Píosaí liom in áiteanna eile:

2023-12-29

Idir flaitheas Dé is flaitheas Chonaill


Seo insint Proinsias Mac a'Bhaird ar óige agus teacht in inmhe Colm Cille. Duine idir dhá flaitheas, flaitheas Cineál Chonaill a bhfuil éileamh áirithe aige air, agus flaitheas Dé atá á lorg aige. Tá sé luaite ag scata léirmheastóir go bhfuil an duine seachas an naomh i lár báire - tá osnádúr an naomhsheanchas léannta agus laochsheanchas an bhéaloidis fágtha ar lár. Is fusa iompu Criomhthainn, mac flaithe, ina Colm, scríbhneoir, ab, bunaitheoir a thuiscint dá réir.

É ag feidhmiú i líonra caidrimh teaghlaigh agus polaitíochta, faoi thionchar athrú ré ó phágántacht go Críostaíocht agus an dá rud fite fuaite le hiomaíocht prionsaí agus abaí.

Tá feidhm cliste bainte ag Proinsias as mion oighearaois an tseandacht mhall mar thairseach idir dhá ré, é tar éis aird a thabhairt ar an stair a fheiceann tionchar aige seo, agus ar ball an plá a scaip comhluadar Chluana Ioraird ar an sochaí in Éirinn, agus ar dhán Choilm go háirithe. 

Fuair mé taitneamh i léamh Phroinsias ar an aighneas le Finian Magh Bhile faoin leabhar - scéal níos sothuigthe ná an gnáth goid suarach agus é fite fuaite le polaitíocht na bhfiní. Leanann tragóid cath Cúl Dreimhne, ach go bhfuil tagairt agus insint ag Proinsias do na cúinsí ar fad a luaitear leis - i bhfoirm úrscéil ar ndóigh seachas stair. Mar atá ráite aige féin ina iarfhocal, tá simpliú agus múnlú déanta aige ar na heachtraí, agus an duine aonair agus a chaidrimh pearsanta chun tosaigh. (Ach mar is dual d'oide maith, tá na foinsí staire ar bhain sé feidhm astu luaite aige ina iarfhocal freisin, don té ar mhian leis dul níos doimhne sa scéal). 

Tá cinneadh Cholm Chille glacadh le pionós an díbeartha sothuigthe dá réir, an ciontacht a mhothaíonn sé as an ár a raibh páirt nach beag ag a mhórtas cine agus uabhar pearsanta ina spreagadh. 

Ach tá cuma na réalaíochta agus na fírinne ar insint Phroinsias, agus is éasca bá agus tuiscint a bheith ag an léitheoir leis an gcarachtar. 

Más buan mo chuimhne, dúirt Proinsias ag Fómhair na Leabhair i mBéal Feirste go raibh rún aige cloí le Gaeilge nach raibh tionchar na Lochlannach air fós. Ar An Cúinne Dána thug Antain Mac Lochlainn suntas d'úsáid an fhocal "iris" sa chiall liteartha "creidimh, reiligiún" agus "scál", taibhse. Tá dornán focail eile mar iad ach iad i gcónaí i gcomhthéacs a fhágann sothuigthe iad. Nae a bhíonn ar uisce, abair agus is ar bhirling a fhágann Colm Cille Daire Calgach chun aghaidh a thabhairt ar Albain. 

Tá dán bhreá mar chlabhsúr ar an leabhar, ag tarraingt as 

Fil súil n-glais
fégbas Éirinn dar a h-ais;
noco n-aceba íarmo-thá
firu Érenn nách a mná.

A leagtar ar Cholm Cille. 

Tá Proinsias dílis freisin do chanúintí Uladh, rud a chuireann, dar liom féin, le fiúntas an leabhair. 

Leabhar an-éagsúil ó na scéinséirí a thug Proinsias dúinn roimhe, nó an greann atá i bhFatwa. Agus an slacht is dúil ar earraí Leabhar Breac air freisin. 

Ach leabhar atá chomh máistriúil céanna. Agus dá mba rud é go raibh fonn air an scéal a leanacht go hAlbain chun cuir leis an méid a scríobh sé i dTairngreacht, bheadh fonn orm é a léamh! 

Mar a tharlaíonn, is ón leabharlann a fuair mé Flaitheas an uair seo - tá spás do leabhair nua ag éirí iontach gann i mo theachsa! 


2023-12-27

Schachnovelle


Mar a luaigh mé anseo cheana, fuair mé cnuasach saothair Stefan Zweig don Kindle traidhfil blianta ó shin. Níor léigh mé an t-iomlán riamh agus ní raibh an úrscéilín Schachnovelle (úrscéal fichille) léite agam. Nuair a luaigh Darach Ó Scolaí é ar Blue-sky ar na mallaibh chuaigh mé sa tóir ar sa chnuasach.

Is minic scéal laistigh de scéal ag Zweig, an reacaire céad pearsa ar thuras, agus é ina chineál athair faoistine a thugann cluas do chráiteachán éigin a rún a scaoileadh, ach ní hiondúil go dtugann an scaoileadh faoiseamh. 

Tá croí an scéil seo ceaptha san íomhá thuas ag Elke Rehder, ar tháinig mé air agus roinnt gúglála iar léamh á dhéanamh agam.

San scéal amuigh, mar a déarfá, tá an reacaire ar long idir Nua Eabhrac agus Buenos Aires. Tugann sé corraíl iriseoirí faoi ndeara agus an long ag fágáil, agus insítear dó go bhfuil máistir fichille ar an long. Idiot savant an fear céanna, gan léann ná spreacadh ach le talann nádúrtha don bhfichill a aimsíodh de thaisme agus é ar altramas ag cléireach tuaithe. Rinneadh forbairt air agus ardmháistir dá réir. É anois ag taisteal na cruinne, ag tuilleamh airgid ar an bhfichill.

Déanann an reacaire iarracht é a mhealladh chun cluiche, ach tá fuar aige. Go dtí go gcuireann Albanach rachmasach a ladar sa scéal agus go dtoilíonn ar máistir imirt ar tháille ard. É féin i gcoinne cách i gcomhairle le chéile... 

Buann an chéad cluiche gan stró, ach tá mórtas an Albanaigh múscailte agus éilíonn sé revanche agus tá sásta íoc as. Tá an dara cluiche ag pointe cinniúnach nuair a ghearann strainséir isteach le comhairle a leasa don meitheal - agus glacann seilbh ar an gcluiche. É in inmhe na gluaiseachtaí a thuar go ceann roinnt babhtaí. Mar a thuarann sé, leamhsháinn an toradh. Maíonn an strainséir nár imir sé ficheall ar chlár ón meánscoil... Cad as mar sin an scil? 

Tá fiosracht an reacaire múscailte, agus téann sé sa tóir ar an strainséir Dr. B. Agus meallann a scéal uaidh.

Bhí sé ina abhcóide ciúin ar son ríogaithe na hOstaire agus na mainistreacha. Tháinig mainistreacha sa Ghearmáin chuige dá bharr. Chuidigh sé leo maoin a thabhairt slán ón Naitsithe. Ainneoin a dhiscréid, d'éirigh leis an Gestapo cléireach dá chuid a cuir ag spiaireacht air, agus tar éis an Anschluß gabhadh é. Ach seachas ciapadh corpartha an KZ bhí modh eile in úsáid dá leithéidí. Aonarú iomlán, seomra in óstán i seilbh an gestapo. Gan teagmháil daonna ach bairdéir nach labhraíonn, agus lucht a cheistithe a chuireann fios air ag amanta do thuartha de ló is d'oíche. An seomra lom leamh agus gan faic ann chun an intinn a spreagadh. Aithníonn sé an baol dá mheabhar agus déanann iarracht a intinn a aclú - chun bheith in ann ag an gceistiú, gan aon eolas sa bhreis a scaoileadh le lucht a chéasta, gan aon duine eile a chuir lena liosta íobartach. Tá sé ag streachailt go mór. Ach ansin faigheann sé deis gan choinne. Tugann sé leabhar faoi ndeara i bpóca cóta mór duine dá lucht ciaptha, atá ag crochadh san forhalla a fágtar é ag fanacht ar a cheistiú. Éiríonn leis le dua é a sciobadh i ngan fhios don bhairdéir agus é a smuigleáil ar ais go dtí a sheomra. É ag súil le lón anama, filíocht b'fhéidir. É meallta go mór nach bhfuil ann ach leabhar fichille, cuir síos ar cnuasach máistir cluichí. Ach aithníonn sé agus tapaíonn an deis a intinn a dhíriú. Go rathúil i dtosach. Ach faoi dheireadh tá gach cluiche sa leabhar de ghlan mheabhair aige agus é ar a chumas iad a imirt ina inchinn. Sa tréimhse seo, é in ann ag an gceistiú, a intinn géar.

Ach conas dul ar aghaidh? Níl de rogha aige ach é féin a scoilt, agus imirt ina choinne féin. Rud a shílfeá a bheith dodhéanta. Éiríonn leis ar feadh tamaill, áfach, ach faoi dheireadh tosaíonn sé ag dul ar buile leis an strus a aigne a scoilt, mífhoighne mallaithe ag an dá leath dá chéile. Tugann sé fogha faoin bhairdéir agus goineann é féin. Rud a fhágann san ospidéal é - ar an dea uair dó féin, i lámha dochtúra a bhfuil bá aige leis seachas leis na húdaráis nua. A chuireann ina luí orthu nach bhfuil faic le foghlaim uaidh agus a mheabhair caillte. Ligtear dó imeacht, ach ar choinníoll imeacht as an dtír, agus sin an toisc a bhfuil sé ar long Buenos Aires.

Léiríonn léaráid Elke Rehder an riocht ina fágadh a intinn scoilte. 

A fiosracht a fuair an ceann is fearr air gearradh isteach sa chluiche, ainneoin fainic a dhochtúra, go raibh nimhiú fichille fulaingthe aige agus gurb fhearr dó fanacht glan air. 

Géilleann sé áfach d'iarratas an ardmháistir ar cluiche amháin eile, agus sáraíonn air - géilleann an ardmháistir roimh deireadh. Éilíonn áfach revanche. Ainneoin comhairle an reacaire, tugann sé faoin gcluiche. Tá a bhall íogair - mífhoighne - tugtha faoi ndeara ag an ardmháistir. Mar sin, glacann sé siúd an deich nóiméad aontaithe chun gach beart a mheá... Tarlaíonn an tubaiste dosheachanta agus cliseann arís ar mheabhar an Dr. B. de dheasca an mífhoighne, agus tagann mearbhall air faoin gcluiche. Bíonn air éirí as agus an blár catha a fhágáil faoi gliceas a chéile comhraic. 

Tá teannas thar na bearta in insint Zweig, mothaíonn an léitheoir gach corr agus casadh i bhfulaingt intinne an Dr. B. Bíonn insint an reacaire ann mar fairtheoir ach ar dhóigh éigin treisíonn sé sin mothúcháin agus comhbhá an léitheora. Foilsíodh Schachnovelle i dtosach sa Bhrasaíl in aistriúchán Portaingéilise in éineacht le dhá scéal eile faoin dteideal Trí ainmhian. Dráma intinne eile Der Amokläufer ceann eile acu.

Tá Zweig ina mháistir ag léiriú féinchéasadh intinne, mar atá san dá scéal úd. Feidhmíonn a chleas leis an reacaire a mheallann faoistin chun léargas domhain a thabhairt. 

Faraor, fuair an tsamhlaíocht seo an ceann is fearr air féin, agus ghéill sé don éadóchas agus an dúlagar a spreag caithréim na Naitsithe ann. Níor mheas sé, fiú agus é sa Bhrasaíl, go dtiocfadh sé ná an domhain slán.

Is mairg a bátar in am na h-anaithe 
mar tagann an ghrian i ndiaidh na fearthainne

2023-12-23

An Deireadh

Toisc gur fhág bus a d'imigh luath, nó b'fhéidir nár tháinig ar chor ar bith fanacht leathuaire orm ar na mallaibh sna Clocha Liatha, theith mé isteach sa leabharlann ón bhfuacht. Bheartaigh mé súil a chaitheamh ar an (mbeagán) leabhar Gaeilge féachaint an rud rud ar bith nach raibh léite agam acu a mbeadh fonn orm léamh. 

Thit mo lámh ar An Deireadh, le Séamas Mac Annaidh. Scéinséir, de réir an bhlurba. Scéinséir ar leith, mar a bheithfeá ag súil leis ó údar Cuaifeach mo lon dubh buí! An cuma air i dtosach gur scéal coitianta lánúin meánaosta atá ann, a bhfuil fuaire ina gcaidreamh agus an nead fágtha ag a clann. Dúlagar ag teacht ar an mbean, dar lena fear, reacaire an chéad insint, dialann. Casadh sa scéal ansin, reacaire eile. Léargas eile. Casadh eile fós, reacaire eile.

Cleas éifeachtach. Coinnítear an léitheoir ar tinneall, ag iarraidh ciall a bhaint as scéal a shleamhnaíonn ón gnáthshaol go eachtraí áiféiseacha ach féideartha.

Cé atá ag buaileadh bob ar ché? Cad atá ag tarlú dáiríre?

Scíthleitheoireacht siamsúil. Faraor, corr botún cló a mhileann an pléisiúr. Ach táim sásta go maith gur casadh mo threo é. Tá dearcadh fiar ar an tsaoil ag Mac Annaidh atá ina dheis marana. 


2023-12-07

Teifeach eacnamaíochta? Tic!


Teifeach eacnamaíochta? Tic!
Fireann ? Tic!
Aois mhíleata? Tic?
Gan grinnfhiosrúchán? Tic!
B’shin mise. Teite ó léithe Éireann na luatha nóchaidí.
Díreach céimnithe.
Ag tógáil poist Ghearmánaigh, ar phá níos ísle.
Ag suirí lena n-iníonacha. (Mheall mé ceann acu!)
Schwerin 1992. Seolta amach ag obair ar tram.
Mise agus innealtóir díolacháin. Ossi eisean.
Bainisteoir áitiúl ag cásamh an t-athrú saoil.
An áit á líonadh ag Ausländer!
Ausländer is ea mise, arsa mise.
B’ea. Bhí ormsa éirí um a ceathair cúpla uair chun seasamh sa scuaine.
Aufenthaltserlaubnis le hathnuachan, gach trí mhí i dtosach.
Sa scuaine liom clann clainne na Gastarbeiter a mealladh anoir sna seascaidí.
A rugadh agus a tógadh i mBeirlín. Ach ba Ausländer iad.
Agus i mbaile a muintire, ba Almans iad – Ausländer freisin.
Ar ball, cuireadh oifig ar leith ar bun. Lucht an Comhphobail (ní raibh na lár Eorpaigh ann fós)
Saoránaigh SAM, Iosrael, Cheanada. Na Ausländer maithe.
Bhí mise ceart go leor, arsa fear Schwerin fosta.
Na rudaí nach ndúirt sé ach a thuig mé:
Níorbh Fidschi mé. Ná Kanake. Ná Türke. Ná Polacke, fiú.
Bhí mé geal. Bhí mé togha.
Ón Afraic aithreacha nianna mo mhnaoi.
Mischlinge. Thall.
Abhus, caitear dúchas a máthair le mo chlann.
Mischlinge iadsan, fosta.
Fuaireas swastika as marla, ar an gcarr lá. Éasca le baint.
Ní raibh na maslaí chomh héasca céanna le baint, ó anam mo mhic.
Ní rud nua é. Thugtar poo-face ar scoil ar mo dheirfiúr uchtaithe.
Athair ón Ind aici.

You don’t get to be racist and Irish?

Táid inár measc mar sin féin.
Iadsan nach ngéilleann gur duine is ea duine.
Cuma dubh bán ná riabhach.
Cibé, mar a dúirt de Gaulle le méara a bhí buartha faoi “iadsan” ag brú isteach:
«Mon cher, vous êtes un bourgeois : l'avenir est au métissage.»
A chara, buirgéiseach tú: leis na daoine breaca an todhchaí!
Dorn san aer do na daoine breaca!


Píosa a scríobh mé do Reic tamall ó shin. Cloisim anois go raibh feidhm á bhaint ag Teachta Dála as fuighle fuatha agus amhrais lucht mioscaise an eite dheis sa Dáil. Ní maith sin. 

2023-12-02

Saighdiúir


Luaitear cosúlacht an úrscéil seo le saothar Remarque, Im Westen nichts neues mar úrscéal frithchogaidh. Ní mórán litríocht cogaidh a léim, ach tá Remarque léite agam, sa bhunleagan agus in aistriúchán Mhic Annraoi. Cloch bonn de chuid an litríocht frithchogaidh atá ann. 

Tá cosúlachtaí in úrscéal Uí Shearcaigh sa mhéid is gur reacaire óg atá i gceist, a scuabtar isteach sa chogadh ag dúil a chomhluadair agus an dualgas a shíleann sé bheith air. Dóchas a choilltear go borb i ndraoib na Fraince. Comrádaíocht idir daoine éagsúla faoi bhuillí na gunnaí ar inneoin na dtrinsí. 

Tá an cuir síos ar an tírdhreach idir uafás agus corr splanc d'áilleacht an dúlra ainneoin gach rud saibhir fileata. 

Ach scéal Éireannach, Conallach atá anseo. Baineann an reacaire leis an dream atá ag freastal ar lucht an tí mhór, agus buntáiste oideachais faighte aige as atharthaíochas lucht an tí mór. Spleáchas mar sin féin, agus maslaí le slogadh agus uasal le híseal. Caidreamh sách gránna le mac an tí mhóir, comhaoiseach leis ar maistín millte é. 

Ach scóip aige de bharr an léann a fuair sé chun muintearas a dhéanamh le réimse leathan daoine i gcoire an chogaidh. Is sna comhráite agus allagar sin a chuirtear an teagasc frith chogaidh in iúl. (Bhraith mé uaireanta go raibh beagán an iomarca den insint seachas an taispeáint ar bun, ach le reacaire céad pearsa is deacair sin a sheachaint go hiomlán). 

Ar ndóigh bhí borradh an náisiúnachas in Éirinn mar chúlra don ré úd, agus gan amhras tionchar aige ar an dream a chuaigh sa chath, orthu siúd nár dhein, agus ar na caidrimh eatarthu. 

Tá saibhreas iontach san úrscéal, agus go leor ábhair machnaimh. Go háirithe toisc gur machnóir an reacaire. 

Mar sin féin, is dóigh liom go bhféadfá beagáinín eagarthóireacht liteartha sa bhreis a dhéanamh. Bhí amhras orm, abair, faoi inchreidteacht sonraí an deireadh a fuair an maistín. 

Ach shíl mé an cairdeas a fhásann idir é agus fear óg as Aontroim, Protastúnach agus aontachtach, a bheith thar a bheith inchreidte agus spéisiúil. 

Tá a húrscéal frithchogaidh ag an nGaeilge anois, agus úrscéal Gaelach.
Seasann an comparáid le Remarque. Is ait liom gur luadh Hašek leis, áfach. Cé go bhfuil beagán greann ann níl áibhéil ná dalbacht Švejk. 

Ní fiú an braon fola. Ach faraor tá fir óga fós ag fáil bháis go mall pianmhar uafar san Úcráin, san Afraic agus sa Phailistín. Gríosaithe chun talamh a chosaint, ach go hiondúil gan seilbh acu féin ar oiread is lán ladhar den dtalamh céanna. 

Táim buíoch as Leabhar Breac a bhronn cóip den leabhar orm. 

Cathal Ó Searcaigh
978-1-913814-35-9 
Leabhar Breac 2023


2023-11-30

Fides et ratio

Tá aiste cumhachtach scríofa ag Vincent Morley maidir leis an aois reatha a bheith ina aois an mhíréasúin.

Aontaím leis an alt ar fad, diomaite den paragraf deiridh. 

Cad tá le déanamh mar sin? Is é an moladh a bheadh agamsa ná bosca mór bruscair a fháil agus gach saghas teoirice nach bhfuil bunaithe ar an loighic, ar an bhfianaise eimpíreach, ar an modh eolaíoch – i bhfocal amháin, ar an réasún – a shacadh isteach ann, an bosca a chur trí thine, agus na luaithreacha go léir a chaitheamh i bpoll an duibheagáin ...

Cé go n-aontaím nach ceart glacadh le rud a thagann salach ar an réasún, seasaim i dtraidisiúin - an Chaitliceachas - a mhaíonn nach bhfuil gach rud faoi réir an modh eolaíochta, go bhfuil a réimse féin ag an creideamh. Is fíor - luaigh Vincent cás Galilei - gur sáraigh an Eaglais féin agus cuid dá oifigigh an teorainn idir na réimsí. Ach fiú le linn an ré úd bhí Cairdinéil fearacht Baronio a mhaígh, mar a luaigh Galileo féin ina chomhfhreagras, nach é aidhm an spioraid naoimh dul na flaithis a mhíniú dúinn, ach conas dul chun na flaithis.

Is féidir le daoine réasúnta easaontú faoina leithéid, ar ndóigh. Ach téann an creideamh, dar liom, i ngleic leis ceisteanna "Cén fáth" nach féidir le "conas" na heolaíochta a fhreagairt. 

Tá, mar a scríobh Eoin Pól II, an dá eite ag an spiorad daonna. Fides et ratio, creideamh agus réasún. Agus tá an dá cheann de dhíth. 

Ach ní féidir a leithéid a chur i bhfeidhm ar dhaoine eile le lámh láidir gan éagóir a dhéanamh a dhéanann dochar ní hamháin don té ata thíos leis, ach don té atá ag imirt cos ar bolg freisin. 

Tá gá le réasún, saoirse, caoinfhulaingt agus meas. Rud atá ana dheacair i ré ina bhfuil teoiricí comhcheilge ag imirt tionchar ar mhothúcháin daoine atá imníoch faoi na dúshláin atá romhainn. 

Níl réiteach na faidhbe agam. Ach ní dóigh liom go bhfuil an réiteach i loisceadh smaointe... 

2023-11-13

Solas geimhridh agus dánta eile


Solas ar leith is ea solas geimhridh. Bíonn an ghrian íseal sa spéir. Scaití dalltar tú. Níos minice áfach bíonn léargas as an nua ar fáil san solas. (Deannach tís ró mhinic, ach sin scéal eile...) 

Feileann sé go paiteanta mar sin mar theideal ar chnuasach dánta Laoighseach Ní Choistealbha. Bhí mé ag súil leis an gcnuasach seo ó chuala mé Laoighseach ag reic ag Fíorbhraon IMRAM. Bhí áthas orm dá réir féirín deas a fháil sa phost gan choinne ó Barzaz.

Sa rannóg Solas Geimhridh tá dánta a bhaineann le teacht in inmhe mar bhean agus ualach na fisiciúlachta, caithreachas, míostrú. Nuair a bhí Laoighseach ag caint ar an gCúinne Dána luaigh sí dearcadh neodrach le cuid de na dánta seo. Níl fhios agam neodracht an focal cuí, ach is cinnte go bhfuil fuarchúis i gceist. Agus, rud atá sna dánta uilig, físiúlacht - céadfaíocht - tabhairt faoi deara. Íomhánna neamhghnácha láidre. Braonta fola ar línéadach ag meabhrú falcairí, abair.

Ní bean mé, mar sin is ón dtaobh amuigh cuid mhór atá na dánta sa rannóg seo á léamh agam. (Ach fuair siad ardmholadh ó Mháire Ní Fhinneadha i dTuairisc). 
Bhí tuiscint níos fearr agam ar na dánta seirce agus eolchaire - stoitechas an imiriceora inmheánach idir teangacha sa rannóg dánta eile. Fuair mé rud éigin ó gach dán, áfach. 

Is léir go bhfuil tabhairt faoi ndeara ar leith ag Laoighseach, agus an dúlra mar meafar do rudaí ina colainn agus a hanam agus a timpeallacht a ghríosann chun filíochta í. Idir taitneamhach agus mí thaitneamhach. Meafaracha a chuaigh i bhfeidhm orm ná an ghlúineach bhiorach agus an róslabhras - dhá phlanda ionrach in Éirinn a scaipeann agus a dhíbríonn thart orthu. Úsáidte go héifeachtach. 

Meafar eile ar thug mé suntas dó ag a léamh d'Imram - an colún salann a rinneadh de bhean Lot ag leá ar theangacha na mílte saighdiúir Rómhánach... 

Ní taobh leis an dúlra amháin atá sí mar fhoinse íomhánna - feidhm éifeachtach bainte aici as deasghnátha an chreidimh agus a siombail mar samhail do eolchaire agus grá collaí. 

Nua chainteoir í Laoighseach, agus an teannas idir a dúchas i Lagán na heorna agus a cónaí i gConamara an eibhir ina fotha faoi dánta eile a chíorann castachtaí an imirceora ó theanga amháin go teanga eile. 

Ainneoin a mothúcháin léirithe sna dánta feictear dom go bhfuil an teanga roghnaithe sealbhaithe go paiteanta aici, cé ar ndóigh nach ionann sealbhú teangan agus sealbhú cultúir. Ach is sampla (eile) seo den tionchar ar féidir le hoide díograiseach spreagtha Gaeilge a imirt i scoil ina bhfuil Béarla dúchais na daltaí ina meáin teagaisc. (Dá mbeadh oideas ann a leithéid de oide a chruthú...). 

Thaithin na dánta seo go mór liom, agus tá an cnuasach fuinte fáiscthe agus ag teacht le chéile go maith. Dán mar réamhrá agus dán eile mar iarfhocal ag tabhairt eochair amháin don léitheoir, ach gheobhaidh an léitheoir eochracha dá chuid féin mar is dúil don fhilíocht. Dánta iontach gairid ina measc, dánta eile fada. Iad ar fad cuí. 

Seo an chéad cnuasach filíochta foilsithe ag Barzaz, agus tá an leabhar féin gleoite. Cló ar leith in úsáid (Mrs Eaves, mura bhfuil dul amú orm. Mrs éigin ar aon nós, thug mé suntas don teideal baineann!). Páipéar uasal agus leagan amach glan na dánta air. Ribín. (filíocht mar liotúirge arís!). Clúdach álainn. Tús maith! 

An Fhilíocht

caonach a fhásann 
ar thorthaí an ghrá 
nár itheadh

Laoighseach Ní Choistealbha 
Barzaz 





2023-10-29

Fionnachtan fánach


Thiar i Mí Iúil tharla i Séipéal na Céibhe Nua sa chlár mé. Bhí an déagóir tar éis páirt a ghlacadh i gcampa ceoil claisiceach, agus bhí an ceolchoirm clabhsúir le bheith san séipéal.

B'é an peannaireacht Gaelach ar stáisiúin na Croise a tharraing m'aird i dtosach. (Agus d'fhéach mé féachaint an le V a litríodh Veronica. B'ea). Bhí rud éigin faoin stíl a d'aithin mé. Mheabhraigh sé leabhair dom ar chúis éigin. Agus nuair a d'amharc mé níos grinne ar cheann acu thuig mé cén fáth. Ainm Sheáin Uí Shúilleabháin a bhí leo. Is minic portráid údair óna pheann ar bileoga tosaigh leabhar i nGaeilge ón tréimhse ina raibh sé thuas.

Ábhar simplí in úsáid aige, gualach, uiscedhath agus gouache. Beocht ar leith sna pictiúir, áfach. Gluaiseacht sna líníochtaí. Áilleacht agus uaisle, cé gur pian agus céasadh atá á léiriú. 

Is minic ealaín eaglasta leamh, kitschig i séipéil na hÉireann go háirithe, toisc nach raibh deis ag traidisiún ealaíne forbairt le linn na péindlíthe. Turas na Croise go háirithe. 

Is iontach teacht ar ard ealaíon gan choinne i séipéal beag tuaithe, ar an gcúlráid. 

Tuigeann siad an seod atá acu, is léir, mar go bhfuil caomhnú déanta ar na pictiúir le déanaí, agus míníu tugtha ar chlár na bhfógraí.


2023-10-28

Sa pholl báite

Seo an ceathrú úrscéal cérinneacháin de chuid Anna Heussaff ina bhfuil an Garda Réamonn Seoighe agus an t-iar iriseoir Aoife Nic Diarmada lárnach, ag obair as lámha a chéile chun ceist a réiteach. Scéinséir atá ann, agus ní mór dom a bheith cúramach gan aon scéal mhilleadh a nochtadh, rud a fhágann deacracht léirmheas a dhéanamh!

An rud is fearr, dar liom, ná go bhfuil an scéal chomh sonraithe, leathan go bhfeidhmíonn an fionraí díchreidimh maidir leis an teanga go breá, cé go bhfuil formhór aicsean an scéil lonnaithe i gCill Mhaighneann Bhleá Cliath - agus gur eachtrannaigh cuid de na carachtair. Bleá Cliath an lae inniu, ceisteanna sóisialta an lae inniu, agus cuid den aicsean i mBearra freisin - rud a thugann Nic Diarmada isteach sa scéal arís. 

Timpeall ar an mbunsceál - bean, atá scartha óna fear le roinnt blianta faighte marbh tar éis dá mac, iomlán trína chéile, dul i dteagmháil go drogallach leis na Gardaí - tá scéalta a bhaineann le saol agus caidrimh na pearsana eile fite go healaíonta chun scéal saibhir spéisiúil a chuir ar fáil don léitheoir. 

Tá go leor castacht sna scéalta chun aird agus bá an léitheora a mhealladh. Is léir an taighde cúramach agus an spéis i gceisteanna sóisialta. (Tá comhrá spéisiúil faoi idir Anna Heussaff agus Fachtna Ó Drisceoil le clos anseo, mír as Tús Áite). 

Thaithin an scéal go mór liom, agus is iontach gur thug Anna faoin mbearna seo i litríocht na Gaeilge a líonadh. Agus é déanta go cumasach. Más buan mo chuimhne, phléigh sí ceist na teanga ina leithéid de seánra áit éigin, agus luaigh Donna Leon, a bhfuil a húrscéalta scríofa as Béarla ach lonnaithe sa Veinéis - é intuigthe gur Iodáilis atá á labhairt dáiríre ag an chliar. Ach sa scéal seo tá sé inchreidte gur Gaeilge atá á labhairt, agus tú ag léamh. Is ina dhiaidh sin a ritheann sé leat, gan baint de phléisiúr na léitheoireachta, gurb ar éigean go mbeadh Gaeilge ag gach carachtar! 

Tá an chíoradh ar fadhbanna sóisialta ár linne, smacht comhéigneach, easpa tithíochta, teannas teaghlaigh, comhar na mban, tromaíocht ar obair, léirithe go cúramach - léirithe seachas pléite - sa scéal gan síolteagasc a dhéanamh den scíthléitheoireacht. 

Táim buíoch de Chló Iar-Chonnacht, a sheol cóip léirmheastóireachta chugam - ach bheadh sé ceannaithe agam cinnte, seo mo chineál litríochtsa! 


Anna Heussaff 
ISBN 9781784442613
Foilsitheoir Cló Iar-Chonnacht






2023-07-14

Camchuairt Dhuibhneach - Baile na mBroc Rua

Mar a dúirt mé ar bhlagmhír eile, chaith mé proinn Tigh Áine ar mo shiúlóid ón Daingean go dtí an Buailtín. Níl an proinnteach á reáchtáil ag Áine níos mó, í éirithe as tar éis nach mór leathchéad bliain. Braithfidh mé uaim samhlaíocht agus úire a mbiachlár - ba chuid de dheasghnátha ár saoire le scór bliain béile amháin ar a laghad a chaitheamh ann.

Ach ní taobh le healaíona na cistine atá Áine. Bhí fógra sa bhialann go raibh ceannach ar a healaíon sa teach. Ní raibh sé i gceist agam mórán a chaitheamh ann ceal áit a chrochta, ach thapaigh mé an deis comhrá. Isteach liom mar sin agus bhuail an chloigín le fios a chur ar Áine. Tá áthas orm go ndearna.

D'inis agus thaispeáin Áine a togra geimhreadh dom. Staidéar i seacht bpictiúr ar an áit a tugtar Baile na bPoc agus An Slios, bóthar fhada díreach faoi bhun Ceann Bhaile Dháith go dtí Cuas an Bhodaigh.

Scéal achrannach pleanála Bhreandán Uí Bheaglaoich cuid den spreagadh a bhí aici, agus súil aici gur féidir lena healaíon cabhrú cuir ina luí ar an gComhairle Chontae gur córas fiúntach tithíochta an chlachan, cnuasach tithe ar aon láthair, mar a bhíodh sa cheantar fadó agus daonra i bhfad níos mó ann ná mar atá anois - ach nach bhfuil clann na daoine a bhfuil cónaí orthu sa cheantar cead pleanála a fháil chun tógáil ar a dtalamh féin. Breis luach ar an radharc agus gnó na turasóireachta. Barraíocht tithe saoire a bhíonn folamh ar feadh caoga seachtain sa bhliain. Iad gan a bheith ar fáil do bhuanchónaí agus mí-oiriúnach ar aon nós.

Chuaigh Áine i mbun cainte le muintir na háite agus chruinnigh stairseanchas agus dinnseanchas. Ina measc sin gur Baile na mbroc rua atá ar an mbaile fearainn. Pór ar leith broic ann más fíor. Níl fhios agam cén bunús atá leis sin ach feicim leaganacha taifeadta ag logainm fearacht Ballyvicrobuck.

Bhailigh Áine scéalta, agus íomhánna ón áit agus ón dá chlár teilifíse a raibh baint ag Breandán leo agus rinne seacht bpictiúir a léiríodh um Cáisc san taispeántas i mBaile an Fheirtéaraigh.

Eastát tithíochta na Gaeltachta mar fotheideal ar ceann acu. Meabhrú go bhféadfadh an córas pleanála fónamh do pobal na háite gan dochar don dúlra ach beagán samhlaíochta a léiriú. Agus d'fhéadfaí freisin seirbhísí a sholáthar ann. Ní leor an tírdhreach ar aon nós chun turasóirí a mhealladh - is an ceol agus na healaíona a spreagadh an spéis, agus is iad muintir na háite ceárta an chultúir sin. 

Go bhfaighe sí éisteacht!

Chroch mé liom cúpla cárta bunaithe ar ealaíon Áine - aimseoidh mé áit fiúntach dóibh, tá súil agam. 

Camchuairt Dhuibhneach - An Díseart agus a ghairdíní

Lámh le Eaglais Mhuire i lár bhaile an Daingin, tá Clochar na Toirbhirte. Ord a bhunaigh Nano Nagle, bean óg ón meánaicme Chaitliceach i gCorcaigh, d'fhonn oideachas a chur ar clann na mbocht d'fhonn cuidiú leo éalú ón mbochtaineacht céanna. Níl fhios agam cén fhad a mhair an clochar sa Daingean. Bhí scoil cailíní bainteach leis go dtí gur cónascadh é le scoil na mbráithre agus gur bunaíodh Pobalscoil Chorca Dhuibhne. Tá cuntas ar an stair sin ar suíomh An Dísirt. Tá cuntas eile ar an stair i reilig na siúracha sa ghairdín, crosanna iarainn teilgthe le dath bán orthu faoi scáth chrainn mór láidir. 
Sna 1920í a rinneadh athchóiriú ar séipéal an chlochair agus fuinneoga áille daite ó Studio Harry Clarke ann. Níl fhios agam an é an áilleacht sin a spreag na forbairtí ealaíne atá déanta ó shin. Nuair a tháinig Pádraig Ó Fiannachta, beannacht Dé lena anam, mar shagart paróiste go dtí an Daingean tar éis tréimhse fada ina ollamh i Má Nuad bhunaigh sé an Díseart. Fuair sé an foirgneamh agus na gairdíní ar léas ó na siúracha agus diaidh ar ndiaidh dhein forbairt ar ionad ealaíne agus cultúir atá ina oileáin suaimhnis i lár fothragadh an Daingin. Sa lá atá inniu ann, bíonn cúrsaí á reáchtáil ag Ollscoil ó Mheiriceá ann, ach é oscailte don phobal freisin, agus ócáidí eile ar bun. Is annamh agus mé sa Daingean nach gcaithim seal sna gairdíní ag teacht chun suaimhneas. 
An uair seo áfach bheartaigh mé súil a chaitheamh ar an bhfoirgneamh féin, rud nach raibh déanta agam le blianta fada. Táille trí Euro a gearradh orm. Sa bhreis ar an séipéal, tá saothair eile ealaíne san áit. 
Bhí an freascó den suipéar déanach feicthe cheana agam, pictiúir a bhain úsáid as muintir agus radhairc an cheantar mar mhúnlaí. Tá cúpla múrmhaisiú eile tagtha ó shin, mná agus fir agus radhairc na háite úsáidte chun scéalta bíobalta a léiriú. D'aithin mé aghaidh nó dhó! 
Agus tá seomra ar leith atá maisithe le radhairc ó shaol Nano Nagle. An casadh ó saol an tsó agus rachmais i dtreo freastal ar na mbocht. 

Ach is iad na gairdíní, a bhfuil forbairt déanta orthu de réir a chéile, an seod. Gairdín oscailte thart ar an séipéal agus dhá ghairdín le balla thart orthu laistiar. Sa ghairdín lasmuigh tá gairdín céadfach curtha le plandaí a mheallann pailneoirí. Agus tollán saileach thart air. Bheadh suaimhneas le fáil ann, seachas go gcuireann lus liath gallda (Lavandula angustifolia) ag sraothartach mé. 

Sa chéad garraí daingean tá cosán ar cathair gríobháin é, crann úll in aice leis agus roinnt binsí. Gairdín an urnaí a tugtar air agus tá ainm ar an gcosán atá éalaithe uaim - rilleach, sílim. Is áit suaimhneach atá ann le suí tamall agus urnaí nó marana a dhéanamh. Faoi láthair tá dornán dánta de chuid Bhríd Ní Mhóráin as Flóra na Samhlaíochta crochta ar na ballaí freisin - spreagadh midheamhna. 

Tá an garraí daingean ar cúl speisialta ar fad. Chuir teaghlaigh áitiúil crainn dúchasacha chun doire beag a chruthú - caorthann agus beith. Baineadh athúsáid as sclátaí ón gclochar chun ainmneacha teaghlaigh agus manaí a bhuanú ag cos na gcrann. Tá bothán beag agus réiteach i gcúinne an gharraí chun gur féidir ceolchoirm nó a mhacasamhail a eagrú (rud nár bhlais mé fós). 

Tá breis eolais faoin dtogra ar shuímh an Dísirt

Seod ceart an t-iomlán. Tá súil agam go leanfaidh an forbairt agus feabhas i dtiúin le fís Phádraig Uí Fhiannachta. Draoi agus saoi, leaba ar dheis Dé i measc na naomh agus na hollúna aige. Agus go méadaí Dia toradh a shaothar agus an tinfeadh a thug sé. 

2023-07-13

Éifeachtaí líonra

Gaeilge dhomhanda, ó bhlag Kevin Scannell

Ar chúinsí éagsúla, iad uilig fite fuaite le ceannach Twitter ag Elon Musk agus leis an dóigh a bhfuil praiseach á dhéanamh aige den suíomh, tá an cuma air go bhfuil deireadh ré ann ag druidim linn. Ní léir fós cad a thiocfaidh ina áit don nGael ar líne. Tá cuntas Mastodon ar ásc de mo chuid féin agam le roinnt míonna anois, ach níl mórán comhrá ag tarlú ann. Tá rudaí rud beag níos bríomhaire ar BlueSky ach tá an bogearra féin fós amscaí - leagan beitea atá ann fós.

Bhí luach dom i Twitter toisc go raibh líonra sách mór teagmhála agam ann, agus comhrá leanúnach. 


Tá luach líonra i gcoibhneas le cearnú líon na nóid (i. Líon na baill i gcás meán sóisialta). Sin toisc gur féidir nasc a bheith idir aon dá nód. Ach ní hionann féidearthachtaí agus an méid a bhaintear amach. Agus i líonraí sóisialta bíonn cáilíocht éagsúil ag nascanna éagsúla. Agus bíonn cuid acu níos buaine ná a chéile.




Measaim gur i 1995 nó 1996 a chuir mé ríomhaithne ar Dennis King. Ar an liosta r-phost Gaeilge-A. Tá comhrá ar bun againn ó shin - ach níor casadh ar a chéile muid ach uair fánach amháin nuair a bhí Dennis agus Seán Ó Connor ag freastal ar ócáid éigin i gColáiste na Tríonóide, tráth a raibh lucht an Chiorcail Díospóireachta ag ól Tí Duke agus gur bhuail siad isteach. Ach tá an comhrá ar bun ó Gaeilge-A, ar ardáin éagsúla - cláracha plé, blaganna, Twitter. Murach sin ní dócha go mbeadh mé ar BlueSky. Ní duine mé a bhíonn i dtús cadhnaíochta ar ardán nua, agus i ndáiríre táim amhrasach faoi na seirbhísí tráchtála. (Níl fógraíocht ar BlueSky fós, ach glacaim leis go mbeidh. Caithfidh siad na costais a ghlanadh ar bhealach éigin). 

Chun go mbeidh tairbhe ag ardán ar bith is gá go mbeadh sé éasca lucht allagar a aimsiú. Bíonn réamhaithne i gceist, gan amhras, agus ó tharla go bhfuil gá le cuireadh do BlueSky, tá pobal ag fás de bharr aithne a bheith ag daoine ar a chéile. Ach gan aithne a chur ar dhaoine nua, níl fás i ndán, agus an rud nach bhfuil ag fás ar líne tá sé ag meath. 

Tá sé luath fós á rá conas mar a éireoidh le cúrsaí ar BlueSky ná Mastodon. Ach tá súil agam go mbeidh deiseanna allagar fós ann, agus freisin deiseanna fíoraithne a dhéanamh as ríomhaithne. Beatha teanga í a labhairt... 





2023-07-09

Camchuairt Dhuibhneach - ón mBaile Breac abhaile


Bhí an ciúnas diamhair sa teach liom féin sa Bhaile Breac, ach chodail mé sách maith. Chaith mé bricfeasta leis an méid bia a thug mé liom agus bhuail an bóthar go dtí an Daingean. Bhí radharc bhreá ar Loch Corr Áillí ar an gcéad cnoc a bhí le sárú, agus ansin ar aghaidh go dtí an Daingean ar bhóthair díreach measartha gnóthach. Rug múr arís orm ach bhí an feisteas cuí agam. Níor mhair sé ró fhada. 

Faoi dheireadh bhí an bhóthar curtha díom agam agus an Daingean bainte amach. Rinne mé caol díreach ar Bean in Dingle chun caife fiúntach a ól. Agus mheall cáca fraocháin mé - ní raibh sé ró mhilis! Bhí mé ag fánaíocht thart ar feadh tamaill ansin. Fuair mé sú folláin ar bhonn bhiatas dearg ansin i mBóthar na Trá. I bpróca, d'fhonn bruscair a sheachaint! 

Chaith mé seal san Díseart agus sna gairdíní ann, ach tá blagmhír dá chuid féin dlite dó sin. Bhí mé beagnach ag tús an scuaine nuair a d'oscail an Fishbox um a leathuair tar éis an dó dhéag. Béile den scoth. Cupán chabhdar mar réamhchúrsa agus curaí bráthair agus cloicheán. Thar a bheith blasta. Bhí an áit iontach gnóthach. Agus mé ag fágadh chuala mé teaghlach ag beartú cad le déanamh - bheadh fanacht nócha nóiméad sa scuaine rompu! Deas rath a fheiceáil ar ghnó áitiúil (agus is i nGaeilge a rinne mé mo ghnó leo). Milseoga Uí Mhurchú ansin don mhilseog. 

Is ansin a thosaigh an taisteal. Bus ón Daingean ag 14:00. I Trá Lí thart ar a trí. Ní raibh an traein le dul go dtí an cúig. Chaith mé tamaill i siopa caife deas. Dathanna na hÚcráine, shílfeá. Chuir mé ceist. Comhtharlúint. Dathanna roghnaithe sé mhí sular thosaigh an t-ionradh is déanaí. Cúis mearbhall do theifigh! Caife ana bhreá. Ní raibh mórán fonn siúil ná turasóireachta orm, chaith mé an chuid eile den fanacht ag léamh sa stáisiún. Ar an ngléas ilfheidhmeach úd ar a bhfuil seo á scríobh agam! 

Traein go Mala. Ar aghaidh go Heuston. Ann tar éis an naoi. Luas go Busáras. Fanacht arís ar bhus 22:15. Oibreacha bóthair ar an N11. Beagnach meáin oíche sular bhain mé an baile agus an leaba amach. Turas taitneamhach mar sin féin. 


2023-07-06

Camchuairt Dhuibhneach - Cosán na Naomh go Barr Turasa

Chodail mé go breá i Tigh an tSaoirsigh agus dhúisigh réidh do bhreis eachtraí an maidin dar gcionn. De ghnáth seachnaím pónairí sa bhricfeasta Éireannach, ach ó tharla go raibh siad ar an bpláta d'ith mé iad agus gach pioc eile a bhí air, maille iógart agus fraocháin. Breosla don lá! 

Ansin d'éist mé Aifreann i Séipéal Naomh Uinseann roimh bóthar a bhuaileadh. Fuair mé cupán caife sa Mhúsaem le tabhairt liom. Thug mé cuairt tapa ar roinnt cairde a bhí ar lóistín i Tigh Bhric. Bhí mé tar éis buaileadh le duine acu an lá roimh ré sa Bhuailtín. Tar éis seal ag comhrá shiúl mé síos an bóthar go dtí an Trá agus ansin feadh trá an Mhuirigh go dtí an cosán glas a théann go Gallarus. 
An bóthar mór le trasnú, agus sin bóthar díreach in airde go dtí Lios Deargáin. Is san áit a thagann cosán idir dhá fhál ard amach ar an mbóthar a bhuail mé le cosán na naomh. Agus le Frank agus Bill, dís Meiriceánach a bhí amuigh ag siúl agus mearbhall orthu cá raibh an bealach ceart. Ghiorraigh muid an bóthar dá chéile i gcoinne an chnoic. Bhí sé beartaithe acu siúl chomh fada le Rinn Chonaill ar a laghad. Mhol mé dóibh leanúint ar aghaidh go dtí an Bóthar, greim bia agus dí a fháil, agus tacsaí a fháil ar ais go dtí an carr a bhí i nGallarus. Bhí orthu bheith ar ais san Daingean tráthnóna, áit a raibh na mná ag siopadóireacht agus bialann in áirithint. 
Ó Lios Deargáin leanann Cosán na Naomh bóthar sách gnóthach chomh fada le Cill Mhaolcheadair. 

Thaispeáin mé iontais Cill Mhaolcheadair dóibh, an clog gréine is na clocha ogham. Agus corr uaigh a bhfuil suntas tugtha agam dóibh thar na blianta, ina measc uaigh oide scoile ar a bhfuil greanta Níl san saol seo ach naíscoil na síoraíochta. Mana a sciob mé roinnt blianta ó shin do bhileog sochraide mo mháthair, a raibh naíscoil aici féin ar feadh na mblianta. 

Suas linn go Rinn Chonaill ansin, a bhí níos tirime ná mar is gnách. Radharc iontach ar Chuan Ard na Caithne fúinn. Nuair a bhí barr an chnoic bainte amach, bhí cinneadh le déanamh ag Bill agus Frank. Chuir mé scairt ar Mhuiris sa Bhóthar le cinntiú go raibh an bialann ar oscailt, agus go mbeadh sé in ann tacsaí a eagrú dóibh. Bhí agus bheadh. B'shin an cinneadh déanta agus leanamar triúr ar aghaidh síos go Corr Áillí agus amach arís ar an mbóthar, nach raibh ró ghnóthach.

Bhi go maith, ach gur rug múr trom báistí orainn. Bhí na cótaí báistí againn áfach. Scar mé leo ag Droichead an Bhaile Bhric agus thug aghaidh ar an dtigh ina mbeadh an oíche á chaitheamh agam. 


Bhain mé an teach amach, agus ainneoin go raibh sé folamh níos faide ná bliain - cúrsaí sláinte ag bac an úinéir - ní raibh cuma ró olc air. Bhí imní orm go mbeadh uisce tar éis teacht isteach sa gheimhreadh, ach má tháinig bhí sé triomaithe le fada agus seachas neart deannaigh agus damhán alla bhí an áit go breá. D'fholmhaigh mé mo mhála droma agus d'ith roinnt núdal gasta a bhí ceannaithe sa Bhuailtín agam. Bhí an múr glanta agus bhí breis fuinnimh agam le tabhairt faoin gcnoc. 

Ó charr chlos an Bhaile Bric tá an bealach go Barr Turasa marcáilte go maith le cuaillí bána agus turas na Croise - ceithre chinn déag de chrosanna. Bhí mé ag an tríú cros nuair a thuig mé go raibh cadhnra breise liom maith go leor, ach go raibh an cábla fágtha sa tigh agam. Mhúch mé an fón chun an cadhnra a chaomhnú, rud a d'fhág nach raibh deis agam pictiúir a ghlacadh. Ba thrua mar is annamh, ainneoin na scamaill íseal, go raibh radharc chomh breá agam ar an siúlóid. Bhí Com an Lochaigh iontach soiléir, agus an balla atá tógtha gar d'imeall an Ghéaráin. Bhí radharc éigin ar Sliabh Mis agus Trá Lí. 

Bhain mé amach Barr Turasa. Las mé an fón le pictiúr a ghlacadh. Bhí na Machairí iontach soiléir agus radharc chomh fada le Ceann Léime an Chláir. 

Chas mé i dtreo an Chósta ansin, fán droim go Piaras Mór. Bhí radhairc iontacha ann ar na haillte géara agus na locha dorcha ar thaobh an Leitriúgh den Sliabh. Nuair a bhí an mám ag Airghleann bainte amach agam, áit a bhfuil gallán ogham cuanna, is ea thuig mé nach raibh an fón múchta i gceart agam, agus an cadhnra ídithe go hiomlán. 

Ní raibh mé ró shásta liom féin. Síos isteach go Baile na hAbha liom ansin, ar shlí Chorca Dhuibhne arís. Ar aghaidh ar chúl bhóithre ansin go dtí Teach Tábhairne an Bhreathnaigh ar an mBóthar. Bhí sé gnóthach go maith, agus bean ón Úcráin ag cabhrú le muintir an Tí. Bhí uaineoil breá rósta agam, agus crumble biabhóige. Agus pionta de dhéantús Tí Bhric. 

D'fhill mé ar an dteach sa Bhaile Breac ar chúl bhóithre agus bóthar glas. 

Cith maith agus coladh sámh, cé go raibh an ciúnas agus mé sa teach liom féin cineál diamhair! 



2023-07-04

Camchuairt Dhuibhneach - Slí Chorca Dhuibhne ón Daingean go dtí an Buailtín

Ainneoin m'imní, faoin gcleas óg spleodrach san suanlios liom, chodail mé go maith san suanlios, agus níor dhúisigh mé ach anois is arís feadh na hoíche agus daoine ag bogadh thart. Bhí mé i mo lán dhúiseacht go luath áfach agus rinne mé iarracht cith gairid ciúin a ghlacadh agus sleamhnú as an seomra le mo chip is mo mheanaithí d'fhonn an mála droma a phacáil i gceart don mbóthar thíos. Bhí bricfeasta simplí ar fáil óna hocht - Muesli agus arán, mar a bheinn ag súil leis don luach íseal a d'íoc mé as an lóistín. Torthaí freisin. Ní raibh caife ceart ar fáil, áfach. Bhí fhios agam go mbeadh Bean in Dingle oscailte um a naoi. Thug mé roinnt moltaí siúlóide do bhean na Gearmáine agus chuir chun bóthair, via an siopa Beatha áit ar cheannaigh mé dhá rollóg aráin agus "seilmide" cainéal don mbóthar. Bhí úinéir an tsiopa cloiste agam tamall roimhe ar an Saol ó dheas nuair a ghlac sí ar lámh é ó bhácús Bhréanann ( cé go bhfuil a dtáirgí fós ar díol ann, maille táirgí bia eile ón gceantar). Bhí fhios agam dá réir ná beadh deacracht gnó a dhéanamh trí Ghaeilge. Fuair mé mo chupán caife líonta trí Ghaeilge freisin i Bean in Dingle agus ansin bhuail mé an bóthar amach tríd Baile an Mhuilinn ar Slí Chorca Dhuibhne. Ar chúl bhóithre cúpla ciliméadair lasmuigh den Daingean, go dtí Ceann Trá. Breá ciúin. Téann an bealach marcáilte suas go Mám an Óraigh ó Ceathrúin an Phúca, ach lean mé orm ar an mbóthar toisc go raibh píosa fada romham. 
Ag Ceann Trá bhí mé ar an slí marcáilte arís, agus den bhóthar ar feadh seal. Síos chun na Trá agus feadh an trá ar feadh píosa fada. Ghlac mé sos ag an carr chlos ag taobh Ceann Trá den trá, áit a raibh binse le díon, chun an caife a ól agus an seilmide cainéal blasta a ithe. Ar aghaidh liom ansin ag siúl ar an ngaineamh faoin snáth mara, áit a raibh sé crua agus níos fusa siúl. Chonaic mé neart bolgán nádúrtha nach raibh feicthe agam cheana. Feamainn ar a dtugtar gadaí oisrí Colpomenia peregrina. Faigheann sé a ainm toisc, má nascann sé le hoisre óg, go scuabtar iad araon chun siúil nuair a líonann an bolgán le gás. 

Ag deireadh an trá tá siúlóid measartha taitneamhach ar chúlbhóithre agus bóithre glasa go dtí Cill Mhic an Domhnaigh. Faraor, de bharr aighneas le feirmeoir áirithe (bhí argóint fíochmhar ag m'athair féin leis breis is deich mbliana ó shin nuair a bhíomar ag leanacht sean mhapa sa treo eile) tá an slí ar bhóthair mór Slí Ceann Sléibhe chomh fada le Fán. B'shin an chuid is lú taitneamh den siúlóid, carranna agus uaireanta busanna ag dul tharam ar luas mhaith. Ar a laghad is i dtreo Dhún Chaoin a bhí formhór mór na tráchta ag dul. Bhí mé ana shásta Fán a bhaint amach agus tabhairt faoin gcnoc. Tar éis píosa ar cúl bhóthar is ar cosáin a bhí an slí, in aice le fallaí cloiche. Radharc anuas ar an mbóthar agus ar an bhfarraige. Neart fothraigh clocháin le feiceáil. 
 
 
Diaidh ar ndiaidh agus mé ag dul thart ar Ceann Sléibhe, go hard os cionn trácht na gcarr is busanna, agus ainneoin na scamaill, bhí radharc agam ar na Blascaodaí. Go gairid roimh Com Dhineoil bíonn an slí ar an mbóthar arís. Sos gairid ag Carrchlós radharc na mBlascaod. 
Píosa ar an mbóthar arís ar feadh roinnt céadta méadar - trácht sách trom. Faoi dheireadh, in aice leis an seanreilig, aicearra ar cosán glas go dtí an tseanbhóthar. Os rud é nach raibh mé sa reilig cheana bheartaigh mé cuairt a thabhairt ar uaigh Pheig. Agus gan amhras cos amháin a chuir ann agus cos eile ar a bhruach.... 

Bhí siúlóid suaimhneach go maith as sin go dtí Cé Dhún Chaoin. Fuair mé caife oighreata ó sheastán Cupán Sé. Agus mé á ól bhuail lánúin Meiriceánach bleid orm, ag fiafraí an raibh mé tar éis tosú ón nDaingean ar maidin. Bhí mé feicthe ceithre uaire acu fán mbealach.... (Choinnigh mé orm ag siúl, gan aon sos ró fhada ó mhaidin. Is dócha gur stop siadsan go minic). 
Seachas dul suas i dtreo Cruach Mharthain, mar a dhéanann Slí Chorca Dhuibhne, lean mé Siúlóid na Cille fán aill. Ní raibh braon i dtobar Ghobnait! Ar an ndroim ansin bhuail mé le Slí Chorca Dhuibhne arís agus síos liom go dtí an Ghráig. Bhí mé ag súil le béile Tigh Áine. Faraor tá Áine imithe ar scor tar éis daichead a seacht bliana i mbun caife. Is ann don gcaife faoi bhainistíocht nua - ach níl an bhiachlár chomh folláin neamhghnách spéisiúil is a bhíodh. Bhí an chabhdar blasta mar sin féin. Agus is Áine a sholáthraíonn na scón fós. Murach an t-amhránaí bailéad Béarla a bhí do mo bhodhrú... 

Bhí fógra go raibh Áine fós i mbun gailearaí sa sean teach. Bhuail mé isteach agus bhí dreas bhreá comhrá againn faoin sraith pictiúir a rinne sí sa gheimhreadh faoin Slios - an bóthar idir Baile Dháith agus Cuas an Bhodaigh, áit a bhfuil áit cónaithe Bhreandáin agus Séamus (beannacht Dé lena anam) Ó Beaglaoich agus a gclanna. Baile na bpoc a tugtar air, ach de réir thaighde Áine is Baile na mbroc rua atá air ó cheart. Spreag eachtra Bhreandáin leis an gcóras pleanála agus na deacrachtaí atá ag muintir an bhaile fós tithe a thógáil chun sraith pictiúir den gceantar a dhéanamh. Bhí comhrá ana bhreá againn. 
Ar aghaidh liom ansin ar an mbóthar go dtí an mBuailtín, gan bacadh le slí Chorca Dhuibhne a théann an timpeall. Casadh bean na Gearmáine liom a bhí tar éis an siúlóid a mhol mé a dhéanamh seachas gur éirigh sí as lúb Chuas na Nae toisc go raibh an ghaoth chomh láidir ar thaobh na haille! 

Rug cith trom báistí orm píosa síos an bóthar. Lean mé orm. Tar éis tamaill thairg fear síob dom. Ghlac mé buíochas leis ach dúirt go raibh mé nach mór ag ceann scríbe agus nach bhféadfaí mé a fhliuchadh níos mó ar aon nós! 

Bhain mé amach Tigh an tSaoirsigh, áit a raibh lóistín agam. Cith breá te. D'amharc mé thart ar an sráidbhaile beagán, roimh socrú béile a ithe Tigh an tSaoirsigh agus dul a luí sách luath! Is dócha go raibh mé i mo chodladh go sámh, mar níor chuala mé faic ón dtábhairne. 

Ana lá siúlóide. 



2023-07-02

Camchuairt Dhuibhneach - An Daingean


 Bhí súil agam, ó tharla gur ar Aoine a thit Oíche Shin Sheáin i mbliana, deis a bheith agam freastal ar an tine chnámh ag an Teampall Geal sa Bhaile Riabhach. Ar an mbunús sin rinne mé socruithe deireadh seachtaine fada siúlóide in Iarthar Dhuibhneach a dhéanamh agus ghlac mé an Aoine agus an Luain saor ón obair. I rith na seachtaine áfach fógraíodh ar an Saol ó Dheas go mbeadh an tine chnámh ar an gCéadaoin, oíche an ghrianstad, ó tharla go raibh tuar na haimsire don Aoine go holc. Bhí mo chuid socruithe déanta agam áfach, lóistín agus traein in áirithe, mar sin bheartaigh mé tabhairt faoin dturas ar aon nós. D'fhág mé an baile dá réir chun bus go lár na cathrach a fháil ag 06:30. Ag busáras thóg mé an Luas dearg go stáisiún Heuston. Bhí mé ann thart ar a hocht agus gan an traein le fágáil go dtí a naoi. B'shin mórán mar a bhí beartaithe agam chun ná beadh brú ama ar bith orm. Bhí bricfeasta Éireannach agam san Galway Hooker ar mo shuaimhneas. Bhí mo thicéad bailithe agam ag an t-inneall roimh ré. Agus, iontas na n-iontas, Ó clóbhuailte i gceart. Mar a bhí os cionn an suíochán traenach. 

Bhí lánúin ón nGearmáin trasna uaim chomh fada le Mala. Iad ag dul chun tamall saoire a chaitheamh i lóistín féin fhreastail in Áth na Caisle, gar do Chaisleáin Ghriare. Comhrá a ghiorraigh an t-aistear. Athrú i Mala, ó ardán amháin go ceann eile. Ar aghaidh go Trá Lí ansin. Uair a chloig le fanacht ar bhus an Daingin. Gan mórán fonn orm siúl thart. Cupán caife ón seastán. Aisteach nach raibh siad sásta mo chupán a líonadh. Líon mé féin é agus thug an cupán aon uaire ar ais dó. Níor chreid sé go mbeadh iachall air amach anseo cupán athúsáide a líonadh. Tá súil agam go bhfuil dul amú air - cupán aon uaire, buidéil plaistigh agus buta toitíní nó na vapeanna mallaithe aon uaire formhór an bhruscair a fheicim agus é uilig só-sheachanta. 


Bhí bus an Daingin lán go maith. Bhí aosánach fad-spágach ina shuí in aice liom, ag streachailt leis an spás idir na suíochán, níos mó fós ná mé féin. Ón Afraic Theas, ag staidéar i Meiriceá agus i mbun intéirneacht le comhlacht Caipitil fiontraíochta i mBaile Átha Cliath. Sciúird gasta ar an Daingean a thabhairt aige fad is a bhí lóistín ag i gCill Airne. Bhí comhrá fada ghabhlánach againn faoi intleacht shaorga. Muid araon amhrasach, ach faoi gnéithe éagsúla. Mise buartha faoin dochar atá á dhéanamh cheana féin de dheasca na claontuairimí sna sonraí. Eisean níos buartha faoi mí eolas agus a leithéid. Muid araon aontaithe gur scamall deataigh agus bolscaireacht an chaint uilig faoi sár intleacht bhaolach. Thug mé roinnt comhairle dó, ach in ndáiríre is beag mhaith leath tráthnóna sa Daingean - istoíche a thagann beocht sa bhaile. 

Chuaigh mé féin go dtí an brú chun fáil réidh leis an mála droma. Ansin thosaigh mé ag fálróid thart, ag tabhairt faoi deara cé na siopaí a bhí dúnta, cé a bhí fós ann, cé a bhí nua. (Tá fuinneog Commodum lán de caora cróiseáilte ó 1994 ar a laghad!) 

Ní raibh ocras orm fós, ach bhí fhios agam go mbeadh sé deacair áit a aimsiú oíche Aoine gan réamhairithint. Chaith mé súil ar an Fish Box, ach bhí fógra acu nár ghlac siad le áirithintí. Bhí comhrá agam as Gaelainn leis an bhfáilteoir, agus mar thoradh ar sin bheartaigh mé mo lón ar an Luain a fháil ann in ionad. Mar sin chuir mé cúinne in áirithint dom féin don a 19:30 in Out of the Blue, bialann éisc fadbhunaithe. Idir an dá linn thug mé cuairt ar an díseart, oileán suaimhneas i lár fothragadh turasóireachta an Daingin. 
Ina dhiaidh sin, ó tharla go raibh sé fós luath d'fhill mé ar an mbrú. Bhí bean ón nGearmáin san suanlios agus rinneamar dreas comhrá seal. Bhí cúpla comhrá eile agam leis an dream a bhí ag caitheamh a saoire seal i bhfeighil an bhrú. Ansin bhailigh mé liom chun proinn. B'fhiú é. 

Tar éis an bhéile chaith mé seal sa bhrú arís i mbun comhrá mar nach raibh ceol le bheith aon áit mórán roimh 21:30. Idir an dá linn bhí scata leaids óga as Bleá Cliath agus compánach as Meicsiceo laindeáilte. Rud a chuir imní áirithe orm faoi shuaimhneas na hoíche... (Níor tháinig tuar faoin dtairngreacht). Chuaigh mé féin agus bean na Gearmáine go Nelligans. Comhrá agus ceoil. Bhí leaid óg áitiúil ar an banjo agus duine eile ón gClár ar an mbosca. Ana cheol uathu. Ach bhí tuirse orm féin toisc go raibh mé i mo shuí mall an oíche roimh ré, agus ag taisteal ar feadh an lae. Mar sin thart ar a haon déag bhailigh mé liom agus a luí. 

 

2023-07-01

Oilibhéar Pluincéid


Bíonn Aifreann Laidine ar bun i mBaile an Chinnéidigh ar maidin Sathairn. Scaití freastalaím air. Mar a rinne inniu. Éadach dearg ar an altóir. Féile Mairtírigh, mar sin. Ní raibh fhios agam cé acu. Luaigh tuata a bhí ag fógairt deasghnátha an chéad Sathairn gur Féile na Fola luachmhara a bhí ann - ach tar éis atheagar an fhéilire ag Vatacáin II chuir an Pápa Pól VI Féile corp agus fuil Chríost le chéile. Ansin d'fhógair an sagart gur Féile Oilibhéar Pluincéid a bhí ann, ardeaspag Ard Mhacha a crochadh i Tyburn Shasana cothrom an lae i 1681 de bharr teoiric comhcheilge Titus Oates, an Horrid Popish plot.

Bhí triúr aint ag m'athair in Ord na Toirbhirte. Déarfadh an aint is óige, nach raibh san ord "I'm the only one who doesn't have a durty habit!". Bhí duine acu lonnaithe i nDroichead Átha, sa Chlochair lámh le hEaglais Pheadair. Is ann atá cloigeann Naomh Oilibhéar caomhnaithe agus le feiceáil ar altóir. Ghlac sí Oilibhéar mar ainm chrábhaidh. Is minic a chuaigh muid mar theaghlach go Droichead Átha ar camchuairt Domhnaigh. Bhíodh ceapairí deasa le fáil sa chlochar don tae! Thugadh Aintín Nóra, an tSiúr Muire Oilibhéar, chun paidir a rá ag altóir Oilibhéar gach uair.

Tá sí féin, agus an triúr deirfiúr eile, ar shlí na fírinne le roinnt blianta anois. I bhfochair Oilibhéir ar neamh shamhlóinn. Suaimhneas síoraí dá n-anamacha uilig.

(In Ardeaglais Chaitliceach Ard Mhacha a ghlac mé an pictiúir thuas de dhealbh Oilibhéar Pluincéid). 

2023-06-25

An tairiscint ghníomhach


Táim ag siúl in Iarthar Dhuibhneach. Bhí mé sa Daingean arú inné - peata scitsifréineach de bhaile. Tógadh mise leis an ngeis gan Gaeilge a bhrú ar dhaoine, go bhfuil a leithéid drochbhéasach. Bím airdeallach sa Daingean go háirithe, mar go bhfuil daoine ann a chreideann sa gheis céanna fós. Is mór an chabhair mar sin, mura bhfuil aithne agam ar an ngnó, fógraí fearacht na cinn thuas atá scaipthe ag na heagraíochtaí pleanála teanga Tobar Dhuibhne agus Dúchas an Daingin. Tugann siad le fios dom nach cantal ná eiteach a bheidh mar fhreagra ar forrán i nGaeilge. Agus ós duine mé a sheachnaíonn achrann ó nádúr, is maith liom an tairiscint ghníomhach seo, cuireann sé ar mo shuaimhneas mé. Go háirithe i mBaile an Daingin, áit ina bhfuil an stádas Gaeltachta agus na teangan uaireanta ina ábhar achrainn. Táim níos faide siar anois agus an cheist níos simplí.

Aisteach go leor, seans go bhfuil níos mó Gearmáinis ná Gaeilge labhartha agam ar an dturas go dtí seo, ó thaobh comhráite de ar aon nós. Lánúin ón nGearmáin trasna uaim ar an dtraein chomh fada le Mála. Bean ón nGearmáin atá ag siúl sa cheantar san suanlios sa bhrú. Comhrá fada fairsing agam léi siúd. 

Comhráite as Béarla freisin - bhí leaid ón Afraic Theas ar an mbus ó Trá Lí, é ar intéirneacht le comhlacht infheistíochta i mBÁC. Comhrá spéisiúil againn faoi intleacht shaorga!

Sin ráite, chuaigh mé ar cuairt nó dhó. Bhí comhrá fhada agam le Mazz sa siopa ceoil, aithne aici ar Fionn ó thaobh an cheoil de. Agus cheannaigh mé lón bóthair sa siopa nua Beatha. Agus caife i Bean in Dingle. 


Tá Áine Tig Áine imithe ar scoir, rud atá tuillte go maith aici. Tá an biachlár sa proinnteach imithe chun leadrán áfach. Tá sí fós ag soláthar scóin dóibh ar a laghad. 

Ar aon nós bhuail mé isteach chuici féin agus bhí comhrá fhada againn faoin dtogra ealaíne a chaith sí an gheimhridh air. Tá blagmhír dá chuid féin dlite dó sin. 

Chuaigh mé a luí luath aréir, níl fhios agam an mbeadh mé tar éis comhráite Gaeilge a aimsiú murach sin. Ach théis tríocha km a shiúl agus fliuchadh a fháil ag deireadh na siúlóide inné, ní raibh fonn orm bheith ag fánaíocht thart ar an mBuailtín ar an seans go mbeadh comhrá le fáil!

Mé ag fanacht anois ar bhricfeasta. Aifreann a deich ar ball i Séipéal Naomh Uinseann agus ansin coisíocht arís go dtí an Baile Breac. Tá an ghrian ag taitneamh - b'fhéidir go mbainfidh mé barr Chnoc Bhréanainn amach fós. 

2023-06-18

Fíorbhraon - IMRAM

Cé gur mar fhéile litríochta thart ar seachtain ar fhaid a thosaigh IMRAM tá na cúraimí ar an eagraíocht tar éis leathnú agus scaipeadh, agus an iliomad ócáid a bhaineann le héigse na Gaeilge faoina gcúram.

Cuid de sin an sraith FÍORBHRAON - léamha filíochta san siopa leabhar Books Upstairs i lár na cathrach. Bhí mé i láthair an Domhnach seo caite. Bhí Cathal Póirtéir ina fhear an tí. Chuir Marcas Mac Conghail tús le cúrsaí le leagan de Amhrán Phádraig a chum sé roinnt blianta ó shin nuair a bhí feachtas bailithe airgid ann chun cabhrú le teaghlach Phádraig Schäler cúram a dhéanamh dó tar éis dó gortú inchinne a fhulaingt i dtimpiste rothair i Meiriceá. Is cuimhin liom féin an feachtas go maith, cé, fearacht Marcas, nach raibh ainm Phádraig cloiste agam cheana. Ba tréimhse spreagúil é, toisc gur tháinig a chairde le chéile agus in éineacht lena theaghlach bhain go leor amach. De réir mo thuisceana tá feabhas áirithe tagtha ar Phádraig cé nach bhfuil biseach iomlán i ndán dó. Cumha ag baint le gnéithe den amhrán freisin - tá Seosamh an chlub imithe ar shlí na fírinne ó shin. Scéal-amhrán a shroicheann go domhain. Capsúl ama.

Níl cnuasach foilsithe fós ag Laoighseach Ní Choistealbha, cé go bhfuil dánta léi foilsithe i gComhar, Feasta agus ardáin eile. Cnuasach i lámha Barzaz faoi láthair, tuigim, agus táim ag súil go mór leis. Filíocht meabhrach collaí, ionchollaithe. Íomhánna iontach láidre. Tagairtí neamhghnácha don mBíobla agus oidhreacht léinn eile. Dán iontach faoi Bhean Lot, abair, a rinneadh gallán salainne di toisc gur amharc sí siar ar scrios Sodom. Deireadh iontach - na Rómhánaigh ag tógáil an tsalainn chun saighdiúirí a íoc. Bean Lot ag leá "ar theanga míle fear". (Tá scéalta Lot ar na scéalta is aisti sa Bhíobla. É ag ofráil a iníonacha chun éigniú a aíonna fireanna a sheachaint, nó iadsan á dhéanamh ólta d'fhonn luí leis).

Eascraíonn dánta gairide gonta Mhicheál Ó hAodha óna thaithí ar deoraíocht i Sasana agus a theagmháil ann le heolchaire na ndeoraithe eile, tnúthán an dúchais nach bhfuil sásamh i ndán dó, toisc nach bhfuil aon bhaile ann le filleadh air. Taithí ar leith, mar cé go bhfuil daoine fós ag imeacht ar deoraíocht, níl an briseadh cumarsáide céanna i gceist níos mó. Bíonn siar is aniar ann idir an comhluadar scaipthe, agus feabhas iontach ar na deiseanna cumarsáide - fiú thar na nóchaidí nuair a bhí mé féin ar deoraíocht agus ag filleadh gach Nollaig. Capsúl ama de chineál eile dánta Mhichíl. 

Chuig a garraí fiáin nach dtugann bheith istigh do rósanna saothraithe a thug Biddy Jenkinson muid. Éin na coille agus na héin fáin garraíodóirí cúnta a háitreabh i nDoire Bán lámh le Gleann dá Loch. Scéal Róis a tháinig anoir aduaidh ó Albain in éineacht le héan a sciob an scríob óna dhúchas é. 

Capsúl de chineál eile! An dúlra ag lúbadh agus ag casadh faoi thionchar aeráid athraitheach an chine dhaonna ach teacht aniar ann fós. 

Chuir Marcas clabhsúr ar an ócáid lena rogha dhánta as Ceol Baile agus Spásas, sa bhreis ar na hamhráin a thug sé dúinn idir na míreanna. Fiú nuair nach bhfuil Marcas ag canadh is filíocht don gcluas a bhíonn aige agus is fiú go mór é féin a chlos á reic, toisc go bhfuil réimse iontach in ghlór, ag cruthú pictiúir le fuaim agus focail. 

Cat Chamuis, nó siúlóid faoi srianta coibhid 19. 

Uair an chloig iontach pléisiúrtha! 




2023-06-15

Féile na Gealaí



Bhí ticéad agam do Ravelóid i 2016, agus é i gceist agam freastal air leis an duine is óige de mo chlann, cé nach duine mór féilte ná sluaite mé. Cuireadh an Ravelóid ar ceal, agus b'shin sin, dar liomsa. Bhí dream daoine áfach nár ghlac an seasamh leisciúil sin. Bheartaigh siad Féile a reáchtáil iad féin, agus rinne. Tháinig Féile na Gealaí ar an bhfód. Agus tá sé ann go bliantúil ó shin, seachas blianta na Coibhide, ag fás agus ag forbairt. Mo sheasamh ar an ndream beag díograiseach a chuireann croí agus anam isteach ann. Níor éirigh liom féin bheith sách eagraithe dul ann go dtí i mbliana, cé gur fhreastail mé leis an déagóir ar an ócáid tánaisteach a d'eagraigh an dream céanna i nDún Uí Choileáin lá le Pádraig i mbliana agus anuraidh. Bhí sé níos fusa dá réir an déagóir a mhealladh chun tráthnóna Satharn a chaitheamh i Ráth Chairn! 

Thángamar ann thart ar am lóin agus fuair greim bia ó ceann de na seastáin, a raibh rogha fiúntach daoibh ann. 

Bhí deis againn ansin cuid de thaispeántas Dairena Ní Chinnéide a fheiceáil san Típí - filíocht dhiamhair reicthe le tionlacan ceoil. Eagraithe ag IMRAM. 


Bheartaigh muid ansin dul chomh fada leis an mBradán Feasa, áit a raibh Oireachtas na Gealaí le bheith .i. na hEalaíona béil agus cois mar a bhíonn ag Oireachtas na Samhna (áit nach raibh mé féin riamh, toisc nach maith liom sluaite). 

Ceol bhreá ó Cathal Ó Cuirreáin agus Aoife Ní Chróinín. Amhrán ó Domhnaill Ó Braonáin. Lúibín ó bheirt bhan ó Mhúscraí. Fíor mhaith, mar a bheifeá ag súil leis. Ach ansin thosaigh an fíor draíocht. Cailín óg (áitiúil?) a chur agallamh beirte i láthair - léi féin. Amhránaí seacht mbliana d'aois a chan Bean an Fhir Rua go snasta, le foirfeacht a chorraigh go mór mé. Moram go gcloisfear ainm Lasairfhíona Ní Bhraonáin go minic! Bhí ceoltóirí agus damhsóir ann freisin idir leanaí agus daoine fásta óga. 
Tá an déagóir tógtha le aistriúchán Bandia a bhlaiseamar ag ócáid Lá le Pádraig. Mar sin d'fhéachamar chuige go raibh muid ar ais san típí áit a raibh Jill ag treorú déanamh puipéid stoca. (Bhí mé féin measartha falsa agus rinne mé nathair nimhe seachas iarracht a dhéanamh Kate Bush, Robyn, Britney ná Cher a chruthú). Nuair a bhí na puipéid (beagnach) déanta thosaigh an canadh, amhráin leis na hoirfidigh a luaigh mé, aistrithe ag Bandia. Damhsa is canadh spraíúil spreagúil. (Faoi choimirce Aerach Aiteach Gaelach a bhí an ócáid áirithe seo). 

Faoin am seo bhí ceol tosaithe ar an bpríomhstáitse. Grúpa rac na pobalscoile i Ráth Chairn a chuir tús leis, Súp. Fuinniúil!

Tháinig sciar mór de na fonnadóirí a bhí páirteach san sraith Bláth na hÓige ina dhiaidh sin - meallta abhaile ag na deirfiúracha Ní Churraoin. (Dá bhféadfaí fuinneamh Mháire a chuir i mbuidéal bheadh íocshláinte ar leith ann!) Bhain mé an taitneamh as na cláracha agus bhí sé iontach iad a fheiceáil beo.

Lean Emma Ní Fhíoruisce ar an stáitse iad, í féin, a giotár agus a meascán sainiúil de hamhráin traidisiúnta agus a haistriúchán féin ar amhráin comhaimseartha. Táim ag fanacht leis an albam ó chuala i dtosach í ag gradam nós, roinnt mhaith blianta ó shin anois... Ar ámharaí an tsaoil cloistear cuid dá ceol ar RTÉ Raidió na Gaeltachta agus tá beagán ar soundcloud.

Bhí idirghabháil deas idir í agus an slua, féile pobail seo agus na ceoltóirí iad féin fréamhaithe sa phobal. 

Dúinne b'iad Róisín Seoighe agus IMLÉ an buaicphointe (bhí orainn imeacht ina dhiaidh!) Agus níor ligeadh síos muid. Bhí sé ana dheas Feargal Moloney a fheiceáil leo ag canadh a chuid amhráin ón gcéad albam. Agus Ríona Sally Hartman. Meascán d'amhráin IMLÉ agus a cuid féin aicise. Faoi láthair, is iad cloigeann an chómharghrúpa Cian Mac Cárthaigh agus an cnámh droma Róisín Seoighe, a bhfuil a cuid féin déanta aici den catalóg cúil, agus a bhfuil amhráin dá cuid féin curtha aici leis chun é a shaibhriú. Tuigim go bhfuil tuilleadh eisiúintí ar na bacáin...

Toisc nach raibh againn ach pas teaghlaigh, agus bóthar measartha fada abhaile, bhí orainn fágáil thart ar a hocht. 

Sa mhullach ar an gceol a chualamar bhí neart deiseanna comhrá ann, agus neart comhráite a d'éalaigh uaim. Bhí neart daoine ann freisin nach raibh aithne súil ná twaithne agam orthu fiú. Chonaic mé idir fíor óg agus aosta i láthair, ach dream mór sna fichidí, an chéad ghlúin eile! (Bheinn dóchasach go n-eascródh roinnt straitéis fiche bliain as an teagmháil ann.... Rud a mhol Máire ón stáitse freisin...)

Ba iontach lúcháireach macnasach ceolmhar spreagúil an ócáid é. Ní gan dua a tharlaíonn a leithéid áfach, agus chonaic mé Edel, Hannah Rua, Caoimhe agus Éanna ag gluaiseacht thart ag eagrú agus ag socrú. Measaim go bhfuair siad deis éigin taitneamh a bhaint as cúrsaí freisin ach is léir go raibh an dúrud eagrúcháin agus oibre i gceist, agus é déanta go ciúin éifeachtach acu, gan buaileam sciath. Laochra iad! Ní beag an ní a leithéid a chruthú gan tacaíocht ó eagraíocht, ag mealladh deontais agus ag cruinniú teagmhálacha.

Tá súil agam go mbeidh mé ar ais!