Píosaí liom in áiteanna eile:

2020-02-08

Gleann Dá Ghrua

Beannach Bheag faoi Tuar Ceatha

 Tá siúlóid deas i  nGleann Dá Ghrua, ar taobh thoir an Ghleanna. Ar an ndrochuair, tá sé dodhéanta ag coisí teacht ar an gCarrchlós sa Ghleann - tá an N11 ró-bhaolach. 

Ach stopann an 184 i dtreo Bhré ar an nDroichead ó thuaidh den Ghleann. Uair éigin thar an Nollaig, fiabhras botha orm de bharr barraíocht ama ar an dtolg, thóg mé an bus chomh fada leis, é ar intinn agam dul sa bhfiontar leis an ngualainn crua go dtí an carr chlós.

Ach ansin agus mé tar éis an droichead a thrasnú, thug mé faoi deara saighead beag glas i dtreo Lána Bhaile Uí Dhonncha. Lean mé an lána, sách géar i gcoinne an chnoic agus faoi dheireadh tháinig mé ar chosain isteach sa choill (bhí fhios agam a leithéid a bheith ann, mar chuaigh mo mhic ar strae tráth agus  tháinig amach ar an mbóithrín úd)

Tugann siúlóid gairid tríd an gcoill go dtí an tOchtagán tú, agus radharc bhreá ar an ngleann ó fuinneoga an fhothraigh.

Is féidir siúl ar aghaidh ansin, agus ansin casadh ar dheis, agus ag an gcéad gabhal eile ar chlé, timpeall ar imeall Cumann Ghailf Dheilgne. 

Tá crann mór feiceálach toll ar chlé ón gcosán ag pointe áirithe, agus fothrach ar dheis uaidh. Seo an áit a théann cósán tanaí isteach sa choill - ar imeall an Chumainn Gailf fós. Téann an cosán seo comhthreomhar leis an N11. Tá sé géar go maith in áiteanna, agus corr léim de dhíth. Tagann amach faoi dheireadh ar an mbóthar go Deilgne - agus tá stad bhus ar chaon taobh den mbóthar ansin.

Idir trí ceathrú uair agus uair a chloig siúl atá i gceist.

Nó is féidir, mar a rinne mé le déanaí, siúl isteach go Deilgne féin, áit a bhfuil Caife deas - Firehouse  - agus bácús. Tá an cosán coisithe caol agus bíonn ró luas faoi na gluaisteáin, ach tá an caife blasta ag a chríoch. Agus tá stad bhus trasna uaidh ar ais i dtreo Bhaile an Chinnéidigh, nó in aice leis i dtreo Bhré. Tá siopa glasraí orgánacha agus nithe iontacha eile ann freisin - áit thar a bheith baolach...

An tOchtagán

Féinín sa choill

Castar ar chlé ag an gcrann toll

i gCuimhne Éamon de Buitléir

Deilgne