Le Bargode, CC BY-SA 4.0 |
Tá sé de nós ag lucht scríofa ceannlínte Nuacht RTÉ leagnacha neamhchoitianta a úsáid, agus is breá liom an aclaíocht intinne a thugann sin dom. (Tá daoine eile ar malairt tuairime!). An ceannteideal inné is déanaí a phrioc m'fhiosracht Paráid na Féile Pádraig: ní turas Góidrisc a dhéanfar i mbliana. Tugann an ceannlitir le fios gur ainm dílís Góidrisc - ach cé hé féin?
Sular dhírigh Ailbhe Ó Monacháin m'aird ar deireadh an ailt bhí an cuardach tosaithe agam: tá "turas góidrisc (gan ceannlitir) ag FGB agus an ciall "turas in aisce" leis. D'aimsigh mé dhá shampla i gCorpas Stairiúil na Gaeilge.
Uch! Is Truagh Mo Ghuais Ón GhleobhroidDo mhairg ní fhuil acht malairt re góidriscI n-a thaisteal tar beannaibh na bóchna,Guth na cuaiche, mo nuar, dom dhóigh-se,Im chluais deis ní headh do thósnuigh.
Bíth a haimrél ins an Ruiséil
cuid dá caithréim chomhgaraigh
théid a lucht gliaidh tar muir dToirrian
is don Innia órchlochaigh
gnáth a tréinfhir ins an Éigipt
fá leor éide ar óigfhearaibh
is tig ar dtionól dóibh go Briostó
nach é gunó Góidrisce.Flann mac Eoghain Mac CraithI n-Ainm an Áirdmhic.
Tá an méid seo le rá ag eDil faoi "gunó Góidrisce":
gunó (= gnó) Góidrisce (prov.) a profitless venture, Ó Bruad. iii 72 § 12
eDIL s.v. 2 gnó or dil.ie/26237
In alt na nuachta féin, mar a dúirt Ailbhe liom, tá an méid seo:
"Taoiseach Dhún Briste i Maigh Eo ab ea Góidrisc a chuir bagairt gan tairbhe ar Naomh Pádraig, dar leis an Duinníneach."
De bharr na noda in eDIL chuaigh mé sa tóir ar Dhuanaire Uí Bhruadair agus fuair (via archive.org) an fonóta seo leanas leis an dán.
i.e. no fruitless journey or profitless adventure. For the story of Góidrisc and the legend of Dúin Briste see Mr. Thomas F. O'Rahilly's article in Gadelica, Part i, p. 171 et seqq., and the Journal of the Royal Society of Antiquaries of Ireland of the year 1912, vol. xlii, p. 106 et seqq. In addition to the present instance and the two references given by me in my edition of Geoffrey Keating's Poems, pp. 28 and 157, Risteard Ua Foghlugha has sent me the following quatrain by Tomás Ó Maolriain, taken from Murphy Ms. (Maynooth) xii, p. 293
also the following line from the Contention of the Bards,
Tuig a Thaidhg gé taoi ró ghlic: gur éirigh daoibh toisc Ghóidrisc.
(Féach Iomarbhágh na bhFileadh I)
D'aimsigh mé Journal of the Royal Society of Antiquaries of Ireland 1912. Tá alt ann:
THE PROMONTORY FORTS AND EARLY REMAINS OF THE COASTS OF COUNTY MAYOPART I.— THE NORTH COAST (TIRAWLEY AND ERRIS)By THOMAS JOHNSON WESTROPP, M.A.
Downpatrick and Dunbriste (Ordnance Survey Map, No. 7).
Tá sraith fínscéalta luaite san alt, agus an Dún féin luaite le fathach darbh ainm Góidrisc: tá cill ar an gceann tíre atá luaite le Pádraig, agus a ainm ar an gceann tíre.
- Bhíodh an fathach ag cuir as do Phádraig ag é ag rá aifrinn; thosaigh Pádraig ag urnaí, scoilt an carraig ón gceann tíre, agus bhásaigh an arracht.
- Foghlaí ab ea Góidrisc, ag creachadh an ceantar agus ag tabhairt an chreich ar ais go dtí an dún. Tháinig baintreach bhocht ag éileamh a heallach; d'eitigh sé í. Chuir sí a mallacht air, agus scoilt an charraig ón mórthír.
- Tháinig Padraig ag éileamh cúiteamh don pobal. Chuaigh sé ar a ghlúine ag urnaí. Chaith an fathach sleá leis, ach theip air aimsiú. Nuair a chas sé chun teitheadh, thit an charraig idir é agus an dún - agus a) cailleadh é nó b) thiontaigh sé ina Chríostaí agus rinneahd manach de.
- sin, nó rinne sé iarracht léim ar ais thar an bhearna ach thit i bhfarraige. (Féach Léim an Fhathaigh thuas)
- Nó bhí sé ar thuras nuair a thit an charraig, agus nuair nach raibh sé in ann dul isteach sa dhún, d'imigh agus ní fhacthas arís é.
Táim buíoch as Nuacht RTÉ a chuir ar an dturas seo mé, nárbh aon turas Góidrisc é, dar liom!
Tá leagan iomlán eile de scéal Dún Bhriste in Annála MhicFhirbhisigh, is cuimhin liom dul sa tóir air tamall siar, ach is ar Twitter a chuir mé torthaí mo chuardaigh agus níl mé in ann teacht orthu.