Réamhrá
Táthar ag tathaint orm le tamall cuid de na gearrscéalta a scríobhas i dtosach mo ré scríbh- neoireachta a chur amach i bhfoirm leabhair. Ba leasc liom a dhéanamh ar chúiseanna éagsúla. Leisce, mar shampla. Níl aon chóip d'aon cheann de na scéalta agam agus is tuirsiúil an gnó é bheith ag tóraíocht scéalta a foilsíodh ó am go chéile in irisí éagsúla le tríocha bliain anuas-gan trácht ar an sclábhaíocht peannaireachta a bhaineann le iad a chur ar phár arís. Bhí cúis mhaith eile agam - eagla. Chromas ar an scríbhneoireacht i gceart tar éis do Chraobh na hAiséirí scoilteadh ina dhá leath i 1942.Bhí trí iris nua Ghaeilge á gcur amach ag an am, An Glór, Comhar agus Inniu, agus ar chúinse éigin, níor bhac mórscríbhneoirí measúla aithnidiúla na Gaeilge leo. Bhí na hirisí i dtaobh le dream nua scríbhneoirí. I measc na ndaoine a chrom ar an ngearrscéalaíocht do na hirisí nua seo bhí Séamus ó Néill, Labhrás mac Brádaigh, Séamas ó Mainnín, Conchubhar ó Ruairc, Pádraig ó Conchubhair, Barra Manton, Tarlach Bhilí (Tarlach ó hUid) agus an mac seo.
Scríobhamar go rialta ar feadh tamall de bhlianta agus gan airgead á fháil againn as ár saothar, ná ní raibh airgead uainn. Ba é an chéad airgead a fuaireas as an ngearrscéalaíocht do na hirisí, seic a chuir Comhar chugam i 1945, agus is cuimhin liom gur bhraitheas mar a bhraith Iúdás bocht fadó agus an tríocha píosa airgid ina ghlac aige. Bhí fonn orm é a chur ar ais, mar ba náir liom é a chaitheamh orm féin. I ndeireadh na dála, chuireas chun mo mháthar é agus slánaíodh mo choinsias. Agus nach ait an rud é, ainneoin a ndeirtear i láthair na huaire i dtaobh proifisiúnachais agus an gá atá leis, níor lúide ár ndúthracht an scríbhneoireacht a bheith á déanamh saor in aisce againn. Dheineamar ár ndícheall.
Ach is chuige seo atáim: scríbhneoirí irise ab ea sinn. Ní raibh uainn ach scéalta a scríobh le haghaidh gnáth- phobal léitheoireachta na Gaeilge, scéalta a thuigfeadh an gnáthphobal. An scéal a bheith soléite agus inspéise. Ba é sin ár n-aidhm. Ní rabhamar ag dréim le clasaiceacht ná le hardlitríocht. Deoir a bhaint as súil chailín nó gáire a bhaint as seanduine, ní raibh uainn ach an méid sin. Ach conas a thaitneoidh na scéalta sin le pobal na linne seo? Níl a fhios agam. Níl sa chnuasach beag seo ach mo rogha féin de na scéalta a scríobhas le haghaidh An Glór agus Comhar, mar aon le cúpla duais-scéal a bheadh sa Ghlór nó i gComhar murach gur foilsíodh in irisí speisialta iad. An leisce arís! Ní raibh de mhisneach ionam tabhairt faoin tochailt i measc na n-irisí éagsúla eile inar foilsíodh roinnt de mo scéalta.
- An Rud nach mBíonn Agam
- Gleann an Leasa
- Ciarraí Abú
- Cluas Muice
- Cúiteamh
- Gealtachas Fómhair
- Sop
- An Oíche Aréir
- Na hAdharca Fada
- Agus an Féarán?
- An Chéad Cheacht
- Éan na hOíche
- An Chéad Phionta
- Maidin Dé Luain
- An Bardal Fiáin
Pléann An Bardal Fiáin díreach leis an téama sin - sean óglach nach dtig leis bogadh ar aghaidh agus atá in umar na haimléise, buachaill óg a sheolann a athair chuig an seanfhondúir é ar mhaith le comhluadar a bheith aige - agus casadh sa deireadh nuair a fhilleann an sean ceannfort aige ar cuairt ar an gceantar - ach nach chun an cogadh a fhearadh arís a níonn.
Sruth comhfheasa an reacaire atá i gceist i roinnt scéalta, insint an reacaire uilefheasach i scéalta eile. Ach tá tabhairt faoi deara, caoine agus deá-mhéin don nduine agus don dúlra iontu go léir.Tragóid ceart sa chiall gréagach is ea Gleann an Leasa. Saolta curtha ó mhaith toisc nach dtig leis an patrarc glacadh leis go bhfuil bean a mhic aimrid gan locht.
Tá trom agus éadrom sa chnuasach, sonas agus donas. Bhain mé taitneamh as; measaim go mba cheart go mbeadh teacht éasca ar saothair iomlán Uí Liatháin. Is dócha go bhfuil leabhair fiúntacha eile ann ón ré sin a bhfuilim dall orthu murach an nod nó an comhtharlú a sheol i mo threo iad (is maith ann na hiasachtaí idir leabharlainne!).