Píosaí liom in áiteanna eile:

2022-04-17

Scéal ar bith ón bhFronta Thiar

Im Westen nichts Neues ar mo leabhargán agam, agus é sin - agus roinnt úrscéal eile le Remarque - léite agam. Go hiondúil ní bhacfainn le haistriúchán go Gaeilge de leabhar atá léite agam sa bhunleagan. Ach tá go leor aistriúcháin spéisiúla á fhoilsiú ag Risteárd Mac Annraoi agus bhí mé fiosrach faoi dornán acu, é seo ina measc.

Tá úrscéal Remarque bunaithe, ní ar a thaithí díreach féin - goineadh go luath é ag an bhFronta agus chaith sé tréimhsí fada san ospidéal - ach ar an méid a d'fhoghlaim sé ó chomhrá agus allagar le saighdiúirí gonta eile. Bhí mianach iriseora agus scéalaí go smior ann. 

Fear óg, fós ar scoil,  Paul Bäumer, nuair a bhriseann an chogadh amach agus brúnn meon an phobail - agus meon na múinteoirí go háirithe - é féin agus a chomhscoláirí isteach san arm. Tar éis oiliúint agus drochíde ón mion-cheannaire Himmelstoss tá sé agus buíon beag dlúth comrádaithe -  idir a chomrádaithe scoile agus daoine eile ó thall agus abhus - fáiscthe ina meitheal le taithí agus cumas ag ár na dtrinsí - bíonn siar agus aniar ama san insint ar thréimhsí cogaidh agus tréimhsí sosa, agus seal amháín scoir sa bhaile san insint. Diaidh ar ndiaidh titeann baill an bhuíon san ár. 

Téis Remarque san scéal ná go bhfuil an saol goidte ó ghlúin Bäumer. Seans éigin acú siúd a mhaireann tríd a raibh cos sa tsaoil acu roimhe. Ach an glúin a bhí ag teacht in inmhe ar thairseach an chogadh curtha as a riocht go hiomlán ag a dtaithí agus na huafás a rinneadh orthu agus a rinne siad.

Rinne Remarque an cheist sin a spíonadh níos faide san úrscéal Der Weg zurück (An bhealach ar ais). 

Leabhar thar a bheith tábhachtach frith-chogaidh is ea Scéal ar bith ón bhFronta Thiar. Bhí fuath dá réir ag na Naitsithe ar Remarque, agus bhí a shaothar ar an tine chnámh a las siad i 1933. Bhí sé féin thar lear - ach baineadh a shaoránacht Gearmánach de i 1938. Agus fuair siad greim ar dheirfiúr leis as "briathra i gcoinne an stáit" - dúirt an Breitheamh mhíchlúiteach fola Freisler le linn a triail go raibh a deartháir éalaithe uathu ach nach n-éalódh sise. Tar éis í bheith curtha faoin lann a chuala Remarque a scéal. Spreag sé é chun an t-úrscéal Der Funke Leben (Splanc Beatha) a scríobh faoi duine atá tar éis teacht tríd tréimhse fhada san KZ.

Maidir le haistriúchán Mhic Annraoi, feictear dom go bhfuil sé cruinn, cuí. In annamh a bhain sé tuisle asam, cé go bhfuil an leabhar breac le béarlagair airm agus saighdiúra idir oifigiúil agus labhartha. Tá comaoin curtha ag Risteárd orainn lena chuid oibre agus cúraim. Tá súil agam go léifear agus go pléifear an leabhar agus an friotal.

Níl ach clamhsán amháin agam faoin leabhar - tá íomhá maith roghnaithe (féach thuas - sin an póstaer ar a bhfuil sé bunaithe) ach ní maith liom an ceangal; d'fhéadfadh sé a bheith níos fearr. 

Ach ó tharla gur leabhar féin fhoilsithe atá ann, is éacht go bhfuil sé againn. Tá flosc dochreidte oibre ag Risteárd Mac Annraoi mar eagarthóir agus mar aistritheoir - creideann sé go bhfuil gá leis na saothair chun saol na Gaeilge a shaibhriú - agus aontaím go mór leis.

Tá mé sásta gur cheannaigh mé é, i measc leabhair eile, leis an dearbhán a fuair mé do litríocht.com



Erich Maria Remarque
Leagan Gaeilge le Risteard Mac Annraoi
2020