2020-10-21

Idir dhá shaol


Nuair a bhíonn muid, mar a bhí beagnach gach bliain ó 2003, i gCorca Dhuibhne, is i Saipeál na Carraige a éisteann muid Aifreann an Domhnaigh. Anuraidh nó b'fhéidir arú anuraidh nó b'fhéidir an dá bhliain bhí sagart groí solabhartha spéisiúil ag rá an Aifrinn. Bhí sé le tuiscint óna aithisc gur ar saoire abhaile ó na misean a bhí sé. Nuair a chuaigh an tAthair Ó Murchú ar slí na fírinne níos luaithe i mbliana, bhí cúpla clár ina chuimhne ar an Saol Ó Dheas agus thuig mé gurb é a bhí ann. Luadh go raibh leabhar cuimhní cinn scríofa aige, agus chuir mé fios air ón leabharlann.

Ní raibh díomá orm. 

Cuimhní cinn ar a shaol ag fás aníos i gCorca Dhuibhne agus ag foghlaim a cheird mar shagart sa Chóiré fite fuaite ina chéile. Scéal ag tarraingt scéil. Ceantracha tuaithe sa dá chás agus iad ag athrú go gasta - níos gaiste fós sa Chóiré. Béaloideas láidir iontu. Ach sa Chóiré an Chaitliceachas le hais teagasc Confúiceachas, Búdachas agus págántacht. Tionchar acu ar a chéile. 

Scéalta seoigh agus dáiríre. Tuiscint agus caoine.

Scéal ar leith teacht in inmhe agus chun gaoise. 

Sagart uasal. Leaba i measc na naomh aige. 

2020-10-19

Nuala Ní Dhomhnaill - Selected Essays

Spreag nasc a roinn Caitlín Nic Íomhair chuig aiste le Nuala Ní Dhomhnaill, agus aiste eile a chuir Gregory Darwin chugham ag eascairt as comhrá Twitter faoi mé chun fios a chuir ar an gcnuasach seo d'aistí as Béarla de chuid Nuala Ní Dhomhnaill. Áistí a foilsíodh in irisí éagsúla  - sciar acu i Meiriceá, ach atá cnuasaithe anseo. Buntáiste do léitheori lasmuigh den acadamh nach bhfuil teacht aige ar na hirisí ar líne.

Tá léargas ann ar an ithir as ar fáisceadh a cuid filíochta - go háirithe an seal a chaith sí ina leanbh i gCathair an Treantaigh i gCorca Dhuibhne. Baile fearainn in aice le Trá Fionn Trá. Áit a raibh gaolta aici, sáite sa bhéaloideas. Ansin an searc a thug chun siúl í chun seal a chaitheamh sa Domhan Thoir - seal a thug léargas iomlán eile di, ach a thug ar ais go Corca Dhuibhne freisin í. An imirce ag oscailt súile maidir leis an dúchas agus an bhféiniúlacht.

Sruth láidir cearta na mban agus áiteamh laidir gur cneasú atá de dhíth is ea athnascadh leis an nGaeilge ach freisin leis an mbaineannacht. Baineannacht ar a thearmaí féin seachas tríd criathar smaointeoireachta fireann - spéirbhean, flaithiúnas nó cailleach - ní sin an bhean. Gur gá bealach folláin a thabhairt don fochomhfhios isteach sa chomhfhios nó go réabfaidh bealach neamhfholláin tríd tinneas.

Go hiondúil is ficsean mo rogha leitheoireacht lasmuigh de chúrsaí gairme, agus is annamh go mbíonn ar mo chumas admhaid a bhaint as teoiric. Ach is fotha a cuid filíochta atá sna haistí seo, agus cuireann le mo thuiscint agus bá leis an bhfilíocht.

Táim buíoch do Chaitlín agus Gregory as an spreagadh agus beidh marana le déanamh.


Nuala Ní Dhomhnaill: Selected Essays (ed. by Oona Frawley)

New Island Books, 2005

2020-10-12

Asarlaíocht Khevin, athuair.


Sampla ana mhaith is ea an méid seo thús de phíblíne *nix. Feidhmíonn go leor, leor cláracha de chuid Unix mar scagairí ar chineáil éagsúla téacs, ag déanamh athrú ar an ionchur agus á sheoladh chuig an aschur. Feidhmíonn an siombal "|" már phíobán a nascann aschur an ordú ar chlé le hionchur an ordú ar dheis.

egrep -i -o 'ch?[oó](mh?)?gh?[a-z]*r[a-z]*d[a-z]*s' sonrai/ga-tweets.txt | tolow | sed 's/^ch/c/' | sort | uniq -c | sort -r -n | sed 's/^ *[0-9]*//' | tr "\n" " " | fmt


Clár is ea "grep" - seasann an ainm do "globally search for a regular expression and print matching lines", bunaithe ar an ordú g/re/p atá san eagarthóir luath ed. Nuair a chuirtear "e" roimhe, is dóigh é chun an leagan de na slonn rialta atá le húsáid a sainmhiniú. Is éard atá i gceist le "slonn rialta" ná pátrún chun teaghráin ar leith a lorg. Sa chás seo is 

ch?[oó](mh?)?gh?[a-z]*r[a-z]*d[a-z]*s

an slonn rialta. An t-oideas atá i gceist ná:

  • lorg "c";
  • leanta ag ar a mhéid "h" amháin;
  • leanta ag "o" nó "ó";
  • leanta ag "m" agus ar a mhéid "h" amháin, uair amháin ar a mhéid;
  • leanta ag "g" agus ar a mhéid "h" amháin;
  • leanta ag líon anaithnid litreacha idir a agus z, ceann ar bith san áireamh  => [a-z]* ;
  • leanta ag r;
  • leanta ag [a-z]* arís;
  • leanta ag d;
  • leanta ag [a-z]* arís;
  • leanta ag s.
Maidir le [a-z] fuair mé soiléiriú ó Kevin. Tá rud ar a dtugtar logchaighdeán ann, agus bíonn tionchar aige sin ar conas mar a chaitear le litreacha, airgeadra agus am.

Ar ríomhaire Kevin is ga_IE.utf8 (Gaeilge, Éire, ionchodú Unicode de réir UTF-8) atá roghnaithe, mar sin is ionann [a-z] agus aon litir a úsáidtear as Gaeilge. Ach san ceann bunaidh "C" ní bheadh i gceist le [a-z] ach na litreacha sin amháin. Léiríonn an méid thíos seo - le ga_IE.utf8 aimsíonn [a-z] í; gan é ní haimsíonn.

$ echo "Caoimhín" | egrep '^Caoimh[a-z]n'
Caoimhín
$ echo "Caoimhín" | LC_ALL=C egrep '^Caoimh[a-z]n'
$

Ciallaíonn "-i" go ndéantar neamhaird ar chás na gcarachtair; agus ciallaíonn "-o" nach mbeidh ach an méid a mheatsáileann san aschur. Mar sin, aschur

egrep -i -o 'ch?[oó](mh?)?gh?[a-z]*r[a-z]*d[a-z]*s' sonrai/ga-tweets.txt

ná na focail ar fad sna giolcanna atá de réir an oidis.

Cuireann tolow iad ar fad i gcás íochtar.

Tá slónn rialta i gceist le

sed 's/^ch/c/'

freisin.
Eagarthóir is ea "sed" - "stream editor". An oideas atá i gceist an seo ná "c" a chuir in áit "ch" chomh fada is atá an "ch" ag tús "^" an teaghráin. Déanann sin cúraim de na leagancha séimhithe.

Déanann sort mar a shamhlófa, na línte a chuir in oird aibítre.

An toradh ar "uniq -c" ná na línte uathúla agus áireamh gach líne acu rompu.

Cuireann "sort -r -n" an toradh sin in ord uimhríochta, ó ard go híseal (i. r = droim ar ais)

sed 's/^ *[0-9]*//': faigh réidh leis na huimhreacha.

tr "\n" " ": cuir spás amháin in áit deireadh líne

fmt: déan formaidiú ar an iomlán san slí is éifeachtaí. Agus sin agaibh an liosta!







2020-10-08

Niamh

Ós rud é gur bhain mé taitneamh as An Craosdeamhan agus Eisirt, shocraigh mé Niamh a íoslódáil freisin ó Chorpas ARÉ. Athinsint Peadar Ua Laoghaire ar Cogadh Gael re Gall atá ann, na himeachtaí a raibh Cath Chluain Tairbh agus bás Bhrian Ború mar deireadh leo.

Níl mé cinnte, ach ní dóigh liom gur pearsa stairiúil í an Niamh, iníon leis an rí Tadhg Mór ua Cealla, rí Uí Mháine. Brian féin, a mhac Mhurcadh, dearthair le Niamh Tadhg (níl mé cinnte arbh ann dó go stairiúil  ach oiread), Gormlaith bean Bhrian agus máthair Sitric rí Áth Cliath agus deirfiúr le Maol Mórdha Rí Laighean. Tá mac (neamhstairiúil ?) le Gormlaith - Amhlaoibh - lárnach san insint freisin. 

Tá cnámha maithe sa scéal, teannas agus spiadóireacht agus comhcheilg idir prionsaí a raibh gaoltá líonmhaire pósta eatarthu ainneoin iad a bheith ina nGael nó a Lochlannaigh faoi seach. 

Ach ar an drochuair tá laigí go leor leis mar úrscéal. Barraíocht insint seachas léiriú; agus teipeann ar dar liom Niamh a chuir i lár an scéal mar ghníomhaí seachas mar ceithearnach. Bheadh an scéal mórán mar an gcéanna ach í a bhaint as. Bíonn cuid de na hiarrachtaí í nascadh leis an aicsean dochreidthe ar fad - spiairí ag tuairisciú di chomh maith le do Bhriain ach gan é soiléir cén éifeacht a bheadh aige sin. Agus tá sí i bhfad ró "naofa" dáiríre. 

Agus déanann an tAthair Peadar barraíocht seanmóireacht; tá seobhaineachas láidir creidimh agus Gaelachas ann. Bolscaireacht a bhí feiliúnach i 1910 b'fhéidir ach atá sách ait do léitheoir na linne seo.

Tá ábhar iontach urscéil stairiúil ann - ach ní hé Niamh an toradh ceart. D'fhéadfaí an plota a thógáil, an bolscaireacht a bhaint as, agus úrscéal fearacht Cluiche na Corónach a dhéanamh as a bheadh iontach láidir.