Píosaí liom in áiteanna eile:

2021-04-14

Tá cailín álainn, a dtug mé turas inti....


Nuair a chuaigh mé go Beirlín i dtosach, ar mhaithe le haithne a chuir ar dhaoine m’aois féin, chuaigh mé le grúpa gasóga. (Bhí mé roinnt blianta níos óige ná fiú na comhghleacaithe ab óige a bhí agam – go deimhin sna deich bliana a bhí mé ann ní dóigh liom go raibh ach duine amháin níos óige ná mé sa rannóg.) Mar a tharla bhí go formhór sa ghrúpa gasóga sin níos óige ná mé féin, fós ar scoil. Ach bhíodar i dteagmháil le baill eile den cumann níos leithne, agus ina measc bhí neart ar chomhaois liom, ach fós ar an ollscoil (mar is iondúil sa Ghearmáin) nó i mbun printíseacht i gceird nó i ngnó.


Bhí cuid eile níos sine. Is amhlaidh gur dream iad seo a nasc smaointe Bhaden Powell le gluaiseacht na hóige a bhí thuas roimh an Dara Chogadh Domhanda sa Ghearmáin. Ina measc na nithe a bhí éagsúil, bhí “fine” acu seachas patról – agus bhíodh na dreamanna seo ar chomhaois (agus ar chomhinscne, cé go raibh cailíní sa “treibh” – grúpa). Is minic gur eascair cairdeas fadsaoil ina measc siúd a bhí i bhfine, agus gur fhan siad i dteagmháil, agus i dteagmháil le grúpaí eile. Is le dornán de na daoine seo a chaith mé seachtain ag seoladh muir Bhailt ar long seoil. An Seute Deern (cailín álainn san Plattdeutsch).

Choinnigh mé dialann ag an am, agus tá an blagmhír seo bainte as an dialann sin agus as na cuimhní atá agam. "Seachtar foireann lárnach atá ann: An Captaen, ceathrar fear stiúir, cócaire agus innealtóir. Seachas sin tá 20 nó mar sin de foireann s’againne – an cuid is mó ar m’aithne toisc gurb gasóga iad. [Bhí roinnt “gasóga” fásta ann ó íochtar tíre.)Thug an captaen óráid. Ina dhiaidh sin cuireadh inár fairí sin. Seachtar atá ionainne, maraon le beirt fear stiúir. Seachas duine amháin is gasóga muid go léir. Hajo an éan corr, fear cuibheasach aosta atá anois mar leas oifigeach againn (mar dhea). In ndiaidh óráid an chaptaein scaip muid inár bhfairí chun na rialacha sábháilteachta agus seoltóireachta a chlos ónár fir stiúir agus ina dhiaidh sin bhí pláta maith mór anraithe againn. Ar deireadh thiar thall sheol muid as cuan Kiel timpeall a ceathair – faoi inneall go rabhamar as an príomh slí tráchta.
 

Ar saoire a bhí na hoifigigh freisin. Píolótaí ab ea an captaen agus na fir stiúir. Is cuimhin liom suntas a thabhairt dó gurb é an cuir síos a bhí ag na fir níos sine orthu féin sa liosta foirne ná Flugzeugführer ach Pilot a bhí ar na fir níos óige. Dís óg a bhí i gceannas orainne. Ba nuachar an chaptaein a bhí mar cócaire againn – nó Smutje mar a tugtar ar a leithéid ar bord loinge. Ba sa chabhlach a bhí an innealtóir. Chaitheamar seachtain ag taisteal ó Kiel go Svendborg agus thar nais, tríd oileáin na Danmhairge i Muir Bhailt (féach léarscáil). Faoi seoil don gcuid is mó den am. Sealanna dualgas ag gach faire.


Chaith mé sealanna i mbun oibre ar na seoil - uaireanta bhí "gach fear ar Deck" nuair a bhí na seolta le crochadh, nó casadh nó jeidhb le cuir i gcrích. An dua is mó is cuimhin liom a bheith orm ná nuair a bhí mé ar an stiúir agus muid ag seoil tríd áit ina raibh líonta iascaigh curtha - bhí orainn iad a sheachaint ach ag an t-am céanna an cúrsa a choinneáil. Is cuimhin liom an fear stiúir óg a bhí i gceannas orm agus dreach imníoch air, faoiseamh air nuair a bhíomar tríd an ceantar sin. Chuidigh ar faire a bhí ar dualgas freisin na béilte a réiteach nó glanadh suas ina dhiaidh.
Chaith mé sealanna freisin ar faire amuigh ar ghob an bháid. Cé nach maith liom áiteanna arda de ghnáth, dhreap mé suas sna seolta ar mhaithe le roinnt pictiúr a ghlacadh. De bhrí gur innealtóir (bogearraí!) mé shocraigh duine éigin go mba cheart dom lámh chúnta a thabhairt don innealtóir - bhí inneall ar an mbád d'fhonn taisteal isteach is amach in áiteanna a mbeadh muid ag teacht salach ar thrácht, agus freisin gineadóir. Ní raibh mé pioc tógtha leis sin, mar gur fuath liom boladh díosal.

Níl ceol agam féin, faraor ach is maith liom ceol, agus ba dream ceolmhar a bhí mé leo - maidin amháin dúisíodh le hamhrán muid. Lá Bealtaine, bhíomar sa chuan i Svendborg. "Ar an dug ansin. Tae a ullmhú agus ina dhiaidh sin glanadh suas. Ansin cithfholcadh mór fada! Iontach an pléisiúir a bhaineas as san, an sáile as gruaig agus féasóg ar deireadh thiar thall. Ansin: Ragairne! Crann an mórsheoil brúite i leataobh agus rince, ceol agus ól ar díon na cistine. [Is cuimhin liom áthas ar leith a bheith ar Hajo go raibh ógánaigh Gearmánacha ag ceiliúradh agus duan Eabhrach síochána sa repetoire acu]. Óna naoi go dtí meán oíche nó mar sin. Ansin, toisc go raibh roinnt mhaith ina chodladh, slua againn brúite isteach i seomra na lucht stiúrtha óga ag rá amhráin. Ar deireadh chuamar go dtí tábhairne ina raibh triúir ag seinm jazz ar troimpéid fíor bheaga agus giotár. Ansiúd ar feadh uair an chloig nó mar sin go dtí gur éirigh siad as. Cúpla nóiméad de cheol ard as taifeadán agus rince (mar dhea). Ansan tríd na sráideanna agus mise ag rá amhráin mí-cheolmhara (nó go mí-cheolmhar) go dtí go bhfuaireamar tábhairne a bhí oscailte agus fear i mbun ceoil giotár. D’fhan mé ansin ar feadh tamall go dtí go raibh an iomarca deatach ann agus tuirse orm. Thar nais ar bord ansin thart ar leathuair tar éis a trí." (sliocht as an dialann - is aoibhinn liom nach gcaitear níos mó i tábhairní!)

Dream spraíúil deas a bhí i mo chomhluadar. Ón dialann:
"1991-05-03 Dé hAoine
Dúisithe don bricfeasta. Ar dualgas ón a deich. Seoladh cuíosach leamh. Mise agus Bjorn ar díon na cistine ag léamh dán i nGaeilge faoi stoirm chun Manannán Mac Lir a dhúiseacht as a shuan - & dhein amhlaidh. [Dán leis an Ríordánach, Oíche Nollaig na mBan mura bhfuil dul amú orm] Gaoth maith agus rud nach bhfacamar i rithe na seachtaine ar fad – Grian! Fearthainn freisin dar ndóigh – mar is dual do dhia ceilteach. Snasadh práis ansan go dtína deich. I mo shuí i mbarr na seolta ansan ar feadh tamall agus ag déanamh corr ghrianghraif. Fonn maith ar gach éinne cé go raibh an turas ag druidim chun deiridh. Ar ancaire ansin i gcaolas Kiel istoíche agus ansan – ragairne!

1991-05-04 Dé Sathairn

Inár suí go moch chun slacht a chuir ar an long. Ina dhiaidh sin faoi cumhacht innill isteach go Kiel agus turas mór traenach ar ais go Beirlín. An talamh ag crith i slí nach ndearna ar muir!
"
Is cuimhin liom an fear custaim ag teacht ar boird, ag rá “Is Gearmánaigh iad ar fad ar aon nós”. Measaim gur bhagair duine éigin orm mo chlab a choinneáil iata ar mhaithe le hachrann a sheachaint!

333 Muir mhíle faoi sheoil, comhluadar maith, bia maith agus goile chuige. Ba chaoin a chaith an cailín álainn liom. Ag pointe amháin thug an captaen bonn faoi deara ar an gcrann agus d'éiligh go gcuirfinn snas air. Shíl sé gur banríon Sasanach éigin a bhí ann, rud nach raibh mé ró-shásta a bheith ag cuir snas air. Ach ba Marianne réabhlóideach na Fraince a bhí ann...