| 
Mairg na trí lucht a n-iffirn úathmar anside: óes dogní dán, óes choilles grád, óes amsaine.  | 
Mairg na trí lucht in ifreann uathmhar ainsiorraidh: aos déanta dánta, aos a choilleann a ngrád, aos amhsaine.  | 
| 
Fuil trí ní ná dlegair do bocht Dé bí: dimmda da bethaid cipé, cesacht ocus aibéle.  | 
Tá trí ní nach bhfeileann do bochta Dé Bhí: diomaí dá bheatha cibé, céasacht agus áibhéil.  | 
| 
Fuil tréide dianab buidech rí gréine: óenta bráthar, comrád cert, altóir Dé do thimthirecht.  | 
Tá trí gníomh a bhfuil Rí na Gréine buíoch astu: aontacht bráithre, comhrá ceart, altóir Dé a thimireacht  | 
| 
Fuil trí ní doná buidech mac Dé bí: crábud úallach, coisced serb, écnach duine mad inderb.  | 
Tá trí ní nach bhfuil mac Dé Bhí buíoch astu: cráifeacht uallach, cosc searbh, éagnach ar dhuine más éidearbh.  | 
Píosaí liom in áiteanna eile:
▼
2021-06-15
Dornán eile tré
Ina réamhrá le Trecheng Breth Féne luann Kuno Meyer roinnt tré as foinsí eile - seo dornán acu. Liomsa na leaganacha nua Ghaeilge.