Píosaí liom in áiteanna eile:

2014-09-12

Dar mo leabhar!

Nóta: leasaigh mé an mhír seo, míthuiscint a bhí ormsa,  dúradh an méid thíos leis An Léirmheastóir i rphost, ní a tuairim féin é.


blagadóir misniúil nua inár measc, atá mar aidhm aici léirmheas a dhéanamh ar leabhar in aghaidh na seachtaine, agus nach gcuireann fiacail ann mura dtaitníonn leabhar léi. Dúradh an méid seo léi i rphost  le déanaí:

Is fíor, má fhoilsím léirmheas ar leabhar anseo, gur moltach a bhím beagnach i gcónaí. Tá cúis leis sin. Is ar mhaithe le pléisiúr a léann mise; má bhainim pléisiúr as leabhar, is mian liom sin a roinnt le daoine eile agus molaim ar mo bhlag é. Mise a roghnaíonn na leabhair a léim seachas fíor chorr uair nuair a iarrtar orm léirmheas a scríobh (Tá cúpla léirmheas liom foilsithe ar Tuairisceoir - Sciorrann an tAm, Daideo, An Colm Bán). Sa chás go n-iarrtar léirmheas orm, déanaim tréaniarracht bheith ionraic agus cáineadh má mhothaím go bhfuil sin tuillte.

Ach tá i bhfad níos mó saothair Gaeilge léite agam ná mar a bhfuil tagairt déanta agam dóibh anseo. Scaití, níl na leabhar críochnaithe agam ceal pléisiúir. Uaireanta eile is le drogall agus díomá a chríochnaigh mé iad. Ní luaim anseo iad, mar go mbím sásta bheith réidh leo!

Tá cúis eile le mo dhrogall bheith ag foilsiú léirmheas cainteach anseo; ar feadh cuid mhór de mo shaol gairmiúil, is cuid tábhachtach de mo chuid oibre ná anailís chriticiúil a dhéanamh ar cháipéisí agus ar bhogearraí - ag lorg fabhtanna. Cothaíonn sin meon aigne sách doirbhíoch, diúltach.

Tá faoiseamh aigne mar sin, agus só bhreise, a bheith ag canadh molta leabhair a thaitin liom.

Agus sin mo scéal.

Guím súil grinn agus muineál teann ar an Léirmheastóir áfach, treise léi. Is obair fónta, riachtanach atá ar bun aici.