Píosaí liom in áiteanna eile:

2026-05-13

Ríthe sa Bhíobla

Ní cuimhin liom go baileach cén úrscéal le Lion Feuchtwanger a chonaic mé an tagairt seo, ach is dócha gur Iaftá agus a iníon a bhí ann -

 Tháinig Iaftá ar ais chun a thí féin i Mizpeá ansin agus féach, tháinig a iníon amach ina dháil le ceol tiompán agus le rince. Ba í a leanbh aonair í, mar ní raibh mac ná iníon aige ach ise amháin.

(Móid meargánta a rinne Iaftá an chéad rud a chasadh air ag baile a íobairt dá mbeadh bua sa chath aige. Scéal a choinnigh raibithe ag díospóireacht ó shin.) 

Ba rabhadh roimh Ríthe a bhí ann, sliocht as cuid eile de leabhar na breithiúna. 



Chuaigh na crainn amach tráth chun rí a ungadh dóibh féin. 
Agus dúradar leis an gcrann olóige: ‘Bíse i do rí orainn!’  Dúirt an crann olóige leo, ámh: ‘An amhlaidh a thréigfidh mise mo mhéathras, Lena dtugtar onóir do Dhia agus do dhaoine Chun a bheith i réim ar na crainn?’ 
Agus dúirt na crainn leis an gcrann figí: ‘Tar thusa, agus bí i do rí orainn.’ Dúirt an crann figí leo, ámh: ‘An amhlaidh a thréigfidh mise mo mhilseacht Agus mo dhea-thoradh Chun a bheith i réim ar na crainn?’ 
Agus dúirt na crainn leis an bhfiniúin: ‘Tar thusa agus bí i do rí orainn.’ Ach d'fhreagair an fhiniúin iad: ‘An amhlaidh a thréigfidh mise m'fhíon a chuireann áthas croí ar Dhia agus ar dhaoine d'fhonn bheith i réim ar na crainn?’ 
Ansin dúirt na crainn go léir leis an dris: ‘Tar thusa agus bí i do rí orainn.’ 
Ach dúirt an dris leis na crainn: ‘Más mian libh dáiríre mise a ungadh i mo rí oraibh féin, Tagaigí ar scáth mo ghéag; É sin nó tagadh tine as an dris Agus loisceadh sí céadrais na Liobáine.’

2026-05-09

An Lúb Liteartha


Mealladh amach go Má Nuad mé chun éisteacht le Anna Heusaff (úrscéalaí) agus Dubhán Ó Longáin (file) faoi agallamh ag Caitlín Nic Íomhair (file). Cuid d'fhéile teanga agus eagna Mhá Nuad.

Pléadh teanga agus aigne go deimhin. Chuir Dubhán scríbhneoireacht i gcomparáid leis an traenáil a dhéanann peileadóir, agus léamh leis na babhtaí sa giom - an dá rud riachtanach. Bhí an bheirt acu ar aon fhocal gur gá an cheird a chleachtadh go rialta, fearacht ceird ar bith eile.

Níl saibhreas le baint as scríobh i nGaeilge, ach mhínigh Anna gur fíor bheagáin údar gairmiúla Béarla a bhfuil in ann slí bheatha a bhaint as scríobh - go bhfuil buntáistí b'fhéidir ag an scríbhneoir Gaeilge toisc go bhfuil scéimeanna áirithe ann chun díriú ar shaothar.

Labhraíodh ar thaighde, ar dhualgais i leith an léitheora, agus neart eile. Luaigh Dubhán nath Gréagóir Ó Dúill, go bhfuil dualgas ar an bhfile fulaingt go poiblí, chun go mbeadh fhios ag léitheoirí nach leo féin atá siad. Agus d'inis eachtra corraitheach faoi léamh filíochta i nGleann Cholm Cille, nuair a reic sé dán faoi beirt dheirfiúr a cailleann a máthair le hailse, agus an dualgas a mhothaigh an duine is sine. Cás díreach bean ó Meiriceá sa lucht éisteachta.... 

Comhrá iontach fairsing agus spéisiúil, beidh lón machnaimh ann dom. B'fhiú an aistear! 

Tírghrá, 𝙑𝙚𝙧𝙛𝙖𝙨𝙨𝙪𝙣𝙜𝙨𝙥𝙖𝙩𝙧𝙞𝙤𝙩𝙞𝙨𝙢𝙪𝙨 agus náisiúnachas


Is tríd gach rud a chuimsíonn coincheap seo an náisiún a chaomhnaítear agus cothaítear féiniúlacht cultúrtha agus stairiúil pobail.
Is léir go bhfuil rud amháin a chaithfear a sheachaint ar ais nó ar éigean - an baol go n-eascródh náisiúnachas mí fholláin as feidhm bhunúsach seo an náisiúin. Tá samplaí cumhachtacha de seo tugtha ag an fichiú céad, le hiarmhairtí tubaisteacha. Cad a fhuasclóidh muid ón mbaol seo? Tírghrá an bealach ceart, dar liom. Aithníonn náisiúnachas cearta do náisiúin féin amháin, san áit gur grá do thír máthartha is ea tír ghrá a dheonann na cearta céanna do gach náisiún eile atá á éileamh do do náisiún féin. I bhfocail eile eascraíonn grá sóisialta cuí as tírghrá. 

Naomh Eoin Pól II 
Cuimhne agus féiniúlacht 
(aistriúchán ón mBéarla liomsa) 

Is dóigh liom gur gá seo a leathnú anois, Bunreachtghrá a chuir leis. Tá Stáit tíreolaíoch, ba dheacair gan é bheith amhlaidh. Ach is beag Stáit nach bhfuil ilnáisiúnta. Tá cearta ag náisiún, ach tá cearta ag Stáit freisin. Chuige sin an Bunreacht a bhronnann saoránaigh orthu féin agus gur gá a chaomhnú. Verfassungspatriotismus dílseacht don mBunreacht sa Ghearmáinis. Tá a leithéid de dhíth chun an Stáit daonlathach a chaomhnú, stáit atá faoi bhagairt ón gcreachlathas atá ag spreagadh náisiúnachas cúng ciníoch san Eoraip, ar mhaithe le deighilt agus scoilt a chothú. Toisc gur fusa leo goid uainn má táimíd in adharca a chéile. 

Fillimis ar fhís Schuman don Eoraip. Fís a d'eascair freisin as an chuid is fearr de theagasc shóisialta na hEaglaise Caitlicí.