Píosaí liom in áiteanna eile:

2014-09-28

Ollnóva Réiltín


Bhí sár oíche agam ar an Déardaoin ag Réiltín - rac opera Fíbín. Tá scéal ilsrathach cumtha anseo ag Paul Mercier, scéal atá fáiscthe as an nGaeilge uirbeach. Beidh, mar a dúirt Darach tar éis an taibhiú, a léamh féin ag gach duine ar an scéal seo faoi bhean óg ag streachailt lena cinniúint; leis a coimhthíos a bhaineann le bheith tógtha le Gaeilge san Ardchathair, idir dhá saol; le tobscéal grá nárbh grá ach bréagnú é; le ceisteanna faoi tallann amhránaí; le smionagar an tsaoil a d'fhág éagadh an tíogar cheiltigh; le himirce.
Cé nach bhfuil ach aisteoir amháin ar an stáitse, Clíona Ní Chiosáin baintear feidhm éifeachtach as físeán a mbíonn sí ag idirghníomhú leis chun an scéal a chanann sí (i nguth binn) a léiriú. Ceol rac soláthraithe ag Simon Noble. Chan Clíona na hamhráin chomh glé sin gur thuig mé mórán gach focal, rud is annamh domsa agus gan cleachtadh agam ar cheol chomh fuinniúil! (Agus chomh hard!)
Mheas mé gur ndeachaigh an soilsiú thar fóir scaití, ach bhí gluaiseachtaí Clíona ar an stáitse thar a bheith éifeachtach, ag léiriú na mothúcháin agus bristeacht an charachtar - scaití réidh, sleamhain; scaití briste mar a bheadh téada máireoigín imithe in aimhréidh.
Bhí na híomhánna san físeán cumhachtach freisin, an-úsáid bainte as radharcanna éagsúla de Bhaile Átha Cliath agus Londain; an coimhthíos lena muintir léirithe trí úsáid dealbha; agallamh idir an Réiltín ar an Stáitse agus Réiltín ar an bhfíseán, ag léiriú an dá taobh dá streachailt.

Tá téagar ag baint le léirithe Fíbín; agus beidh súil in airde agam don CD!

2014-09-18

Aighneacht maidir le hAthbhreithniú an Chaighdeáin

Seo leanas an aighneacht atá seolta isteach agam:

Is ar bhonn pearsanta atá an aighneacht seo á dhéanamh agam.

Cainteoir athdhúchais Gaeilge atá ionam, sé sin le rá, tógadh le Gaeilge mé ach ag tuismitheoirí nach ón nGaeltacht iad. Níl aon oiliúint foirmiúil sa Ghaeilge agam seachas an méid a bhain mé amach i bhfad ó shin don Ardteist. Agus is eol dom nach mbeidh gach rud a scríobhaim anseo ceart de réir an Chaighdeáin Oifigiúil, fiú an chinn athbhreithnithe. Ach ormsa seachas ar an gcaighdeán an locht faoi sin.

Creidim gur feidhm tuairisciúil atá ag aon Ghraiméir agus go gcloíonn an ChO leis sin don gcuid is mó. Ainneoin go raibh sé ráite san gcéad eagrán go
“[d]Tugann an caighdeán seo aitheantas ar leith d’fhoirmeacha agus do rialacha áirithe ach ní chuireann sé ceartfhoirmeacha eile ó bhail ná teir ná toirmeasc ar a n-úsáid.”

baineadh mí úsáid as an gCO le dearbhú go raibh leaganacha áirithe Gaeltachta  “mícheart”. Feictear dom go dtéann an leagan athbhreithnithe go sásúil i ngleic leis an tosca sin. Ainneoin mo leithéidí de chainteoir Athbheochana agus an scaipeadh atá ar nuachainteoirí lasmuigh de na ceantair traidisiúnta Gaeltachta feictear dom fós gur ar scoth na cainteoirí agus scríbhneoirí Gaeltachta ba cheart aon chaighdeán a bhunú.

Cloisim caint go minic ar an ngá an teanga a “shimpliú” ar mhaithe le cainteoirí neamhthraidisiúnta agus foghlaimeoirí. Ní dóigh liom go mba beartas stuama a bheadh ansin. Ní chreidim go gcuirfí dáiríre le líon na gcainteoirí líofa, agus feictear dom go leathnófaí an bhearna suntasach atá ann cheana féin idir chainteoirí Gaeltachta agus foghlaimeoirí agus nuachainteoirí áirithe uirbeacha. Tá áiseanna iomadúla ar fáil chun cabhrú le daoine snas a chuir ar a gcuid Gaeilge scríofa; faoi láthair tá Gramadóir á fhorbairt do LibreOffice, mar shampla http://www.scriobh.ie/Page.aspx?id=78&l=1.
Chomh maith leis sin tá na háiseanna http://acmhainn.ie/, https://www.aistear.ie/ agus http://www.gaois.ie/ga/paradocs/ ar fáil, gan trácht ar an corpas a forbraíodh don foclóir nua http://corpas.focloir.ie/ .

Baineann sciar eile de na deacrachtaí leis an borradh faoi aistriúchán a tháinig de bharr Acht na dTeangacha Oifigiúla. Feictear dom áfach nach gá gur bearnaí sa Chaighdeán Oifigiúil bunús na ndeacrachtaí seo, ach an deacracht a bhaineann le meamraiméis tur a thiontú faoi bhrú ama a fhágann aistritheoirí i ngleic le carn mór ainmfhocail sa Bhéarla agus iad éiginnte conas córas gramadaí na Gaeilge a chuir i bhfeidhm ar an gcnap. Creidim go mba mhaith an rud treoir stíle do na leithéid a fhoilsiú, ach nach athrú ar an ngramadach atá de dhíth ach bealach le teacht timpeall ar an bhfadhb seo a eascraíonn as nósmhaireacht an Bhéarla. Baineann mórán an cheist céanna leis na holl-uimhreacha nach bhfuil sa ghnáthchaint ach a mbíonn trácht orthu i gcúrsaí airgeadais agus polaitíochta. Is féidir go bhfuil gá le gníomh anseo, ó tharla uimhreacha na Gaeilge sách casta. (Tá léargas maith tugtha anseo ag Michal Boleslav Měchura http://lexiconista.com/Uimhreacha.pdf )

Ceal foras eile teangain, is dócha gurbh ar chrann Rannóg an Aistriúcháin a thiteann sé a leithéidí de threoir stíle a fhoilsiú. Ainneoin gur i réimse cinnte agus sách cúng na reachtaíocht a luíonn bhur obair, agus ceangal oraibh fasaigh a leanadh feictear dom gur dócha go bhfuil modhanna forbartha agaibh le ceisteanna gnáis mar seo a réiteach agus go mb'fhiú a leithéid a fhoilsiú.

Clár IMRAM 2014

Déardaoin 9 Deireadh Fómhair 7.00pm UCD Belfield (Léachtlann M, Áras Newman) ‘CUIMHNE AGUS DÍCHUIMHNE’: LÉACHT UÍ CHADHAIN le Darach Ó Scolaí
Dé hAoine 10 Deireadh Fómhair 8.00pm Pavilion Theatre AMHRÁIN NA SAOIRSE: TIONSCADAL BOB MARLEY
Dé Sathairn 11 Deireadh Fómhair 6.30pm Gaelchultúr Simon Ó Faoláin & Mícheál Ó Ruairc: MÓRSHEOLADH LEABHAR
Dé Sathairn 11 Deireadh Fómhair 8.30pm McGrattan’s The Other Tongues: MÓRLÉAMH ⁊ COIRM CHEOIL
Dé Luain 13 Deireadh Fómhair 7.00pm The Grand Social CLÓ DRAíOCHTA 4: Taispeántas Clóghrafaíochta
Déardaoin 9 – Déardaoin 16 Deireadh Fómhair SEACHT SCÉAL le DIARMUID DE FAOITE
Dé Máirt 14 Deireadh Fómhair 6.00pm Helen Roe Theatre PÁDRAIC BREATHNACH: AGALLAMH POIBLÍ
Dé Máirt 14 Deireadh Fómhair 8.30pm Smock Alley Theatre THE WHEELCHAIR MONOLOGUES
Dé Céadaoin 15 Deireadh Fómhair 6.00pm Helen Roe Theatre LÉACHT IMRAM le Liam Mac Mathúna
Dé Céadaoin 15 Deireadh Fómhair 8.30pm The Grand Social Port a’ tSaoil: TIONSCADAL KATE BUSH
Déardaoin 16 ⁊ Dé Céadaoin 22 Deireadh Fómhair 5.30pm Áras na Scríbhneoirí IDIR NA CLÚDAIGH: Books review radio programme
Déardaoin 16 Deireadh Fómhair 8.30pm Smock Alley Theatre Mo Pheann ag Rince: TIONSCADAL AN RÍORDÁNAIGH
Dé hAoine 17 Deireadh Fómhair 6.00pm An Siopa Leabhar Foilsitheoireacht don Óige: cur agus cúiteamh
Dé hAoine 17 Deireadh Fómhair 8.30pm Smock Alley Theatre Blas-Bhinn na Cathrach: Ceiliúradh ar Bhaile Átha Cliath
Dé Sathairn 18 Deireadh Fómhair Áras na Scríbhneoirí CEARDLANN NÁISIÚNTA DO GHEARRSCÉALAITHE GAEILGE: CLÓ IAR-CHONNACHT
Dé Sathairn 18 Deireadh Fómhair 6.30pm Royal Society of Antiquaries of Ireland SEOLADH LEABHAR: AN BHEAN FEASA le Alan Titley
Dé Sathairn 18 Deireadh Fómhair 8.30pm McGrattan’s OÍCHE ÓMÓIS DO SHEÁN MAC MATHÚNA
Déardaoin 18 – Dé hAoine 24 Deireadh Fómhair Axis Theatre AN CHÉAD CHÉAD
Céadaoin 5 – Céadaoin 26 Samhain 7.30pm Irish Writers CentreTHE DISCOVERY LECTURES:
5 Samhain
ALAN TITLEY
12 Samhain 
DOIREANN Ní GHRÍOFA
19 Samhain
LIAM Ó MUIRTHILE
26 Samhain 
MÁIRÍN NIC EOIN
CLAR IOMLÁN NA FÉILE

Féach www.imram.ie 
Nó cuir r-phost chuig: liamog62@mac.com 

FIOSRÚCHÁIN PHOIBLÍOCHTA
Na meáin Bhéarla: déan teagmháil le do thoil le Kate Bowe
kate@katebowepr.ie
Fón: 01 652 0143 or 086 267 5018 

Na meáin Ghaeilge: déan teagmháil le do thoil le Julianne Ní Chonchobhair julianichonchobhair@gmail.com
Fón: 087 174 6189 

FIOSRÚCHÁIN GHINEARÁLTA IMRAM: Déan teagmháil le do thoil le Liam Carson liamog62@mac.com 
Fón: 087-2912797

2014-09-16

Bis orat qui bene cantat

(c) JP, athúsáid ceadaithe faoi CCC Foinse: geograph.ie:

Ar chúiseanna stairiúla, níl an nósmhaireacht canadh le linn an Aifrinn fairsing in Éirinn, mar atá ar an mór roinn, sa Ghearmáin mar shampla. Bíonn cór thall is abhus, scaití, ach go minic ceal traidisiún claisceadail bíonn siad go hainnis. Níl guth agam féin, mór an trua, ach cuireann ceol maith go mór leis an tairbhe a bhainim as liotúirge. Bis orat qui cantum bonum audat,1 mar a déarfá (agus mura bhfuil Laidin na meánteiste tar éis teip go hiomlán orm, rud is dóichí ná a mhalairt)

Ní minic an deis sár cheoil a chlos. Ach tarlaíonn sé gurbh i Baile Mhic Thorcail a d'éist mé Aifreann Domhnaigh, séipéal bheag i nGleann Crí. Tá cáil ar an gcór ann, agus sin tuilte acu. Chan siad go binn don slua bheag a bhí ann, agus d'fhág mé le croí ard théis an Aifreann.

Tá cáil ar leith ar Máiréad Déiseach, ball den gcór atá ina hamhránaí as a stuaim féin freisin. 

1Leagtar an nath Bis orat qui bene cantat ar Aibhistín, ach is cosúil nach sin baileach a dúirt sé. Nath fiúntach mar sin féin, sílim.

2014-09-12

Dar mo leabhar!

Nóta: leasaigh mé an mhír seo, míthuiscint a bhí ormsa,  dúradh an méid thíos leis An Léirmheastóir i rphost, ní a tuairim féin é.


blagadóir misniúil nua inár measc, atá mar aidhm aici léirmheas a dhéanamh ar leabhar in aghaidh na seachtaine, agus nach gcuireann fiacail ann mura dtaitníonn leabhar léi. Dúradh an méid seo léi i rphost  le déanaí:

Is fíor, má fhoilsím léirmheas ar leabhar anseo, gur moltach a bhím beagnach i gcónaí. Tá cúis leis sin. Is ar mhaithe le pléisiúr a léann mise; má bhainim pléisiúr as leabhar, is mian liom sin a roinnt le daoine eile agus molaim ar mo bhlag é. Mise a roghnaíonn na leabhair a léim seachas fíor chorr uair nuair a iarrtar orm léirmheas a scríobh (Tá cúpla léirmheas liom foilsithe ar Tuairisceoir - Sciorrann an tAm, Daideo, An Colm Bán). Sa chás go n-iarrtar léirmheas orm, déanaim tréaniarracht bheith ionraic agus cáineadh má mhothaím go bhfuil sin tuillte.

Ach tá i bhfad níos mó saothair Gaeilge léite agam ná mar a bhfuil tagairt déanta agam dóibh anseo. Scaití, níl na leabhar críochnaithe agam ceal pléisiúir. Uaireanta eile is le drogall agus díomá a chríochnaigh mé iad. Ní luaim anseo iad, mar go mbím sásta bheith réidh leo!

Tá cúis eile le mo dhrogall bheith ag foilsiú léirmheas cainteach anseo; ar feadh cuid mhór de mo shaol gairmiúil, is cuid tábhachtach de mo chuid oibre ná anailís chriticiúil a dhéanamh ar cháipéisí agus ar bhogearraí - ag lorg fabhtanna. Cothaíonn sin meon aigne sách doirbhíoch, diúltach.

Tá faoiseamh aigne mar sin, agus só bhreise, a bheith ag canadh molta leabhair a thaitin liom.

Agus sin mo scéal.

Guím súil grinn agus muineál teann ar an Léirmheastóir áfach, treise léi. Is obair fónta, riachtanach atá ar bun aici.

An Caighdeán Oifigiúil: Athbhreithniú ⁊ Aighneachtaí

Foilsíodh ‘An Caighdeán Oifigiúil’ (Gramadach na Gaeilge agus Litriú na Gaeilge — An Caighdeán Oifigiúil) den chéad uair sa bhliain 1958. San fhoilseachán sin, leagadh amach rialacha gramadaí agus litrithe le haghaidh daoine a úsáideann an Ghaeilge go hoifigiúil – sa reachtaíocht, i bhfoilseacháin oifigiúla an Stáit, sa chóras oideachais, sna meáin chumarsáide agus i réimsí eile nach iad.

Ba í Rannóg an Aistriúcháin i dTithe an Oireachtais a cheap an Caighdeán Oifigiúil agus a d’fhoilsigh é agus cuireadh athchlónna de amach go rialta tar éis a fhoilsithe sa bhliain 1958. Sa bhliain 2012, foilsíodh leagan athbhreithnithe den Chaighdeán Oifigiúil agus dúradh sa Réamhrá leis an eagrán sin go ndéanfaí athbhreithniú air sin i gceann trí bliana eile.

Tá sé beartaithe an t-athbhreithniú sin a chur sa tsiúil anois, go háirithe d’fhonn rialacha áirithe a choigeartú nó a leathnú agus d’fhonn tuilleadh soiléirithe a thabhairt ar na rialacha i gcoitinne. Is de réir na bhforálacha atá leagtha síos san Acht um Choimisiún Thithe an Oireachtais (Leasú), 2013 a sheolfar an t-athbhreithniú.

Foráiltear in alt 3 den Acht sin go rachfar i gcomhairle leis an bpobal i gcoitinne agus athbhreithniú á dhéanamh ar an gCaighdeán Oifigiúil agus, chuige sin, fáilteoidh Coimisiún Thithe an Oireachtais roimh mholtaí agus aighneachtaí ón bpobal.

Más mian le duine aighneacht a dhéanamh chuig an gCoimisiún i dtaobh an Chaighdeáin Oifigiúil, ní gá ach an aighneacht a chur i scríbhinn faoin 8 Deireadh Fómhair 2014 chuig:



Rannóg an Aistriúcháin – COA,
Seirbhís Thithe an Oireachtais,
Teach Chill Dara,
Sráid Chill Dara,
Baile Átha Cliath 2.

2014-09-11

Saíocht Aneas chugainn

   Mar a luaigh Tadhg, tá cnuasach Muimhneach "Aneas" ar na bacáin, faoi stiúir Bhrenda Ní Shúilleabháin. Tá sé sin ar mo mhianliosta cheana féin!
Tá an mian sin comhlíonta anois, níos faide anonn ná a shíl mé, agus cóip seolta, díreach ón bpreas ag Futa Fata chugam.
Tá earra slachtmhar curtha le chéile arís ag Futa Fata; téacsanna - ó Chorca Dhuibhne is Musgraí - cnuasaithe ag Brenda Ní Shúilleabháin agus nótaí curtha aici leo, mar a bhí in Aniar.

Bíonn claonadh ar mo leithéide smaoineamh ar Chorca Dhuibhne mar áit ar mórán dúlra is beagán daoine; tá leigheas ar an míthuiscint sin i gcuid de ghrianghraif Lanka Haouche Perren, a bhfuil daoine, troscán agus foirgnimh iontu chomh maith le tírdhreacha áille. Tar éis an tsaoil is le daoine caint, agus caint is saíocht na ndaoine atá á chnuasach.

Tá an chumasc céanna is a bhí in Aniar de rannta, leathrainn, tréanna agus píosaí níos faide idir cumadóireacht filí  na leabhair is filí pobail. Saibhreas iontach, in árthach gleoite - leabhar boird caife ach ábhar machnaimh is spreagtha ann.

Ar uairibh mhothaigh mé go raibh nótaí Bhrenda rud beag ró theagascach, barraíocht ann faoi staid reatha na tíre agus na hEaglaise; ré nach mbaineann leis na sleachta, agus go bhfuil an baol ann nach mbeidh an chiall céanna leo laistigh de thraidhfil blianta. Go hiondúil le saothar dhá theangach ní bacaim leis an mBéarla - ach ní hionann an t-eolas ins an dá leagan de na nótaí, agus bhain mé tairbhe as an dá theanga a léamh.

An bail céanna leis na híomhánna; thaitin cuid acu liom go mór, cuid eile áfach (agus daoine iontu) mhothaigh mé go raibh siad ró shaorga, ró stáitsithe.  Seomra ranga den sean dóigh, abair, leabhar ar gach cruinnlín ach gan ann ach beirt dalta, buachaill is cailín is cúla gcloigeann linn.

Bím ag éisteacht go minic ar mo sheinnteoir póca leis an CD a tháinig le Aniar - tá fíor díomá orm nach bhfuil a leithéid curtha ar fáil le Aneas. Súil agam go ndéanfar amach anseo é.

Mar sin féin, is fíor an méid a dúirt foinse amháin le Brenda:

B'fhearr liom agatsa é ná i gCill Chuáin é
Is iomaí seod atá san úir, i gCill Chuáin is cealla nach é - is maith ann leabhar slachtmhar mar seo a chaomhnaíonn cuid de.

Aneas
Údar: Brenda Ní Shúilleabháin
Grianghrafadóir: Lanka Haoche Perren
Lándaite, Clúdach Crua
Líon na lth: 112 lth
ISBN: 978-1-906907-78-5
Praghas:  €25


2014-09-07

Scolaíocht do chách, agus imeascadh

Tá leabhar foilsithe ag ceannaire Ioslamach in Éirinn ag éileamh cuíchóiriú ar an oideachas chun teacht lena léamh seisean ar an Ioslam. Bhí alt san Irish Times faoi, agus as sin d'eascair comhrá ar Twitter ina raibh mise agus Réaltán páirteach. Níl Twitter oiriúnach chun ceisteanna casta a phlé, mar sin shoiléirigh Réaltán a tuairimí sa bhlagmhír seo.

Tagaim le cuid mhór dá bhfuil á rá aici; seachas go bhfeictear dom féin gur cuid den saoirse creidimh do chreideamh a chraobhscaoileadh, agus teacht le chéile le daoine eile d'fhonn do chreideamh a chuir i gcrích - san oideachas freisin.

Tá gá le comhghéilleadh ar ndóigh, go háirithe i pobail atá ag claochlú. 

In Éirinn, faoi láthair, tá pobail ag tarraingt chugainn ó gach cearn den cruinne. Sciar suntasach Moslamach ina measc - ach ní haon bloc aontaithe iad, beireann siad leo a gcultúir féin, agus san áireamh ansin tá na scoilteanna san Ioslam, scoilteanna a mbíonn iarmhairtí sách fuilteacha leo.

San am céanna tá na tuiscintí a bhíodh abhus - leagan monailiteach cléireach den Caitliceachas ag titim as a chéile (agus ainneoin gur pápaire neamh-leithscéalach mé, sílim gur maith sin mar gur chuir sé idir Eaglais agus Stát as a riocht).

Ar fud na hEorpa tá gluaiseacht piúratánach Ioslamach ag treisiú; agus is iadsan freisin an dream atá sáite in uafáis an Stáit Ioslamach san Siria agus san Iaráic.

Tairiscíonn an dream seo cinnteacht, líne soiléir idir "muide" agus "iadsan" atá tá tarraingteacht dóibh siúd a mhothaíonn éiginnteacht - agus tá siad ag mealladh deisceabail nua ó aosánaigh san Iarthar, chomh maith le sliocht na pobail a tháinig soir agus nár éirigh leo riamh imeascadh ceart a dhéanamh abhus. Mar shampla, bhí scéal san FAZ faoi dream a chuaigh tríd baile sa Ghearmáin, ag tabhairt Póilíní Sharia orthu féin agus ag scaipeadh bolscaireacht - agus más fíor na tuairiscí ag cur bac ar dhaoine dul ag rince. Sven Lau, iompaitheach Gearmánach, ceannaire na buíne.

Sin an comhthéacs don méid a bhí mise ag iarraidh a rá - go bhfuil gá le comhghéilleadh áirithe sa chóras oideachas abhus a chuireann fáilte roimh saoránaigh nua Moslamacha, gan tuiscintí abhus a scaoileadh le sruth.

Níl réiteach iomlán na faidhbe agam agus tuigim - agus roinnim go pointe - goimh Réaltáin maidir leis an íomhá de mhná a léiríodh san alt san IT. Is cosúil go bhfuilimid fós sáite san tuiscint gurbh ar an mbean atá an fhreagracht as drúis na bhfear a smachtú! (Ar an lámh eile úsáidtear colainn mealltach mná chun bréagán na mbuachaillí mór a dhíol - agus fiú taos fiacla)

Tá bóthar fada le dul sula mbíonn comhionannas ann; agus caithfear modh oibre a bheith ann le éagsúlacht a cheadú gan scoilteadh, ach fós féin an meas is dual a thabhairt dó chách.

Ba mhaith liom go bhfeadfadh duine bheith ina shaoránach mórtasach Éireannach, ach freisin bheith in ann an chuid is fearr dá chultúr sinseartha a bhreith leis.

Thar aon rud eile, tá ga le plé!