Píosaí liom in áiteanna eile:

Posts mit dem Label corca dhuibhne werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label corca dhuibhne werden angezeigt. Alle Posts anzeigen

2023-07-14

Camchuairt Dhuibhneach - Baile na mBroc Rua

Mar a dúirt mé ar bhlagmhír eile, chaith mé proinn Tigh Áine ar mo shiúlóid ón Daingean go dtí an Buailtín. Níl an proinnteach á reáchtáil ag Áine níos mó, í éirithe as tar éis nach mór leathchéad bliain. Braithfidh mé uaim samhlaíocht agus úire a mbiachlár - ba chuid de dheasghnátha ár saoire le scór bliain béile amháin ar a laghad a chaitheamh ann.

Ach ní taobh le healaíona na cistine atá Áine. Bhí fógra sa bhialann go raibh ceannach ar a healaíon sa teach. Ní raibh sé i gceist agam mórán a chaitheamh ann ceal áit a chrochta, ach thapaigh mé an deis comhrá. Isteach liom mar sin agus bhuail an chloigín le fios a chur ar Áine. Tá áthas orm go ndearna.

D'inis agus thaispeáin Áine a togra geimhreadh dom. Staidéar i seacht bpictiúr ar an áit a tugtar Baile na bPoc agus An Slios, bóthar fhada díreach faoi bhun Ceann Bhaile Dháith go dtí Cuas an Bhodaigh.

Scéal achrannach pleanála Bhreandán Uí Bheaglaoich cuid den spreagadh a bhí aici, agus súil aici gur féidir lena healaíon cabhrú cuir ina luí ar an gComhairle Chontae gur córas fiúntach tithíochta an chlachan, cnuasach tithe ar aon láthair, mar a bhíodh sa cheantar fadó agus daonra i bhfad níos mó ann ná mar atá anois - ach nach bhfuil clann na daoine a bhfuil cónaí orthu sa cheantar cead pleanála a fháil chun tógáil ar a dtalamh féin. Breis luach ar an radharc agus gnó na turasóireachta. Barraíocht tithe saoire a bhíonn folamh ar feadh caoga seachtain sa bhliain. Iad gan a bheith ar fáil do bhuanchónaí agus mí-oiriúnach ar aon nós.

Chuaigh Áine i mbun cainte le muintir na háite agus chruinnigh stairseanchas agus dinnseanchas. Ina measc sin gur Baile na mbroc rua atá ar an mbaile fearainn. Pór ar leith broic ann más fíor. Níl fhios agam cén bunús atá leis sin ach feicim leaganacha taifeadta ag logainm fearacht Ballyvicrobuck.

Bhailigh Áine scéalta, agus íomhánna ón áit agus ón dá chlár teilifíse a raibh baint ag Breandán leo agus rinne seacht bpictiúir a léiríodh um Cáisc san taispeántas i mBaile an Fheirtéaraigh.

Eastát tithíochta na Gaeltachta mar fotheideal ar ceann acu. Meabhrú go bhféadfadh an córas pleanála fónamh do pobal na háite gan dochar don dúlra ach beagán samhlaíochta a léiriú. Agus d'fhéadfaí freisin seirbhísí a sholáthar ann. Ní leor an tírdhreach ar aon nós chun turasóirí a mhealladh - is an ceol agus na healaíona a spreagadh an spéis, agus is iad muintir na háite ceárta an chultúir sin. 

Go bhfaighe sí éisteacht!

Chroch mé liom cúpla cárta bunaithe ar ealaíon Áine - aimseoidh mé áit fiúntach dóibh, tá súil agam. 

Camchuairt Dhuibhneach - An Díseart agus a ghairdíní

Lámh le Eaglais Mhuire i lár bhaile an Daingin, tá Clochar na Toirbhirte. Ord a bhunaigh Nano Nagle, bean óg ón meánaicme Chaitliceach i gCorcaigh, d'fhonn oideachas a chur ar clann na mbocht d'fhonn cuidiú leo éalú ón mbochtaineacht céanna. Níl fhios agam cén fhad a mhair an clochar sa Daingean. Bhí scoil cailíní bainteach leis go dtí gur cónascadh é le scoil na mbráithre agus gur bunaíodh Pobalscoil Chorca Dhuibhne. Tá cuntas ar an stair sin ar suíomh An Dísirt. Tá cuntas eile ar an stair i reilig na siúracha sa ghairdín, crosanna iarainn teilgthe le dath bán orthu faoi scáth chrainn mór láidir. 
Sna 1920í a rinneadh athchóiriú ar séipéal an chlochair agus fuinneoga áille daite ó Studio Harry Clarke ann. Níl fhios agam an é an áilleacht sin a spreag na forbairtí ealaíne atá déanta ó shin. Nuair a tháinig Pádraig Ó Fiannachta, beannacht Dé lena anam, mar shagart paróiste go dtí an Daingean tar éis tréimhse fada ina ollamh i Má Nuad bhunaigh sé an Díseart. Fuair sé an foirgneamh agus na gairdíní ar léas ó na siúracha agus diaidh ar ndiaidh dhein forbairt ar ionad ealaíne agus cultúir atá ina oileáin suaimhnis i lár fothragadh an Daingin. Sa lá atá inniu ann, bíonn cúrsaí á reáchtáil ag Ollscoil ó Mheiriceá ann, ach é oscailte don phobal freisin, agus ócáidí eile ar bun. Is annamh agus mé sa Daingean nach gcaithim seal sna gairdíní ag teacht chun suaimhneas. 
An uair seo áfach bheartaigh mé súil a chaitheamh ar an bhfoirgneamh féin, rud nach raibh déanta agam le blianta fada. Táille trí Euro a gearradh orm. Sa bhreis ar an séipéal, tá saothair eile ealaíne san áit. 
Bhí an freascó den suipéar déanach feicthe cheana agam, pictiúir a bhain úsáid as muintir agus radhairc an cheantar mar mhúnlaí. Tá cúpla múrmhaisiú eile tagtha ó shin, mná agus fir agus radhairc na háite úsáidte chun scéalta bíobalta a léiriú. D'aithin mé aghaidh nó dhó! 
Agus tá seomra ar leith atá maisithe le radhairc ó shaol Nano Nagle. An casadh ó saol an tsó agus rachmais i dtreo freastal ar na mbocht. 

Ach is iad na gairdíní, a bhfuil forbairt déanta orthu de réir a chéile, an seod. Gairdín oscailte thart ar an séipéal agus dhá ghairdín le balla thart orthu laistiar. Sa ghairdín lasmuigh tá gairdín céadfach curtha le plandaí a mheallann pailneoirí. Agus tollán saileach thart air. Bheadh suaimhneas le fáil ann, seachas go gcuireann lus liath gallda (Lavandula angustifolia) ag sraothartach mé. 

Sa chéad garraí daingean tá cosán ar cathair gríobháin é, crann úll in aice leis agus roinnt binsí. Gairdín an urnaí a tugtar air agus tá ainm ar an gcosán atá éalaithe uaim - rilleach, sílim. Is áit suaimhneach atá ann le suí tamall agus urnaí nó marana a dhéanamh. Faoi láthair tá dornán dánta de chuid Bhríd Ní Mhóráin as Flóra na Samhlaíochta crochta ar na ballaí freisin - spreagadh midheamhna. 

Tá an garraí daingean ar cúl speisialta ar fad. Chuir teaghlaigh áitiúil crainn dúchasacha chun doire beag a chruthú - caorthann agus beith. Baineadh athúsáid as sclátaí ón gclochar chun ainmneacha teaghlaigh agus manaí a bhuanú ag cos na gcrann. Tá bothán beag agus réiteach i gcúinne an gharraí chun gur féidir ceolchoirm nó a mhacasamhail a eagrú (rud nár bhlais mé fós). 

Tá breis eolais faoin dtogra ar shuímh an Dísirt

Seod ceart an t-iomlán. Tá súil agam go leanfaidh an forbairt agus feabhas i dtiúin le fís Phádraig Uí Fhiannachta. Draoi agus saoi, leaba ar dheis Dé i measc na naomh agus na hollúna aige. Agus go méadaí Dia toradh a shaothar agus an tinfeadh a thug sé. 

2023-07-09

Camchuairt Dhuibhneach - ón mBaile Breac abhaile


Bhí an ciúnas diamhair sa teach liom féin sa Bhaile Breac, ach chodail mé sách maith. Chaith mé bricfeasta leis an méid bia a thug mé liom agus bhuail an bóthar go dtí an Daingean. Bhí radharc bhreá ar Loch Corr Áillí ar an gcéad cnoc a bhí le sárú, agus ansin ar aghaidh go dtí an Daingean ar bhóthair díreach measartha gnóthach. Rug múr arís orm ach bhí an feisteas cuí agam. Níor mhair sé ró fhada. 

Faoi dheireadh bhí an bhóthar curtha díom agam agus an Daingean bainte amach. Rinne mé caol díreach ar Bean in Dingle chun caife fiúntach a ól. Agus mheall cáca fraocháin mé - ní raibh sé ró mhilis! Bhí mé ag fánaíocht thart ar feadh tamaill ansin. Fuair mé sú folláin ar bhonn bhiatas dearg ansin i mBóthar na Trá. I bpróca, d'fhonn bruscair a sheachaint! 

Chaith mé seal san Díseart agus sna gairdíní ann, ach tá blagmhír dá chuid féin dlite dó sin. Bhí mé beagnach ag tús an scuaine nuair a d'oscail an Fishbox um a leathuair tar éis an dó dhéag. Béile den scoth. Cupán chabhdar mar réamhchúrsa agus curaí bráthair agus cloicheán. Thar a bheith blasta. Bhí an áit iontach gnóthach. Agus mé ag fágadh chuala mé teaghlach ag beartú cad le déanamh - bheadh fanacht nócha nóiméad sa scuaine rompu! Deas rath a fheiceáil ar ghnó áitiúil (agus is i nGaeilge a rinne mé mo ghnó leo). Milseoga Uí Mhurchú ansin don mhilseog. 

Is ansin a thosaigh an taisteal. Bus ón Daingean ag 14:00. I Trá Lí thart ar a trí. Ní raibh an traein le dul go dtí an cúig. Chaith mé tamaill i siopa caife deas. Dathanna na hÚcráine, shílfeá. Chuir mé ceist. Comhtharlúint. Dathanna roghnaithe sé mhí sular thosaigh an t-ionradh is déanaí. Cúis mearbhall do theifigh! Caife ana bhreá. Ní raibh mórán fonn siúil ná turasóireachta orm, chaith mé an chuid eile den fanacht ag léamh sa stáisiún. Ar an ngléas ilfheidhmeach úd ar a bhfuil seo á scríobh agam! 

Traein go Mala. Ar aghaidh go Heuston. Ann tar éis an naoi. Luas go Busáras. Fanacht arís ar bhus 22:15. Oibreacha bóthair ar an N11. Beagnach meáin oíche sular bhain mé an baile agus an leaba amach. Turas taitneamhach mar sin féin. 


2023-07-06

Camchuairt Dhuibhneach - Cosán na Naomh go Barr Turasa

Chodail mé go breá i Tigh an tSaoirsigh agus dhúisigh réidh do bhreis eachtraí an maidin dar gcionn. De ghnáth seachnaím pónairí sa bhricfeasta Éireannach, ach ó tharla go raibh siad ar an bpláta d'ith mé iad agus gach pioc eile a bhí air, maille iógart agus fraocháin. Breosla don lá! 

Ansin d'éist mé Aifreann i Séipéal Naomh Uinseann roimh bóthar a bhuaileadh. Fuair mé cupán caife sa Mhúsaem le tabhairt liom. Thug mé cuairt tapa ar roinnt cairde a bhí ar lóistín i Tigh Bhric. Bhí mé tar éis buaileadh le duine acu an lá roimh ré sa Bhuailtín. Tar éis seal ag comhrá shiúl mé síos an bóthar go dtí an Trá agus ansin feadh trá an Mhuirigh go dtí an cosán glas a théann go Gallarus. 
An bóthar mór le trasnú, agus sin bóthar díreach in airde go dtí Lios Deargáin. Is san áit a thagann cosán idir dhá fhál ard amach ar an mbóthar a bhuail mé le cosán na naomh. Agus le Frank agus Bill, dís Meiriceánach a bhí amuigh ag siúl agus mearbhall orthu cá raibh an bealach ceart. Ghiorraigh muid an bóthar dá chéile i gcoinne an chnoic. Bhí sé beartaithe acu siúl chomh fada le Rinn Chonaill ar a laghad. Mhol mé dóibh leanúint ar aghaidh go dtí an Bóthar, greim bia agus dí a fháil, agus tacsaí a fháil ar ais go dtí an carr a bhí i nGallarus. Bhí orthu bheith ar ais san Daingean tráthnóna, áit a raibh na mná ag siopadóireacht agus bialann in áirithint. 
Ó Lios Deargáin leanann Cosán na Naomh bóthar sách gnóthach chomh fada le Cill Mhaolcheadair. 

Thaispeáin mé iontais Cill Mhaolcheadair dóibh, an clog gréine is na clocha ogham. Agus corr uaigh a bhfuil suntas tugtha agam dóibh thar na blianta, ina measc uaigh oide scoile ar a bhfuil greanta Níl san saol seo ach naíscoil na síoraíochta. Mana a sciob mé roinnt blianta ó shin do bhileog sochraide mo mháthair, a raibh naíscoil aici féin ar feadh na mblianta. 

Suas linn go Rinn Chonaill ansin, a bhí níos tirime ná mar is gnách. Radharc iontach ar Chuan Ard na Caithne fúinn. Nuair a bhí barr an chnoic bainte amach, bhí cinneadh le déanamh ag Bill agus Frank. Chuir mé scairt ar Mhuiris sa Bhóthar le cinntiú go raibh an bialann ar oscailt, agus go mbeadh sé in ann tacsaí a eagrú dóibh. Bhí agus bheadh. B'shin an cinneadh déanta agus leanamar triúr ar aghaidh síos go Corr Áillí agus amach arís ar an mbóthar, nach raibh ró ghnóthach.

Bhi go maith, ach gur rug múr trom báistí orainn. Bhí na cótaí báistí againn áfach. Scar mé leo ag Droichead an Bhaile Bhric agus thug aghaidh ar an dtigh ina mbeadh an oíche á chaitheamh agam. 


Bhain mé an teach amach, agus ainneoin go raibh sé folamh níos faide ná bliain - cúrsaí sláinte ag bac an úinéir - ní raibh cuma ró olc air. Bhí imní orm go mbeadh uisce tar éis teacht isteach sa gheimhreadh, ach má tháinig bhí sé triomaithe le fada agus seachas neart deannaigh agus damhán alla bhí an áit go breá. D'fholmhaigh mé mo mhála droma agus d'ith roinnt núdal gasta a bhí ceannaithe sa Bhuailtín agam. Bhí an múr glanta agus bhí breis fuinnimh agam le tabhairt faoin gcnoc. 

Ó charr chlos an Bhaile Bric tá an bealach go Barr Turasa marcáilte go maith le cuaillí bána agus turas na Croise - ceithre chinn déag de chrosanna. Bhí mé ag an tríú cros nuair a thuig mé go raibh cadhnra breise liom maith go leor, ach go raibh an cábla fágtha sa tigh agam. Mhúch mé an fón chun an cadhnra a chaomhnú, rud a d'fhág nach raibh deis agam pictiúir a ghlacadh. Ba thrua mar is annamh, ainneoin na scamaill íseal, go raibh radharc chomh breá agam ar an siúlóid. Bhí Com an Lochaigh iontach soiléir, agus an balla atá tógtha gar d'imeall an Ghéaráin. Bhí radharc éigin ar Sliabh Mis agus Trá Lí. 

Bhain mé amach Barr Turasa. Las mé an fón le pictiúr a ghlacadh. Bhí na Machairí iontach soiléir agus radharc chomh fada le Ceann Léime an Chláir. 

Chas mé i dtreo an Chósta ansin, fán droim go Piaras Mór. Bhí radhairc iontacha ann ar na haillte géara agus na locha dorcha ar thaobh an Leitriúgh den Sliabh. Nuair a bhí an mám ag Airghleann bainte amach agam, áit a bhfuil gallán ogham cuanna, is ea thuig mé nach raibh an fón múchta i gceart agam, agus an cadhnra ídithe go hiomlán. 

Ní raibh mé ró shásta liom féin. Síos isteach go Baile na hAbha liom ansin, ar shlí Chorca Dhuibhne arís. Ar aghaidh ar chúl bhóithre ansin go dtí Teach Tábhairne an Bhreathnaigh ar an mBóthar. Bhí sé gnóthach go maith, agus bean ón Úcráin ag cabhrú le muintir an Tí. Bhí uaineoil breá rósta agam, agus crumble biabhóige. Agus pionta de dhéantús Tí Bhric. 

D'fhill mé ar an dteach sa Bhaile Breac ar chúl bhóithre agus bóthar glas. 

Cith maith agus coladh sámh, cé go raibh an ciúnas agus mé sa teach liom féin cineál diamhair! 



2023-07-04

Camchuairt Dhuibhneach - Slí Chorca Dhuibhne ón Daingean go dtí an Buailtín

Ainneoin m'imní, faoin gcleas óg spleodrach san suanlios liom, chodail mé go maith san suanlios, agus níor dhúisigh mé ach anois is arís feadh na hoíche agus daoine ag bogadh thart. Bhí mé i mo lán dhúiseacht go luath áfach agus rinne mé iarracht cith gairid ciúin a ghlacadh agus sleamhnú as an seomra le mo chip is mo mheanaithí d'fhonn an mála droma a phacáil i gceart don mbóthar thíos. Bhí bricfeasta simplí ar fáil óna hocht - Muesli agus arán, mar a bheinn ag súil leis don luach íseal a d'íoc mé as an lóistín. Torthaí freisin. Ní raibh caife ceart ar fáil, áfach. Bhí fhios agam go mbeadh Bean in Dingle oscailte um a naoi. Thug mé roinnt moltaí siúlóide do bhean na Gearmáine agus chuir chun bóthair, via an siopa Beatha áit ar cheannaigh mé dhá rollóg aráin agus "seilmide" cainéal don mbóthar. Bhí úinéir an tsiopa cloiste agam tamall roimhe ar an Saol ó dheas nuair a ghlac sí ar lámh é ó bhácús Bhréanann ( cé go bhfuil a dtáirgí fós ar díol ann, maille táirgí bia eile ón gceantar). Bhí fhios agam dá réir ná beadh deacracht gnó a dhéanamh trí Ghaeilge. Fuair mé mo chupán caife líonta trí Ghaeilge freisin i Bean in Dingle agus ansin bhuail mé an bóthar amach tríd Baile an Mhuilinn ar Slí Chorca Dhuibhne. Ar chúl bhóithre cúpla ciliméadair lasmuigh den Daingean, go dtí Ceann Trá. Breá ciúin. Téann an bealach marcáilte suas go Mám an Óraigh ó Ceathrúin an Phúca, ach lean mé orm ar an mbóthar toisc go raibh píosa fada romham. 
Ag Ceann Trá bhí mé ar an slí marcáilte arís, agus den bhóthar ar feadh seal. Síos chun na Trá agus feadh an trá ar feadh píosa fada. Ghlac mé sos ag an carr chlos ag taobh Ceann Trá den trá, áit a raibh binse le díon, chun an caife a ól agus an seilmide cainéal blasta a ithe. Ar aghaidh liom ansin ag siúl ar an ngaineamh faoin snáth mara, áit a raibh sé crua agus níos fusa siúl. Chonaic mé neart bolgán nádúrtha nach raibh feicthe agam cheana. Feamainn ar a dtugtar gadaí oisrí Colpomenia peregrina. Faigheann sé a ainm toisc, má nascann sé le hoisre óg, go scuabtar iad araon chun siúil nuair a líonann an bolgán le gás. 

Ag deireadh an trá tá siúlóid measartha taitneamhach ar chúlbhóithre agus bóithre glasa go dtí Cill Mhic an Domhnaigh. Faraor, de bharr aighneas le feirmeoir áirithe (bhí argóint fíochmhar ag m'athair féin leis breis is deich mbliana ó shin nuair a bhíomar ag leanacht sean mhapa sa treo eile) tá an slí ar bhóthair mór Slí Ceann Sléibhe chomh fada le Fán. B'shin an chuid is lú taitneamh den siúlóid, carranna agus uaireanta busanna ag dul tharam ar luas mhaith. Ar a laghad is i dtreo Dhún Chaoin a bhí formhór mór na tráchta ag dul. Bhí mé ana shásta Fán a bhaint amach agus tabhairt faoin gcnoc. Tar éis píosa ar cúl bhóthar is ar cosáin a bhí an slí, in aice le fallaí cloiche. Radharc anuas ar an mbóthar agus ar an bhfarraige. Neart fothraigh clocháin le feiceáil. 
 
 
Diaidh ar ndiaidh agus mé ag dul thart ar Ceann Sléibhe, go hard os cionn trácht na gcarr is busanna, agus ainneoin na scamaill, bhí radharc agam ar na Blascaodaí. Go gairid roimh Com Dhineoil bíonn an slí ar an mbóthar arís. Sos gairid ag Carrchlós radharc na mBlascaod. 
Píosa ar an mbóthar arís ar feadh roinnt céadta méadar - trácht sách trom. Faoi dheireadh, in aice leis an seanreilig, aicearra ar cosán glas go dtí an tseanbhóthar. Os rud é nach raibh mé sa reilig cheana bheartaigh mé cuairt a thabhairt ar uaigh Pheig. Agus gan amhras cos amháin a chuir ann agus cos eile ar a bhruach.... 

Bhí siúlóid suaimhneach go maith as sin go dtí Cé Dhún Chaoin. Fuair mé caife oighreata ó sheastán Cupán Sé. Agus mé á ól bhuail lánúin Meiriceánach bleid orm, ag fiafraí an raibh mé tar éis tosú ón nDaingean ar maidin. Bhí mé feicthe ceithre uaire acu fán mbealach.... (Choinnigh mé orm ag siúl, gan aon sos ró fhada ó mhaidin. Is dócha gur stop siadsan go minic). 
Seachas dul suas i dtreo Cruach Mharthain, mar a dhéanann Slí Chorca Dhuibhne, lean mé Siúlóid na Cille fán aill. Ní raibh braon i dtobar Ghobnait! Ar an ndroim ansin bhuail mé le Slí Chorca Dhuibhne arís agus síos liom go dtí an Ghráig. Bhí mé ag súil le béile Tigh Áine. Faraor tá Áine imithe ar scor tar éis daichead a seacht bliana i mbun caife. Is ann don gcaife faoi bhainistíocht nua - ach níl an bhiachlár chomh folláin neamhghnách spéisiúil is a bhíodh. Bhí an chabhdar blasta mar sin féin. Agus is Áine a sholáthraíonn na scón fós. Murach an t-amhránaí bailéad Béarla a bhí do mo bhodhrú... 

Bhí fógra go raibh Áine fós i mbun gailearaí sa sean teach. Bhuail mé isteach agus bhí dreas bhreá comhrá againn faoin sraith pictiúir a rinne sí sa gheimhreadh faoin Slios - an bóthar idir Baile Dháith agus Cuas an Bhodaigh, áit a bhfuil áit cónaithe Bhreandáin agus Séamus (beannacht Dé lena anam) Ó Beaglaoich agus a gclanna. Baile na bpoc a tugtar air, ach de réir thaighde Áine is Baile na mbroc rua atá air ó cheart. Spreag eachtra Bhreandáin leis an gcóras pleanála agus na deacrachtaí atá ag muintir an bhaile fós tithe a thógáil chun sraith pictiúir den gceantar a dhéanamh. Bhí comhrá ana bhreá againn. 
Ar aghaidh liom ansin ar an mbóthar go dtí an mBuailtín, gan bacadh le slí Chorca Dhuibhne a théann an timpeall. Casadh bean na Gearmáine liom a bhí tar éis an siúlóid a mhol mé a dhéanamh seachas gur éirigh sí as lúb Chuas na Nae toisc go raibh an ghaoth chomh láidir ar thaobh na haille! 

Rug cith trom báistí orm píosa síos an bóthar. Lean mé orm. Tar éis tamaill thairg fear síob dom. Ghlac mé buíochas leis ach dúirt go raibh mé nach mór ag ceann scríbe agus nach bhféadfaí mé a fhliuchadh níos mó ar aon nós! 

Bhain mé amach Tigh an tSaoirsigh, áit a raibh lóistín agam. Cith breá te. D'amharc mé thart ar an sráidbhaile beagán, roimh socrú béile a ithe Tigh an tSaoirsigh agus dul a luí sách luath! Is dócha go raibh mé i mo chodladh go sámh, mar níor chuala mé faic ón dtábhairne. 

Ana lá siúlóide. 



2023-07-02

Camchuairt Dhuibhneach - An Daingean


 Bhí súil agam, ó tharla gur ar Aoine a thit Oíche Shin Sheáin i mbliana, deis a bheith agam freastal ar an tine chnámh ag an Teampall Geal sa Bhaile Riabhach. Ar an mbunús sin rinne mé socruithe deireadh seachtaine fada siúlóide in Iarthar Dhuibhneach a dhéanamh agus ghlac mé an Aoine agus an Luain saor ón obair. I rith na seachtaine áfach fógraíodh ar an Saol ó Dheas go mbeadh an tine chnámh ar an gCéadaoin, oíche an ghrianstad, ó tharla go raibh tuar na haimsire don Aoine go holc. Bhí mo chuid socruithe déanta agam áfach, lóistín agus traein in áirithe, mar sin bheartaigh mé tabhairt faoin dturas ar aon nós. D'fhág mé an baile dá réir chun bus go lár na cathrach a fháil ag 06:30. Ag busáras thóg mé an Luas dearg go stáisiún Heuston. Bhí mé ann thart ar a hocht agus gan an traein le fágáil go dtí a naoi. B'shin mórán mar a bhí beartaithe agam chun ná beadh brú ama ar bith orm. Bhí bricfeasta Éireannach agam san Galway Hooker ar mo shuaimhneas. Bhí mo thicéad bailithe agam ag an t-inneall roimh ré. Agus, iontas na n-iontas, Ó clóbhuailte i gceart. Mar a bhí os cionn an suíochán traenach. 

Bhí lánúin ón nGearmáin trasna uaim chomh fada le Mala. Iad ag dul chun tamall saoire a chaitheamh i lóistín féin fhreastail in Áth na Caisle, gar do Chaisleáin Ghriare. Comhrá a ghiorraigh an t-aistear. Athrú i Mala, ó ardán amháin go ceann eile. Ar aghaidh go Trá Lí ansin. Uair a chloig le fanacht ar bhus an Daingin. Gan mórán fonn orm siúl thart. Cupán caife ón seastán. Aisteach nach raibh siad sásta mo chupán a líonadh. Líon mé féin é agus thug an cupán aon uaire ar ais dó. Níor chreid sé go mbeadh iachall air amach anseo cupán athúsáide a líonadh. Tá súil agam go bhfuil dul amú air - cupán aon uaire, buidéil plaistigh agus buta toitíní nó na vapeanna mallaithe aon uaire formhór an bhruscair a fheicim agus é uilig só-sheachanta. 


Bhí bus an Daingin lán go maith. Bhí aosánach fad-spágach ina shuí in aice liom, ag streachailt leis an spás idir na suíochán, níos mó fós ná mé féin. Ón Afraic Theas, ag staidéar i Meiriceá agus i mbun intéirneacht le comhlacht Caipitil fiontraíochta i mBaile Átha Cliath. Sciúird gasta ar an Daingean a thabhairt aige fad is a bhí lóistín ag i gCill Airne. Bhí comhrá fada ghabhlánach againn faoi intleacht shaorga. Muid araon amhrasach, ach faoi gnéithe éagsúla. Mise buartha faoin dochar atá á dhéanamh cheana féin de dheasca na claontuairimí sna sonraí. Eisean níos buartha faoi mí eolas agus a leithéid. Muid araon aontaithe gur scamall deataigh agus bolscaireacht an chaint uilig faoi sár intleacht bhaolach. Thug mé roinnt comhairle dó, ach in ndáiríre is beag mhaith leath tráthnóna sa Daingean - istoíche a thagann beocht sa bhaile. 

Chuaigh mé féin go dtí an brú chun fáil réidh leis an mála droma. Ansin thosaigh mé ag fálróid thart, ag tabhairt faoi deara cé na siopaí a bhí dúnta, cé a bhí fós ann, cé a bhí nua. (Tá fuinneog Commodum lán de caora cróiseáilte ó 1994 ar a laghad!) 

Ní raibh ocras orm fós, ach bhí fhios agam go mbeadh sé deacair áit a aimsiú oíche Aoine gan réamhairithint. Chaith mé súil ar an Fish Box, ach bhí fógra acu nár ghlac siad le áirithintí. Bhí comhrá agam as Gaelainn leis an bhfáilteoir, agus mar thoradh ar sin bheartaigh mé mo lón ar an Luain a fháil ann in ionad. Mar sin chuir mé cúinne in áirithint dom féin don a 19:30 in Out of the Blue, bialann éisc fadbhunaithe. Idir an dá linn thug mé cuairt ar an díseart, oileán suaimhneas i lár fothragadh turasóireachta an Daingin. 
Ina dhiaidh sin, ó tharla go raibh sé fós luath d'fhill mé ar an mbrú. Bhí bean ón nGearmáin san suanlios agus rinneamar dreas comhrá seal. Bhí cúpla comhrá eile agam leis an dream a bhí ag caitheamh a saoire seal i bhfeighil an bhrú. Ansin bhailigh mé liom chun proinn. B'fhiú é. 

Tar éis an bhéile chaith mé seal sa bhrú arís i mbun comhrá mar nach raibh ceol le bheith aon áit mórán roimh 21:30. Idir an dá linn bhí scata leaids óga as Bleá Cliath agus compánach as Meicsiceo laindeáilte. Rud a chuir imní áirithe orm faoi shuaimhneas na hoíche... (Níor tháinig tuar faoin dtairngreacht). Chuaigh mé féin agus bean na Gearmáine go Nelligans. Comhrá agus ceoil. Bhí leaid óg áitiúil ar an banjo agus duine eile ón gClár ar an mbosca. Ana cheol uathu. Ach bhí tuirse orm féin toisc go raibh mé i mo shuí mall an oíche roimh ré, agus ag taisteal ar feadh an lae. Mar sin thart ar a haon déag bhailigh mé liom agus a luí. 

 

2022-05-18

Fonn a níos fiach


Bhí an leagan kindle de Fonn a níos fiach ar mo mhianliosta le cúpla bliain anois. Bhí cloiste agam go raibh sé lán de chruachaint Dhuibhneach - mura bhfuil dul amú orm bhí roinnt de chiorcal comhrá Allagar na hAoine á léamh ar mhaithe le saibhriú teanga. Ach ní raibh mórán cloiste agam faoi mar scéal maith, mar sin bhí sé fágtha ar an méar fhada agam. Go dtí gur mhol Eoin P Ó Murchú ar na mallaibh é, ar Twitter. Ba bharántas sin.

Baineann an príomhscéal le athair teaghlaigh a bhfuil súil géar aige ar giorria mór groí baineann - é i gceist aige dul sa tóir uirthi in am an ghátair. Rud nach mbíonn riamh i bhfad ón bpobal in áit iargúlta i mblianta an Ghorta Mhóir, fiú má tá bia cladaigh acu.

Tá trácht ar an bpobal agus fo-phlota faoin réice shaibhir áitiúil agus a ghiolla faiteach. Agus an toradh ar a chuid banaíochta... 

Tá ana chuir síos ar an bpobal agus a seiftiúlacht chun snáithe a choinneáil faoin bhfiacail.

Tá go deimhin caint craicneach crua Duibhneach sa leabhar - ach tá mórchuid de sothuigthe go maith sa chomhthéacs, agus is beag bac é ar an scéal a leanacht. 

Tá scéal na tóraíochta, nuair a thugann sé faoi faoi dheireadh éachtach eipiciúil. Gliceas fir agus a chuid eolais in iomaíocht le hinstinn agus gliceas an neach fiáin. Lá fada seilge trasna talamh sléibhe agus portaigh atá faoi bhrat sneachta.

Comhrac beirte. 

Mheabhraigh gnéithe den scéal The old man and the sea dom - an dúlra féin ina charachtar. Síon agus cruatan agus ocras le sárú chun an duais a bhaint.

Spléachadh ar gníomh nó dhó de dhráma mharfach an Ghorta agus an bochtaineacht.

Táim buíoch gur thug Eoin an sonc dom tabhairt faoi! 


Pádraig Ua Maoileoin
110 lch; clúdach crua, ISBN 978-1-911363-44-6

2021-11-05

Ciclipéid Sléibhe


Chuala mé Ceaití Ní Bheildiúin ag caint le déanaí ar an Saol ó Dheas faoin gcnuasach seo, cnuasach a raibh sé i gceist agam léamh luath nó mall, agus thug sé an spreagadh dom fios a chuir air faoi dheireadh ón leabharlann.

Ó 2003 tá saoire samhraidh caite agam nach mór gach bliain ag cos Cnoc Bhréanainn, sa Bhaile Breac go hiondúil, ach bliain amháin i mBaile na hAbha. Nach mór gach bliain acu tá an cnoc dreaptha agam - uaireanta sa cheo! Sách minic sa ghaoth, agus go hannamh ar lá ina raibh radharc ar mbarr agam. Tá sé dreaptha agam ón Leitriúch chomh maith le ón mBaile Breac, agus taithí agam ar bhealaí éagsúla agus na cnoic is gleannta thart air.

Ach tá cónaí ar Cheaití Ní Bheildiúin sa cheantar, agus deis aici dul ag allagar leis an gcnoic ar an iliomad dóigheanna, leis an bpobal buan agus ócáideach a shiúlann é, leis na créatúir ón alltar a thaithíonn é. Leis an síon agus an anfa. 

As an marana sin a eascraíonn an díolaim shaibhir seo ina gcíortar na gnéithe uile sin i líon mór dánta, ina mbíonn reacairí éagsúla - uaireanta an sliabh, uaireanta fámaire, uaireanta duine ón áit, uaireanta duine den sí - ag tabhairt a léamh agus a léargas féin. 

Tá éagsúlacht foirm sna dánta freisin, ag freagairt don éagsúlacht téamaí agus guthanna. Tá roinnt filíocht coincréiteach ann, i. dánta atá leagtha amach ar dhóigh ar leath ar an leathanach.

Saibhreas iontach, agus in ndáiríre is leabhar atá ann ar cheart tarraingt chughat anois is arís agus blaiseadh as, seachas é léamh ó chlúdach go clúdach mar a rinne mé (toisc go raibh sé tabhairt ar ais ag an leabharlann!)

Thaitin an leabhar go mór liom, cé nach bhfuil an scil agam léirmheas a dhiongbhála a thabhairt! 

Ceaití Ní Bheildiúin
Coiscéim, 2019.


2021-08-27

Baile na nGall


Ainneoin tréan iarrachtaí athair mo mháthair, a ghearr uchtán giolcaigh Loch Rí mar chúnamh snáimhe dom agus é ag tabhairt ceachtanna dom, ní snámhaí maith in aon chor mé. Ach ní hamhlaidh do mo chlann. Níl ní is fearr leo ná léimt isteach sa tsáile ón gcé - Cuas an Bhodaigh nó Baile na nGall.

Baile na nGall is fearr leo. Tá dhá thrá beag deas ar gach taobh den ché, agus leathbhealach síos an ché tá staighre, mar sin is féidir léim ó airde níos ísle. Is féidir léim go sábháilte nuair atá an taoide idir lagthrá agus lánmhara.

Ar ndóigh, is cé oibre Baile na nGall, agus bíonn iascairí ag teacht le cé le lastas portáin nó potaí gliomaigh, agus veain fear an éisc ag teacht á bhailiú. Agus bíonn báid ceangailte le cé.

Ní mór dom a rá nár chuir a leithéid as dúinne, agus bhíomar airdeallach agus in ann na báid a sheachaint.

Ach chuala mé beirt iascaire ag caint ar an Saol ó Dheas - báid scriosta orthu mar gur ghiorraigh duine éigin an téad, agus gur fágadh ag crochadh an bád ag lagthrá, agus gur líonadh le huisce é agus an tuile ag teacht. Is dóigh liom gur deargaineolas agus faillí tromchúiseach é sin. Ba cheart go dtuigfeadh daoine go bhfuil an taoide íseal. Agus ar a laghad ba cheart an téad a scaoileadh amach arís tar éis é chiorrú roimh an cé a fhágáil.

An mór fhadhb eile ná trácht agus páirceáil.

Seachnaíonn mo nuachar tiomáint chomh fada leis an gcé. Fanann sí linn ar imeall an bhaile. I gculaith uisce tig leis na gasúr (atá fásta faoi seo) roinnt uair an chloig a chaitheamh san uisce nó gar dó. Go hiondúil fanaimse leo, agus imíonn sise léi ar a suaimhneas. 

Tá dornán áit páirceála lasmuigh de Thigh Bheaglaoich, ach is annamh nach mbíonn siad lán. Le roinnt blianta anois tá binsí lasmuigh de Thigh TP. Ní bheadh sé cuí páirceáil ansin. Tá dornán tithe saoire le páirceáil dóibh féin i dtreo na faille - mar sin ní hannamh tranglam tráchta - go háirithe mar go bhfuil cúinne géar ann. 

Aontaím go láidir le moladh an t-iascaire go mbeadh clos páirceála ar imeall an bhaile. Ansin bosca mór groí buí ag ceann an ché agus na cúinní chun a dhéanamh soiléir go mba cheart fanacht glan ar an áit. 

Mar a tharlaíonn sé, toisc nach raibh na buachaillí thart an dara seachtain, chaith mé níos mó ama san uisce, ag coinneáil comhluadar leis an déagóir. Is iontach an difear a dhéanann culaith uisce (d'oir ceann Finn dom). Ní hamháin nár éirigh mé chomh fuar céanna, ach bhí snámh sa chulaith a d'fhág nár tháinig tuirse orm de dheasca mo dhrochshnámh. 

Áit iontach is ea Baile na nGall, agus tá súil agam go mbainfear amach cothromaíocht idir riachtanais na n-iascairí agus na fámairí (ar a bhfuil na tithe óil agus ithe ag braith, gan trácht ar an folcadán feamainne...) 


2021-08-25

Ag ól agus ag áineas


Blianta eile agus muid i gCorca Dhuibhne - ní áirím ag Scoil Cheoil an Earraigh - bheadh roinnt tráthnóna pléisiúrtha caite againn i dtábhairne éigin, mise ag éisteacht agus mo chlann ag baint páirt le flosc agus le fonn i seisiún éigin. Ar an ndrochuair ní raibh sin i gceist i mbliana ná anuraidh, agus bhraitheamar uainn go mór é.

I Tig Bhric go háirithe bhíodh seisiúin cheoil notáltha Oíche Aoine, agus ceoltóirí na háite agus ceoltóirí fánacha istigh timpeall boird ag ceoil - agus lucht éisteachta flúirseach ann freisin.

Seachas rud ar bith eile, is deis iontach don gceoltóir óg a leithéid le cuir lena gcumas agus go háirithe lena muinín. 

Is ó bheith ag éisteacht ag seisiún a thug Fionn faoi na píobaí, abair, agus fuair sé a chéad ceachtanna ó Con Durham, beannacht Dé lena anam. 

Bhí mé i dTig Bhric i mbliana, mar sin féin, ag ceannach leann le breith liom, agus uair amháin ag ól ar mo shuaimhneas sa chlós. 

Tá súil agam áfach, faoin am a fhillim ar Corca Dhuibhne - Scoil Cheoil an Earraigh seo chugainn, b'fhéidir, go mbeidh ceol agus amhráin ag baint creathadh arís as fraitheacha an tí, agus ag cuir le milse na coirme... 

Chuadar ag ól... 

2021-08-20

Cuas na Nae



Tá dreamanna éagsúla tar éis go leor lúb siúlóidí a leagan amach i gCorca Dhuibhne. Ceann acu Cosán Cuas na nEighe nó na Nae - tá éiginnteacht faoin logainm. Cuas na Nae atá ag logainm.ie, agus measaim gurb é is dóichí - tá slipe do bháid sa chuas. Ach Cuas na nEighe (< éamh, glaoch - tagairtí feicthe agam do oisíní róin ag glaoch) atá ar na fógraí.

Ar aon nós, de hAoine na seachtaine seo caite bhí lón iontach blasta againn Tig Áine ar an nGráig. (Chabhdar, Pancóg le spionáiste agus cáis, agus an sméar mullaigh, pióg líoma na Sceireacha a bhí agam féin). 

Thug mé féin agus mac liom faoi dreas siúlóide i ndiaidh an béile. Gabhann Slí Chorca Dhuibhne thar dhoras Tig Áine ar an mbóthar agus tar éis cúpla céad méadar casann ar mionbhothár i dtosach agus ansin ar bhóthar glas a leanann go dtí an carrchlós ag Trá Cloichear.

Bíonn radharc iontach le fáil ar an Fiach agus a Mháthair, ar Chuan an Chaoil agus iarsma Chaisleán Phiarais Feiritéar, ar Cheann Sibéal agus go deimhin ar an gceantar ar fad. Siúlóid deas réidh feadh páirceanna ina bhfuil féar gairid cois mara. Balla cloiche idir gort agus muir. Ag Cuas na Nae féin casann an cosán ar ais ar bhóithrín. Is fiú dul píosa eile ar aghaidh go dtí an chéad ceann tíre eile - tá eas a sileadh síos ar na clocha ann, agus tá dhá poll mara le feiceáil. Bhí sé ina lag trá agus muid ann - mar sin ní raibh mórán gleo as na poill. Seans áfach gurb iad faoi ndeara an leagan Cuas na nEighe! 

Tá cúpla casadh sa bhóithrín sula dtagann sé amach arís ar an mbóthar mór ar ais go dtí an carrchlós. Tá Potadóireacht na Caolóige (Louis Mulcahy) gar don láthair; roimh Covid bhí Café deas ann agus beidh arís le cúnamh Dé. 

Ach shiúlamar féin ar an mbóthar chomh fada leis an mBuailtín, áit ar bhuail mo nuachar linn. 

2021-08-19

Slí Chorca Dhuibhne - Airghleann


Cúig bliana ó shin shiúl m'athair agus grúpa ar chomhaos leis sciar de Shlí Corca Dhuibhne ó Abhann an Scáil go Baile na nGall. Os rud é go raibh fhios agam go bhfuil obair déanta ar an gcosán tríd Airghleann, bheartaigh muid inné tabhairt faoi. Bhí tuar na haimsire go maith, agus bhí dóchas agam go scaipeadh an ceo i rith an tráthnóna. (Níor dhein!)


Thiomáin mo nuachar go dtí gar do Cé Bhréanainn muid agus tháinig muid ar Slí Chorca Dhuibhne ag gabhal bóthair ansin. Lean muid ar an mbóthar ar feadh seal, agus ansin ar bhóthar glas go dtí imeall an tSáis (cé nach raibh radharc ar bith againn ar an mbá úd féin - is gá dul ón taobh eile chun é fheiceáil, tá lúb siúlóid ansin) 

Is anseo a thosaíonn an dea obair atá ar siúl ag lucht eagair Slí Chorca Dhuibhne, agus bhí obair ar siúl. Tá cosán nua cré tógtha ar feadh ciliméadar nó dhó, agus lintéar rialta cloiche á thrasnú. Ag dul in airde go seasta agus go séimh a bhíomar agus gan faic ag cuir as dúinn ach na míoltóga - ní raibh oiread is leoithne gaoithe ann agus bhí sé scamallach. Bhíodar dár n-ithe... 

Nuair a thosaíonn an cnoc ag dul i ngéire agus i bhfliche tagann clochán nó céimeanna cloiche in áit an chosáin. Níl an chuid seo den obair baileach críochnaithe agus uaireanta ba ghá dúinn siúl ar thalamh sách sleamhain, san áit go raibh bearnaí sa chonair. Beidh sé iontach ar fad ach é bheith críochnaithe, agus is mór an chosaint a bheidh ann i gcoinne creimeadh talún - bíonn sé de nós ag daoine siúl ar chiumhais cosán fliuch, rud a leathnaíonn go síoraí é. Tá lorg an tsean chosáin amhlaidh in áiteanna. 

Bhíomar sa cheo. 

Tá an chuid deiridh go dtí an pointe is airde géar go maith, agus níl an chosán críochnaithe fós - beidh sé i bhfad níos éasca nuair atá an clochán agus na céimeanna ar fad in áit. Obair thar a bheith slachtmhar atá ann. 

Bhaineamar amach an cloch ogham ag an mám idir Piarais Mór agus Más a Tiompáin. 

Bhí an bealach anuas, go háirithe an dá km deireadh ar an gCosán Bán tríd Cnoc na mBristí (buíochas do Dhara Ó Cinnéide do na logainmneacha) níos aimhréidhe ná mar ba chuimhin liom, agus bhí m'athair ag streachailt le tuirse. Buíochas le Dia agus le fear a sheol mo nuachar inár choinne, d'éirigh linn teacht slán go ceann scríbe ainneoin sin. 

Bhí an cheo agus ár luas mall tar éis mo thuiscint ar cá raibh muid a chuir trína chéile, cé nach raibh aon baol an cosán a chailleadh toisc go bhfuil na cuaillí fairsing. Ach bhíomar níos faide ón ceann scríbe ná mar a shíl mé. (Bhí m'ionchas bunaithe ar teacht an treo sin anuraidh le mo mhac agus muid ag teacht anuas ó Chnoc Bhréanainn. Agus bhíomar ag bogadh níos gaiste agus bhí an aimsir glan). 

Ghlan an ceo tamall sular shroich muid ceann scríbe. 

Ainneoin an corr ag deireadh bhí lá maith againn, agus tar éis oíche mhaith codlata tá m'athair ar a sheanléim arís agus píosa gairid de shiúlóid na Faille siúlta aige fad is a raibh mé féin agus an déagóir ag baint tairbhe as an lán mara agus ag léim de ché Bhaile na nGall. 






2021-08-18

An Fiach 's a Mháthair

“Go saora Dia sinn ar an bhFiach ‘s a Mháthair,
Ar an mBinn Bhig ‘s ar an mBinn Mheánaigh,
Ar Bhinn Diarmuda na fiacaile gránna,
Is ar Log na mBodach na dtonnaíocha báite.”

 [Rann sa tSeanchais, luaite ag Seán Mac an tSíthigh ar Twitter ] 


Sna caogaidí agus é sna déaga bhíodh tuismitheoirí m'athair ar saoire i dteach ar an bhFeorainn, ag an trá i gCuan an Chaoil. Théadh m'athair amach sa naomhóg ag tarraingt potaí gliomaigh le Seán Ó Duinnshléibhe agus duine de mhuintir Bric. Timpeall ar an bhFiach is a mháthair a bhíodh na potaí. Chuirfí na gliomaigh i líon i mbéal Cuain an chaoil. Thagadh trailéir ón Fhrainc a bhailiú go rialta. Cuimhne m'athair ná go mbíodh olaí móra, go mbíodh an naomhóg i bhfad thíos faoin dtrailéir nóiméad amháin, agus ar foluain os a chionn an chéad nóiméad eile. 



2021-08-17

Ar thóir aontais leis an bhfórsa


Tá rochtain ar na Triúr Deirféar achrannach - tá cuid de na scairshealbhóirí coimín atá dubh ina choinne. Ní leomhfainn dul suas ann gan duine áitiúil i mo theannta. Ach de bharr an búis a chruthaigh scannánú Star Wars sa cheantar tá úinéir talún amháin tar éis an deis a thapú agus cosán a leagan amach chomh fada le himeall na haille, áit ar scannánaíodh an radharc deireadh le Luke Skywalker, ar a mharana ag amharc isteach i bhfuine gréine dúbailte, fad is a raibh a thaibhse fórsa ag coimhlint le Kylo Ren i bhfad i gcéin.

Tá carr chlós beag curtha ar fáil acu freisin, agus bosca beag miotail ag lorg síntiúis. Táim breá sásta síntiúis a thabhairt i gcás mar sin.

Fiche nóiméad siúil go barr na haille, go pointe idir Ceann Sibéal agus na Triúr Deirféar. Ana radharcanna. Bhíomar ann i lár an tráthnóna - shamhlóinn go mbeadh sé diamhair ar fad ag dul faoi na gréine. Tá fógra dhátheangach maidir leis an áit, agus macasamhail an chlocha ar ar suí Luke Skywalker sa scannán. (Tá roinnt botúin cló ar an bhfógra, ar an ndrochuair).

Bhaineamar taitneamh as na radharcanna, cé go raibh sé gaofar go maith ar imeall na haille.

Fionn Trá ⁊ Cill Mhic an Domhnaigh


Agus an Teampall Geal aimsithe agus feicthe againn, thiomáineamar (go leictreach!) ar aghaidh go Ceann Trá, ag fágáil an ghluaisteáin ag Halla Ceann Trá. Síos linn go dtí an Trá mar sin. Tá sé molta do m'athair go mbeadh uisce sáile go maith dá throithe - mar sin shiúl muid costarnach fad na Trá go dtí na Ráithíní. Bhí gainéid flúirseach amach uainn - ar foluain san aeir agus ansin ag titim ina pleist isteach san uisce, cruth sleá orthu. Níor mhaith liom bheith i mo sprioc ag ghob ghainéid! 

Buataisí orainn arís, shiúileamar ar Shlí Chorca Dhuibhne, tríd Cathair an Treantaigh (áit óige an fhile Nuala Ní Dhomhnaill) go dtí Cill Mhic an Domhnaigh. Bhí fonn orm Leac na Ré a aimsiú, áit a bhfuil, más fíor Daire Donn, Rí an Domhain, a thit i gCath Fionntrá curtha. Ag ceal úsáide tá meirg tagtha ar mo chumas meabhair ceart a bhaint as léarscáil 1:50000 na Suirbhéireachta Ordanáise - táim millte ag cruinneas agus líon sonraí léarscáil East West Mapping! Bhí an Celtic Prehistoric Museum príobháideach trasna ó Scoil Chaitlín dúnta mar sin ní fhéadfaí fiosrú ansin. Chuaigh muid suas bóthair a shíl mé a bheith ceart, ag amharc deas is clé. Déanta na fírinne, bhí mé ag súil go mbeadh fógra.
Tháinig deireadh leis an mbóthar i gclós tí. Ní raibh le déanamh ach filleadh síos ar an bpríomhbhóthar.

Agus muid ar an slí anuas (díomá ormsa) tháinig fear a bhí amuigh ag ritheacht. Chuir mé ceist air - ach ní raibh tuairim aige cad faoi a raibh mé ag caint. Nuair a luaigh mé áfach gur cloch a bhí á lorg agam, dúirt sé go mba cheart dom labhairt leis an bhfear sa dara teach ar chlé - go raibh leabhar scríofa aige ar ghalláin Chorca Dhuibhne!

D'aimsigh muid an teach. Ní raibh an cuma air go dtiocfadh éinne go dtí an doras, ach agus muid ar tí imeacht tháinig Cyril Harrington, údar an leabhair, go dtí an dturas. 
Níor thuig sé cad a bhí uaim i dtosach, shíl sé go raibh mé ag tagairt do "leaca réidh" — atá gar do Chom Dhineoil. Seans nach bhfuil an ainm Leac na Ré in úsáid go háitiúil! 

Ach nuair a thaispeáin mé ar an léarscáil dó é dúirt sé "Ah, that's in Tom Garveys Field". 

Bhí sé déanta amach agam faoi sin gur casadh ar a chéile muid cheana, ag ciorcal comhrá Scoil Cheoil an Earraigh faoi stiúir Danny Sheehy, beannacht Dé lena anam. 

Thosaigh sé ag tabhairt treoracha dúinn, ach ansin bheartaigh sé muid a thionlacan píosa. Tá meirg tagtha ar a chuid Gaeilge d'uireasa cleachtadh san dianghlasáil - ach bhí comhrá gabhlánach macarónach againn agus muid ag dul síos an bóthar. 

Ón mbóthar tá Gallán le feiceáil sa chéad gort. Tá an leac a bhí i gceist agam féin sa ghort taobh thiar de sin, agus ar chlé uaidh sin arís tá gallán eile agus iarsmaí Cill Mhic an Domhnaigh - a bhí ina cheallúnach ar feadh i bhfad. Tá cros le feiceáil ar éigin ar an ngallán sin. 

Tá Leac na Ré féin íseal - ach tá dearadh suntasach air. 


Bhí mé i bhfad níos sásta agus muid ag tabhairt aghaidh arís ar an mbóthar! Shiúlamar fán mbóthar chomh fada le tábhairne Pháidí Uí Shé ag Ard a'bhóthair. Tá an bóthar leathnaithe ó bhí mé an treo cheana, agus tá líne péinte ag scaradh píosa de mar chosán coisithe. Feabhas éigin atá ann, cé nach cosaint atá ann. Bíonn an dúrud tráchta ar an mbóthar toisc gur cuid de shlí Ceann Sléibhe atá ann. Is leor tiománaí buile amháin... Agus go deimhin chonaiceamar iarracht baolach dul thar carr ag Francach corrthónach... 

Bhí mé i bhfad níos sásta filleadh ar an dtrá agus siúl ar ais go Halla Ceann Trá. 


Aguisín : Chuir mé ceist maidir le Leac na Ré ar Twitter ar Dáithí de Mórdha. Tá Leac na Ré luaite ag Cuppage et al [Suirbhé Seandálaíochta Chorca Dhuibhne, 1986, foilsithe ag Oidhreacht Chorca Dhuibhne] (agus is dócha gur dá bharr sin atá sé ar an léarscáil). Ach tá An Leaca Ré tamall siar an Bóthar, ar chliathán an Dúna le hais Tráigh Chom Dhineoil!
Pictiúir ó Dháithí thíos á léiriú :
Tá Leac na Ré luaite ag an Seabhac freisin [Tríocha Céad Chorca Dhuibhne] san sliocht seo thíos, agus breis eolais maidir leis an áit. Tá an na goirt tugtha chun míntíreachais agus níl na sonraí eile, seachas na clocha, chomh soiléir sin don súil neamhoilte. Ní fhaca mé aon uaimh (ach ní raibh mé á lorg) 


Aguisín eile. 
Tá siopa Leac a'Ré sa Daingin. Bhí bréagchuimhne agam féin go raibh an crosleac ar an bhfógra - ach ní hea, agus is do na haillte i gCom Dhineoil a thagraíonn an t-ainm.