Píosaí liom in áiteanna eile:

2018-05-28

Amhráin & Dánta Raiftearaí

Táim buíoch de Futa Fata a sheol cóip léirmheasa den oll-saothar seo chugam. De réir an chuir síos is éard atá ann:
I 1933 a foilsíodh Abhráin agus Dánta an Reachtabhraigh ar a gcruinniughadh agus ar na bhfoillsiughadh den chéad uair le Dubhglas de h-Íde, LLD, DLitt, MRIA (An Craoibhín Aoibhinn).  Leagan méadaithe a bhí ann den chnuasach dátheangach de véarsaíocht Raiftearaí a bhí tagtha ón gCraoibhín Aoibhinn sa bhliain 1903. Foilseacháin thábhachtacha a bhí sa dá leagan, leabhair a spreag spéis sa bhfile ba thábhachtaí a shaothraigh an Ghaeilge sna blianta roimh an nGorta Mór. San eagrán athchóirithe seo, an chéad leagan atá curtha ar fáil sa chló Rómhánach, féachann Nollaig Ó Muraíle le saothar taighde an Chraoibhín Aoibhinn a chur i láthair pobal nua léitheoirí. Agus an t-eolas cúlra rí-thaitneamhach ar Raiftearaí a bhailigh De Híde á roinnt ag an eagarthóir, roinneann sé chomh maith an t-eolas fairsing atá aige féin ar fhile mór Mhaigh Eo, ar an véarsaíocht a chum sé, ar an teanga a shaothraigh sé, ar na logainmneacha atá luaite sna dánta agus ar chuid mhór gnéithe eile de shaothar Raiftearaí agus De Híde araon.

Saothar mór téagartha atá ann, agus níl sé ar fad léite, ná baol air, agam. Leabhair tagartha atá ann, agus compánach fíor úsáideach do  bheathaisnéis Thadhg Mhic Dhonnagáin Mise Raiftearaí an Fíodóir Focail.

Tá díonbhrollach chuimsitheach curtha leis an leabhar ag Nollaig Ó Muraíle sa bhreis ar réamhráite agus nótaí chuimsitheacha an Chraoibhín - na nótaí beachtaithe agus fairsingithe nuair is gá. Tá Aguisín ann le leaganacha Béarla an Chraoibhín de na dánta ann. Tá clár céad línte ann, agus innéacs chuimsitheach. Foinse luachmhar eolais le bheith agam ar mo leabhragáin: mo nós le filíocht na leabhar a tharraingt chum ó am go chéile nuair a bhuaileann an taom mé. Beidh an ceann seo gar chuige sin!

De bharr an ré inar mhair Raiftearaí, agus a chúinsí féin, tá stair sóisialta na tíre sna dánta agus san eolas fúthu. Tá níos mó i gceist mar sin ná liricí neamhurchóideacha agus amhráin sábháilte grá! Tá roinn cuir síos ann freisin ar achrann Raiftearaí le daoine éagsúla, go háirithe teaghlach eile filí ar thit sé amach leo, rud a ghin go leor filíocht!

Tá ana chuir síos ann ar an meas agus go deimhin an eagla roimh filí a bhí ann lena ré, agus an tuiscint nach maith an rud é i gcónaí go molfadh file duine.

Seod luachmhar eile i leabharlann na nGael!


Amhráin & Dánta Raiftearaí
Údar:Dúghlas De hÍde
Eagarthóir: Nollaig Ó Muráile
Futa Fata a d'fhoilsigh
Dubh & Bán, Clúdach Crua
Líon na lth: 424 lth
ISBN: 978-1-910945-33-9

2018-05-27

Úrscéalta na Gaeilge

"Cad iad na húrscéalta is fearr, is tábhachtaí, is lárnaí sa Ghaeilge? Cad iad na húrscéalta Gaeilge ar chóir a bheith i mbéal an phobail agus i lár an aonaigh chultúrtha? Cé hiad na húrscéalaithe móra ar chóir dúinn a léamh, ar chóir dúinn staidéar a dhéanamh orthu sna hollscoileanna? Cad í canóin liteartha na n-úrscéalta Gaeilge san fhichiú haois? Cad iad clasaicí móra chanóin liteartha na Gaeilge? Cad is fiú canóin liteartha ar bith? Reáchtáladh seimineár lá go leith ar an 23 agus an 24 Aibreán, 2015, i mBaile Átha Cliath, chun ceisteanna den saghas sin a chíoradh. Sé úrscéal déag a roghnaíodh ar deireadh, agus faoi chlúdaigh an leabhair seo tá blaiseadh den mhéid a bhí le rá ina leith. "
Sheol Cló Iar Chonnachta cóip léirmheasa den leabhar dom. Bhí roinnt le rá agam faoin liosta tráth ar foilsíodh i dtosach é - ní mór cuimhneamh gur le húrscéalta na 20ú aois amháin a phléann sé. Tá roinnt nach nach léite agam léite ó shin agam.
  • Séadna (1905) leis An tAthair Peadar Ó Laoghaire Léite agam. Fadálach, go leor athrá ann; athinsint ar scéal idirnáisiúnta béaloidis, fear a fhaigheann buntáiste ón Diabhal ach a bhuaileann bob air ag deireadh. Tábhachtach mar saothar luath agus mar uirlis ag an Athair Peadar i cur chun coinn caint na ndaoine.
  • Deoraíocht (1910) le Pádraic Ó Conaire Léite agam. Sách osréalach agus duairc. Saothair eile le Ó Conaire a thaitníonn níos fearr liom, ach tábhachtach mar gur bhris le maoithneachas agus tuath.
  • Mo Bhealach Féin (1940) le Seosamh Mac Grianna. Léite agam. Ach níor shíl mé gur úrscéal a bhí anseo; shíl mé é dírbheathaisnéiseach agus é ag cíoradh a fhealsúnacht.
  • An Béal Bocht (1941) le ‘Myles na gCopaleen’ Léite, agus athléite. Fíor greannmhar, aor den scoth ar ghnéithe de gluaiseacht na Gaeilge.
  • Cré na Cille (1949) le Máirtín Ó Cadhain Léite le fonn. Clasaiceach agus úrscéal ar leith, caint ar fad!
  • Néal Maidine agus Tine Oíche (1964) le Breandán Ó Doibhlin. Léite. Leabhar dheacair ach is fiú an tairbhe an trioblóid.
  • Dé Luain (1966) le Eoghan Ó Tuairisc  Léite.
  • Caoin Tú Féin (1967) le Diarmaid Ó Súilleabháin Níl sé léite agam, agus ó tharla nár thaitin Maeldún liom ní dóigh liom go léifidh mé.
  • An Uain Bheo (1968) le Diarmaid Ó Súilleabháin Léite.
  • Fuíoll Fuine (1970) le Máirtín Ó Cadhain. Le léamh. Gearrscéal atá anseo.
  • Méirscrí na Treibhe (1978) le Alan Titley. Léite
  • An Fear Dána (1993) le Alan Titley. Léite
  • Cuaifeach mo Londubh Buí (1983) le Séamas Mac Annaidh Léite.
  • Éagnairc (1994) le Pádraig Ó Siadhail Le léamh. Ordaithe ón leabharlann.
  • Desiderius a Dó (1995) le Pádraig Ó Cíobháin Le léamh.
Mar sin, tá méid áirithe de na saothair léite agam thar na blianta. Is eárd atá san leabhar ná aistí bunaithe ar na cainteanna a tugadh ag an gComhdháil, aistí ag cosaint rogha na leabhair. Tá aiste bhreise ann ó Darach Ó Scolaí ag ceistiú an rud is canóin ann in aon chor.  Meascán scríbhneoirí atá i gceist leis na haistí, agus mar sin meascán stíle. Ní léitheoir acadúil mise agus bhraith mé cuid de na haistí a bheith ró thugtha go theoiricí agus a mbéarlagair; ach bhain mé adhmaid éigin as an méid a léigh mé mar sin. Tá go leor eolas le baint as na h-aistí, agus táim cinnte go mbeadh tairbhe níos fearr le baint astu ag duine atá ag iniúchadh litríocht na Gaeilge. 

Tá liosta breá úrscéalta ag deireadh an leabhair, ag tógáil ar shaothar Alan Titley, agus á thabhairt suas chun dáta go (sílim) 2015.

Is cinnte go bhfuil tairbhe sa leabhair seo thar mar a fuair mé féin as - tar éis an tsaoil is léitheoir tútach mise. Tá súil agam go mbeidh fáil fairsing air i hallaí an léinn agus go leanfaidh an t-allagar.

Úrscéalta na Gaeilge
Cló Iar-Chonnacht
Tagairt: 9781784441708

2018-05-25

Notre Dame de Paris

Agus mé i bPáras ar na mallaibh, bhí fonn orm Notre Dame a fheiceáil. Ach is Eaglais atá ann, agus ní raibh fonn orm dul ann i mo thurasóir. (Thug mé sciurd ghairid air agus mé ann Meán Fómhair seo chaite). 
Mar sin bheartaigh mé Aifreann Domhnaigh a éisteacht ann.  Bhí Aifreann le cantaireacht Greagórach le bheith ag 10:00. Bhí mé i mo dhúiseacht moch pé scéal é, mar sin bhí mé ann in am do cantaireacht na moltaí um 9:30.
Luaitear an nath "qui bene cantat bis orat" (déanann an té a chanann go maith urnaí faoi dhó) le hAgaistín Naofa. Níl ar mo chumas féin canadh, ach ardaíonn cantaireacht mhaith mo chroí. Meascán den Laidin agus den Fhraincis a bhí sna urnaithe agus sa chanadh. Bhí tionlacan orgáin ann freisin. Níl aon cheist ach  gur ceol diongbhála a leithéidí d'Eaglais mhaorga atá ann. 
Tá na céadta bliana de stair agus ealaín san Eaglais, agus rinne mé camchuairt ghairid in ndiaidh Aifrinn. 
Nílim ceanúil ar áiteanna arda géara, agus ní raibh sé i gceist agam cos a leagan ar an Túr Eiffel. Ach shocraigh mé, ós rud é go bhfuil na staighrí laistigh, go mbeinn in ann túr Notre Dame a dhreapadh. Tá córas sách eagraithe acu, le hinneall chun am a roghnú le dul in airde. Bhí fanacht orm, agus d'ól mé cupán caife i gcomhluadar mac léinn Gearmánach a bhí ar a bhealach abhaile go mall ó thréimhse sna Stáit. Ar an ndrochuair rinne mé dearmad go dtagann dúbailt ar phraghas an chaife le gach méadar ón gcuntar...
Bhí go leor, leor céimeanna le dreapadh. Ach b'fhiú é, ainneoin mo chol le staighre chúng bhíseach. Ar a laghad ní raibh mé ag féachaint anuas go dtí gur bhain mé barr  an Túir amach (le sos idir eatarthu ag leibhéal na gClog, áit a raibh na fíoracha greanta cáiliúla le feiceáil go maith - laistiar de fál sreanga le baois a chosc!

Agus bhí radharc ana bhreá ar an gcathair.

2018-05-24

Laoch na Laochra -Tionscadal na Tána

Tá Táin Bó Cuailgne (Darach Ó Scolaí) agus (cuid mhaith de) Laoch na Laochra (Réamoinn Ó Ciaráin) léite agam, agus fillim scaití orthu. Thug sin cúlra agus spéis dom in ócáid na hoíche aréir i Smock Alley, imeacht eile de chuid IMRAM agus Féile Idirnáisiúnta Litríochta Átha Cliath.

Ba dhá sprioc éagsúla ag an mbeirt acu, agus labhair siad fúthu - ag cuir sleachta ó na saothair i láthair agus ag léamh astu. Ansin chuir fear an tí, Cathal Póirtéir, an bheirt faoi agallamh ag doimhniú an méid a bhí ráite acu.

An sprioc a chuir Réamonn roimhe ná scéalta beatha Con Chulainn a thabhairt le chéile, ó na foinsí éagsúla Gaeilge agus Béarla. Agus é sin a dheánamh go tarraingteach agus thar aon rud eile i nGaeilge Uladh. Ní ar an Táin amháin a bhí a chuid oibre dírithe mar sin, ach ar Cú Chulainn go háirithe. Tá léaráidí lán dathanna Dara Vallely mar tionlacan ag aithris Réamoinn, agus is labhair mór toirtiúil atá ann. (Admhaím nach bhfuil an t-iomlán léite agam).  Ó shin tá eagrán Béarla den leabhar foilsithe, agus tá eagrán i nGaeilge, dírithe ar dhéagóirí ar na bacáin. Luaigh Cathal leis an cion agus an feidhm a bhaineann idir dílseoirí (a fheiceann Cú Uladh, cosantóir a gcúige ann) agus náisiúnaithe as. Luaigh Réamonn an feidhm a bhain an Piarsach as Cú Chulainn mar samhail an laoich foirfe. (Léigh mé áit éigin gurb geall le ball foirne i Scoil Éanna ab ea é). Agus go raibh plean ag dílseoirí dealbh cháiliúil Oliver Sheppard a ghoid on GPO, ach go raibh sé ró throm!

Scéal samhlaíoch osréalach scéal Cú na gCleas, scéal a shaibhríonn samhlaíocht agus litríocht ar fud na cruinne.

Litríocht na nGaeilge is mó is cás le Darach, agus is air atá Leabhar Breac ag fónamh faoina stiúir. Feictear dó go bhfuil leaganacha Nua Ghaeilge de dhíth agus dlite do scríbhneoirí na linne seo. Mura bhfuil a leithéidí ar fáil go forleathan do léitheoirí na Gaeilge, ní féidir le scríbhneoirí tagairtí díreacha nó indíreacha a bheadh sothuigthe a dheánamh. 

Tá roinnt saothair foilsithe ag Leabhar Breac thar na blianta, agus tuilleadh idir lámha.

Ina leagan fhéin de Táin Bó Cuailgne bhí Darach ag iarraidh athnuachan a dheánamh ar ghontacht agus ealaín an bhunleagan, saothair éigeas áirithe amháin dar leis. Bhunaigh sé a athchruthú ar leagan Leabhar na hUidhre. Ach tá roinnt scéalta a mbeadh taithí ag daoine orthu, agus súil acu leo, nach bhfuil ann ach atá sa Leabhar Laighneach - atá níos osréalaí foclaí. B'éigean do mar sin iad a lomadh le go neadódh siad i gceart san athnuachan.

Athnuachan ar cheart tarlú gach glúin dar leis, de bhrí go sleamhnaíonn brí focail agus fráma tagartha an léitheora de bharr taithí éagsúil.

Ócáid agus plé thaitneamhach, agus is cinnte gur dhá shaothair iad a chuirfidh go mór le saibhreas léitheoirí na Gaeilge.

Mar is iondúil d'imeachtaí IMRAM bhí íomhánna á theilgeadh ar an mballa- rogha Margaret Lonergan as pictiúr Dara Vallely, móide roinnt íomhánna ó leaganacha eile fearacht leagan Lady Gregory nó saothair Jim Fitzpatrick, agus roinnt trealamh ón Iarnaois as stóir an Iarsmalann Náisiúnta. Ar an ndrochuair ní raibh siad chomh héifeachtach agus a bhíonn de ghnáth. Tá Smock Alley ana ghnóthach le linn Féile Idirnáisiúnta Litríochta Átha Cliath, agus mar sin ní raibh deis ag Margaret an ghnáth cúram a chaitheamh le roghnú agus lonnú scáileáin. Ní raibh de rogha aici mar sin ach na híomhánna a theilgeadh ar an mballa - agus sin i leataobh ó na cainteoirí. Ba dheacair dá réir aird a thabhairt orthu. (Ach tá spreagadh faighte agam amharc arís ar an leabhar).

2018-05-21

An Túr - Tionscadal an Tarot

Táim dall ar, agus go deimhin amhrasach faoin Tarot. De réir mo thuisceana teoranta is modh fáistine atá ann a d'forbair as cluiche cártaí. Diaidh ar ndiaidh forbraíodh léamha asarlaíochta ar titim na gcartaí.

Ní an ábhar a mheall mé aréir go Smock Alley, ach filíocht Dairena Ní Chinnéide.

D'fhág mo aineolas gur beag adhmaid a bhain mé as sraith dánta is ealaíona a chruthaigh agus a chuir Helen Ivory i láthair. Do mo leitheidí gan insealbhú sa mhistéir ní raibh ann ach íomhánna agus focail diamhra. Dá mbeadh tuiscint agam ar na hÁrd Arcana a bhí faoi chaibidil aici, tharlódh go mbeadh ar mo chumas tuairim fiúntach a thabhairt. Ach ba dorcha agam iad.

Scéal eile ar fad ab ea taibhe Dhairena. Scéal triúr ban - an Bhanfhile, an Bhean Feasa agus an Bhean Rua - ag roinnt taithí agus eolas ar an saol, á iniúchadh trí bhíthin an tarot. Thug sí réamhrá agus léargas ar rudaí uilíocha, caidreamh, grá, gruaim, titim, téarnamh agus teacht aniar.
Na cártaí agus a dtitim nó na sraitheanna ag tabhairt léargas agus gaois gach mnaoi faoi seach, agus iad ag fuineadh cairdeas agus comhairle.

Tá súil agam go bhfaigheadh an aiste cló buan, agus go mbeidh tionlacan rogha íomhánna an file físe Margaret Lonergan aige, mar a bhí aréir. Ancaire láidir do oscailt fuinneoga na hÉigse Gaelaí do chách, príomh chúram IMRAM, is ea filíocht físe Margaret le fada.

Sáraíonn an cheoil teorainn teanga freisin. Chan Enda Reilly leaganacha trascruthaithe ag Gabriel Rosenstock de hamhráin le Bob Dylan, a scríobh seisean faoi anáil asarlaíocht an Tarot agus a siombail.

Taibhe fuinte fileata forbartha, mar a bhítear ag súil leis ó IMRAM.

Gura fada buan IMRAM agus na hoirfidigh.

Bhí scáil ar an ócáid faraor agus Liam Ó Muirthile ar lár ón Aoine. Chuir Liam Carson a ómós agus a bhrón in iúl roimh tús imeachtaí. Ba chuí sin- roinn Liam a éigeas go flaithiúil tríd IMRAM mar a rinne ar a liachta ardán eile. Go raibh suaimhneas síoraí aige.

2018-05-19

Kufstein

Agus muid ar cuaird um Cháisc ar chairde sa Bhaváir, bhí Daingean Kufstein ar ceann de háiteanna ar thug muid cuaird. 
Tá sé san Ostair, ar an dteorainn leis an Bhaváir. Áit inchosanta ar abhainn an Inn, agus dún agus daingean láidir ann le fada. 
San lá atá inniu tá iarsmalann faoi saol na ndaoine ann. Tá oll-orgán ann (nár chuala muid).
Chuaigh muid suas ar saghas ardaitheoir le fána. Shiúl mé síos an bealach cosanta go leibhéal an bhaile - fallaí daingne ar an dá thaobh agus fearas ann chun an slí a dhúnadh go minic. Doiligh an daingean a shárú!
Bhí rannóg ar leith ann do na modhanna céasta a bhíodh ann anallód. Níor chaith mé i bhfad ansin. 
Roimh an chéad chogadh Domhanda bhí impireacht fairsing ag an Ostair. Carcair na Náisiún!
Ba mhinic Daingean ina ghéibheann ag an dream a bhí ag lorg saoirse, go háirithe ón uasaicme. Bhí Kufstein ar imeallbhord thoir críocha na himpireachta agus is cosúil mar sin gur fheidhmigh sé mar géibheann do thírghráthóirí Polannacha agus Ungáracha. Ag barr an túir atá sa phictiúr thuas a bhí a gcillíní. Thug mé suntas do na leaca cuimhneacháin, curtha in airde ar Rialtais na críocha sin, atá anois neamhspleách, ní hamháin ón Ostair ach ón Aontas Soibhéadach anois freisin.
Tá stair achrannach fuilteach ag lár na hEorpa. Faraor ní léir go bhfuil deireadh le hachrann agus doirteadh fola. Tá an stair fós, mar a dúirt Erich Kästner tráth, ar thaobh lucht bailithe stampaí.
Is maith ann iarsmalanna fearacht an chinn seo chun sin a mheabhrú dúinn!

2018-05-14

Mogh Dé

Naomh Maudez
Agus mé i bParás le déanaí, is i mbaile Saint-Mandé a bhí mé ag cuir fúm. Bhí eaglais lámh leis an árasán, agus ba ghnách liom buaileadh isteach agus mé ag dul thairis. Thug mé suntas don dealbh seo lámh leis an altóir. Mheas mé, de bharr an Chrois, gur Gael eile a bhí romham. Ní raibh eolas ar bith ar fáil, tiomnú ná a leithéid. Thapaigh mé an deis tráthnóna Satharn tar éis Aifrinn ceist a chuir ar sagart i mo chuid Fraincise meirgí (Ardteist 1986...)

Naomh patrún an bhaile a bhí ann. Ón mBriotáin, de réir a eolais siúd. Naomh Maudez. Chaith mé súil ar an Vicipéid ina dhiaidh sin. Ceann den iliomad naomh ar beag eolais faoi dáiríre. "Le nom "Maudez" vient du vieux celtique Magu-Tid, serviteur de Dieu." Mogh Dé! Agus Éireannach de réir an naomhsheanchas.

Is maith liom meabhrúcháin beag mar sin go raibh Gael romham ar an Mór Roinn - cine sách siúlach, fánach go deimhin ab ea muid riamh anall.

2018-05-12

Mac Dé Cé hÉ?

Sheol Cló Iar Chonnacht cóip léirmheasa den úrscéal is déanaí seo le Pádraig Standún chugam. Tá an Standúnach ag scríobh úrscéalta le fada, agus is minic an ghaol idir an Eaglais, an chreideamh agus an pobal á chíoradh iontu. (Tá a ghaol féin leis an Eaglais céanna sách casta mar a léirigh sé in Eaglais na gCatacómaí)
San úrscéal seo tá an cheist á chíoradh arís aige, ag baint feidhm as criú scannánaíochta, an stiúrthóir ach go háirithe, a bheith tagtha chomh fada le baile beag in Iarthar na hÉireann chun scannán faoi Íosa a dhéanamh.

Ní dóigh liom gur éirigh leis an consaeit.

Níor chreid mé i formhór a chuid carachtar - seachas an sagart paróiste féin. Bhraith mé gur dearcthaí seachas daoine a bhí sa gcuid eile, iad cineál aon-toiseach. 

Níor chreid mé in aon chor san iriseoir óg mná a chuaigh ó bheith ag iarraidh stop a chuir leis an rud go bheith ina páirt lárnach sa scannán.

Bhí smaointe maithe ann, agus bhí smaointe an sagairt a léirigh sé i sruth comhfheasa spéisiúil. Ach ní dóigh liom gur iompar an scéal na smaointe agus bhí barraíocht den údar a bheith ag rá linn seachas ag taispeáint dúinn. 

Bhraith mé freisin gur fhorbairt cuid mhaith de na heachtraí collaíochta (agus táid ann) ró ghasta le bheith inchreidte; níos thúisce an stiúrthóir i leaba bean an tí tábhairne ná bhí an scéal ag madraí an bhaile. Go deimhin, agus seans gur fabht eagarthóireachta ba chúis le seo, shílfeá go raibh na ráflaí scaipthe sular tharla an comhriachtain! 

Bhí sé deacair scaití freisin an imeacht ama a bhí ceaptha bheith sa scéal a tomhais, rud b'fhéidir a bhain de mo thuiscint air.

Mac Dé Cé hÉ
Pádraig Standún
Cló Iar-Chonnacht
Tagairt: 9781784441715