheas de réir an fhoirmle
priacal = dóchúlacht tarlú * troime iarmhairt
Ansin déantar iarracht modhanna a aimsiú chun an phriacal a laghdú. Is ansin is mó a bhíonn an argóint! Prionsabal amháin a húsáidtear ná léiriú go bhfuil an baol "as low as reasonably practicable (ALARP)". Sé sin, "chomh híseal agus is féidir go réasúnta". Tá cealg san eireball ansin - cad atá réasúnta nuair atá beatha duine i mbaol?
Bíonn go leor maorlathais i gceist agus uaireanta tús áite ag seachaint fabhanna dliteanais seachas cur chuige a réiteodh an fhadhb. Bíonn baol ann i gcónaí bogearra a athrú de dheasca iarmhairtí neamh-thuartha agus na costais a bhaineann le promhadh agus deimhniú arís.(Agus ní féidir le promhadh léiriú ach go bhfuil fabht ann - ní thig leis cruthú nach ann dó!)
Uaireanta déantar iarracht "oibriú thart" ar an bhfabht - ag bogadh an freagracht ón fobróir go dtí an úsáideoir. Tarlaíonn sé sin toisc, go hiondúil, nach é an bainisteoir togra céanna atá freagrach as an dá chéim den misean. Ach ní réiteach foirfe é sin.
Baineann fadhb mar é le bogearraí a d'fhéadfaí é athúsáid - bíonn drogall aon athrú a dhéanamh (agus uaireanta toradh tubaisteach ar sin - mar a tharla i gcás Ariane 5 nuair a theip ar ghléas athúsáidte toisc nár cuireadh athruithe sa mhisean san áireamh i gceart).
Mar sin, beidh mo leithéidí gnóthach go gceann tamall eile!
Ach beimid freisin ag rá na rudaí céanna - is fearr réchonn ná iarchonn. Is gá na riachtanais a aithint, an dearadh a dhéanamh go cúramach, a bheith soiléir cad atá le déanamh. Agus is gá léirmheas cúramach ar na cód - sin an dóigh is fearr fabhtanna a aithint agus a leigheas.