15 October 2019

Gaeilge - Anseo agus Anois

Ar shlí is an deis níos mó a chlos ó leabhar Úna-Minh Caomhánach Anseo a mheall mé amach go Cluain Dolcáin de hAoine seo chaite.

Mar chuid de Féile Leabhair an Líne Deirg a reáchtálann Comhairle Contae Átha Cliath Theas bhí painéal cainteoirí faoi agallamh ag Peadar Ó Caomhánaigh.

Ainneoin ainm na Féile ba ghá dom bus a fháil ó lár na cathrach go Cluain Dolcáin. Ní maith liom bheith mall ag imeachtaí agus bhí gach cosúlacht le tranglam tráchta Faiche an Choláiste.

Bhí faoiseamh orm mar sin gur leandáil mé in Áras Chrónáin a bheag nó a mhór in am. Bhí grúpa de cheoltóirí óga traidisiúnta ag seinm chun deis a thabhairt do na cainteoirí socrú síos, mar sin ní raibh mórán cúis le m'imní!

Chuir Peadar an triúr cainteoir i láthair. Úna-Minh Caomhánach, Ciara Ní É, agus Garry Bannister.

Idir píosaí plé ar an nGaeilge agus a gcaidreamh féin léi, rinne Ciara roinnt dá taibhfhilíocht a reic. Léigh Garry Bannister a rogha dhánta de chuid filí comhaimseartha na Gaeilge - Cathal Ó Searcaigh, Gabriel Rosenstock, Caitríona Ní Chléircín - agus fear nach raibh iomrá cloiste agam faoi roimhe, Howard Lawn. 
Léigh Úna-Minh dhá sliocht as a leabhar, ceann álainn grámhar faoina caidreamh lena Dhaideo, fear Gaeltachta ó Iarthar Dhuibhneach a labhair Gaeilge léi ó thús. Uchtaíodh Úna-Minh mar leanbh ón Vietnam agus bhí an dara sliocht níos dorcha - a taithí le ciníochas fánach síoraí a sroich a phointe is ísle in ionsaí tarcaisneach uirthi i lár Bhaile Átha Cliath nuair a bhí sé de "dhánacht" aici masla a fhreagairt.

Ach mar sin bhí an dóchas i dtreis agus an Ghaeilge á cheiliúradh san ócáid dhátheangach seo. 

Bhí cór áitiúil d'athfhoghlaimeoirí a chuir go mór leis an ócáid, ag canadh amhráin a d'fhoghlaim siad fadó ar scoil chun an chaint a éadromú. 

Tá mé cinnte gur lean an plé agus allagar ar aghaidh i mbeár Áras Chrónáin ach faraor bhí turas fada abhaile le cuir díom agamsa...

Aguisín - foilseoidh New Island Books leabhar Úna-Minh ar an 24 Deireadh Fómhair
https://www.newisland.ie/nonfiction/anseo


14 October 2019

Sruth Teangacha

I ndiaidh dom Mo Chara a léamh le déanaí chuaigh mé sa tóir ar breis filíochta de chuid Gearóid Mac Lochlainn. Bhí Sruth Teangacha luaite i Mo Chara agus chuir mé fios air.

Tá réimse téamaí á chíoradh aige ach is iad na dánta faoi thrioblóidí an Tuaiscirt agus an slí a théann siad i bhfeidhm orthu siúd a mhair tríothu agus a tháinig in inmhe lena linn is mó a chuaigh i bhfeidhm orm. Bhí orm an leabhar a leagan uaim go minic chun na mothúcháin a dhíleá.

Cé gur taibhfhilíocht a chleachtann Mac Lochlainn agus gur cumhachtaí go mór a fhilíocht ráite tá faoi seo taithí éigin agam ar a theacht i láthair (tríd físeáin don mórchuid) go bhfuil a chanúint shainiúil uirbeach ar fáil do mo chluas inmheánach. 

Díolaim as Gaeilge agus Béarla atá anseo - ach ní lomaistriúchán atá i gceist ach dánta san dá theanga ar an téama céanna. Go háirithe nuair is é féin a chum an dá leagan. 

Tá dán amháin aige (a reiceann sé ar an CD) faoi bheith ag cuir aistriúcháin ar fáil ag léamha filíochta do dhream gan tuiscint ná mórán bá. 

Cuireann an CD atá leis an leabhar go mór leis. Leaganacha de na dánta reicthe. É ráite aige gur d'aon uaim a sheachain sé glaine an stiúideo ar mhaithe le taifead a dhéanamh é féin. Cinneadh stuama dar liom, a fhágann gairbhe na sráideanna a spreag iad le clos sna dánta.

Sruth Teangacha / Stream of Tongues
Gearóid Mac Lochlainn
Cló Iar-Chonnacht
https://www.cic.ie/books/published-books/sruth-teangacha-stream-of-tongues-leabhair-cloite

10 October 2019

Ba seachtópas é inné

Bhí mé i measc an slua mór a chruinnigh san Sugar Club ar sráid Leeson chun tréaslú le Gabriel Rosenstock.

Agus muid ag cruinniú bhí ceol giotár ón stáitse ó fhear nár thug mé a ainm liom faraor. Ceol na Meánmhara.

B'í Sinéad Ní Uallacháin bean an tí.

Chuir gariníon le Gabriel, Maggie Byrne - seacht í féin - tús le himeachtaí trí dhán "Dhaideo" faoi lá breithe an ochtapais a reic. Ba seachtapas é inné...

Lean a iníon Saffron - an dán cháiliúil a scríobh sé di agus í ag iarraidh teilifís i lár na hoíche. (Dúirt Garry Bannister ar ball nach raibh daltaí na linne seo in ann meabhair a bhaint as sneachta teilifíse... Imíonn an t-am).

Is iomaí réimse a chlúdaíonn saothair Gabriel. Ar chrann Alan Titley a thit sé blaiseadh dá shaothair próis a thabhairt dúinn. Thug sé deoch dúinn as turas Gabriel chun Ganges - agus ansin crobhaing scéalta faoi Nasruidín.

Mar a dúirt sé, tá an Ind curtha ar ais ag Gabriel i lár dúchas Ind-Eorpach na Gaeilge agus a litríocht.

Tá comhoibriú le filí eile ag croí obair Gabriel. Ó chuile cearn den cruinne (an aimsir chaite san áireamh!)

Ní fhéadfadh siad ar fad bheith i láthair, ar ndóigh. Sheol triúr ionadaíoch teachtaireacht físe. Mariko Sumikura  ón tSeapáin.  K. Satchidanandan ón Ind. Hans-Christian Oeser as Beirlín.

Léigh a iníon Éabha dán molta greannmhar a sheol an file Indiach Dileep Jhaveri.

Bhí a nia Mario Rosenstock (fuirseoir cáiliúil) ann le hinsint dúinn faoina streachailt mar nia uncail cháiliúil agus an díomá a chuir sé ar mhúinteoirí agus Micheál D féin nuair a thig siad nach raibh Gaeilge aige....

Sin ráite bhí Garry Bannister a rá gur cáiliúla Mario ná Gabriel i measc daltaí scoile anois...

Chan Hilary Bow amhrán le Van Morrison agus David Bowie sna leaganacha trascruthaithe a rinne Gabriel do Thionscadail IMRAM.

Chuir Donncha Crowley dhá monalóg i láthair, ceann as Gaeilge, ceann as Béarla.

Thug Cathal Ó Searcaigh, Paddy Bushe agus Garry Bannister - sean chomrádaithe pinn de chuid Gabriel- a rogha féin de dhánta Gabriel dúinn.

D'inis Cathal dúinn mar a d'eascair ceann de na tograí is déanaí de chuid Gabriel as leabhar filíochta de chuid Li He, file ó ré Tang na Sine, a thug sé isteach chuige mar bhronntanas san ospidéal. Allagar Gabriel leis an bhfile a bheidh sa leabhar.

Léigh Caitríona Ní Chléircín a rogha féin de dhánta Gabriel a léiríonn a bhá le agus tuiscint ar saol agus mothúcháin na mban.

Allagair le filí beo is marbh cuisle saothair Gabriel. Agus le healaíontóirí agus oirfidigh. Tonnta tinfeadh...

Bhí an ghlúin óg ann freisin - rogha Shéamuis Barra Uí Shúilleabháin de dhánta teagaisc idir aistriúchán agus bundánta. Faraor bhí ormsa sleamhnú amach ag an bpointe sin, imní orm faoin mbus deiridh....

Táim cinnte gur lean an cheiliúradh ar aghaidh - níl easpa ábhair.

Dúirt Cathal Ó Searcaigh go bhfuil sé thar am ag Ollscoil éigin Dochtúireacht onórach a bhronnadh ar Gabriel - agus go bhfuil ábhar céim MA i dtionscaint leabharliosta...

Is fíor dó, measaim.

Gura fada buan Gabriel.

07 October 2019

Stiofán Ó Briain

Tá Stiofán Ó Briain ag glacadh páirte i Reic ó thús ach níl mórán ráite agam faoin méid a reiceann sé, mar go mothaím gur seánra eile seachas an taibhfhilíocht is láidre ag reic atá á chleachtadh aige.

Chuala mé, agus é ag caint le mná Beo ar Éigean ó chlub an chonartha, gur Gaeilgeoir de thaisme é. Nár éirigh leis na pointí a fháil do leigheas agus gur chuaigh sé le Gaeilge in ionad.

Feictear dom ní hamháin gur thum sé é féin inti ach go bhfuil idir teanga agus seanchas ina dhlúth agus inneach anois ann.

Focalbhách mo dhála féin é Stiofán agus baineann sé feidhm as foclóir shaibhir ina chuid scríbhneoireachta (rud atá ina chonstaic uaireanta do lucht éisteachta reic, mothaím).

Reic sé dán ag baint casadh as Oidhe Chloinne Tuireann - ag athshamhlú eachtra Bhriain ag goid ó Oileán faoi thoinn na mBan.

Ach is é an mórshaothair atá ar na bacáin faoi láthair aige ná ag scríobh seanchas samhlaithe áit samhlaithe ar a dtugann sé Tulach an dá Thadhg. Ní cuimhin liom anois cén clár ar chuala mé é ag leagan amach an scéal. Áit samhlaithe ina bhfuil gá thraidisiún i ngleic ann, Tadhg Easpaig Naofa agus Tadhg págánach File.

Ag an reic is déanaí d'aithris sé ceann dá scéalta - fear daonna tite i ngrá le bean den slua sí, atá faoi gheasa. Mar a sháraíonn sé na geasa le cabhair spideoige.

Na comharthaí sóirt scéalaíochta go paiteanta ann - ruthaig, carn aidiachtaí, athrá, meafair.

An t-amhras a bheadh orm go bhfuil an saibhreas Ghaeilge agus na móitífeanna ina chonstaic don gnáthphobal Gaeilge uirbeach a bhíonn ag reic. Ach b'fhéidir gurb é sin an chúis gur fiú tabhairt faoi? N'fheadar....

03 October 2019

Dúdhúchas

Ní cuimhin liom anois cad a spreag mé fios a chur ar an leabhar seo ón leabharlann. Táim ag léamh roinnt saothair le húdair ón Aifric nó de bhunadh na hAfraice le déanaí, agus measaim go raibh baint aige sin leis.


Leabhar thar a bheith suimiúil. Mar misinéir a chuaigh Pádraig Ó Máille agus é ina shagart óg chun na hAfraice. Ach seachas mar sagart paróiste is mar mhúinteoir agus ina dhiaidh sin mar phríomhoide a bhunaigh meánscoil a cuireadh ag obair é.

Bhí a mhianach Éireannach agus Gaelach mar thaca aige feictear dom agus cé go raibh an chóras oideachais fós i Marbhfháisc murdar machine na himpireachta gallda is léir go ndearna sé a dhícheall mórtas cine a mhúscailt chomh maith le oideachas a thabhairt. 

Tá eolas spéisiúil ann ar mhúineadh an Bhéarla mar dara theanga go háirithe.

Ach is a urraim do Ealaín agus éigse na háite is mó a chuaigh i bhfeidhm orm. 

Bhí sé i gceist aige fiú iarracht a dhéanamh ar aithris a dhéanamh ar bhailiúchán na scoil. 

Choimisiúnaigh sé ealaín agus bhí sé i dteagmháil le scríbhneoirí agus drámadóirí, dá spreagadh chomh maith leis an spreagadh a thug sé do scoláirí faoina chúram. 

Ar an ndrochuair chuir cogadh Bhiafra deireadh lena shaothar ann (díbríodh an ord ina dhiaidh) agus cailleadh go leor den méid a bhí cnuasaithe aige sa chogadh. 

Caibidil spéisiúil i stair na hÉireann na misean dáiríre agus tá mé sách aineolach faoi. 

B'fhiú go mór an leabhar seo a léamh. 

01 October 2019

Tadhall

Cnuasach ana dheas atá anseo. Tá tabhairt faoi deara ann - faoin dúlra, éanlaithe an aeir go háirithe. Ach faoin gcaidreamh idir dhaoine freisin.

Tá dán corraitheach ann faoi thórramh linbh agus brón máthair agus dheirféar a chorraigh go mór mé. 

Labhair Pauline le Máirín Hurndall ar a clár Leabhragán ag trácht ar na mothúcháin a spreag an cnuasach seo. B'fhiú éisteacht agus bhfiú léamh. Ceal spás ar mo leabhragáin féin is ón leabharlann a fuair mise an leabharlann. Go dtí seo, cibé! Bheadh fonn orm tarraingt as anois is arís chun suaimhneas dúlra a bhlaiseadh. 

Tadhall 
Pauline Nic Chonaonaigh
Cló Iar-Chonnachta 
https://www.cic.ie/books/published-books/tadhall