Thug mé m'aghaidh anocht ar lár na cathrach chun freastal ar sheoladh Ceallach Diarmuid Johnson, foilsithe ag Leabhar Breac.
Sé Antain Mac Lochlainn a rinne an seoladh agus thug sé sár phíosa cainte uaidh, ag cíoradh scéalaíocht Dhiarmuid a chuireann Ceallach inár láthair go beo beathach, cé gur scéal agus meon ársa atá aige - an rud is ársa is iontach! Thug Antain suntas do seinge na bhfocail, gontacht ealaíonta. Ceallach i láthair romhainn. Muid ag tabhairt na mionrudaí faoi deara chomh maith leis na mór rudaí. Gan leisce ar Dhiarmuid gnásanna liteartha a shárú. (Píosa snasta cainte a mbeinn ag súil leis é fheiceáil i gComhar nó Feasta amach anseo!)
Bhí Bríd Harper ann le ceol a choinneáil linn, idir sealanna inár léigh Diarmuid as an leabhar chun blaiseadh a thabhairt dúinn.
Chuir Diarmuid agus Bríd clabhsúr leis an ócáid le port meidhreach ar an bhfidil agus an feadóg mhór.
Ócáid pléisiúrtha - agus ionad oiriúnach. (Tá na leabhragáin ar rotha ana úsáideach nuair atá spás le cruthú.