Píosaí liom in áiteanna eile:

2021-08-28

Díseart Uí Fhiannachta


Ba saoi, sagart agus iarracht de dhraoi ab ea Pádraig Ó Fiannachta, beannacht Dé lena anam. Tá éis tréimhse fada ina Ollamh i Má Nuad d'fhill sé ar a áit dhúchais mar sagart paróiste ar an nDaingin i dtús nóchaidí an chéid seo caite. Spreag sé ann an spioradáltacht dúchais ach freisin na healaíona.

I Saipeál Chaitlíona in Ard an Bhóthair chuir sé Bob Ó Cathail ag péinteáil muirphictiúr mhór den pháis, ina raibh scéal an choiligh agus Mac na hÓighe slán léirithe freisin agus luaite le Piolóid. Bhí neart siombail eile ó na péindlíthe agus an Apacailipsis sa phictiúr. Saothar drámatúil. Ró dhrámatúil don bpobal is cosúil - ó d'imigh sé ar shlí na fírinne tá an pictiúir folaithe ag fial léamh donn...

Lámh le Saipeál Mhuire sa Daingin tá Clochar na Toirbhearta. Bhíodh meánscoil cailíní ag na siúracha. Fuair an Monsignor an áit ar cíos ó na siúracha agus rinne ionad léinn faoin spioradáltacht as, An Díseart.

Diaidh ar ndiaidh tá forbairtí á dhéanamh ar an láthair, ar mhaithe leis an bpobal. Ó thús an chéad seo caite tá fuinneoga áille Harry Clarke in aireagal an chlochar, agus iad anois oscailte don phobal. Bhain IMRAM feidhm as an aireagal mar ionad do cláracha ceoil agus filíochta le linn na dianghlasála.

Tháinig ealaíontóir ó Meiriceá agus rinne múrphictiúr den Suipéar Deireanach agus fir áitiúla mar samplaí aici do na haspail. (Cúpla rógaire aitheanta ina measc, chuala mé). B'shin dóigh an Monsignor, feictear dom - ealaíon dúchasach a spreagadh le healaíon idirnáisiúnta, an uilíoch agus an áitiúil a nascadh.

Tá gairdíní breátha ar thailte an chlochair, ballaí timpeall orthu. Tá na siúracha curtha i gcúinne amháin, faoi scáth cruinn ársa agus cros iarainn bán ag gach siúr, in ord agus in eagar. 


Trí réimse atá sa ghairdín. Anuraidh thug mé suntas don gcoill bheag atá sa ghairdín is faide siar, crainn coll agus caorthainn, gach ceann acu faoi altram ag teaghlach áitiúil. Binsí chun suí orthu, agus ardán sa chúinne do ceol agus filíocht. Bhí ceolchoirmeacha ann i mbliana, cé nár fhreastail mé féin ar ceann ar bith. Agus mé ann i mbliana bhí scata páiste sceitimíneach ag amharc ar na coiníní a chónaíonn ann - i gcroílár Bhaile an Daingin. 

Sa ghairdín láir tá rilleán, áit ar féidir é shiúl agus miúin a dhéanamh, nó suí ar bhinse ag machnamh nó ag léamh. 

An rud is déanaí, i mbliana go bhfios dom, ná gairdín céadfaíoch - réimse fágtha faoin ndúlra agus roinnt tolláin sailí. 

Oileán ciúnais is marana i lár fothragadh an Daingin. Is iomaí leabhar maith filíochta a tháinig as an Díseart, agus togra ealaíne is cultúrtha a spreag sé. 

Measaim go bhfuil spiorad agus tinfeadh an Monsignor fós san áit - beannacht Dé lena anam, agus go raibh an áit i bhfad faoina anáil spreagúil agus comharbaí a dhiongbhála á stiúradh agus ag cuir lena oidhreacht.