Píosaí liom in áiteanna eile:

2020-08-16

Ceann Bhaile Dhaith agus Binn Bhaile Reo

Tá radharc ar Chnoc Bhaile Dhaith ón mBaile Breac áit a mbíonn muid ag cuir fúinn san Samhradh. Ach ar chúis éigin níor éirigh liom dul chomh fada leis go dtí i mbliana. Bím airdeallach mar go bhfuil fhios agam nach bhfuil ceart siúl soiléir nó fairsing in Éirinn. Tuigim do feirmeoirí - talamh oibre atá ann agus cuireann fiú siúlóir cúramach strus ar claí á thrasnú, gan trácht ar an cuir isteach ar eallach nó caoirigh. Ach tá cur síos i leabhar atá agam faoi lúb ar Chnoc Bhaile Dhaith maille siúlóid ann is ar ais go dtí Binn Bhaile Reo.

Ar aon nós d'fhág mo nuachar mé féin agus mo mhac ag bun an bhóthair isteach go Baile Dhaith. Shiúlamar suas tríd an sráidbhaile agus ós rud é gur bhuaileamar le bean áitiúil chinntigh mé léi nach mbeadh deacracht ag siúil ar an gcnoc. Dúirt sí nach mbeadh ach go raibh sé de cheart againn siúl sa treo eile, go mbeadh na radharcanna níos fearr! D'fhéachamar siar cúpla uair, agus ar ndóigh tá na radharcanna trasna Cuan Ard na Caithne agus trasna go dtí na Blascaodaí iontach ar fad.
Shiúl muid timpeall imeall an ceann tíre agus suas go dtí fothrach an túir mar a bhíodh stáisiún Garda Cósta siar go dtí aimsir Napoleon. Nuair a bhog an Garda Cósta go Baile na nGall thug siad an ainm leo - sin an fáth a tugtar Ballydavid air as Béarla. 
Ansin thosaigh muid ag siúl ó thuaidh fan gcnoc i dtreo Bhinn Bhaile Reo. Bhí radharcanna breá againn ó thuaidh freisin agus shocraigh muid leanacht orainn go bhfeicfeadh muid an raibh bealach síos gan dul ró ghar do thithe. Mar a tharla sé, shiúl muid fán aill an bhealach ar fad go Cuas an Bhodaigh. Bhí orainn leathdhosaen claí a thrasnú ach bhí áiteanna soiléire len é sin a dhéanamh gan strus a chur ar an gclaí, agus chonaic muid roinnt grúpaí eile ar an gconair céanna. Bhí an cosán an ghar don aill scaití agus níor mhaith liom dul an treo ar lá fliuch nuair a bheadh sé sleamhain!


I dtreo deireadh bhí balla cloiche a raibh cuma tóchair air leis an féar ag fás ar a bharr. Píosa éachtach oibre! 

Do lá breá gréine ba iontach an siúlóid é - ach ó thaobh radharcanna de, dá mbeinn á dhéanamh arís thosaínn ag Cuas an Bhodaigh agus siúlfadh mé ó dheas. 

Is trua nach bhfuil an cosán forbartha, le céimeanna thar na claíocha agus marcáil soiléir. Tá go leor féidearthachtaí i gCorca Dhuibhne siúlóidí mar atá coitianta i dtíortha eile a fhorbairt ar dhóigh a chuirfeadh le saothrú na feirmeoirí seachas cuir isteach orthu. 

Ach tá cearta bealaigh achrannach in Éirinn - agus ar an ndrochuair tá go leor siúlóirí nach bhfuil cúramach an mana "Ná fág lorg" a leanacht.