23 March 2019

Miodh meidhreach na hÉigse :"Súil" le hEithne Ní Ghallchobhair

Cnuasach ar leith gearrscéalta atá anseo, ar bhronn Cló Iar-Chonnachta cóip léirmheasa orm díobh . Cuid acu ag plé le hainmhithe agus a saol - scréachóg reilige, cuach, iolar fíréan, gráinneog féir, beachóg. Ias seo lán de réalaíochas agus sonraí beachta dúlra.  Dúlra a bhfuil lorg an duine air...

Sciar eile a bhfuil osréalachas in úsáid chun léargas a thabhairt ar anam duine - seanfhear a tabhairt aghaidh ar an mbás, máthair nua ag streachailt leis an ndúlagar iarbhreithe agus an pian, ...

Is iomaí saighead ina bolgán scríbhneora ag Eithne Ní Ghallchobhair, agus aimsíonn an sprioc leo ar fad. Nathanna, uaim, ruthag, athrá - baineann sí feidhm ealaíonta astú ar fad chun scéalta cumhachtacha a fhí. Ina canúint sainiúil Conallach agus ag tarraingt as traidisiún na scéalaíochta agus an seanchais - ach ní béaloideas smolchaite atá curtha ar fáil aici. Meabhraíonn a húsáid teanga dom an méid a dúirt an Cadhnach faoina shaothar féin:
"An uirlis liteartha is fearr a fuair mé ó mo mhuintir an chaint, caint thíriúil, caint chréúil, caint chraicneach a thosaíos ag damhsa orm scaití, ag gol scaití, de mo bhuíochas.
Tá Ní Ghallchobair ina máistir ar a cuid uirlisí. Is craosléitheoir mise a alpann siar leabhair. Ach mhothaigh mé an gá leis an leabhar seo sos anála a ghlacadh agus scéal léite agam; é dhíleá agus pléisiúr a bhaint as mar a dhéanfainn le súmóg de mhiodh láidir.

Na scéalta dúlra ach go háirithe - an tabhairt faoi deara iontach iontu, an cuir síos beacht gur mhothaigh mé gur mé an t-ainmhí a bhí faoi chaibidil aici, ag blaiseadh lúcháir, eagla, ocras, pian de réir mar a bhí an eachtra ag dul ar aghaidh.



Eithne Ní Ghallchobhair, 
Cló Iar-Chonnacht   
Tagairt: 9781784441845   

21 March 2019

Titeann Rudaí as a Chéile

Thart ar cúig bliana ó shin léigh mé dornán úrscéal le Chinua Achebe, "Things fall apart" ina measc. Thaithin sind liom. Ó shin tá scata saothair le Nnedi Okorafor léite agam, scéalta a bhfuil dúshraith láidir de draíocht agus déithe na hAfraice, na hIgbo ach go háirithe leo. 

Bíonn amhras orm faoi aistriúchán nuair atá ar mo chumas an bunsaothair a léamh. Bhí mé fiosrach faoin leagan seo áfach. Agus nuair a chonaic mé cóip tí m'athair thapaigh mé an deis é bhlaiseadh. 

Tá an t-aistriúchán molta ag Breandán Ó Doibhlin ar an mblurba. Ós máistir ar an gceird é féin is dea theist sin. 

Anois agus an scéal léite agam is dóigh liom go ndeachaigh dán Okonkwo i bhfeidhm orm níos doimhne as Gaeilge ná sa bhunleagan Béarla. Tá baint ag an scéal agus a chinniúint deiridh go háirithe le teacht lucht an Bhéarla agus a gcultúr, a bhain an bonn de thuiscint agus gradam Okonkwo agus a rath. Ní hé seo tús agus deireadh a thubaiste dar ndóigh, agus mór chuid acu fréamhaithe ina dhuáilce féin, a fhearg ach go háirithe. Fearg atá fréamhaithe in eagla - go mbeadh toradh éagumas a athair féin le hiompar aige nó le feiceáil ina mhac. 

Tugtar léargas iontach sa leabhar ar dheasghnátha na treibhe agus na fáthanna atá leo. Cuid acu dorcha fuilteach ónar dtuiscint agus léan i gceist leo. Ach córas a dhlúthaigh pobal agus a raibh cóir agus cothrom áirithe leo. 

Mar a deirim measaim go bhfuil an scéal níos láidre as Gaeilge, cultúr agus teanga eile atá faoi bhrú an Béarla. Más buan mo chuimhne bhí blas an pidgin ar an mbunsaothar. Anseo tá na focail igbo fite fuaite i nGaeilge créúil uasal ar fearrde a oireann sé (ar mo chluasa inmheánacha) d'oineach an laoch treibhe i ngleic leis an gcinniúint agus an casadh taoide a tháinig leis na Sasanaigh agus a rialtas agus creideamh nua. Agus a ndímheas aineolach ar a bhfuil ann rompu, ainneoin eisceacht nó dhó ina measc. 

Iad spléach cibé ar dream ó threibh eile chun idir teangaireacht a dhéanamh - dream áfach nach bhfuil ionraic agus a chuireann leis an éagóir ar síol foréigin é. 

Scéal chráite a bhfuil na méirscrí le feiceáil fiú blianta fada i ndiaidh deireadh le coilíneachas. 

Is maith go bhfuil an saothar seo ar fáil dúinn, inár dteanga féin a tháinig slán ar éigean ón gcoilíneachas céanna agus atá fós ag streachailt! 

Ní raibh an dá úrscéal eile atá luaite mar chuid de thriológ leis seo léite agam. Spreagadh mé fios a chur orthu ón leabharlann. 





Titeann Rudaí as a Chéile
Chinua Achebe
Irene Duffy Lynch a d'aistrigh
= 2018.34 =

Fadó riamh... Ag an tús

Is maith liom scéalta. Miotais agus seanchas.

Is cosúil de réir a deir sí féin, gurb amhlaidh d'Áine Ní Ghlinn. 

San leabhairín seo atá dírithe ar fhoghlaimeoirí fásta tá a rogha scéalta ó gach cearn den domhan ar chruthú na Cruinne agus an duine ach go háirithe. 

Tá sé suntasach a mhinice gurb as láib a fáisceadh agus a fuineadh an duine! Cuid den gcúis ná gur roghnaigh Áine scéalta ina bhfuil athrá ar focail agus coincheapa iontu - ar mhaithe le deis foghlama don foghlaimeoir fásta.

Ar an lámh eile is iomaí cruth ar an gCruthaitheoir sna scéalta, Fiach, Turtar, Nathair clúmhach. 

Tá na scéalta fuinte fáiscthe as an amhábhar agus taitneamhach éadrom le léamh. Ní don foghlaimeoir fásta amháin na scéalta, bainfidh léitheoir ar bith taitneamh as, go háirithe mo leithéidí atá tógtha le scéalta agus gaois an chine atá iontu. 

Tá mion léaráidí le nia le hÁine, Aisling Molloy, ag dul leis na scéalta, siombail a cheapann eithne gach scéil. 

Cnuasach taitneamhach éadrom. Seoladh in éineacht le leabhar do pháistí é, Boscadán in áras Éigse Éireann ar na mallaibh. Cheannaíos ann é. 



Áine Ní Ghlinn
Leabhar Comhar 
Sraith: Foghlaimeoir Fásta
ISBN: 978-1-9998029-2-9



14 March 2019

Apollo Dhigiteach

Tá isteach is amach le deich mbliana caite agam ag plé le bogearraí san earnáil spáis. Misin eolaíochta de chuid an Ghníomhaireacht Spáis Eorpach a bhíonn mé ag plé leo. Ní bhíonn duine ar bhord na hárthaigh, ar teileascóip nó braiteoirí eolaíochta a bhíonn ar iompar acu. Scaití iad ar fithis ag pointe socair (maidir leis an domhain de), pointe Lagrange i gcóras na gréine agus an domhain. Nó iad ag dul ag iniúchadh pláinéid agus a chuid gealaigh.

Misin a mbíonn na blianta fada de ullmhúcháin i gceist leo, agus i gcás na pláinéid na blianta fada de thuras chucu.

Táim amhrasach faoi fiúntas daoine a chur sa spás. Tá daoine leochaileach agus go leor riachtanais acu. Is é éalú ón domhantarraingt an cuid is costasaí ó thaobh fuinnimh de de mhisean spáis. Agus tá an chostas i gcoibhneas leis an mais - cuireann duine agus a chuid soláthairtí go mór leis an meáchan.

An gnáth argóint ar mhaithe le duine a bheith san áireamh ná gur féidir leis an duine plé le heachtraí nach raibh tuartha ar dhóigh níos éifeachtaí ná ríomhairí agus an fhoireann ar an dtalamh, a mbíonn moill orthu an t-eolas a fháil fiú ag luas raidió.

Faoi láthair tá daoine — idir triúr is seisear - ar an spás stáisiún idirnáisiúnta atá i bhfithis timpeall an domhain. Ó tháinig deireadh leis an Tointeálaí Spáis is iad na Rúisigh agus a gcóras seanbhunaithe Soyuz a iompraíonn spásairí ann agus ar ais. Tá iarrachtaí ar bun ag na Sínigh daoine a chuir sa spás agus roinnt bua bainte amach acu. Measaim go bhfuil méid áirithe bainte amach san Ind freisin. Ach tá an Eoraip spléach ar na Rúisigh nó Meiriceánaigh.

Tar éis bearna fhada tá SAM ag díriú ar dhaoine a chuir sa spás arís, filleadh ar an ngealach i dtosach ansin an folús a thrasnú go Mars — aistir roinnt blianta.

Is comhlachtaí tráchtála faoi stiúir NASA atá i mbun na hoibre. Stiúir atá i bhfad níos scaoilte ná mar a bhí i gcás na cláir Gemini agus Apollo sna seascaidí.

Tá plé ar an clár Apollo sa leabhar Digital Apollo atá léite le déanaí agam.

Is spéis san obair ceannródaíoch ríomhaireachta a spreag mo spéis ann, ach is é a d'fhoghlaim mé as go raibh polaitíocht - mór agus beag - agus caidreamh poiblí lárnach ní hamháin i ndearadh na misin ach níos mó fós san dóigh a cuireadh na heachtraí i láthair an pobal.

Toradh ar iomaíocht na córais ab ea cinneadh Mheiriceá tréan-iarracht a dhéanamh fear a chuir ar an ngealach. Bhí cúpla bua lua ag an Aontas Sóivéideach san iomaíocht seo agus Sputnik, an chéad spásárthach agus Yuri Gagarin an chéad duine curtha sa spás acu.

Tharraing Meiriceá as a miotas bunaigh faoin taiscéalaí fireannach laochúil, an ceannródaí calma i gcodarsnacht leis na Rúisigh ina raibh an duine aonair báite sa chomhchoiteann más fíor.

Ach fiú i SAM féin bhí géar iomaíocht idir innealtóirí a chreid gur faoi chóras uathoibríoch nó cian stiúrtha ba cheart rudaí a fhágáil agus na píolótaí tástála a chreid gur scil an laoch aonair eochair an ratha.

Léiríonn an leabhar gur córas casta innealtóireachta a bhí i gceist, cumasc den obair uathoibríoch ar bhord agus ar thalamh agus cian rialú ó thalamh agus gníomhaíochtaí daonna ar bhord.

Gach cuid den gcóras fite fuaite le chéile agus idirspleách.

Bhí fadhbanna agus fabhtanna ann gan amhras.

Ach cé gur minic (mar a déantar fós) an milleán á leagadh ar an ríomhaire agus a dhearthóirí is fírinne an scéil nach raibh botún ríomhaireachta i gceist, agus go deimhin gur fhág an dearadh deiseanna plé le fadhbanna crua earra.

Mar sin féin d'fhág tionchar na píolótaí tástála, buachaillí bó laochúla a linne, a roghnaíodh chun tabhairt faoin misean agus riachtanais na bolscaireachta sa chogadh fuar chomh maith le amhras an phobail faoi theicneolaíocht agus uathoibríocht nach bhfuair na hinnealtóirí ná na ríomhairí an chreidiúint a bhí dlite dóibh.

Lón machnaimh, cé gur bhraith mé mar leabhar go raibh sé ró scaoilte foclach.

Níor lagaigh sé mo thuairim gur réimse na róbait cian rialta an taiscéalaíocht spás, gur fearr go mór an toradh eolaíochta ar an infheistíocht atá le fáil astu agus gur fearr an úsáid de scil innealtóireachta sin.

12 March 2019

Anam Innill Nua

Tagairt éigin ar Twitter a sheol i dtreo alt mé agus as san chun fios a chur ón leabharlann ar "The Soul of a new Machine" leis an iriseoir Tracy Kidder. Nuair a bhí togra nua á lorg aige mhol comhghleacaí dó tabhairt faoi leabhar faoi innealtóireacht ríomhaireachta agus chuir Tom West, bainisteoir foirne i comhlacht ríomhaireachta in aithne dó.

Bhuaigh an toradh duais Pulitzer. Ní iontas sin.

Cé nach raibh eolas teicneolaíochta aige - go deimhin doicheall aige roimhe - tá scéinséir innealtóireachta tugtha aige dúinn a chuimsíonn ní hamháin na heachtraí teicneolaíochta ach freisin na dúshláin polaitíochta agus bainistíochta a bhaineann le ríomhaire feidhmiúil - go teicniúil ach ar bhonn tráchtála freisin - a thabhairt ar an saol.

Ag croí an scéil tá dornán innealtóir a bhfuil an deis ceilte orthu an ríomhaire "ceart" dar leo a thógáil, de bharr polaitíocht seachtrach agus inmheánach na comhlachta. Agus de bharr cúinsí is riachtanais tráchtála.

Forbairt bheag ar sean ríomhaire atá ceadaithe dóibh, polasaí árachais mar dhea don fhoireann úr in ionad eile atá ag tógáil ríomhaire as an nua.

Dúshlán a bhaineann le ríomhaire ar bith nua a chur ar an margadh ná go bhfuil go leor - idir airgead agus am - infheistithe ag cliantaí na cuideachta i mbogearraí do ríomhairí roimhe agus is gá iad a choinneáil sásta. Ba mhó an dúshlán sin an uair úd agus bogearraí go hiondúil deartha go sonrach do thásc agus cliaint. Ach fiú inniu agus bogearraí ginearálta in úsáid forleathan tá brú ann go bhféadfaí iad a úsáid ar ríomhaire nua toisc go bhfuil taithí ag úsáideoirí orthu agus iad lárnach i bpróiseas gnó.

Ag an am céanna tá gá le forbairt agus feabhas má tá an ríomhaire nua le bheith rathúil.

Sa chás seo ba ríomhaire 32 giotán le teacht in áit ríomhaire 16 giotán. Rud a chuireann ar chumas an ríomhaire níos mó cuimhne a smachtú agus méid áirithe áireamh a dhéanamh níos gaiste.

Tá eachtraí idir teicneolaíochta agus daonna sa leabhar. Foireann á earcú agus a mhúnlú as ógánaigh ón gcoláiste agus sean fhondúirí. Polaitíocht comhlachta. Déine saol bainisteora ag cosaint a fhoireann i ngan fhios dá fhoireann féin. Easpa acmhainní. Tréithe atá riachtanach don obair ach ar bac ar chaidreamh iad. Oícheanta déanacha is laethanta fada. Daoine ag "dó amach".

D'éirigh leo an ríomhaire a chur ar an margadh ainneoin na dúshláin. Rinne siad leas na comhlachta. Ní bhfuair siad aitheantas.

Tagann go leor den reacaireacht le mo thaithí i tríocha bliain ag plé le hinnealtóireacht bogearraí, cé go bhfuil gnéithe de a bhaineann go sonrach le cultúr Mheiriceá, agus chuir mise tús le mo ghairmré sa Ghearmáin roimh filleadh ar Éirinn (áit a bhfuil an cultúr innealtóireachta faoi anáil Mheiriceá).

Tá na seachtainí fada oibre, na sealanna oíche nuair atá acmhainní tearca le roinnt, an pholaitíocht idir ranna agus idir daonna uilig feicthe agam. An tóraíocht ar fabhtanna. An imní (agus scaití an chinnteacht) gur mise a rinne an botún chinniúnach. An fabht fánach an-as ar deacair a cheapadh. An splanc tinfeadh déanach istoíche. An lúcháir is an díomá.
An taisme a nochtann fios fátha scéil ar a rabhthas ag obair go córasach gan toradh ar feadh i bhfad roimhe sin. An pian sa ghoile nuair atá nimh i dteannas na foirne.

Ní hiontas an duais Pulitzer as an eachtra seo a cheapadh ar phár. É a bhlí as comhráití agus crochadh thart sa saotharlann, ag amharc, ach an fanacht as an slí.

Scéal fir don gcuid is mó (beag ionadh san am agus ionad agus gairm sin) cé go dtugtar aitheantas cuí do rúnaí na foirne a choinnigh an taobh riaracháin ag dul, bealadh oibre nach aithnítear go hiondúil ach nuair atá foireann dá uireasa.

Claisiceach.

11 March 2019

Lá Idirnáisiúnta na mBan 2019

Sa bhliain 2016, cothrom céad bliain ón Éirí Amach a chuir Réaltán Ní Leannáin tús le hócáid bhliantúil litríochta ar Lá Idirnáisiúnta na mBan. Bhí sé tráthúil gurb í Críona Ní Dhálaigh a bhí in oifig, bean a chonaic í féin i dtraidisiúin Caitlín Bean Uí Chléirigh. Bean nach raibh sásta ornáidí Rí Liam a chaitheamh agus í in oifig. Bean a raibh a fear céile agus deartháir léi i measc ceannairí an Éirí Amach a d'íoc lena beatha. Bean áfach a d'imir a ról féin an uair úd agus ina dhiaidh. Agus í ina méara ar Áth Cliath chuir sí slabhra nua gan lúitéis le Rí nó Ríocht á dhéanamh.

Slabhra a chaith Críona agus an ócáid seo á oscailt aici i Seomra Darach Tí an Ard Mhéara.

Tá na fir in oifig ó shin agus an sean slabhra fillte. Ach tá áit buan sa bhféilire bainte amach ag an ócáid.

Deis scríbhneoirí ban na Gaeilge a chlos ag reic a gcuid saothar. Idir mná a bhfuil go leor saothair foilsithe acu agus aitheantas acu, agus mná atá ag péacadh mar údair aitheanta.

Roinnt blianta ó shin spreag cuireadh ag an ócáid Anna Heussaff iniúchadh a dhéanamh ar cé mhéad ban bheo atá foilsithe agus conas mar atá cúrsaí comhionannais sa ghairm (go leor déanta, go leor le déanamh a breith). As sin a d'fhorbair bunachar na scríbhneoirí Gaeilge.

Cathaoirleach Aontas na Scríbhneoirí a bhí sa chathaoir don ócáid, Celia de Fréine.

Seisear a bhí le reic.

Léigh Réaltán Ní Leannáin sliocht as a húrscéal atá le foilsiú go luath, i Mí Aibreáin. Sliocht a bhain le heachtra i dtrioblóidí na fichidí i mBéal Feirste. Eachtra a mheabhraigh eachtra trioblóidí na seachtóidí a mhair sí féin tríothu di.

Bean óg á sracadh as a leaba ag buíon armtha, cosantóirí an phobail dar leo féin. A ceann á lomadh le deimheas agus í cheangal de ráillí an Teampaill. Éigniú bagartha uirthi. A coir, dar leo? Bheith ag siúl amach le péas. Athinsint ag mná óga eile agus a glór siadsan a thug Réaltán dúinn seachas cuir síos díreach. Modh éifeachtach an feall a chur ina luí orainn.

Léigh Lisa Nic an Bhreithimh gearrscéal atá tráthúil arís faraor agus scéal Clodagh Hawes ar ais sna ceannlínte. Ag bogadh siar is aniar san am thug sí dúinn scéal mnaoi a thugann a searc faoi anáil bhrúid í. Mar a baintear feidhm as a grá chun í a ghearradh amach ó teaghlach agus cairde. Rud a fhágann gan cosaint í nuair a thosaíonn an foréigean. Gan faoiseamh i ndán ach faoiseamh an bháis....

Baineann úrscéal Mhichille Nic Pháidín le dúnmharú. Léigh sí sliocht as Faoiseamh an Iriseora agus iriseoir an teidil tagtha i láthair ag suíomh dúnmharú mnaoi óg, í sna sála ar na gardaí. Mar a bhuaileann sí le bean óg eile ann. Eaglach imníoch. Bean óg Polannach a bhí tagtha lena deirfiúr ar thóir saol níos fearr. É follasach áfach cén cineál saoil a bhí aimsithe aici....

Bhí téama ag teacht chun cinn (cé nár beartaíodh é).

Ina dán siadsan thug Maoilíosa NicÉadaoin léiriú coscrach ar an athéigniú a dhéanann an córas dlí ar bhean óg a éignítear. An dí-chreideamh. A pian is a crá á húsáid chun amhras a chaitheamh ar fírinne a scéil. An "ach deir seisean..."

Fáisceann Dáire Ní Chaineann prós agus filíocht as a streachailt leis an saol agus an imní agus an galar dubhach. Tá miotail éigin innti a cuireann ar a cumas éadroime croí agus gealgháire a fhuineadh as.

Thug sí dúinn dán faoi pléisiúr a bhaint as a colainn aisti féin. Glacadh agus ceiliúradh. Ach freisin an pléisiúr is féidir a bheith sa collaíocht ach é bheith ina bhronntanas ar a chéile. Comh-riachtain.
Thug sí an dara dán dúinn faoi an mhisneach a fháil bheith beo, bheith le daoine seachas géilleadh don mbás.

Chuir cúrsaí taistil dris cosáin roimh an scríbhneoir deiridh a bhí le reic, Máire Dinny Wren. Bhí sí le heitilt aniar aduaidh ach chuir an aimsir bac uirthi agus faraor níor sroich an bus BÁC in am.

Chuir Celia de Fréine clabhsúr mar sin leis an ócáid foirmiúil. Léigh sí brollach a leabhair ar Luíse Ghabhánach Ní Dhufaigh, bean ceannródaíoch. Comhghleacaí i gcúrsaí oideachais leis an bPiarsach a chaith seachtain na Cásca in Ard oifig an Phoist ainneoin a tuairim gur botún a bhí san éirí amach.

Cuirtear céad oscailt Scoil Bhríde inár láthair, an chéad Gaelscoil atá fós ann. (chaith mé féin blianta sóisireacha mo bhunoideachas ann). Oideachas spreagúil nuálaíoch ar an óige, óige baineann ach go háirithe.

In ndiaidh an clabhsúr foirmealta bhí ceol sa chúlra agus comhrá sa tulra.

Ainneoin troime roinnt den lón machnaimh a tugadh dúinn ceiliúradh dearfach a bhí ann. Tá go leor bainte amach ach tá misneach nua ar fáil sa litríocht don méid atá le baint amach.

05 March 2019

Quadragesima

Tá an Inid thart.

Beidh an chrannóg baoise seo tréigthe go dtí an Domhnach i ndiaidh an ré lán i ndiaidh cónocht an Earraigh!

Slán tamall.

D'imigh sin is tháinig seo

Comhrá ar Twitter le Ciarán Dunbar ba chúis liom fios a chuir ar chuimhní cinn Shéamuis Mhic Sheáin "D'imigh sin is tháinig seo". Scéal fir den aicme oibre a tháinig faoi anáil gluaiseacht na Gaeilge i mBéal Feirste agus a d'fhás isteach ann sa chaoi gur ceannródaí agus bunchloch anois é.
Agus ní do chúrsaí cultúir is teanga amháin a bhí a ghníomhaíocht teoranta.
An mana Ná habair é, déan é a thóg Gaeltacht Bhóthar Seoighe curtha i bhfeidhm chun Bóthar Bombay a atógáil nuair a bhí an comhairle ag tarraingt na gcos tar éis coirloisceadh drong dílseoirí daoine a chuir as a dtithe.
Agus iarrachtaí gnó a chuir ar bun chomh maith le fiontair teangan fearacht scoileanna.
Dá mbeadh síocháin i réim agus rialtais fabhrach fós is éachtaí a bheadh sa mhéid a bhain Séamus agus a comrádaithe mná is fear amach.
Ach i gcomhthéacs go raibh an rialtas naimhdeach agus gur mhothaigh sé an gá oiliúint agus seilbh gunna a fháil chun a theaghlach a chosaint, agus gur lámhachadh é féin ainneoin é bheith glan ó pholaitíocht páirtí - ní áibhéil an focal laochas a lua leis is lena chomhluadar.
Tá eolas iontach sna cuimhní cinn seo, ina measc faoina ghaol leis an gCadhnach agus Misneach na seascaidí.
Tá ceacht ann freisin sa mhéid is go raibh nasc agus bá leis an nGaeltacht traidisiúnta i gcónaí ann (cé nach raibh a dtacaíocht mar Ghaeil uirbeacha i gcónaí praiticiúil).
Mothaím go bhfuil sé ar uairibh ró charanthach nó discréideach faoi na hargóintí fán mbealach. Seans áfach  gur ar staraí seachas ar fear scríofa cuimhní cinn a thiteann sé léargas fuarchúiseach a thabhairt ar sin.
Mhothaigh mé freisin go ndéanfadh beagán eagarthóireacht liteartha leas an leabhair. Tá roinnt scaoilteacht agus athrá san insint.
Cáipéis tábhachtach staire atá ann áfach agus saibhreas grianghraif ag dul leis.
Tá súil agam go mbeidh cuimhní cinn agus iniúchadh staraithe ann amach anseo ar an leabhragán leis. Luann Séamus féin Gearóid Ó Cairealláin mar dhuine ar mhaith leis a chuimhní cinn a fheiceáil i gcló.

02 March 2019

Imbolc 2019 : Dís na Pop Uipe

Is iad Peadar Ó Caomhánaigh agus Osgur Ó Ciardha a chuir tús le cainteanna Imbolc i mbliana.

Tarlaíonn sé go raibh mé féin ag an gcéad Pop Up i mBaile Átha Cliath agus ag go leor acu ó shin. Smaoineamh simplí a d'eascair as cantal na beirte faoin síor séanadh sna meáin Bhéarla gur ann dár leithéidí, eadhon daoine sna cathracha a labhraíonn Gaeilge toisc go labhraímid Gaeilge.

Smaoineamh a choinnigh siad simplí. Teach tábhairne a roghnú uair sa mhí agus cuireadh a scaipeadh ar na meáin shóisialta. Gan eagraíocht, deontas ná táille.

Smaoineamh a bheartaigh siad ó thús a bheadh "Foinse oscailte", sé sin le rá nach bhfuil siad ag éileamh ceart eisiach ar bith ann.

Rud a fhágann go bhfuil an smaoineamh scaipthe ar fud na cruinne agus go teangacha mionlaithe eile.

Forbairtí a raibh súil acu leo, cinn eile nach bhfuil.

Léiriú ar chumhacht na meáin shóisialta chun mearscaipeadh a dhéanamh ar smaoineamh maith atá, mar chuir Osgur síos air, "greamaitheach".

Tugann an coincheap foinse oscailte saoirse - don dream a úsáideann coincheap ach freisin don dream a thugann coincheap ar an saol.

Léiriú freisin ar cumhacht an idirlíon agus na meáin shóisialta.

Imbolc 2019 : Teresa Lynn

Tar éis na hOllscoile chaith Teresa Lynn tréimhse san Astráil agus is ann ar bhealach a athghineadh a spéis sa Ghaeilge. Ríomhtheangeolaí is ea, is é sin taighdeoir ar conas teangacha daonna a rangabháil le ríomhaire. Réimse léinn a bhfuil ana thábhachtach i go leor réimsí dár saol (go hiondúil i ngan fhios dúinn!)

Mar chuid dá taighde bíonn iniúchadh ar bun aici ar úsáid teangan (agus a chlaochlaithe) sna meáin sóisialta.

Ba le gné den scéal sin, ach tánaisteach a phléigh a cuid cainte.

Sé sin buntáistí na meáin shóisialta do chaomhnú teangacha mionlaithe ó thaobh tógáil pobail, scaipeadh áiseanna agus cartlannú ábhar. Ach cnuasach ábhar scríofa a bheith ann is féidir áiseanna eile a chruthú mar atá déanta ag Kevin Scannell ach go háirithe. Chaith Teresa tréimhse Fulbright i St Louis i mbun taighde leis ar na meáin shóisialta.

Tá mise beo sa cíbearghaeltacht ó lár na 1990í agus is cinnte go bhfuil sé tar éis cuir go mór le mo chumas cuid éigin de mo shaol a Ghaelú. (ar an ndrochuair ciallaíonn sé freisin go bhfuil lorg suntasach fágtha agam ar chorpas dhigiteach na Gaeilge. Meancóga san áireamh....)

Ach is iomaí ríomhaithne a daingníodh agus a doimhníodh sa bhfíorshaol ó shin.

Castar na daoine ar a chéile níos fusa ar líne!

01 March 2019

Imbolc 2019 : Ian Malcolm

Táim ag tabhairt suntas do ghuth ar leith Ian Malcolm i saol na Gaeilge ón uair go raibh Lá amháin i n-aghaidh na seachtaine. Aontachtach neamhleithscéalach a spreag grá a athair don dteanga é í fhoghlaim ainneoin doicheall agus naimhdeas oscailte a chomhluadair.

Bhí air dul i ngleic freisin le hamhras baill den dtraidisiún eile ó thuaidh agus é ag foghlaim, amhras orthu faoin gcúis a raibh spéis aige sa teanga.

Go bhfios dom ní raibh éinne eile ó na Sé Chontae sa lucht éisteachta i mBaile Bhúirne ag éisteacht le hIan ach is cinnte go raibh an mórchuid againn níos baidhiúla le cás na náisiúnach ó thuaidh. I meon cibé.

Deir Ian féin faoi féin gur Briotanach agus Éireannach é. Sin dearcadh atá deacair ag náisiúnach Éireannach a thuiscint mar tá an smaoineamh ar an rogha sin mar rud dénártha, mar rogha eiseach, fréamhaithe go domhain inár meon.

Agus i ré seo na Breatimeachta...

Tá Ian féin i bhfách le hAcht Ghaeilge ó thuaidh. Mar sin féin tá sé freisin go láidir den tuairim gur gá glacadh dáiríre le doicheall agus imní an phobail aontachtach. Agus bheith cúramach faoin dioscúrsa.

"Every word of Irish spoken is like another bullet being fired in the struggle for Irish freedom".

Ní léir go baileach cé d'úsáid an nath seo i dtosach nuair a bhí an streachailt ó thuaidh fuilteach agus nimhneach. Ach tá sé á úsáid ó shin chun an Ghaeilge a lascadh mar chaid treibheach pholaitiúil.

Tá Ian den dtuairim láidir gur botún atá ann Acht Ghaeilge a leagan síos mar shlat tomhais ar meas ar an dtraidisiúin ó thuaidh a shainíonn iad féin mar Éireannaigh. Go dtreisíonn sin an dearcadh gur le treibh amháin an Ghaeilge agus cothaíonn doicheall dá réir ón dtreibh eile.

Cé go dtuigim dó, feicim deacracht freisin de bhrí gur fírinne seachas taictic é gur spreag a bhféiniúlacht Éireannach go leor ó thuaidh spéis a chuir sa Ghaeilge, agus gur fhoghlaim roinnt í d'aon uaim chun an fhéiniúlacht sin a threisiú agus a dhaingniú, i gcomhthéacs streachailte chun an nasc leis an mBreatain a réabadh.

Feictear dom gur iarmhairt, neamhthuartha b'fhéidir, de Chomhaontú Bhéal Feirste an treibheachas agus an quid pro quo a dhaingniú agus a threisiú. Agus gur toradh ar sin na hinstitiúidí a bheith faoi réim an eite is neamhghéilliúla ar chaon taobh (agus teipthe dá réir).

Sa chomhthéacs sin is tragóid ar leith an Bhreatimeacht. Níl cás na hÉireann eisceachtúil ar bhonn Eorpach ó thaobh teanga agus cultúir de, sa mhéid is gur iomaí mionlach teanga agus cultúr atá laistigh de Stáit Eorpacha agus go minic trasna teorainn ar chúis achrainne stairiúil iad.

Tugann béim an AE ar síocháin agus comhoibriú áfach uirlisí chun achrann a mhaolú agus a réiteach.

Creidim féin go bhfuil gá leis an modh Eilvéiseach, eadhon dílárú radacach cumhachta go dtí an leibhéal is ísle ach caighdeáin ar bhonn níos leithne chun cos ar bholg a chosc.

Faraor tá bóthar achrannach anois romham agus beidh ceist na Gaeilge ina mheirge ag taobhanna éagsúla pholaitiúla.

Ainneoin tógálaithe droichid fearacht Ian. Tá súil agam nach mbáfar a nguthanna áfach.