Píosaí liom in áiteanna eile:

2022-06-11

Fuil

FAINIC - PLÉITEAR MIONSONRAÍ DE SCÉAL UÍ MHUIREAGÁIN FUIL SA BLAGMHÍR SEO. TÁ SCÉALMHILLEADH ANN DÁ RÉIR.


Murab ionann agus na scéalta eile sa chnuasach, tá tús an scéil seo lonnaithe go luath sna meánaoiseanna, agus i lár na hEorpa. Baineann Seán Ó Muireagáin a chasadh féin as scéal na súmairí fola chun eachtra a leanann thar roinnt céadta bliain a insint agus chun ceisteanna éagsúla a chíoradh go hindíreach - dílseacht, piseogacht, timpeallacht, agus araile. 

Tosaíonn an scéal amach coinbhinsiúnta go leor - na huaisle agus a saighdiúirí ag imirt cos ar bolg ar na tuathánaigh in aimsir ocras agus anró. Casadh i dtreo an uafáis ansin - leanaí ag dul ar iarraidh, agus teaghlach an tí mhóir ag dul i bhfolláine agus i neart. Aois mínádúrtha á bhaint amach acu, agus a leanbh gan a bheith ag dul in aois in aon chor... Ráflaí faoi ól fola.... Ceannairc na saighdiúirí agus slad... An seirbhíseach dílis a tharrthálann an mac a bhfuil gean aici air. An teitheadh ó áit go háit nuair a thugann daoine faoi ndeara an leanbh gan a bheith ag dul in aois - an seirbhíseach á choinneáil beo lena cuid fola féin. Dílseacht agus gean a leanann ó ghlúin go glúin ina teaghlach sise. 
Dílseacht a dhéanann leas an teaghlaigh ar feadh seal, de bharr saibhreas le hoidhreacht agus go háirithe de bharr an eolas is féidir leis an mac síor óg a chnuasach agus é ag léamh go fadsaolach ina thearmann sa choill. Ach san áit a bhfuil rachmas tá formad agus i cogaí na meánaoiseanna is féidir le formad bheith marfach. 

Agus de réir mar a leanann forbairt creimtear tearmann na coille. Casadh glic san scéal an dóigh a chinntíonn an príomhcharactar a sholáthar fola nuair nach dtig leis an teaghlach soláthar do níos mó - agus fós gan dochar a dhéanamh do dhaonnaí. 

Súmaire daonnachtúil léannta. 

Casadh eile sa scéal nuair atá an coill á dhíothú, agus gá arís le teagmhálacha daonna. Agus gá freisin críoch a chuir le saol fhada... 

Fearacht aon scéal samhlaíochta mar seo, beidh a léamh féin ag gach léitheoir ar na ceisteanna a spreagtar. 

Ach tá an insint agus an t-atmaisféar ana chliste, agus spreagtar comhbhá le neach atá an-éagsúil leis an ghnáthdhuine. 

Ábhar machnaimh go leor!