Píosaí liom in áiteanna eile:

2019-03-14

Apollo Dhigiteach

Tá isteach is amach le deich mbliana caite agam ag plé le bogearraí san earnáil spáis. Misin eolaíochta de chuid an Ghníomhaireacht Spáis Eorpach a bhíonn mé ag plé leo. Ní bhíonn duine ar bhord na hárthaigh, ar teileascóip nó braiteoirí eolaíochta a bhíonn ar iompar acu. Scaití iad ar fithis ag pointe socair (maidir leis an domhain de), pointe Lagrange i gcóras na gréine agus an domhain. Nó iad ag dul ag iniúchadh pláinéid agus a chuid gealaigh.

Misin a mbíonn na blianta fada de ullmhúcháin i gceist leo, agus i gcás na pláinéid na blianta fada de thuras chucu.

Táim amhrasach faoi fiúntas daoine a chur sa spás. Tá daoine leochaileach agus go leor riachtanais acu. Is é éalú ón domhantarraingt an cuid is costasaí ó thaobh fuinnimh de de mhisean spáis. Agus tá an chostas i gcoibhneas leis an mais - cuireann duine agus a chuid soláthairtí go mór leis an meáchan.

An gnáth argóint ar mhaithe le duine a bheith san áireamh ná gur féidir leis an duine plé le heachtraí nach raibh tuartha ar dhóigh níos éifeachtaí ná ríomhairí agus an fhoireann ar an dtalamh, a mbíonn moill orthu an t-eolas a fháil fiú ag luas raidió.

Faoi láthair tá daoine — idir triúr is seisear - ar an spás stáisiún idirnáisiúnta atá i bhfithis timpeall an domhain. Ó tháinig deireadh leis an Tointeálaí Spáis is iad na Rúisigh agus a gcóras seanbhunaithe Soyuz a iompraíonn spásairí ann agus ar ais. Tá iarrachtaí ar bun ag na Sínigh daoine a chuir sa spás agus roinnt bua bainte amach acu. Measaim go bhfuil méid áirithe bainte amach san Ind freisin. Ach tá an Eoraip spléach ar na Rúisigh nó Meiriceánaigh.

Tar éis bearna fhada tá SAM ag díriú ar dhaoine a chuir sa spás arís, filleadh ar an ngealach i dtosach ansin an folús a thrasnú go Mars — aistir roinnt blianta.

Is comhlachtaí tráchtála faoi stiúir NASA atá i mbun na hoibre. Stiúir atá i bhfad níos scaoilte ná mar a bhí i gcás na cláir Gemini agus Apollo sna seascaidí.

Tá plé ar an clár Apollo sa leabhar Digital Apollo atá léite le déanaí agam.

Is spéis san obair ceannródaíoch ríomhaireachta a spreag mo spéis ann, ach is é a d'fhoghlaim mé as go raibh polaitíocht - mór agus beag - agus caidreamh poiblí lárnach ní hamháin i ndearadh na misin ach níos mó fós san dóigh a cuireadh na heachtraí i láthair an pobal.

Toradh ar iomaíocht na córais ab ea cinneadh Mheiriceá tréan-iarracht a dhéanamh fear a chuir ar an ngealach. Bhí cúpla bua lua ag an Aontas Sóivéideach san iomaíocht seo agus Sputnik, an chéad spásárthach agus Yuri Gagarin an chéad duine curtha sa spás acu.

Tharraing Meiriceá as a miotas bunaigh faoin taiscéalaí fireannach laochúil, an ceannródaí calma i gcodarsnacht leis na Rúisigh ina raibh an duine aonair báite sa chomhchoiteann más fíor.

Ach fiú i SAM féin bhí géar iomaíocht idir innealtóirí a chreid gur faoi chóras uathoibríoch nó cian stiúrtha ba cheart rudaí a fhágáil agus na píolótaí tástála a chreid gur scil an laoch aonair eochair an ratha.

Léiríonn an leabhar gur córas casta innealtóireachta a bhí i gceist, cumasc den obair uathoibríoch ar bhord agus ar thalamh agus cian rialú ó thalamh agus gníomhaíochtaí daonna ar bhord.

Gach cuid den gcóras fite fuaite le chéile agus idirspleách.

Bhí fadhbanna agus fabhtanna ann gan amhras.

Ach cé gur minic (mar a déantar fós) an milleán á leagadh ar an ríomhaire agus a dhearthóirí is fírinne an scéil nach raibh botún ríomhaireachta i gceist, agus go deimhin gur fhág an dearadh deiseanna plé le fadhbanna crua earra.

Mar sin féin d'fhág tionchar na píolótaí tástála, buachaillí bó laochúla a linne, a roghnaíodh chun tabhairt faoin misean agus riachtanais na bolscaireachta sa chogadh fuar chomh maith le amhras an phobail faoi theicneolaíocht agus uathoibríocht nach bhfuair na hinnealtóirí ná na ríomhairí an chreidiúint a bhí dlite dóibh.

Lón machnaimh, cé gur bhraith mé mar leabhar go raibh sé ró scaoilte foclach.

Níor lagaigh sé mo thuairim gur réimse na róbait cian rialta an taiscéalaíocht spás, gur fearr go mór an toradh eolaíochta ar an infheistíocht atá le fáil astu agus gur fearr an úsáid de scil innealtóireachta sin.