"A fhir seo a dheinean deatach mór ag adú' na dteinte agus a loisgean mórán adhmaid, ná loisg rígh na gcrann. Déin an teine do rígh na bhfleadh, d'Fheargus uasal na slógh, ach ná cuir sa teine sin rígh na coille. Ná loisg rígh na bhfeadh do rígh na bhfleadh. Is fann é an féithlean.
Ní'l slóighte móra aige mar atá ag Árdrígh Uladh. Ach tá a neart féin aige. Ní'l an crann san ag fás a' talamh na h-Éirean ná fuil fé n-a smacht.
Cuirean sé a ghéaga caola fada tímpal ar an gcrann is mó agus is treise, agus is seirbhíseach an crann san dó feasta. Ná loisg é, a fhir an deataigh. Is dual dó an uraim is dual do rígh. Tabhair dó an uraim is dual dó, nó beidh a chathughadh ort. Goinfidh faobhar thu nó báthfaidh uisge thu.
"Ná loisg an crann-ubhall áluinn, crann na ngéag bhfaon fé ualach mhilis, crann an chinn bháin gur minic air lámh an duine.
"Ná loisg an draighean dubh. Ní loisgid saoir é. Tugan sé díon do'n eun sa gheimhre.
"Ná loisg crann sailíghe, crann na bhfilí. Tá mísleacht dán ann. Tá mil do bheachaibh ann. Is aoibhinn bheith ag éisteacht le crónán na mbeach agus iad ag deól na meala as a bhláthaibh. Ní ceart é chur sa teine.
"Loisg an cárthan, crann na ndraoidhthe, crann caomh na gcaor ndearg, crann na bpiseóg agus na deismireachta. Ach seachain an coll, coll na ngeug bhfann agus na gcnó a thaithnean leis an bhfiacail. Ná loisg an coll, a fhir an deataigh.
"An fhuinnseóg; dorcha a dath. Cuirean sí luas i rothanaibh; slata i lámhaibh marcach; ruag ar namhaid i gcath. Is mairg a loisgfeadh í.
"Loisg an dris, an rud ríghin deilgneach a ghearan cos an duine agus do stracan a chuid éadaigh. Loisg an dris idir chríon agus glas.
"Adhmad teith dair úr. Ní gnáth aoinne séimh uaidh. Cuirean a ghál teinneas cinn ar dhaoine agus cuirean a ghríos teinneas 'n-a súilibh. Ná cuir sa teine an t-adhmad a chuirfeadh meidhreán agus sile súl ar dhaoine.
"Ná staon ó'n gcrann-fearna do losgadh, badhb teasaidhe na coille. Is fada ó fhuacht duit teine fearna agus sgeithe gile.
"Cuileann, loisg a úr. Cuileann, loisg a chríon. Chun teine ní'l crann le fághail is fearr 'ná cuileann.
"An trom, an droch adhmad, crann eachra na slógh sídhe, loisg go mbeidh 'n-a ghual.
"Loisg an beithe nuair a gheabhair sínte ar an dtalamh é. Agus loisg go mall agus go moch, pé tráth is maith leat é, an crann úd go mbíon a bhárr ar crith.
"Ach an t-iubhar, an t-adhmad is uaisle dhíobh go léir, crann na bhfleadh, mar is eól duit, dabhacha donna is ceart a dhéanamh dé.
"Glac mo chómhairle, a fhir an deataigh. Cuirfidh an chómhairle sin an rath ort i dtaobh anama agus chuirp.
Píosaí liom in áiteanna eile:
▼
2020-09-01
Comhairle maidir le cén admhaid a fheileann don tine
Do labhair Iubhdán.