Píosaí liom in áiteanna eile:

2012-07-30

Rangú Page, turscar, agus focal beag draíochta

Rangú Page: Léaráid le Felipe Micaroni Lalli
Tá cáil Google (agus saibhreas lucht a bhunaithe!) bunaithe ar feabhas a inneall cuardaigh - ar an chaoi gurbh iad na torthaí is túisce a luann siad na cinn "is fearr". Tá breithiúnas Google bunaithe ar samhail matamaitice den idirlíon a d'fhorbair na bunaitheoirí ar an ollscoil agus atá ainmnithe as duine acu - Larry Page. Go bunúsach déantar anailís ar na nascanna idir leathanaigh idirlín agus tugtar luach do na leathnaigh de réir an méid naisc atá dírithe orthu, ach freisin de réir "luach" na leathnaigh atá ag nascadh leo; luach atá bunaithe ar an líon naisc atá ag teacht isteach sna leathanaigh sin. Tá cur síos níos iomláine ag Wikipedia (agus ós rud é gur algartam atá i gceist, is féidir muinín éigin a chuir ann - níl mothúcháin i gceist!) . Tugtar Rangú Page ar an algartam.
Ar ndóigh bíonn forbairt i gceist ar an algartam, agus bíonn Google ar a ndícheall lucht turscair a sheachaint sna torthaí. Ach is iad naisc airgeadra an idirlín. Mar sin, bíonn tóir ag lucht turscar ar naisc dá suímh ar mhaithe le boilsciú a dhéanamh ar "luach" a gcuid suímh. Sin an toisc, mar shampla, go mbíonn dris cosain an Captcha romhat agus trácht á fhágáil agat anseo. Dúshláin a bhíonn síor forbairt air, de bharr go mbíonn feidhmchláir lucht turscair ag siar forbairt freisin.
Tá ainm ag ealaín seo ag lucht turscair agus naisc a chuir is a bhaint - Search Engine Optimisation - cuíchóiriú do inneall cuardaigh.  Agus ansin atá dris chosain eile do lucht na Gaeilge - mar is ionann ceannlitreacha an scéim ola nathrach seo agus focail beag úsáideach - SEO!
Suíomh mór le rá is ea Twitter - agus mar sin tá lucht turscar gníomhach ann. Tá sé tugtha faoi deara agamsa agus ag giolcadóirí eile le Gaeilge gur geall le briocht nó ortha an focal úd "seo" - má bhaintear feidhm as i ngiolc, bíonn ar an bpointe cúpla leantóir nua ag duine. Ach is annamh Gaeilge, ná go deimhin ciall, ag na leantóirí seo!
Bím féin ar mo chroí díchill mar sin ag seachaint ortha na turscadóirí. Agus má sciorrann sé uaim, chuirim an ruaig ar an bpointe ar na leantóirí nua seo leis an cnaipe "Fógair ina thurscair"
Agus sin agaibh an frith-ortha!

2012-07-29

Conas cóip de'd bhlag a shábháil

Bhí mír agam ar an ábhar seo cheana, ach ó tharla go bhfuil leagan amach Blogger athraithe ó shin, agus go bhfuil Seán den tuairim go bhfuil a bhlag imithe le gaoth (Chímse fós anseo é!), seo agaibh leagan nua. Mholfainn féin é dhéanamh go rialta.

Níl le déanamh ach an mír "Other" a roghnú ó "Settings" agus ansin "Export Blog". Cuirfear comhad san áit ar do dhiosca crua leis an t-eolas iomlán faoi do bhlag ann.
Sábhálfar an rud ar fad - tagairtí, teimpléid agus uile mar ollchomhad XML.Is deacair ag duine an chomhad céanna a léamh, ach beidh gach rud ann: agus mar a fheictear thuas is féidir é a shú isteach arís i mBlogger. Is i bhfoirm téacs a bheidh aon téacs, mar sin is féidir féachaint ar an gcomhad le gnáth léitheoir téacs, nó le brabhsálaí agus giota a tharrtháil as.

Breis eolais sna comhad cabhrach, anseo

Córas is ea XML (eXtended Markup Language) chun eolas a dhéanamh inléite do chláir ríomhaire; cuirtear breis eolas leis i formaid ar leith - cosúil le HTML don idirlíon. De bhrí gur córas caighdeánach atá ann, tá uirlisí agus modhanna ann chun cuidiú le ríomhchláraitheoirí plé leis go héifeachtach.

Aguisín: Is cosúil go bhfuil fabht le Safari, agus nach bhfeidhmíonn an  modh mar a bheadh duine ag súil leis. In ionad (de bhrí gur féidir le Safari fothaí a léamh) cruthaítear fotha nua le seoladh fearacht feed://www.blogger.com/feeds/[a lán uimhreacha]/archive. Moltar anseo brabhsálaí eile a úsáid. Níl fhios agam bhfuil bealach eile thart air.

2012-07-23

Dúnmharú fileata

Mar is eol daoibh, is maith liom scéalta coiriúlachta. Níl mórán acu sa Ghaeilge. Chroch mé an ceann seo le Liam Ó Muirthile liom ón leabharlann. Mar file is mó atá aithne ar Liam, ach tá úrscéalta scríofa aige freisin, agus ceann ar a laghad acu léite agam. Más buan mo chuimhne is beag adhmad a bhain mé as, ach gach seans gurbh ormsa an locht faoi sin.
Ní cérinneachán atá san scéal seo, mar go dtugtar eolas dúinn faoin dúnmharfóir ón tús. Tá gnéithe den mhodh-scéal póilíneachta ann, ach de bhrí gur gealt é an sraithmharfóir ní a bhuí le modh a leigheastar an scéal. 
Láidreacht an úrscéil seo na léiriú na pearsan agus na mothúcháin acu. Na péas, ón bleachtaire i gceannas, a bhfuil, mar is dual, lúb ina chúlra, go dtí na daoine níos sóisearaí atá ag teacht isteach ar an gceard. Na mion-choirpigh a bhíonn mar fhoinse eolais acu. An dúnmharfóir.
Tarraingíonn an údar focal-phictiúr bheachta láidre dúinn díobh ar fad.
Tríd síos tá íomhánna láidre ann; fiú ag an tús giota nach den scéal in aon chor iad tá siad lán de mhothúcháin. Blaiseann tú smaointe agus mothúcháin na rannpháirtithe.
Molaim é.

Liam Ó Muirthile
Sceon na Mara
ISBN: 978-1-907494-00-0
Foilsithe: 2010
Leathanaigh: 182
€15.00

2012-07-22

Sínte fada agus nithe fánacha eile.

Bhí scéal san Irish Times agus Nuacht RTÉ san tseachtain seo faoin nGaeilge, scéal a chuir cantal orm arís eile. Chuaigh an scéal céanna ar luas lasrach thart ar Twitter, agus Facebook freisin is dócha. Faraor, is minic a chuireann scéalta faoin nGaeilge cantal orm. Ní hiondúil áfach gurbh iad na Gaeilgeoirí atá ag tógáil an cheist a chuireann cantal orm. Rinne sa chás seo áfach. Tá an dúrud scéalta dearfacha le reic ag Comhluadar. Níl fhios agam cé a roghnaigh iad a chuir i láthair an Nuacht RTÉ leis an gclamhsán seo, ar sa bhreis ar an donais, le leagan míchruinn den scéal.
Táimse ag seoladh téacsanna i nGaeilge (agus i nGearmáinis, a bhfuil an rud céanna fíor faoi) le blianta, agus is fíor annamh a chosain sé breis orm.
Is fíor nach bhfuil gach litir le síneadh fada ann mar chuid den tacar GSM. Ach tá gutháin, don gcuid is mó, in ann ionchódú eile a úsáid. Mura bhfuil, seolfar an teachtaireacht mar MMS, atá níos daoire, is fíor sin. Leigheas simplí - faigh fón atá in ann plé le Gaeilge. Tá Samsung ann le comhéadan Gaeilge le roinnt bliain anois. 
Tá gné eile a d'fheadadh cur le téacs a dhéanamh níos daoire. Tá srian 160 beart le SMS. I mBéarla - ar féidir é a scríobh leis an bun tacar - is ionann sin agus 160 litir. Do theangacha nach bhfuil sa bhun-tacar, beidh an srian níos ísle, nó seolfar níos mó na teachtaireacht amháin.
Ach i mo thaithí is fíor annamh is gá an teorainn seo a shárú i ghnáth cumarsáid. 
Mar sin, scéal fánach nach fiú éirithe corraithe faoi atá ann. Go háirithe i seachtain nuair a bhí fíor scéal atá riachtanach don athbheochan le plé - an Acht Gaeltachta. Monuar, ní raibh plé dá laghad anseo san meáin Bhéarla go dtí go raibh sé ró mhall, agus níor pléadh na ceisteanna - rinneadh tuairisciú ar agóid an fhreasúra. Bhrúigh an Rialtas an bille lochtach, lag seo tríd an oireachtas, ag cur srian ar phlé san reachtas. 
Tá géarchéim sa Ghaeltacht; agus má imíonn an Ghaeltacht, beidh foinse thábhachtach cultúr agus inspioráid imithe,  cuma cé mhéid "díograiseoir" Gaeilge nó cainteoir ócáideach nó teaghlaigh Gaeilge atá scaipthe thall is abhus.
Ceist do phobal uile an Stáit seo: ach ró mhinic is i dtéarmaí teip teagasc na Gaeilge sna scoileanna (ceist thábhachtach ann féin, cinnte ach gan baint díreach aige leis an nGaeltacht) nó deontais as Gaeilge a labhairt nó scéal éigin faoi chlamhsán a bhfuil cuma fánach suarach air - fearacht cás na sínte fada - a bhíonn allagar na mbodhar faoin gceist seo.
Tá scéalta dearfacha ann le reic faoin nGaeilge agus an Ghaeltacht. Meallann ceoltóirí de bhunadh na Gaeltachta, fáiscthe as an nGaeilge - leithéidí Clannad, Altan,  Enya - daoine chun na tíre seo. Fásann gnó as an nGaeltacht - leithéidí Aer Arann, abair. Tá comhluchtaí a bhíonn ag obair le TG4 - Telegael, abair -  ag easpórtáil cláir ar fud na cruinne. Tá dreamanna fearacht Daltaí na Gaeilge ag múscailt spéis sa Ghaeilge agus sa Ghaeltacht thar lear, rud a mheallann fámairí chun na tíre seo (agus gnó do leithéidí Litríocht!)
Tá an Ghaeilge dúchasach d'Éirinn. Níl sí dúchasach do gach Éireannach. Is trua sin. Ach is seod de chuid an Stáit í, agus tá gach saoránach i dteideal páirt a bheith aige inti.  Ach rogha atá ansin, ní dualgas. Tá, áfach, dualgas ar an Stáir í a chaomhnú, mar acmhainn éagsúlachta chultúir. Tá éagsúlacht cultúr chomh luachmhar céanna - don eacnamaíocht freisin - agus atá bithéagsúlacht.
Chomh fada áfach agus atá muid ag éirí corraithe faoi nithe fánacha fearacht cúpla pingin sa bhreis ar téacs, go háirithe nuair  atá sé furasta é a sheachaint, táimid ag bronnadh an talamh ard ar ar mionlach glórach  a bhfuil an ghráin acu ar an nGaeilge, agus ag teip teacht i dtír ar an mbá forleathan atá - fós - ann don nGaeilge.
Agus sin mo racht go n-uige seo.

2012-07-20

Tragóid Ghréagach

Agus mé ar mo laethanta saoire ar na mallaibh chroch mé liom scata leabhair ón leabharlann, an t-úrscéal seo ina measc. Ní raibh aon rud leis an fear seo léite agam ná ní cuimhin liom clos faoi fiú.
Bhain mé an-sult as.
Tá leagan bhreá de scéal Icearais mar bhrollach ar an leabhar, ach is dócha gurbh meafar é don gcuid eile den scéal, sa mhéid is go n-imrítear feall ar an laoch ach go dtagann sé as arís agus baineann díoltas amach a mheabhródh   scéal Chúnta Monte Cristo.
Idir eatarthu tá caidreamh idir an laoch agus bean a bhuaileann sé léi sa Ghréig. Caidreamh ar leith.
(Damnú air, tá sé deacair cur síos ar an scéal gan barraíocht a nochtadh a scriosfadh ar léitheoirí eile é!)
As Iarthar Bhéal Feirste Mac an Ultaigh agus bhraith mé uaireanta go raibh sé rud beag ró thugtha do cora cainte ach níl aon cheist ach go bhfuil máistreacht aige ar a fhoclóir agus an scéal á reic aige le fonn.
Tá plota maith ann, atá inchreidte agus léirítear tréithe na gcarachtar a léiríonn cad chuige a tharlaíonn an heachtraí dóibh a tharlaíonn go seoigh. Tá na heachtraí sinn fréamhaithe ina dtréithe, mar sin is tragóid atá i gceist san chiall Gréagach. Sár scéal. Bhain mé an taitneamh as. Beidh saothair eile leis á lorg agam.

Aiséirí an Icearais Anraí Mac an Ultaigh Coiscéim 2004

2012-07-18

Drithleoga dóchais?

Le tamall anuas bhí mé ag cluinstin rianta ón CD seo ar Raidió na Gaeltachta. Thaitin siad go mór liom agus bheartaigh mé iarracht a dhéanamh an CD a fháil. Níorbh léir conas, ach le cuidiú Hannah Rua a bhfuil ríomhaithne agam uirthi tríd Twitter, fuair mé cóip. Tá sé ar fáil sna siopa thart fá Ghaoth Dobhair, ach níl fhios agam conas teacht ar seachas sin - agus is mór an trua sin, mar tá sé thar barr!
Dhá CD atá i gceist - "Na Drithleoga Ceoil" le amhráin agus píosaí ceoil, agus "Na Drithleoga Cainte" - filíocht, reacaireacht agus trí chlár raidió den scoth. Is léir go bhfuil an ithir as ar fás macasamhail Clannad, Enya agus Altan fós torthúil! Coinnígí súil agus cluas amach do Emma Ní Fhíoruisce atá i measc na réalta ar an CD ceoil.
Meascán de amhrán nua aimseartha (uilig, faraor, aistrithe ón mBéarla, fiú ceann a scríobh daltaí de chuid na scoile iad féin) agus traidisiúnta, agus cúpla giota ceoil uirlise atá ar an CD.
Tá meascán deas reacaireachta ar an CD eile, filíocht nua agus sean, greannmhar agus brónach, agus trí chlár raidió thar a bheith gairmiúla, le meascán de ceoil, giotaí cainte stairiúla agus insint. Ceann ar Ghaoth Dobhair, ceann ar Rann na Feirste agus ceann faoin scríbhneoir Máire (Séamas Ó Grianna).
Sa bhreis ar sin tá leabhrán deá dheartha lán d'eolas - focail na n-amhráin, beathaisnéis na n-oirfideach agus araile ann, maisithe le saothar ealaíona na ndaltaí. Tá an leabhrán seo ar fáil i formáid mór chomh maith le mar mion-leabhráin ar aon mhéid leis an clúdach CD.
Tríd is tríd, saothar den scoth. Is léir an tionchar dearfach atá ag RnaG go háitiúil agus ansin dar ndóigh tá an comórtas reacaireachta "An Béal Binn" (tá's agam é bheith ann de bharr tuairiscí ar RnaG - níor chaith mé mórán ama i dTír Chonaill agus ní cuimhin liom riamh bheith i nGaoth Dobhair - is mithid sinn a athrú!)

An t-aon chúis imní dom na ainmneacha na n-oirfideach - Emma, Majella, Michelle ... an bhfuil tuar ansin?

Gairm Scoile: Seachtain na nInnealtóirí 2013

Tá sé i gceist agam imeacht(aí) a reáchtáil i gcomhar le Cumann na nInnealltóirí/An Roth agus Comhluadar le linn Seachtain na nInnealtóirí 2013. Imeachtaí dírithe ar dhaoine óga agus páistí chun suim a spreagadh in innealtóireacht. Bhí sé i gceist agam i mbliana ceardlann a reáchtáil ach theip air de bharr easpa réamhphleanála agus fógra.  Tá rún agam sin a sheachaint an uair seo!
Táim ag smaoineamh ar mheascán de cheardlanna do aoisghrúpaí éagsúla, taispeántais agus b'fhéidir caint oiriúnach, áit éigin lárnach i mBaile Átha Cliath.
Go hiondúil bíonn paistí ag aoiseanna éagsúla ins na teaghlaigh atá bainteach le Comhluadar, is gá mar sin iarracht a dhéanamh freastal orthu ar fad chun go mbeadh deis ag na teaghlaigh teacht.
Chun go mbeidh rath ar an iarracht seo tá gá le moltaí, saorálaithe agus cuidiú eile.
Más féidir leat ceann nó níos mó acu sin a sholáthar, gabh i dteagmháil liom le do thoil - aonghusoh ag gmail ponc com.
Aguisín: 25ú Feabhra go dtí 3 Márta 2013 na dátaí atá i gceist, ach is ar deireadh seachtaine atá mise ag smaoineamh!

2012-07-15

Má bhuaileann ocras sibh ar an Leacht...

Bhí muid ag filleadh ón Clár de Satharn, ach bhí orainn fanacht go mbeadh mac liom réidh le rang píobaireachta ag Scoil Samhraidh Willie Clancy.  Mar sin bhí an maidin le caitheamh áit éigin, dúshlán nuair atá a) an aimsir go holc b) déagóir sa chomhluadar agus c) cailín óg! Ní raibh sé ag stealladh mar sin thug muid aghaidh ar an Leacht, áit a bhfuil trá fhada do (b) le dul ag siúl agus clós spraoi do (c)!
Bhí ocras orainn faoin am a shroich muid é, an dara (nó i mo chás an céad) bricfeasta de dhíth. Ní raibh muid ag súil le mórán ón gcaifé cois trá, ach ambaist, bhí sé go maith!
Bhí bricfeasta Éireannach ag mo bhean, agus bhí uibheagán agamsa. Bhíodar araon thar a bheith dea-fuinte agus  blasta. Bhí arán spéisiúil ag dul leo, bán le ológa ann. Sa bhreis ar an uibheagán bhí sciar bhreá sailéid éagsúla ann, iad ar fad thar a bheith blasta.
Mar sméar mullaigh bhí caife iontach acu, agus uachtar reoite áitiúil!

Nóta dinnseanchais: Eascraíonn an ainm Béarla ar an áit as Leithinis. Is maith ann Logainm, a d'fhuascail an cheist sin dom!

2012-07-14

Léiríonn Lidl Líofacht!

Fógraíocht ag Siopa Lidl san Daingean
Scríobh mé dhá bhliain ó shin faoi bhileog de chuid Lidl a bhí as Gaeilge.Thug mé suntas do na fógraí san siopa san Daingean i mbliana. Is léir nach Google Translate ach duine meabhrach a bhí ina mbun. Is maith liom an leagan amach ar na fógraí dhá theangacha - an Ghaeilge go soiléir chun cinn.
Treise leo!