Cúig bliana ó shin shiúl m'athair agus grúpa ar chomhaos leis sciar de Shlí Corca Dhuibhne ó Abhann an Scáil go Baile na nGall. Os rud é go raibh fhios agam go bhfuil obair déanta ar an gcosán tríd Airghleann, bheartaigh muid inné tabhairt faoi. Bhí tuar na haimsire go maith, agus bhí dóchas agam go scaipeadh an ceo i rith an tráthnóna. (Níor dhein!)
Thiomáin mo nuachar go dtí gar do Cé Bhréanainn muid agus tháinig muid ar Slí Chorca Dhuibhne ag gabhal bóthair ansin. Lean muid ar an mbóthar ar feadh seal, agus ansin ar bhóthar glas go dtí imeall an tSáis (cé nach raibh radharc ar bith againn ar an mbá úd féin - is gá dul ón taobh eile chun é fheiceáil, tá lúb siúlóid ansin)
Is anseo a thosaíonn an dea obair atá ar siúl ag lucht eagair Slí Chorca Dhuibhne, agus bhí obair ar siúl. Tá cosán nua cré tógtha ar feadh ciliméadar nó dhó, agus lintéar rialta cloiche á thrasnú. Ag dul in airde go seasta agus go séimh a bhíomar agus gan faic ag cuir as dúinn ach na míoltóga - ní raibh oiread is leoithne gaoithe ann agus bhí sé scamallach. Bhíodar dár n-ithe...
Nuair a thosaíonn an cnoc ag dul i ngéire agus i bhfliche tagann clochán nó céimeanna cloiche in áit an chosáin. Níl an chuid seo den obair baileach críochnaithe agus uaireanta ba ghá dúinn siúl ar thalamh sách sleamhain, san áit go raibh bearnaí sa chonair. Beidh sé iontach ar fad ach é bheith críochnaithe, agus is mór an chosaint a bheidh ann i gcoinne creimeadh talún - bíonn sé de nós ag daoine siúl ar chiumhais cosán fliuch, rud a leathnaíonn go síoraí é. Tá lorg an tsean chosáin amhlaidh in áiteanna.
Bhíomar sa cheo.
Tá an chuid deiridh go dtí an pointe is airde géar go maith, agus níl an chosán críochnaithe fós - beidh sé i bhfad níos éasca nuair atá an clochán agus na céimeanna ar fad in áit. Obair thar a bheith slachtmhar atá ann.
Bhaineamar amach an cloch ogham ag an mám idir Piarais Mór agus Más a Tiompáin.
Bhí an bealach anuas, go háirithe an dá km deireadh ar an gCosán Bán tríd Cnoc na mBristí (buíochas do Dhara Ó Cinnéide do na logainmneacha) níos aimhréidhe ná mar ba chuimhin liom, agus bhí m'athair ag streachailt le tuirse. Buíochas le Dia agus le fear a sheol mo nuachar inár choinne, d'éirigh linn teacht slán go ceann scríbe ainneoin sin.
Bhí an cheo agus ár luas mall tar éis mo thuiscint ar cá raibh muid a chuir trína chéile, cé nach raibh aon baol an cosán a chailleadh toisc go bhfuil na cuaillí fairsing. Ach bhíomar níos faide ón ceann scríbe ná mar a shíl mé. (Bhí m'ionchas bunaithe ar teacht an treo sin anuraidh le mo mhac agus muid ag teacht anuas ó Chnoc Bhréanainn. Agus bhíomar ag bogadh níos gaiste agus bhí an aimsir glan).
Ghlan an ceo tamall sular shroich muid ceann scríbe.
Ainneoin an corr ag deireadh bhí lá maith againn, agus tar éis oíche mhaith codlata tá m'athair ar a sheanléim arís agus píosa gairid de shiúlóid na Faille siúlta aige fad is a raibh mé féin agus an déagóir ag baint tairbhe as an lán mara agus ag léim de ché Bhaile na nGall.