Píosaí liom in áiteanna eile:

2020-02-25

Daichead lá.

Beidh an chrannóg baoise seo tréigthe go dtí i ndiaidh na Cásca. 

2020-02-24

Scoil Cheoil an Earraigh


Táim fillte ó roinnt laethanta iontach taitneamhachta in Iarthar Dhuibhneach ag Scoil Cheoil an Earraigh. Is ar Trá an Fhíona a bhíomar ag cuir fúinn seachas ar an mBuailtín. Seans gur fearrde m'ae é bheith amhlaidh ach dá dheasca sin níor bhlais mé an oiread den gceol neamhfhoirméalta agus a rinne anuraidh.

Bhí an oiread ar siúl ar aon nós nach bhféadfadh duine freastal ar gach imeacht. 

Fad is a bhí m'iníon ag ranganna fidile, bhí mise ag Ciorcal Comhrá faoi stiúir Máire Joe Daly. Ana thaitneamhach. 

Cathal Goan a rinne an oscailt oifigiúil in Áras Bhréanainn oíche Céadaoin. Fuaireamar blaiseadh den méid a bhí le teacht. Rud ar leith faoi Scoil Cheoil an Earraigh ná go  mbíonn ceoltóirí na háite lárnach ann, daoine óga agus daoine níos críonna nach bhfeictear lasmuigh dá gceantar dúchais.

Bhí sin i gceist ó oíche Céadaoin ar  aghaidh, ach freisin sna ceolchoirm agus san eagrán den Saol ó Dheas a craoladh Dé hAoine ó Áras Bhréanainn. 

Ach is ceoltóir siúlach é Breandán Begley agus is minic a mheallann sé ceoltóir a casadh ar ar a shiúlta go dtí an Scoil Cheoil. I mbliana Su Garrido Pombo ón nGailís a bhí i gceist. Canann sí amhráin ina canúint féin, le drámaíocht a fhágann go bhfuil a colainn iomlán ag amhrán. Dúirt Breandán gurb amhlaidh a thit a fear céile i ngrá lena guth, agus í ag cleachtadh san árasán ós a chionn, sular leag sé siúl uirthi! Thuigfeá dó.

Os rud é go bhfuil suim agam féin éisteacht le hamhráin chuala mé cúpla uair í. Oíche Céadaoin san Siar Ó Thuaidh, áit a raibh seisiún shaibhir amhránaíochta faoi stiúir Noelie Ó Maoileoin, mar shampla. Seisiúin inár ghlac Mairéad Ní Dhomhnaill páirt lárnach, ag canadh roinnt amhráin - leaganacha Conallacha uaireanta de amhráin a chan daoine eile. (Bíonn dhá insint ar scéal agus dhá leagan déag ar amhrán!)

Lean an amhránaíocht ar aghaidh Tí Bhric tráthnóna Déardaoin, i ndiaidh seoladh CD Nicole Ní Dhúshláine.

Amhráin agus amhránaithe ó gach cearn. 

Bhíomar i láthair freisin ag an dá ceolchoirm mhóra i Halla na Feothanaí, Aoine agus Satharn. Roinnt uaireanta an chloig ceoil ó oidí na scoile agus ceoltóirí áitiúla nach gcloistear mórán lasmuigh dá dtithe!

Saibhreas ceoil. 

Cuireamar clabhsúr lenár rogha le Aifreann le Cór Chúil Aodha maidin Domhnaigh agus ceolchoirm am lóin i bPotadóireacht na Caolóige, áit ar chuir Mick O'Brien agus Caoimhín Ó Raghallaigh faoi gheasa muid. 

Ní raibh an aimsir faoi mholadh beirte, scríob agus fearthainn. Ba chuma áfach mar bhí ceol i ngach cearn. 

Tá súil agam bheith ar ais! 

2020-02-18

Imbolc 2020 - An Ceolchoirm

Tá Bernice Doyle agus Tomás Mac Aodha ag déanamh éachtaí bliain i ndiaidh bliana, ag eagrú Féile gaoise i mBaile Bhúirne ó 2010. Táimse ag freastal air ó 2011.

Tá an deasghnátha socair anois. Cúpla uair an chloig oibre san oifig, maidin Aoine. Buaileadh le roinnt cairde agus tabhairt faoin bhóthar ó dheas. Bíonn ádh agus cúrsaí tráchta i  gceist. Greim bia le fáil, ach gan a bheith mall don gceolchoirm.

Bhíomar in am i mbliana. 

Triúr a bhí le bheith ar stáitse, agus an ionad cultúrtha díolta amach.

Séamus Ó Beaglaoich i lár stáitse, ina shuí ar trí chathaoir ar mhullach a chéile chun bheith ar a chompord! A iníon Méabh ar chlé uaidh, agus an giotáraí Matt Griffin ar dheis uaidh.

Sruth cainte agus grinn uaidh, idir Béarla agus Gaeilge, idir an cheol agus an seomra faoi gheasa aige.

Ceol bhríomhar bosca, agus amhráin mealltacha ó Shéamus agus Méabh.

Na ceoltóirí i dtiúin le chéile, sméideadh cinn nó súil le corr a chuir i bport. An lucht féachana ina uirlis bhreise faoi stiúir Shéamuis, é ag mealladh comhcheoil do churfá.

D'imigh an t-am chomh gasta go  raibh ionadh orainn é bheith istigh!

Langweilig - cuireann fad le ham - an Ghearmáinis ar leadránach. Tá a mhalairt ann, kurzweilig, giorraíonn an t-am. B'shin breith mo  chara a bhí tagtha ón nGearmáin ar  an bhféasta ceoil a cuireadh romhainn. 

Chuamar siar an bóthar go dtí an Muileann. Lean ceol agus allagar ann, agus ní fada go raibh Séamus suite i measc ceoltóirí na háite. 

Chuaigh an bhealach umhal a mhisnigh sé agus a mheall sé iad i bhfeidhm go mór orm - é ag tarraingt siar nó ag brú ar aghaidh de réir mar a bhí sé de dhíth chun tacú. Uaisleacht nádúrtha. 

Bhí an ceol fós ina thaoide lán nuair a sheol tuirse bóthair a choladh mise. Suantraí... 

2020-02-14

Asarlaíocht Khevin

iconv -l | tr -d '/' | shuf | while read x; do if echo "Rónán Mistéil" | iconv -f $x -t utf8 > /dev/null 2>&1 ; then AS=`echo "Rónán Mistéil" | iconv -f $x -t utf8 | tr -d "\n"`; echo "$AS"; break; fi; done


D'fhoilsigh Kevin Scannell an "script aon líne" thuas ar Twitter. Sampla bhreá atá ann de *nix - formhór na cláracha i Linux agus na Unix eile, oibríonn siad mar scagaire a ghlacann eolas isteach ó "sruth" amháin agus a sheolann ar aghaidh chuig "sruth" eile é.

Fágann sin gur féidir iad a chuir i bpíblíne mar atá thuas - nascann "|" sruth amach cláir amháin le sruth isteach cláir eile.
Clár atá in iconv a athraíonn ó ionchódú carachtar amháin go ionchódú eile.
"iconv -l" "cuir amach liosta de na hionchódú ar fad atá tacaíocht dóibh sa chlár".

Is minic rogha do chlár *nix ag feidhmiú le "-" roimhe, nó "--".

Ansin, tá "tr" ann - athraíonn nó scriosann "tr" carachtar.

Ciallaíonn "tr -d '/'" "bain aon / as an sruth isteach agus cuir gach rud eile sa sruth amach"

Déanann "shuf" an ionchur a mheascadh go randamach.

Tá lúb i gceist idir "while read x; do" agus "done"

Sé sin, fad is atá ionchur, chur san athróg x é, agus déan gach rud idir "do" agus "done".

Tá coinníoll eile idir "if" agus "then" - má tá an méid idir an "if" agus "then" fíor, deanfar gach rud suas go dtí an "fi" (cleas gránna - "if" droim ar ais).

Tá cúpla rud i gceist sa choinníoll.
" echo "Rónán Mistéil" | iconv -f $x -t utf8 > /dev/null 2>&1"

Cuireann "echo" an méid atá sa sruth isteach go dtí an sruth amach.

" iconv -f $x -t utf8"

Seo "iconv" arís. Tá an ionchódú a chuireann shuf ar fáil in x – ciallaíonn $x "bain feidhm as luach na athróige x".

Ciallaíonn "-f <ionchódú>" "athraigh ó <ionchódú>" agus "-t utf8" "go hionchódú utf8". 
UTF-8 an ionchódú is coitianta agus feiceálaí ar ríomhairí nua.

An rud atá i gceist le "/dev/null" ná gléas ar leith, folús dáiríre.

Bíonn trí sruth coitianta i Linux – STDIN (ionchur), STDOUT (aschur) agus STDERR (aschur d'eolas fabhtanna). 
Déanann an comhartha ">" STDOUT a sheoladh chuig an comhad atá luaite ina dhiadh –sa chás seo, /dev/null -> caithfear chun siúl é. 

Seasann 1 do STDOUT agus 2 do STDERR. An rud atá á dhéanamh ag "2>&1" ná ag atreorú STDERR go STDOUT.

Sa chás seo, níl suim againn ach in san luach a thugann an clár ar ais don gcóras oibriúcháin, toradh an chláir.

Beidh " echo "Rónán Mistéil" | iconv -f $x -t utf8 > /dev/null 2>&1" fíor más féidir an teaghrán "Rónán Mistéil" a iompú ón ionchódú x go utf8 – mar sin, is fiú leanacht ar aghaidh leis.

An chéad rud atá le déanamh ná:
AS=`echo "Rónán Mistéil" | iconv -f $x -t utf8 | tr -d "\n"`;

Chonaic muid na céimeanna idir eatarthu cheana.

Tá cleas nua ann áfach – an tic siar "`". An rud atá ag tarlú ná go gcuirfear an aschur ar na cláir idir an dá tic siar isteach san athróg AS.

 Seasann "\n" do deireadh líne; bainfear é sin, toisc go gcuirfidh "echo" ar ais é ar aon nós, agus is mian linn línte bána a sheachaint san toradh deiridh.

An rud a dhéanann "break" ná briseadh amach as an lúb – mar sin, ní athrófar "Rónán Mistéil" ach uair amháin gach uair a ritear an píblíne.

Agus sin agaibh an t-oideas ina iomláine!

Bíonn ainmneacha gairide ag go leor cláir *nix mar gur céad cumadh iad ag am go raibh daoine nasctha le hollríomhairí tríd córais cumarsáide a bhí sách mall, agus mar sin bhí gontacht de dhíth.

Cuireadh ceist ar duine de chumadóirí Unix, Ken Thompson, tráth, faoi cén athraithe a dhéanadh sé dá mbeadh sé ag tosú as an nua. "Litreoinn creat le 'e'". (Clár a chruthaíonn nó a osclaíonn comhad is ea creat).

Is féidir eolas faoi clár *nix a fháil go hiondúil ach "man <ainm>" a chlóscríobh – seasann man do "manual", i. Lámhleabhar. Feidhmíonn sin mar chuardach Google freisin ....

2020-02-13

Mangairí an Amhrais

Ní cuimhin liom go baileach cad a spreag mé le fios a chuir ar an leabhair seo. Tá imní orm le fada maidir le neamhlitearthacht eolaíochta sa phobal i gcoitinne agus i measc an dreama atá le cinntí a dhéanamh go háirithe.

 Iniúchadh ar chás Mheiriceá atá sa leabhar seo – ach tá scáil fhada domhanda ar chinntí i Meiriceá. Iniúchadh chúramach ar dream beag fear a bhfuil tionchar thar na bearta imeartha acu le blianta i Meiriceá. Ar son lucht déanta tobac i dtosach – agus i gcoinne gníomhú ar athrú aeráide anois. Airgead mór laistiar daofa – mar gur ridirí ar son an mhargadh saoir iad agus prionsaí an mhargaidh sásta tacaíocht airgid mór a thabhairt dá lucht cosanta.

Chuir sé ionadh orm cé chomh fada siar is atá fréamhacha an fhadhb, agus níor thuig mé go raibh an eolaíocht ag iniúchadh athrú aeráide baileach chomh fada sin siar.

Patrún atá le feiceáil arís agus arís sa leabhar: foilsítear torthaí eolaíochta, ar cheart go mbeadh rialúcháin mar thoradh acu chun an fhadhb aitheanta a mhaolú. 
Ach is in irisí eolaíochta piarmheasta a foilsítear iad. Téann ridirí an mhargaidh ar an ionsaí i nuachtáin agus irisí a léitear go coiteann – go spleodrach mothúchánach cinnte, san áit go bhfuil na heolaithe tur, fuarchúiseach agus ag plé le dóchúlachtaí – agus ag fágáil an doras oscailte i dtólamh do bhreis taighde.

Tuigeann lucht mioscais gur leor síol an amhrais a chuir – bláthóidh sé mar níl daoine ceanúil ar athraithe a d'fheadfadh srian a chuir orthu.

Má theipeann ar argóint i gcoinne an eolaíocht déantar fogha faoin eolaí.
Agus arís, tá an buntáiste ar thaobh ridirí an mhargaidh.

Tá buntáiste á bhaint acu freisin as nós na meáin "cothromaíocht" a lorg san tuairisciú ar mhaithe le "hoibiachtúlacht". Éisteacht leis "an dá thaobh" gan cuir san áireamh na fíricí, nó údarás. 

Gné eile ná an chaoi go raibh na daoine seo ag feidhmiú tríd institiúid taighde nó meithil machnaimh a raibh cuma an neamhspleáchais orthu, foinsí airgeadais ceilte ag stádas carthanais. 

Cúis imní dom an "daonchairdeas" a ligeann do rachmasóirí cáin a sheachaint, cuma na maitheasa a chur orthu féin agus ag an am céanna tionchar láidir a imirt ar chúrsaí polaitíochta gan faire daonlathach. (Ní caomhaigh amháin a bhaineann buntáiste as seo, ar ndóigh). 

Agus, anuas ar sin, tá an airteagal creideamh acu gur "lámh dofheicthe an mhargaidh" réiteach na faidhbe bun-os-cionn leis an bhfirinne. Tá sé suntasach freisin gur in earnáil na n-airm – i. Íoctha ag an gcáiníocóir – a rinne na fir seo a gcuid obair eolaíochta – nach raibh mórán baint aige leis an méid a bhí á ionsaí acu. Mar ag deireadh an lae, cé gur rachmasóirí is mó a ghnóthaíonn as dul chun cinn teicneolaíochta, is minice ná a mhalairt gurb é an cáiníocóir a d'íoc as forbairt agus taighde. Fiú más san earnáil príobháideach a rinneadh fionnachtain is rí mhinic gurb an stáit a scaip.

Tá lón machnaimh sa leabhar – agus is mithid comharthaí sóirt mioscais lucht scaipthe an amhrais a aithint.



Merchants of Doubt
Naomi Oreskes, Erik M. Conway
Bloomsbury 2010
ISBN 9781596916104

2020-02-08

Gleann Dá Ghrua

Beannach Bheag faoi Tuar Ceatha

 Tá siúlóid deas i  nGleann Dá Ghrua, ar taobh thoir an Ghleanna. Ar an ndrochuair, tá sé dodhéanta ag coisí teacht ar an gCarrchlós sa Ghleann - tá an N11 ró-bhaolach. 

Ach stopann an 184 i dtreo Bhré ar an nDroichead ó thuaidh den Ghleann. Uair éigin thar an Nollaig, fiabhras botha orm de bharr barraíocht ama ar an dtolg, thóg mé an bus chomh fada leis, é ar intinn agam dul sa bhfiontar leis an ngualainn crua go dtí an carr chlós.

Ach ansin agus mé tar éis an droichead a thrasnú, thug mé faoi deara saighead beag glas i dtreo Lána Bhaile Uí Dhonncha. Lean mé an lána, sách géar i gcoinne an chnoic agus faoi dheireadh tháinig mé ar chosain isteach sa choill (bhí fhios agam a leithéid a bheith ann, mar chuaigh mo mhic ar strae tráth agus  tháinig amach ar an mbóithrín úd)

Tugann siúlóid gairid tríd an gcoill go dtí an tOchtagán tú, agus radharc bhreá ar an ngleann ó fuinneoga an fhothraigh.

Is féidir siúl ar aghaidh ansin, agus ansin casadh ar dheis, agus ag an gcéad gabhal eile ar chlé, timpeall ar imeall Cumann Ghailf Dheilgne. 

Tá crann mór feiceálach toll ar chlé ón gcosán ag pointe áirithe, agus fothrach ar dheis uaidh. Seo an áit a théann cósán tanaí isteach sa choill - ar imeall an Chumainn Gailf fós. Téann an cosán seo comhthreomhar leis an N11. Tá sé géar go maith in áiteanna, agus corr léim de dhíth. Tagann amach faoi dheireadh ar an mbóthar go Deilgne - agus tá stad bhus ar chaon taobh den mbóthar ansin.

Idir trí ceathrú uair agus uair a chloig siúl atá i gceist.

Nó is féidir, mar a rinne mé le déanaí, siúl isteach go Deilgne féin, áit a bhfuil Caife deas - Firehouse  - agus bácús. Tá an cosán coisithe caol agus bíonn ró luas faoi na gluaisteáin, ach tá an caife blasta ag a chríoch. Agus tá stad bhus trasna uaidh ar ais i dtreo Bhaile an Chinnéidigh, nó in aice leis i dtreo Bhré. Tá siopa glasraí orgánacha agus nithe iontacha eile ann freisin - áit thar a bheith baolach...

An tOchtagán

Féinín sa choill

Castar ar chlé ag an gcrann toll

i gCuimhne Éamon de Buitléir

Deilgne

Dónall Dána (Horrid Henry)


Tá cáil ar an gcarachtar Horrid Henry a chruthaigh Francesca Simon. Buachaill beag a chothaíonn mioscais is achrann pé áit a théann sé. Ainspioraid ainriail.

Tá meitheal bhreá aistritheoirí tugtha le chéile ag Cló Iar Chonnacht, agus tá Gaeilge bhreá créúil curtha ar eachtraí is achrann Dónall Dána curtha ar fáil. Beidh léitheoirí idir óg is sean lag ag gáirí faoi na bobanna a bhuaileann sé.

A dheartháirín Learaí gan-locht is mó a bhíonn thíos lena mhioscais. Ach is minic bob buailte ar féin ag a chéile comhraic Peigí Pusach. Tá friotal iontach ar fáil sa leabhar – srón a phiocfá faochain leis ag Róisín Raicleach an múinteoir rince. Agus nach mbeadh sceon ort roimh Bláthnaid Snáthaid, an t-altra allta? Ní bheadh barúil na ngrást agat cén casadh a bheadh sna heachtraí spleodracha greannmhara seo.

Agus gan amhras na focail is léaráidí Tony Ross ag freagairt go hiontach dá chéile.

Fainic gan craos a dhéanamh sa léamh nó beidh ort fios a chuir ar an Dochtúir Drochúlla de bharr tú bheith lag ag gáire!

Tréaslaím a saothar Máirín Ní Ghadhra, Gormfhlaith Ní Thuairisg, Caitlín Ní Chualáin agus Marion Ní Shúilleabháin.

Agus le Cló Iar Chonnacht a bhailigh meitheal chomh cumasach. Shamhlóinn gur mó racht gáire a chroith iad agus na hainmneacha á roghnú agus an chaint á mhúnlú.


Údar Francesca Simon
Léaráidí: Tony Ross
Aistrithe ag : Máirín Ní Ghadhra, Gormfhlaith Ní Thuairisg, Marion Ní Shúilleabháin agus Caitlín Ní Chualáin
ISBN: 9781784441456
Cló Iar Chonnacht

Foilsíodh an mír seo cheana ar Gobblefunked 5ú Eanáir 2017


Éalú as an Lios/An tSióg Mhallaithe

Is maith le m’iníon scéalta faoi síoga; agus faoi daoine óga ag tabhairt dúshlán an saoil mhóir agus ag blaiseadh eachtraí. Tá an dá rud in éineacht san sraith nua seo ó Aoife Ní Dhufaigh.

Sióg óg i Luisne a bhfuil fonn láidir eachtraíocht inti – níl  a cara Deirdre chomh dána céanna, ach leanann sí lorg a cara. In Éalú as an Lios tapaíonn siad an deis dul go dtí an Domhan Thuas nuair a fhágann deartháir Luisne eochair ag luí thart. Tá siad ar bís chun sorcas agus an pictiúrlann a fheiceáil, mar atá léite sna leabhair scoile acu. Baineann siad taitneamh as a gcuid eachtraí i measc na ndaoine, cé go dteipeann orthu sorcas a aimsiú. Ach ansin níl fhios acu conas filleadh ar an lios istoíche!

Cabhraíonn ainmhithe leo áfach, agus tagann siad slán do aintín leo atá pósta ar dhuine.

An tSióg Mhallaithe


San dara scéal tá Luisne agus Deirdre ar bís agus bainis ar siúl sa Lios, agus a col ceathrar ón Domhan Thuas ag teacht. Ach cuireann sióg olc, Macha isteach ar chúrsaí agus fuadaíonn an col ceathrar leath daonna. Tá na sióga ar fad ar a ndícheall é aimsiú – ach éiríonn le Luisne agus Deirdre teacht i gcabhair air. (Rud amháin a bhraith mé bheith as alt anseo – neach fireann is ea Macha, ainneoin an t-ainm).

Tá na scéalta breá spraíúil, eachtrúil agus is féidir le léitheoirí óga ionannú leis na sióga óga. Cé gur léigh mé na leabhair le’m iníon bhí sí breá ábalta dul i ngleic leo í féin. Mar is dula do Leabhar Bhreac tá na leabhair féin snasta idir cló, léaráidí agus dearadh.
Tá na leabhair dírithe ar léitheoirí neamhspleácha thart ar 9 nó 10.

Éalú as an Lios
Aoife Ní Dhufaigh
ISBN: 9781909907966
Leabhar Breac

An tSióg Mhallaithe
Aoife Ní Dhufaigh
ISBN: 9781909907973
Leabhar Breac

Foilsíodh an mír seo cheana ar Gobblefunked ar 19ú Meitheamh 2016


Na Cailleacha

Rinne m’iníon agus cairde léi léirmheas ar an leabhar seo do Léirmheas Leabhar ar TG4. Seo an dara saothair le Roald Dahl atá aistrithe ag Leabhar Breac agus bhí sé ceannaithe agam roimhe sin.

Murab ionann agus Danny Seaimpín an Domhain, ní réalaíoch atá ann leabhar seo ach lán den shamhlaíocht dhorcha aduain ar a bhfuil clú Dahl bunaithe.

Scéinséir atá ann faoi na cailleacha atá ag iarraidh fáil réidh le leanaí. Saineolaí agus sealgaire cailleacha Mamó an reacaire, agus insíonn sí go leor scéalta dó faoi na neacha baolacha seo. Tarlaíonn sé go mbíonn siad, ar ordú dhochtúra, ar saoire cois cósta Sasana san óstán a bhfuil cruinniú bhliantúil cailleacha na Breataine. Ainneoin go rugtar ar an reacaire – buachaill óg- agus go ndéantar luch as, éiríonn leis féin agus a Mhamó an lámh in uachtar a fháil ar na cailleacha, an tArd Chailleach Mhór san áireamh.

Tá idir sceon, eachtraíocht agus greann dorcha san insint, agus cuireann léaráidí Quentin Blake go mór leis na gnéithe ar fad.

Bhain m’iníon an-sult as an léamh, agus cé gur léigh mé roinnt de léi (bhí sprioc am i gceist!) bhí sí maith in ann é léamh.

Bainfidh léitheoirí neamhspleácha óna 9 ar aghaidh sult agus tairbhe as!

Údar: Roald Dahl
Léaráidí: Quentin Blake
ISBN:9781909907881
Leabhar Breac

Foilsíodh an mír seo cheana ar Gobblefunked, ar 2 Deireadh Fómhair 2017

2020-02-06

Dianmhuilte Dé

Cúpla bliain ó shin léigh mé An Uain Bheo le Diarmuid Ó Súilleabháin. Bhí sé maith go leor ach ní raibh mórán spéise agam i laoch an scéil. Rinne mé iarracht ina dhiaidh sin Maeldún a léamh ach chuir an laoch samhnas orm. Níor chríochnaigh mé é. Níor léigh mé faic le Ó Súilleabháin ó shin. Bhí máistreacht ar an dteanga aige gan cheist ach is an son pléisiúr a bhím ag léamh. 

Ach tugadh ardmholadh do Dianmhuilte Dé sa chlár Saol agus Saothar Deichniúr Údar Gaeilge mar sin chuir mé fios air. 

Scéal ó casadh an chéad seo caite suas go cogadh na saoirse. Scéal grá agus streachailte. Aicmeachas, agus achrann. 

Bhí bá áirithe agam leis an príomhcharachtar cé go raibh sé foréigneach taghdach achrannach. Rud a tharraing a chinniúintí air, buille i ndiaidh buille agus casadh bhreá ag deireadh an scéil. 

Léigh mé go craosach é. Tá an chaint ann dúshlánach úr saibhir. Íomhánna áille focail. 

Agus é léite agam braithim nach bhfuair an bhean a mheall sé, agus a thréig sé ar ball iar pósadh, ach ar fhill sé ag deireadh saol, a ceart i gceart. Ach níor léir dom sin agus mé ag léamh. 




2020-02-03

In Ardchathair na hEorpa

Ní mórán leabhair staire a léim i dteanga ar bith, mar sin ní raibh iomrá ar bith cloiste agam faoi Seán Ó Lúing. Tá sé i measc na nÚdar atá faoi chaibidil i sraith raidió Mhairéad Uí Dhomhnaill Saol agus Saothar Deichniúr Údar Gaeilge. Spreag sin mé fios a chur ar a cuimhní cinn ar thréimhse a chaith sé, ar iasacht ó Rannóg an Aistriúcháin abhus, i mbun aistriúcháin ar na Conarthaí a bhaineann leis an Aontas sular ghlac Éireann ballraíocht.

Leabhar spéisiúil atá ann. Tá an teanga ann saibhir, glé, pictiúrtha. Tá sé lán eolais agus spéisiúil mar dhearcadh ar ré atá caite. Léasacha beaga ar meoin atá athraithe go mór. Cailíní na mná a bhí ag clóscríobh dóibh roimh ré na ríomhairí cé nach dócha go raibh bearna mhór aoise i gceist. (Ach b'fhéidir arís go raibh - bhíodh mná pósta á bhriseadh ag an Stáitseirbhís an uair úd.). Mná ag ól píb. Obair go déanach san oíche. An déistin a chuir pógadh oscailte ógánaigh na Bruiséile ar comhghleacaí leis! Trácht ar bhia agus deoch éagsúil. Go leor fuisce ! Turas ar Coláiste na nGael sa Lobháin. Trácht ar foirgnimh. Aighneas idir Pléimeannais agus Fraincis.

Leabhar sách beag ach lán saibhris! 

2020-02-01

Bealach na Spáinneach

Ó chríochnaigh mé I dTír Strainséartha bhí mé ag tnúth fáil amach cén deireadh a bheadh ar eachtra Lúcáis. Idir an dá linn chuaigh Liam Mac Cóil ar strae, seachród tríd An Choill!

Bhuail mé leis anois is arís idir an dá líon agus bhí sé ag treabhadh leis - bhí go leor taighde á dhdéanamh (agus le déanamh) agus tá a thoradh sin le feiceáil sa leabhar mór téagartha seo - 604 lch dlúth!

Táirge snasta mar is dula do Leabhar Breac. Mótháim áfach go mbeadh sé go maith léarscáil an aistir a chuir leis. Lúcás atá i lár na reacaireachta ach baintear úsáid éifeachtach as An Dubhaltach Mac Firbhisigh chun gnéithe den gcúlscéal a insint - comhcheilg laistigh de chomhcheilg a déantar fuascailt cuanna ar ag deireadh tar éis taisteal agus eachtraí.
Ní mian liom aon chuid de phléisiúr na léitheoireachta a scrios, agus is scéinséir iontach atá ann mar sin níl mhillfear an scéal anseo!

Nuair atá pearsan ficseanúil fite fuaite i scéal pearsain mór na staire bíonn an cheist ann i gcónaí tuige nach bhfuil iomrá air! Gaiste atá seachanta go ciallmhar ag Liam san insint seo. Réiteach sochreidte tugtha.

Ní raibh deis agam athléamh a dhéanamh ar an dá imleabhar eile fós - ach is féidir liom a shamhlú go léifinn an scéal ó thús deireadh le fonn arís.

Tá boladh agus blas an 17ú céad déag le fáil anseo, agus tá an cuir síos ar an dtaisteal ana mhaith. Táimid guaille ar ghuaille le Lúcás, ag roinnt imní agus lúcháir araon leis. Ag troid le ráipéir, ag éalú tríd sráideanna, ag éisteacht go cúramach, seal le féasta agus seal le hocras, fuar scaití, agus fliuch... 

Is iontach an rud an tríológ téagartha taitneamhach seo a bheith againn - agus tá mé ag súil go mór é phlé le Liam Mac Cóil féin ag féile Imbolc i gceann cúpla seachtaine. Agus clos cén treo atá a pheann ag dul anois....




Bealach na Spáinneach
Liam Mac Cóil
604 lch; clúdach bog; ISBN 978-1-909907-71-3