2020-08-29

Éadaoin


Seo an tríú imleabhar ina bhfuil beatha nua tugtha ag Diarmuid Johnson do scéal ón tseanlitríocht. An uair seo, de bhrí nach bhfuil scéal iomlán tagtha anuas chugainn, bhí ar féin roinnt den scéal a cheapadh, rud atá mínithe aige in aguisín. Ach níl aon difríocht le haithint idir athinsint agus cumadóireacht sa reacaireacht fuinte seo.

Thaithin an teanga san imleabhar seo go mór liom. Is geal le ceol é. Abairtí gairide go minic. Athrá éifeachtach ar samhlacha. Tá Trecheng Brethre Féne luaite i measc a chuid foinsí, maraon leis an sár leabhar Flóra Chorca Dhuibhne. 

Tá an scéal suite i gcomhthéacs níos leithne aige, ag tosú le mealladh na Bóinne ag an Dagda agus breith Aonghus Óg, agus ag críochnú le casadh tuismitheoirí Conaire Mór ar a chéile. 

Idir eatarthu tá scéal Éadaoine. Ach cé gurb a hainm atá ar an scéal, is scéal na rudaí a tharlaíonn di atá ann seachas na nithe a dhéanann sí. Ní léir fiú an í dáiríre a bhronnann searc nó an ag déanamh áil den éigin atá sí. Midir, a chéad bhean siúd Fuamnach agus dara céile Éadaoine Eochaidh na gníomhaithe.

Draíocht agus dásacht. Searc agus éad. Cleasaíocht agus cruálacht. Ach áilleacht cainte agus íomhánna.

Cuireann na scéalta seo go mór le saibhreas na litríochta nua Ghaeilge. 

Tá dornán focail nach mbeadh cur amach agam orthu agus tá gluais úsáideach i ndeireadh an leabhair. Ach i ndáiríre tá siad soiléir i gcomhthéacs.

Chuala mé go bhfuil taifeadadh déanta ag Diarmuid ar Conaire Mór mar chlosleabhar. B'fhiú go mór amhlaidh a dhéanamh leis an leabhar seo. Admhaím gur i nglór Diarmuide a chuala mo chluas inmheánach é...

2020-08-23

Ikenga


De réir an mhargaíocht don úrscéal is déanaí seo ó Nnedi Okorafor, tá sé dírithe ar leanaí "middle grade" — thart ar a deich de réir mo thuisceana. Tá an laoch féin agus a chairde dódhéag. Scéal maith is ea scéal maith áfach agus bhí fonn orm éalú go saol eile, mar sin chuir mé fios ar an scéal don kindle.

Tá an scéal lonnaithe i Nigéir an lae inniu. Maraíodh athair Nnamdi (ainm a chiallaíonn "Maireann m'athair"). Ba ceannaire na bpóilíní é, agus tá gach duine cinnte gur coirpeach mór le rá, Taoiseach na dTaoiseach atá freagrach as a bhás. Gan a athair ann chun saothrú dóibh, titeann Nnamdi agus a mháthair i mbochtaineacht. Goilleann rudaí go mór ar Nnamdi. Ag cuimhneachán bliana a athair tógann rudaí casadh. Sleamhnaíonn sé ón gcóisir agus leanann duine. Spiorad a athair atá ann, agus bronnann sé Ikenga air - dealbh rathúnais. Bronnann sé seo cumhachtaí ar leith air agus gabhann sé i ngleic leis na coirpigh - a bhfuil gnéithe draíochta ag baint le cuid acu. Africanjujuism a thugann Nnedi Okorafor ar an cineál seo scríbhneoireacht, í ag tarraingt as foinsí agus tuiscintí a dúchas Nigéireach - Igbo go háirithe. (Dar léi féin is Naijameiriceánach í, féiniúlacht doscoilte).

Le mistéir bás a athair a réiteach caithfidh Nnamdi smacht a fháil ar na cumhachtaí nua seo, agus go háirithe ar a fhearg féin. Ní leor an neart nua a bhronnann an ikenga air. Murach a chara, cailín darb ainm Chioma, theipfeadh air. (Níl mé cinnte faoi bhrí Chioma, ach is é chi spiorad nó diagacht an duine aonair a shocraíonn a chinniúint, agus ciallaíonn Oma maith). 

Is iomaí cor agus casadh san scéal agus is minic nach bhfuil rudaí mar a shíltear iad a bheith. 

Ach le cairdeas agus muinín baintear amach bua. Agus fágtar an doras oscailte do bhreis scéalta faoi Nnamdi agus Ikenga. 

Ba léitheoireacht taitneamhach an scéal domsa agus shamhlóinn do mbainfidh daoine óga sult as. Lasmuigh de cúpla abairt fánach Béarla caighdeánach atá ann. Agus tá an cúpla abairt pidsin soiléir i gcomhthéacs. 

Ach tá boladh agus blas na hAfraice ar an scéal, chomh fada agus atá ar mo chumas breith a thabhairt! 


2020-08-22

Cosán na Naomh - Rinn Chonaill

Tá cosán marcáilte ar a dtugtar Cosán na Naomh ó Halla Ceann Trá go dtí bun Cnoc Bréanainn ag carrchlós an Bhaile Bhric.

Ar an ndrochuair tá go leor de ar bhóithre, cé gur cúlbhóithre ciúine iad don mórchuid. Níor shiúil mé an t-iomlán i mbliana ach os rud é go raibh fonn orm freastal ar Allagar na hAoine in Áras Bhréanainn Aoine amháin agus muid thiar, thosaigh mé á shiúl ón mBaile Breac aduaidh. Ar an mbóthar ón mBaile Breac chomh fada le Corr Áille. Tá radharc ón cuid sin den mbóthar ar Loch Corr Áille mar ar sháinnigh Naomh Cúán piast craosach faoi choire. (Ach is i mbaile fearainn Rinn Chonaill atá an Loch, mar a dúirt Helen Ní Shé liom ar Twitter ar na mallaibh). 
Tá radharc níos fearr air ó shleasa Rinn Chonaill féin. Fágann an cosán an bóthar ina dhiaidh ansin, tríd geata in aice le teach, tríd gort ina bhfuil fothrach ón ré luath Críostaí ina bhfuil crosleac. 
Tá an cnoc sách fliuch ainneoin é bheith géar go maith. Agus tá go leor bláthanna scaipthe i measc an fhéir. Tá cuaillí marcála measartha soiléire ann an bealach ar fad go dtí barr an chnoic. Ón tor clochach ag a bharr tá radharc breá siar ar Pharóiste Múrach agus ar aghaidh go Beatha Sagairt an Fheirtéaraigh. 

Síos fána fliuch ar an dtaobh eile ansin i dtreo Cill Maoilceadair áit a bhfuil eaglais agus go leor iarsmaí eile. D'éirigh liom i mbliana amharc ar an gcloch atá luaite leis an nGlas Gaibhneach. Ní fhaca mé cheana é mar go mbíonn ag dul sa treo eile, ach chuaigh mé á lorg an uair seo. 
Ó Cill Maoilceadair ar aghaidh leanann an cosán an bóthar - comhthreomhar leis an gcnoc ar feadh tamaill, ag dul thar iarsmaí fearacht Teach an seansailéara agus Cathair Deargáin. Síos bóthar fada díreach ansin i dtreo Gallarus. Go gairid sula sroicheann an bóthar an bóthar mór tá bóithrín glas ar chlé isteach go Caisleán Gallarus. Téann an cosán ar aghaidh go hionad (príobháideach) cuairteoirí Airegal Gallarus. Bhí an ionad dúnta ach an aicearra go dtí an aireagal oscailte, mar sin lean mé é. 
Trasnaíonn an cosán cúpla Páirc ansin agus bóthairín glas a thugann chomh fada leis an Leataoibh Mór é. 

De bhrí go raibh mé ag dul go dtí Baile an Fheirtéaraigh, d'fhág mé an cosán ag an bpointe sin agus lean na bóithre (measartha gnóthach) go Baile an Fheirtéaraigh. 

Thóg an t-iomlán thart trí go leith uair a chloig orm, á ghlacadh breá réidh. Is é seo, de réir mo chuimhne, an sciar is taitneamhaí le siúl de Chosán na Naomh. 

2020-08-18

Com an Lochaigh


Is é Baile an Lochaigh an chéad baile eile trasna ón mBaile Breac i gCorca Dhuibhne. Roinnt mhaith blianta ó shin tháinig mé síos ón taobh eile den nGleann tar éis Cnoc Bhréanainn agus an Ghearáin a shiúl. Bhí sé ana ghéar! Ach ní raibh mé istigh sa ghleann féin riamh i gceart.

Fuair mé comhairle áitiúil, agus ós rud é nár theastaigh uaim talamh príobháideach feirme a raibh claíocha timpeall air a thrasnú, thosaigh mé féin agus Fionn ag siúl suas Cosán na Naomh go Cnoc Bréanainn - ach d'fhág muid go luath an cosán marcáilte agus shiúl amach ar dhroim sléibhe go dtí go raibh radharc isteach sa ghleann againn. 
Shiúl muid ar aghaidh isteach sa ghleann ag dul síos go mall le fána - bhí sleasa an chnoic sách géar. 
Bhí iarsmaí cónaí daoine le feiceáil anseo is ansiúd, clochán ina measc. 
Faoin am seo bhí sé ag ceobhrán agus bhíomar sásta urlár an ghleanna a bhaint amach. Urlár a bhí sách fliuch! 
Chonaiceamar sean teach a raibh adhmaid nua curtha mar fráma díon air - is dóigh liom go mbíonn sé in úsáid, clúdaithe le tarp, nuair a bhíonn na caoirigh ag breith nó nuair atá obair eile le déanamh. 

Bhí cosán amach as an nGleann a d'éirigh níos soiléire de réir a chéile go dtí go rabhamar ag siúl ar bhóithrín a thug go dtí an áth muid. Ar an ndea-uair dúinne bhí droichead ann freisin - droichead lindéar - le go leor colúin agus clocha leathana eatarthu. 


Ní raibh le déanamh ansin ach an bóthar a leanacht amach agus filleadh ar na bóithre go dtí an Baile Breac. 

Siúlóid deas, a thóg roinnt uaireanta an chloig orainn, á ghlacadh go breá réidh. 

2020-08-16

Ceann Bhaile Dhaith agus Binn Bhaile Reo

Tá radharc ar Chnoc Bhaile Dhaith ón mBaile Breac áit a mbíonn muid ag cuir fúinn san Samhradh. Ach ar chúis éigin níor éirigh liom dul chomh fada leis go dtí i mbliana. Bím airdeallach mar go bhfuil fhios agam nach bhfuil ceart siúl soiléir nó fairsing in Éirinn. Tuigim do feirmeoirí - talamh oibre atá ann agus cuireann fiú siúlóir cúramach strus ar claí á thrasnú, gan trácht ar an cuir isteach ar eallach nó caoirigh. Ach tá cur síos i leabhar atá agam faoi lúb ar Chnoc Bhaile Dhaith maille siúlóid ann is ar ais go dtí Binn Bhaile Reo.

Ar aon nós d'fhág mo nuachar mé féin agus mo mhac ag bun an bhóthair isteach go Baile Dhaith. Shiúlamar suas tríd an sráidbhaile agus ós rud é gur bhuaileamar le bean áitiúil chinntigh mé léi nach mbeadh deacracht ag siúil ar an gcnoc. Dúirt sí nach mbeadh ach go raibh sé de cheart againn siúl sa treo eile, go mbeadh na radharcanna níos fearr! D'fhéachamar siar cúpla uair, agus ar ndóigh tá na radharcanna trasna Cuan Ard na Caithne agus trasna go dtí na Blascaodaí iontach ar fad.
Shiúl muid timpeall imeall an ceann tíre agus suas go dtí fothrach an túir mar a bhíodh stáisiún Garda Cósta siar go dtí aimsir Napoleon. Nuair a bhog an Garda Cósta go Baile na nGall thug siad an ainm leo - sin an fáth a tugtar Ballydavid air as Béarla. 
Ansin thosaigh muid ag siúl ó thuaidh fan gcnoc i dtreo Bhinn Bhaile Reo. Bhí radharcanna breá againn ó thuaidh freisin agus shocraigh muid leanacht orainn go bhfeicfeadh muid an raibh bealach síos gan dul ró ghar do thithe. Mar a tharla sé, shiúl muid fán aill an bhealach ar fad go Cuas an Bhodaigh. Bhí orainn leathdhosaen claí a thrasnú ach bhí áiteanna soiléire len é sin a dhéanamh gan strus a chur ar an gclaí, agus chonaic muid roinnt grúpaí eile ar an gconair céanna. Bhí an cosán an ghar don aill scaití agus níor mhaith liom dul an treo ar lá fliuch nuair a bheadh sé sleamhain!


I dtreo deireadh bhí balla cloiche a raibh cuma tóchair air leis an féar ag fás ar a bharr. Píosa éachtach oibre! 

Do lá breá gréine ba iontach an siúlóid é - ach ó thaobh radharcanna de, dá mbeinn á dhéanamh arís thosaínn ag Cuas an Bhodaigh agus siúlfadh mé ó dheas. 

Is trua nach bhfuil an cosán forbartha, le céimeanna thar na claíocha agus marcáil soiléir. Tá go leor féidearthachtaí i gCorca Dhuibhne siúlóidí mar atá coitianta i dtíortha eile a fhorbairt ar dhóigh a chuirfeadh le saothrú na feirmeoirí seachas cuir isteach orthu. 

Ach tá cearta bealaigh achrannach in Éirinn - agus ar an ndrochuair tá go leor siúlóirí nach bhfuil cúramach an mana "Ná fág lorg" a leanacht. 

2020-08-15

Flóra Chorca Dhuibhne

Caithim seal uair nó dhó sa bhliain i gCorca Dhuibhne. Déanaim go leor siúl agus mé ann. Níos mó ná is maith liom ar bhóithre!
Ach sa samhraidh bíonn bláthanna fiáine ar gach taobh den mbóthar, flúirse álainn dathanna. Tá na bláthanna ard agus feiceálach.

Nuair a bhaintear amach sleasa an chnoic atá go  minic fliuch níl na bláthanna chomh ard feiceálach céanna. Ach tá siad chomh hálainn céanna, agus in áiteanna chomh flúirseach gur geal le bheith ag siúl ar bróidnéireacht é.

Blianta beaga ó shin cheannaigh mé an leabhar Flóra Chorca Dhuibhne, a d'eascair as taighde cúramach de chuid Oidhreacht Chorca Dhuibhne. Tá cuir síos ar sciar suntasach den 600 bláth a aimsíodh san taighde a lean roinnt blianta ann. Tá réamhrá léannta as Gaeilge faoi na cúinsí a mhúnlaíonn gnáthóga don saibhreas bláthanna. 

Níl spás i mo chuimhne ach do dhornán ainm. Ach tarraingíonn chugam an leabhar anois is arís ar mhaithe leis an eolas idir eolaíochta agus béaloidis ann. 

Bhí duine de seanfhondúirí Oidhreacht Chorca Dhuibhne istigh ag caint le Helen Ní Shé ar an saol ó dheas inné. Sheol mé giolc a rá gurb é an t-aon locht a bhí agam ar an leabhar ná nach dtig é iompar leat i do phóca! 

Is saothar atá ann a sheasfaidh i bhfad. Treise leo! 
Póiríní seangáin 
Sciollam na móna 
Lus na seilge 

2020-08-13

Zombaí Bóín Dé


Thug mé suntas don mBóín Dé de bharr í bheith clúdaithe le huisce. Shíl mé sin a bheith thar a bheith ait. Ansin, lá i ndiaidh lae thug mé faoi deara nach raibh an fheithid ag bogadh seachas corr searradh a dhéanamh.
Ansin thug mé faoi deara an rud faoi, a raibh cuma mála uibheacha damhán alla air - pacáiste beag síoda. Rith sé liom go raibh ainmhí eile tar éis seilbh a ghlacadh uirthi. Tar éis roinnt guglála déanaim amach gurb an foiche seadánach Dinocampus coccinellae atá i gceist. 

Cuireann an foiche ubh amháin ar bholg bog an Bhóín Dé. Nuair a thagann an focihe óg as an ubh, tosáionn sé á chothú féin ar an mBóín Dé agus ar aon uibheacha eile atá thart ar a colainn. Lena linn sinn bíonn an Bhóín fós á cothú féin. Ansin déanann an foiche an Bhóín a phairlisiú agus tugann an Bóín cosaint don cocún. De bharr go raibh an dá ainmhí san áit céanna tar éis trí seachtainí, tharlódh go raibh an larbha foiche féin ina íospartach ag Gelis Agelis mar atá luaite san alt Vicipéid. 

Is féidir leis an dúlra bheith sách barbartha - ach ar ndóigh ní haon ainmhí séimh cairdiúil an Bóín Dé féin! 

2020-08-12

Cad is pobal Gaeilge Twitter ann?

Tá mise ar Twitter ó 2011. Roimhe sin bhí mé ag baint feidhm as liostaí ríomhphost, cláracha plé, agus bloganna. Tá a leithéid riachtanach dom chun bheith ag comhrá as Gaeilge le daoine fásta. Níl baint gairmiúil agam leis an nGaeilge agus níl aon dlúthphobal Gaeilge gar dom. Fiú roimh an dianghlasáil covid bhí dua i gceist le deiseanna a aimsiú Gaeilge a labhairt.

Is go fíor annamh a úsáidim teanga seachas Gaeilge ar Twitter; níl spéis ná foighne agam bheith ag plé na Gaeilge as teangacha eile agus níl aon scil agam i múineadh. 

Ach ní lia duine ar Twitter ná cúis a bheith air, agus iompair teanga dá réir. Gan trácht orthu siúd atá ag amharc go ciúin ar an aicsean. 

De réir twitter táim ag leanacht míle cúig chéad cuntas; agus tá breis agus ceithre mhíle do mo leanacht. Ní féidir le daonnaí ar bith an oiread san caidreamh a bhainistiú agus bheadh ionadh orm má bhí comhrá ceart idir mé féin agus níos mó ná céad cuntas fá seach. 

Le grúpa i bhfad níos dlúithe a bhíonn cumarsáid rialta agam agus uaireanta bíonn an comhrá sin dhátheangach, Gaeilge agamsa agus Béarla ar an dtaobh eile.

Ó thús tá taighde luachmhar cainníochtúil ar bun ag Kevin Scannell agus torthaí ar fáil ar leithéidí http://indigenoustweets.com/ga/

Anois is arís déantar alt a fháisceadh as staidreamh Kevin. An ceann is déanaí le caint a tharraingt ná alt i Nós leis an gceannteideal gáifeach Tá 46 duine áirithe i ‘gcroíphobal’ na Gaeilge ar Twitter — cé hiad féin?
Alt ag leanacht dhá alt eile a bhain le feiceálacht na Gaeilge - anseo agus anseo.

I gcás na 46 cuntas, an slat tomhais a bhí i gceist ná
A) gníomhach, sé sin ar a laghad giolc sa tseachtain.
B) 66% nó níos mó de na giolcanna aitheanta mar Gaeilge. Tá athghiolc san áireamh anseo.
C) nach cuntas ar son eagraíochta atá i gceist. 

Tá mé féin ar an liosta. Ach tá daoine air nach raibh comhrá agam riamh leo, nó nach bhfuil mé sásta comhrá leo ar chúis amháin nó eile. Ba dheacair mar sin pobal a thabhairt ar an gcnuasach.

Ní dóigh liom gur féidir le modhanna cainníochta léargas a thabhairt ar phobal, ná ar bhríomhaireacht teanga ar líne.

Agus ní dóigh liom gur ceart tátal a bhaint bhaint as staidreamh lom gan breis eolais a lorg agus a aimsiú chun bonn cáilíochtúil a chuir faoi. 

Agus ar aon nós tá col agam le liostaí!

Tá staidreamh Kevin tábhachtach agus measaim go mbeidh taighdeoirí eile in ann tógáil air, go háirithe maidir le gnás athraitheach teanga ar líne, cad atá ag dó na geirbe ar lucht na Gaeilge ar líne agus nithe spéisiúla mar é. 

Ach is gá bheith fuarchúiseach faoi staidrimh agus an comhthéacs a chuir san áireamh. 

Agus sin mo racht go n-uige seo!

Aguisín - rinne mé dearmad a lua nach bhfuil teacht ag an api, de réir mo thuisceana, ach ar cuntais poiblí. Tá go leor Gaeil faoi ghlas ar twitter. 

2020-08-01

Droichead idir na Cruinní

Cérinneachán lonnaithe i Hamburg san am atá caite mórchuid de na leabhair le Petra Oelker atá léite agam, bean mar bhleachtaire aici. Aisteoir fáin, ach caidreamh aici le ceannaí uasail agus a theaghlach. Tosaíonn an scéal seo amach i Hamburg freisin - ach is i 1906 atá sé lonnaithe. Cléireach i gnó cairpéid atá díreach briste as a phost an laoch. Tá sé in umar na haimléise, i gceist aige éirí ólta amach is amach. Tagann fear óg uasal chuige, atá ceaptha dul ar intéirneacht de chineál go hIostanbúl ar feadh bliana, agus molann malartú céannachta dó - is mian leis féin dul as radharc ar a chúiseanna féin.
Fágann sin ár laoch ag taisteal go hIostanbúl in aimsir an teannais roimh an chéad ár Eorpach. I gcroílár teaghlaigh Gearmánach Sasanach. Bean óg Rúiseach fostaithe chun feabhas a chur ar a chuid Fraincise. 

Deacair seánra beacht a lua leis an leabhar. Tá scéal teaghlaigh, taisteal, stair, spiaireacht fite fuaite ina chéile mar a bheadh cairpéid uasal ón meán oirthear. Leabhar mór groí ach léitheoireacht thar a bheith taitneamhach. 

Punt isló


I ndiaidh dó a bheathaisnéis a fhoilsiú is éachtach an líon leabhair a chur Maidhc Dainín Ó Sé i gcló. Níl siad uilig léite agam cé go bhfuil sciar maith agam. Bíonn caint chraicneach Duibhneach iontu ar fad, nathaíocht agus greann. Bíonn sé ar bharr a chumais ag trácht ar eachtraí áitiúla. Ach níl aon eagla air tabhairt faoi eachtraí an domhain mhóir. 

Sa scéal seo gabhann a bhanlaoch ó bheith ina leathdhílleachta, a máthair caillte tar éis í bhreith, go Meiriceá mar chailín aimsire. 

Ansin gabhann sí féin agus fear óg Éireannach chun iníon an tí thall a shábháil ón dTreas Reich. 

Mheas mé go raibh an smaoineamh go maith agus inchreidte - ach gur chun a leasa a rachadh breis taighde agus eagarthóireacht níos déine. Bhí barraíocht eachtra agus roinnt sleamchúis sna sonraí a pholl an díchreideamh ar fionraí ró mhinic.

Sin ráite táim sásta gur phioc mé suas an léitheoireacht taitneamhach saoire seo i Músaem Baile an Fheirtéaraigh!