Píosaí liom in áiteanna eile:

2021-04-07

Wipfel, Gipfel, Zipfel…


Bhí mé ag siúl sa choill ar na mallaibh. Bhí na héin – an spideog ach go háirithe – ag fógairt a bhfearann. Go minic san craobh is airde ar chrann. I gcás giúise, is ag gobadh suas ingearach a bhíonn an craobh céanna. Rith an focal Gearmáinise Wipfel liom ar an bpointe. Barr crainn is brí leis.
 
Mheabhraigh sin dom an focal Gipfel – buaic sléibhe. Is minic Gipfelkreuz ar a leithéid. Is eol dom trí chinn ar a laghad in Éirinn, atá feicthe agam féin – ar Chorrán Tuathail, ar Chnoc Bréanainn agus ar  Cheann Bhré. Is líonmhaire go mór iad sa Bhaváir agus san Ostair!
 
Tá dán cáiliúil ag Goethe, Laoi Oíche an Fhánaí  :
Ueber allen Gipfeln
Ist Ruh‘,
In allen Wipfeln
Spürest Du
Kaum einen Hauch;
Die Vögelein schweigen im Walde.
Warte nur! Balde
Ruhest du auch.

(Os cionn gach buaic
Tá suaimhneas,
Ní mhothaíonn tú
Oiread is leoithne
I mbarr crainn ar bith
Tá na héiníní ina dtost sa choill
Fan anois! Ní fada
Scíth uait féin)
 
Scríobhadh an dán, is cosúil, ar bhalla both sléibhe agus Goethe ag siúl na sléibhte, ag iarraidh corraí intinne a chuir de. (Faoin teideal “ein gleiches” – a mhacasamhail - atá an dán seo san saothar foilsithe, ach Wandrers Nachtlied atá ar an dán roimhe, agus nuair atá an rann as féin is mó ciall leis an teideal sin air).
 
Ós ar Buaic atáimid ag trácht, scríobh Dermot Somers úrscéal, lonnaithe sna Himiléithe, agus Buaic mar theideal air. Is cuimhin liom é ag insint tráth gur thug an teideal sásamh dó. Bheadh freagra i gcónaí aige ar an gceist Duibhlinneach – “Tell me, do you ever open a buaic? – Sairtaintly, I even wrote a Buaic!”
 
Tá suaimhneas ar fáil sna coillte i measc na Wipfel, agus os cionn na Gipfel ag an fánaí, agus is breá liom an siúil sléibhe agus coille. Táim buíoch faoi láthair, agus teorann m’fhearann dúnta isteach ag an ngéarchéim sláinte go cúig ciliméadar, go bhfuil teacht agam ar roinnt coillte agus corr buaic chnoic chun an suaimhneas úd a bhaint amach. Coillte aeracha measctha atá iontu don gcuid is mó seachas coillte dorcha aonchineálacha giúise tráchtala gur beag beatha eile a bhíonn iontu – cineál atá i bhfad ró fhorleathan in Éirinn. Bíonn deis agam cúpla uair a chloig a chaitheamh ag siúl ar na deireadh seachtainí, agus is beag lá nach caithim ceathrú uair nó fiche nóiméad ag siúl sa choill lámh leis an teach, ag baint sásamh as péacadh na mbachlóg agus  bláthú na lus anois san Earrach. San Fhómhair bhí flosc na hioraí glasa le feiceáil, agus na fungais ag coinneal rothaí an tsaoil ag casadh! Agus i dtólamh tá na héin gníomhach, ó Diarmaidín Riabhach go Scréachóg Choille. Chonaic mé Piasúin ag siúl ann uair amháin, agus measaim go bhfaca mé clamhán – éan mór éigin a d’imigh sula bhfuair mé radharc ceart air. Bíonn na clamhán le feiceáil go hard sa spéir agus mé ag siúl níos faide ó bhaile.
 
Tá brí níos leithne ag an tríú focal a rith liom – Zipfel – ach is Zipfelmütze is túisce a ritheann liom féin i gcónaí, i. caidhp fhada den gcineál a mbíonn scothóg ar a chríoch go minic. Leis na habhaic a samhlaítear iad thall go minic! Nó mar chaipín oíche.

Ciallaíonn Zipfel críoch nó cúinne nó foirceann ar bhall éadaigh – nó ar Ispín!
 
Rede mit den Kindern Israel und sprich zu ihnen, daß sie sich Quasten machen an den Zipfeln ihrer Kleider samt allen ihren Nachkommen, und blaue Schnüre auf die Quasten an die Zipfel tun;
 
Labhair le clann Iosrael agus abair leo scothóga a chur ar fháithimí a mbrat ó ghlúin go glúin, agus ribín corcra a chur ar an scothóg ag an bhfáithim.

Uimhreacha 15:38