Píosaí liom in áiteanna eile:

Posts mit dem Label Gaeilge werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label Gaeilge werden angezeigt. Alle Posts anzeigen

2026-07-20

Siombalachas agus Harry Clarke

Bhí mé ar Aifreann in Uachtar Ard inné. D'aithin mé ar an bpointe gurb le Harry Clarke an fhuinneog laistiar den altóir - an gorm, an glas, na haghaidheanna, an iliomad sonra.

Bhí bileog os comhair na haltóra ag cuir síos ar an siombalachas sa phictiúr. 

Tá cuid de na siombail agam, ach cuid mhór nach raibh. 

Ábhar iontach marana. D'fhéadfá tamall fhada a chaitheamh os a chomhair, ag piocadh amach sonraí. Muire, Eoin agus Máire Mhaigdiléana. An Tríonóid. Blaosc, ag seasamh d'Ádhamh agus an bás de dheasca a pheaca. Cór na nAingeal. Grian agus gealach, ag seasamh don chruinne uilig. 

Na dathanna, a chiall féin ag gach dath acu. 

Agus ealaíon den scoth. 

2026-07-19

Cois Réine atá an balla


Ar iasacht a fuair mé an leabhar seo. Stair ailtéarnach. Éiríonn leis an Putsch i gcoinne Gorbatschow. Cuireann an Aontas Sóivéadach gothaí troda orthu féin. Tosaíonn ag caint ar fiacha gan íoc an Chogadh Mór tírghrách. Géilleann cumhachtaí an Iarthair an Ghearmáin Thiar dóibh, cónaidhm le bheith ann idir an DDR agus BRD. Demokratische Republik Deutschland. Gealltar do muintir an Iarthair go mbeidh gach rud mar a bhí, ach ar ndóigh is bréag sin.

Iriseoir reacaire an scéil, atá ar a sheachaint i Zürich de dheasca cúpla botún a d'fhág na húdaráis sa tóir air. 

Úsáidtear na hainmneacha a bhaineann leis na pearsain stairiúla, agus minic go leor macallaí díreacha as an stair.

Fágann ról an iriseora agus na daoine eile atá ar deoraíocht i Zürich, teifigh ó thoir agus thiar, gur féidir leis an scéal iomlán a insint.

Léamh iontach spéisiúil. 

Agus ábhar machnaimh. 

Óir gach duine a ghlacann an claíomh is leis an gclaíomh a thitfidh sé.


Fuair mé Eoghan Béal do mo bhreithlá. Athinsint ag Darach Ó Scolaí ar dornán scéalta ó na meánaoiseanna. Cé gur Eoghan Béal an teideal, níl ina scéal siúd ach réamhrá. Dáiríre is an streachailt fuilteach don comharbas ábhar an scéil. Bráthairchath.
Ciarán Chluain Mhic Nóis tarraingthe isteach sa scéal, ag iarraidh doirteadh fola a chosc. Faltanas agus feall. Mallachtaí éifeachta. Agus carachtar - Neimheadh - ag imirt ról Bhriciu, ag cothú achrainn agus ainghníomh. Eisean is cúis go minic le briseadh focal agus doirteadh fola.

Tá saibhreas i dteanga an insint, ach tá sé soléite. Mar a bhíodh sna sean LSS tá filíocht anseo is ansiúd síos tríd. 

Agus tá ealaín Alé Mercado iontach, agus neart de ann. Dorcha nuair is gá. Léiriú ar eachtraí an scéil a chuireann leis an insint. 

Earra uasal atá sa leabhar, mar is dual do Leabhar Breac. 

Darach Ó Scolaí, Alé Mercado 
ISBN 978-1-913814-84-7

2026-07-15

Papillion

Táim ag dul trí tréimhse easuan faoi láthair. Ceann de na bealaí an oíche a chur isteach ná amharc ar scannán. Tá amazon prime teaghlaigh againn toisc go bhfuil cuntas prime ag mo nuachar. Agus is le Samsung ár dteilifís chomh maith le mo ghuthán - is féidir teilgeadh go dtí an scáileán mór dá réir.

Sean scannáin is mó atá mé ag (ath) amharc orthu.

Ach cé go raibh iomrá cloiste agam ar Papillion - dráma clúiteach carcair - ní raibh sé riamh feicthe agam.

D'fhéach mé air go luath ar maidin inniu. 

Furasta a thuiscint clú a bheith air. Cineálacha uile daonna - séimh agus garbh, geanúil agus brúidiúil, cam agus díreach.

Cairdeas a sheasann fulaingt. 

Mian do smachtaithe éalú, ainneoin gach contúirt agus ainneoin an iarmhairt ar teip. 

Rud eile a chuaigh i bhfeidhm orm ná ciúnas an scannáin. Ní raibh fuaimrian glórach corraitheach ann. 

Agus i dtréimhse ina raibh Papillion i measc bundúchasaigh, níor labhraíodh focal. Ach déanadh cumarsáid. 

Ana scannán. Ealaíon an scáileáin airgid! 

2026-06-07

Comhar i gCathú


Léigh mé Lig sin i gCathú blianta fada ó shin, agus go deimhin Sionnach ar mo dhúan. Léigh mé arís anuraidh é roimh freastal ar an Lá i gCathú.

Taitníonn Lig sin i gCathú liom, agus tá sé furasta a thuiscint conas gur bhain sé amach barr liosta na leabhair a raibh ráchairt orthu caoga bliain ó shin. (Níl fhios agam an bhféadfadh leabhar Gaeilge sin a dhéanamh anois - tá formhór na leabhair a díoltar á ndíol ag seoltaí leabhar agus as an áireamh sna liostaí mórdhíola).

De bhrí go bhfuil an leabhar caoga bliain d'aois, is don leabhar atá eagrán reatha Comhar tiomnaithe, aistí spéisiúla faoi ghnéithe éagsúla den leabhar agus freagairt phearsanta don leabhar. San áireamh dhá thuairim ana éagsúil ag Sorcha de Brún agus Síle Ní Choincheannain

Clár

Gearóid Denvir 
Eagarfhocal 

Gearóid Ó Tuathaigh 
Comhthéacs Staire 

Mícheál Ó hUanacháin 
Mise & an Mac Drabhlásach 

Ruairí Ó hEithir 
'Englishing' an Leabhair 

Liam Ó Dochartaigh 
'Bestseller' i nGaeilge 

Mártan Ó Ciardha 
Aoibhinn Beatha an Scoláire 

Seán Ó Neachtain 
 Gaillimh m'Óige 

Tonaí Ó Roduibh 
Lá i gCathú 

Sorcha de Brún 
Mná Lig Sinn i gCathú

Síle Ní Choincheannain 
Ceist na hInscne
Laoighseach Ní Choistealbha 
Ligeadh mé i gCathú 


Cúán de Búrca 
Mealladh na Méire Fada 

Tomás Ó Floinn 
Léirmheas ón gCartlann

Anois, ní mór dom an leabhar a athléamh. 

2026-06-06

Fómhair Troime


Roinnt blianta ó shin anois chuir na héin crann Troim sa ghairdín cúl. Ní dhéanaim mórán chun smacht a chur ar an ngairdín céanna agus d'fhás sé go rábach. I Mí Bealtaine bíonn neart bláthanna air. Cúpla uair anois tá síoróip déanta agam as na bláthanna céanna. Seo an oideas a bhainim feidhm as. 

3 l uisce
3 kg siúcra
3 líomóid (gan céar orthu!)
50 g aigéad citreach
20 bláth troime

Phioc mé na bláthanna chomh luath agus a bhí na bláithíní oscailte, ag seachaint cinn le feithidí. (Bíonn plód feithid liath ar ghasanna cuid de na bláthanna).

Déantar an siúcra a thuaslagann san uisce tríd é a théamh. 

Baintear na bláithíní de na gasanna, le forc mar shampla. 

Gearrtar na líomóidí i sliseanna. 

Cuirtear na bláithíní, líomóidí agus an t-aigéad citreach isteach sa síoróip agus cuirtear an pota in áit dorcha ar feadh cúpla lá. 

Ansin déantar scagadh ar an leacht trí criathar agus ceirt ann chun na bláithíní agus líomóidí a bhaint as. Déantar an leacht a bhruith ansin agus é a chuir i mbuidéil. 

Chun é a ól, déantar cúig cuid uisce a chuir le cuid amháin síoróipe. Blasta! 



Seal i Neipeal

Fuair mé an Dialann taistil seo de chuid an Searcaigh ó BorrowBox chun é léamh go leictreonach agus aistir a ghiorrú. 

Cathal groí ag siúl agus ag taisteal in áiteanna éagsúla i Neipeal, beirt fhear óg á thionlacan mar treoraithe agus giollaí iompair. 

Tráth a raibh an raic faoi Fairytale of Kathmandu shíl mé gur saonta a bhí an Searcach, nár thuig sé an bearna maoine agus cumhachta dá réir idir é féin agus na fir óga a raibh caidreamh collaí aige leo. Nár shíl sé é féin a bheith saibhir ó tharla nach raibh sé saibhir sa bhaile. 

Níl mé chomh cinnte anois. Tá cuir síos ar neart eachtraí collaíochta agus spéis léirithe aige i mbuachaillí agus fir óga. Ar éigin go luaitear bean ar bith. Bhain an scaoilteacht collaíochta agus an fánacht siar asam, ach is dócha gur léiriú é sin ar mo shaontacht féin thar rud ar bith eile. Nílim ar mo chompord le caint ar chollaíocht agus illeannánachas.

Tá an cuir síos ar an tírdhreach iontach. 

Ag tús an leabhair luaitear na Maoistigh ach ní déantar mórán cíoradh ar an gceist. 

Tríd is tríd is leabhar taistil luachmhar é. 

Seal i Neipeal 
Cathal Ó Searcaigh
Cló Iar-Chonnacht

2026-06-04

Foinse oscailte agus flaitheas dhigiteach

D'iarr Tús Áite orm píosa cainte a dhéanamh faoi bogearraí foinse oscailte, i bhfianaise roinnt rialtas san Eoraip a bheith ag tréigean Microsoft agus Google i dtreo bogearraí agus ríomhairí atá faoina smacht féin. (Ciallaíonn néalríomhaireacht "ríomhaire duine éigin eile"). An scéal seo a spreag Cearbhall le dul i dteagmháil liom. Tá oifig ar leith i Schleswig Holstein (ceann de na Stáit i bPoblacht cónaidhme na Gearmáine) ag spreagadh agus ag maoiniú comhlachtaí poiblí chun obair le foinsí oscailte agus sás a dhéanamh dóibh féin agus do chomhlachtaí eile. 

Tá an chaint le clos anseo. Seo gluais ar sin, mar a déarfá. 

Dúirt mé go raibh iarrachtaí ar bun ag rialtais bogearraí foinse oscailte a úsáid agus a oiriúnú dóibh féin. Tá sainmhíniu ar bogearra foinse oscailte anseo:

Tá neart ar bun - office.eu mar shampla, a chuireann malairt rogha ar bun do Microsoft Office. Luaigh mise Libre Office atá in úsáid agam féin le blianta. Tá comhéadan Gaeilge ar fáil, a bhuí le Kevin Scannell agus an Ríomhacadamh. 

Mar atá don brabhsálaí Firefox, atá in úsáid agam le breis agus deich mbliana. 

Rinne Marion Gunn, beannacht Dé lena hanam, ceannródaíocht ar úsáid foinsí oscailte chun an Ghaeilge a chuir ar fáil ar ríomhairí. Bhí baint aici roimhe sin le Gaeilge a chur ar táirgí Apple - Clarisworks. Chuir Apple deireadh thar oíche leis an gcomhoibriú. Ní féidir leis sin tarlú i gcás foinsí oscailte. Is an pobal - nó baill díograiseacha de - a dhéanann an obair, agus is leo an táirge. Tá an t-ádh linn go bhfuil leithéidí Kevin Scannell ag saothrú ar ár son!

Tugann bogearraí foinse oscailte deis do dhaoine an bogearra á mhúnlú mar is toil leo féin. Níl síntiúis bhliantúil riachtanach, mar atá á éileamh ag Microsoft agus Google agus a leithéid. Go deimhin tá fáil saor in aisce ar na táirgí, ach is féidir íoc as tacaíocht má tá sin de dhíth. 

Tá córas oibriúcháin Linux ar fáil, togra a bhfuil Linus Torvalds, Fionlannach ón mionlach a labhraíonn Sualainnis, ina thionscnóir air. Tá Linux ina chnámh droma ag an idirlíon. Agus tá leaganacha ar fáil do ríomhaire phearsanta. Tá Ubuntu in úsáid agam féin le cúpla bliain. Arís, tá comhéadan Gaeilge ar fáil. 

Tá an iliomad táirge foinse oscailte ann. Go minic is féidir iad a chur ag obair ar sean ríomhaire, murab ionann agus táirgí Microsoft a éilíonn crua earraí nua gach cúpla bliain de bharr a gcraos cuimhne agus cumhacht ríomhaireachta. 

Cuirimis an ríomhlóid chun cinn! 

2026-06-03

Ní tír í an Afraic...

 


Tá i bhfad níos mó daoine ón Afraic in Éirinn ar na saolta seo. Sa bhaile suanleasa ina bhfuil cónaí orm, agus tógáil as éadan ar bun, tá i bhfad níos mó daoine de dhath le feiceáil. Daoine de bhunadh na hAfraice ina measc. Ach mór roinn is ea an Afraic. Agus formhór na Stáit atá ann is iad na coilínigh a tharraing a dteorann, bunaithe ar an méid a bhíodar féin in ann gabháil agus coinneáil. Ansin bhrúigh siad teanga, creideamh agus córas riaracháin orthu. Ach is annamh náisiún amháin lonnaithe sna críocha sin, agus is iomaí náisiún scartha ag líne ar mhapa a tarraingíodh in oifig i Londain nó Páras. Nó Beirlín, cé gur sciob an Bhreatain na críocha sin tar éis an chéad ár Eorpach. Bhí lámha ag an mBeilg, an Ísiltír agus an Phortaingéil sa chúram freisin. Tá cúinne den Afraic fós ag na Spáinnigh. Agus gan amhras scaip na hArabaigh níos mó ná a gcreideamh le faobhar claíomh.

Dúirt mé cheana gur chreid mé go bhfuil gaeloideachas dlite do na fleiscín Éireannaigh.

Ach tá níos mó de dhíth. 

Caithfear an iolrachas a aithint. Go cúramach. Mar shampla, tá an iliomad náisiúin sa Nigéir - Igbo, Yoruba, Edo, Haussi, Fulani. A gcultúr, creideamh, teanga agus slí bheatha féin acu, ach idirmheascadh freisin so dóigh is go mbeadh oidhreacht ó cúpla náisiún ag duine. Náisiún a bhí in adharca a chéile ní hamháin roimh agus le linn an choilíniú ach le teacht neamhspleáchas freisin. Bhí cogadh cathartha uafásach sa Nigéir nuair a rinne na hIgbo iarracht a Stáit féin a bhunú de bharr cos ar bholg a bheith á imirt acu. Lean gorta agus ár.

Agus níl ansin ach sampla, sampla atá ar bharr m'ordóg agam toisc go raibh mé ag labhairt le fear Edo (an dream ónar ghoid na Breatnaigh cré-umhaí Beinin).

Agus níos luaithe an lá chéanna léigh sagart de bhunadh na Nigéire, sílim, Aifreann. Agus d'éist cainteoir Amáirise m'fhaoistin. Rinne mé iontas de fear ón Aetóip a bheith ina shagart Chaitliceach, os rud é go bhfuil a nEaglais ársa féin acu.

Creidim gur gá do na scoileanna an saibhreas cultúrtha seo a aithint agus a úsáid. Nuair atá an Ghorta á phlé, na gortaí a d’fhulaing sinsir na daltaí a chuir san áireamh, iad a spreagadh. Ach go faichilleach chun nach gcuirfí in adharca a chéile na daltaí. (Caitheadh an lipéad Naitsí le mo chlann, le teann rógaireachta is dócha, ach ghortaigh sé mar sin féin).


Bóthar dhá treo imeascadh, agus caithfear a cheart a thabhairt don dá chultúr. 



As lor liom ꝗ laḃrꝫ de sin

2026-05-31

Nur die Gedanken sind frei...

Deirtear go minic gur nuacht an rud go bhfuil duine éigin nach bhfuil ag iarraidh go bhfoilseofar é, agus gur fógraíocht gach rud eile. 


Rith sé liom nuair a chonaic mé an póstaer thuas, cuid de feachtas an AE.

Tá go leor constaic le sárú chun nuacht iontaofa cruinn a chur ar fáil. Tá fórsaí láidre tráchtála (atá ag ceannacht nuachtáin agus stáisiún raidió as éadan). Tá mioscais Státeagraithe nó billiúnaí eagraithe. Tá áiteanna ina bhfuil iriseoirí dá feallmharú.

Agus anois tá an caclathas ár mba i turscar ginte ag intleacht shaorga. 

Mar sin, tá muinín an phobail as iriseoireacht ag sleamhnú. Agus de dheasca easpa acmhainní, tá sé doiligh ag iriseoirí "dul amach agus fáil amach an bhfuil sé ag báisteach".

Agus ó tharla go bhfuil fiú an iriseoireacht is fearr ag brath ar ioncam fógraíochta, níl saoirse phreasa ann. 

Níl réiteach agam. 

Léim an taz ar líne. Comharchumann a chuireann an nuachtán ar fáil, agus ní thugaim oiread sin fógraíocht faoi ndeara. Cuirim cúpla Euro sa mhí ina dtreo.

Más buan mo chuimhne bhí a leithéid de mholadh ag Alex Hijmans cúpla bliain ó shin. Seirbhís síntiús ina bhféadfá síntiús a ghlacadh le hiriseoirí ar leith. 

Ó rinne Google praiseach den gcuardach, chlis orm an alt a aimsiú arís.

B'fhéidir go bhfuil múnla ansin. Ach bheadh dlíodóirí maithe agus pócaí domhain de dhíth chun teacht roimh dúmhál lucht saibhris is cumhachta. 




2026-05-29

Bóthar na bhFál, Cathair na gClaíocha


Déagóir nó páiste ab ea mise agus na trioblóidí ó Thuaidh fíochmhar fuilteach. Do mac meánaicmeach Deisceart Bhaile Átha Cliath ba thír aineoil, baolach na Sé Chontae. Le cúpla bliain anuas tá roinnt cuairt tugtha agam ar Bhéal Feirste. Ach níl imní an déagóra curtha díom agam.

Bíonn beagán eagla i gceist nuair atá mé ag brath ar Google maps mo choiscéim a threorú ó A go B. Tá mo dhóthain taithí agam anois ar Bhéal Feirste le tuiscint nach bhfuil ceantair dílseacha an tSean Chill ach faoi urchar méaróige de cheantair náisiúnacha. (Agus, sea, d'aon uaim a roghnaigh mé an tsamhail áirithe sin.)

Le déanaí agus mé ag siúl ó thuaisceart Bhéal Feirste go Bóthar na bhFál ba léir go raibh Google do mo threorú tríd ceantar mar é. Is beag duine a bhí thart, bhí sé sách luath, ach bheartaigh mé mo chóta a dhúnadh thar an geansaí glas leis an mana Gael mé. Agus an bóthar a thrasnú seachas mo shlí a bhrú tríd grúpa daoine a bhí cruinnithe. 

Tamall ina dhiaidh sin shiúl mé tríd geata "síochána". 

Le hais cathracha eile tá níos mó claíocha arda le feiceáil i mBéal Feirste, thart ar séipéil, scoileanna agus a leithéid. Gan trácht ar na stáisiúin péas atá fós ina ndaingean dorcha le fál go haer thart orthu. 

Tá an ealaíon sráide suntasach, ach níos mó ann anois nach bhfuil bainteach go díreach le foréigean na dtrioblóidí, ach sách minic is de dheasca na hiarmhairtí atá sé ann. 

Is eagal liom go mbeidh sé i bhfad eile go leagfar claíocha - i gcloigne daoine chomh maith le ar na sráideanna. 

2026-05-13

Ríthe sa Bhíobla

Ní cuimhin liom go baileach cén úrscéal le Lion Feuchtwanger a chonaic mé an tagairt seo, ach is dócha gur Iaftá agus a iníon a bhí ann -

 Tháinig Iaftá ar ais chun a thí féin i Mizpeá ansin agus féach, tháinig a iníon amach ina dháil le ceol tiompán agus le rince. Ba í a leanbh aonair í, mar ní raibh mac ná iníon aige ach ise amháin.

(Móid meargánta a rinne Iaftá an chéad rud a chasadh air ag baile a íobairt dá mbeadh bua sa chath aige. Scéal a choinnigh raibithe ag díospóireacht ó shin.) 

Ba rabhadh roimh Ríthe a bhí ann, sliocht as cuid eile de leabhar na breithiúna. 



Chuaigh na crainn amach tráth chun rí a ungadh dóibh féin. 
Agus dúradar leis an gcrann olóige: ‘Bíse i do rí orainn!’  Dúirt an crann olóige leo, ámh: ‘An amhlaidh a thréigfidh mise mo mhéathras, Lena dtugtar onóir do Dhia agus do dhaoine Chun a bheith i réim ar na crainn?’ 
Agus dúirt na crainn leis an gcrann figí: ‘Tar thusa, agus bí i do rí orainn.’ Dúirt an crann figí leo, ámh: ‘An amhlaidh a thréigfidh mise mo mhilseacht Agus mo dhea-thoradh Chun a bheith i réim ar na crainn?’ 
Agus dúirt na crainn leis an bhfiniúin: ‘Tar thusa agus bí i do rí orainn.’ Ach d'fhreagair an fhiniúin iad: ‘An amhlaidh a thréigfidh mise m'fhíon a chuireann áthas croí ar Dhia agus ar dhaoine d'fhonn bheith i réim ar na crainn?’ 
Ansin dúirt na crainn go léir leis an dris: ‘Tar thusa agus bí i do rí orainn.’ 
Ach dúirt an dris leis na crainn: ‘Más mian libh dáiríre mise a ungadh i mo rí oraibh féin, Tagaigí ar scáth mo ghéag; É sin nó tagadh tine as an dris Agus loisceadh sí céadrais na Liobáine.’

2026-05-09

An Lúb Liteartha


Mealladh amach go Má Nuad mé chun éisteacht le Anna Heusaff (úrscéalaí) agus Dubhán Ó Longáin (file) faoi agallamh ag Caitlín Nic Íomhair (file). Cuid d'fhéile teanga agus eagna Mhá Nuad.

Pléadh teanga agus aigne go deimhin. Chuir Dubhán scríbhneoireacht i gcomparáid leis an traenáil a dhéanann peileadóir, agus léamh leis na babhtaí sa giom - an dá rud riachtanach. Bhí an bheirt acu ar aon fhocal gur gá an cheird a chleachtadh go rialta, fearacht ceird ar bith eile.

Níl saibhreas le baint as scríobh i nGaeilge, ach mhínigh Anna gur fíor bheagáin údar gairmiúla Béarla a bhfuil in ann slí bheatha a bhaint as scríobh - go bhfuil buntáistí b'fhéidir ag an scríbhneoir Gaeilge toisc go bhfuil scéimeanna áirithe ann chun díriú ar shaothar.

Labhraíodh ar thaighde, ar dhualgais i leith an léitheora, agus neart eile. Luaigh Dubhán nath Gréagóir Ó Dúill, go bhfuil dualgas ar an bhfile fulaingt go poiblí, chun go mbeadh fhios ag léitheoirí nach leo féin atá siad. Agus d'inis eachtra corraitheach faoi léamh filíochta i nGleann Cholm Cille, nuair a reic sé dán faoi beirt dheirfiúr a cailleann a máthair le hailse, agus an dualgas a mhothaigh an duine is sine. Cás díreach bean ó Meiriceá sa lucht éisteachta.... 

Comhrá iontach fairsing agus spéisiúil, beidh lón machnaimh ann dom. B'fhiú an aistear! 

2026-04-28

Seachrán Jeaic Sheáin Johnny


Go fánach a thóg mé rleabhar an t-úrscéilín seo ar iasacht ó BorrowBox, lón léitheoireachta chun eitilt leadránach a ghiorrú.

Scéilín ar deacair a rá cé mhéad de atá ceaptha a bheith fíor agus cé mhéid is ea brionglóidí macnasacha seanduine dóite a tréigeadh ag an altóir, agus atá i ngrá má tá le gariníon an té a thréig é. Agus b'fhéidir a ghariníon féin? Go leor nach deirtear amach go lom, spás dá réir d'fhiosracht agus samhlaíocht an léitheora. Prós fileata a bhaineann feidhm éifeachtach as ruthaig na scéalaíochta gan a bheith smolchaite dá bharr.

Thaithin an scéal go mór liom. Neart snáithe scaoilte le samhlaíocht a spreagadh ach scéal iomlán mar sin féin. 

Seachrán Jeaic Sheáin Johnny
Micheál Ó Conghaile 
Cló Iar-Chonnacht 

2026-04-26

Garsún


Spreag sochraid Gabriel Rosenstock agus roimhe sin a agallamh le Tristan ar an raidió mé le fios a chur ar an leabhar seo. Dánta dírbheathaisnéiseacha, portráid den bhfile ag teacht in inmhe. Foinsí a fhilíochta agus a mheon, agus caidreamh lena theaghlach is a chomhdhaoine. Dánta atá éadrom ach lán brí.
Fíricí fite tríd tuairimí. Tá, dar liom, tuiscint le fáil ann ar mheon Gabriel, an meon as a fáisceadh an fear Haiku agus Tanka, ach freisin an fear a scríobh Luimnigh géara greannmhara graosta, fogha faoi polaiteoirí a fhearann bás ón spéir ar bhocht agus nocht. 
(Leabhar dátheangach atá ann, ach níor léigh mé na leaganacha Béarla). Na nithe a spreag an tobar filíochta a sheol na mílte ríomhphost chuig ciorcal leathan lucht aitheantais. A bhlogmeister, i. Mise ina measc. 

2026-04-15

Christa Wolf - Medea

I ndiaidh dom Kassandra léi a léamh, chuaigh mé ar an saothar seo de chuid Christa Wolf. Athinsint ar scéal Medea, ach ní scéal na mnaoi a thréig a tír, a mharaigh a clann agus bean nua a leannán. Ach scéal níos casta, scéal a bhfuil cuma na daonnachta agus na fírinne air. Scéal laige na bhfear agus neart na mban. Polaitíocht mharfach ríoga. Treas, formad agus uaillmhian. 

Inste ag carachtar éagsúla ón bunmiotas. Scéal nach bhfuil gá aige leis an deus ex machina toisc gur leor an nádúr daonna chun imeachtaí an scéil a thuiscint. 

Scéal corraitheach cumhachtach.

(ó leabharlann ar líne Institiúid Goethe a fuair mé é). 

2026-04-08

Mo chuisle ag preabadh, mo chroí i mo bhéal...


Coir scéinséir atá anseo. Ní cérinneachán ná fiú conssarinnechán atá ann. Tá sé soiléir go maith go bhfuil dúnmharú i gceist, agus cé hé an fealltóir. Don triúr ban atá lárnach sa scéal ar aon nós. Beirt acu, aint agus neacht, a bhfuil bua ar leith acu bás a thuar. An tríú bean, cara leis an íospartach. 

Lonnaithe sa cheantar thart ar Gaoth Dobhair. Tagann an tríú bean aníos as Baile Átha Cliath le freastal ar shochraid a cara. Lóistín aici leis an mbeirt eile. Atá sa cheantar le fada, toisc iad a bheith corr, dar lena dteaghlaigh, de dheasca an bua atá acu a chuireann ag gol iad nuair atá bás le bheith sa cheantar. Agus i riocht níos measa nuair is anbhás atá le bheith ann. 

Ar an iargúil, tá siad sásta go maith. Beo ar fás agus díol luibheanna agus glasraí. 

An chaidreamh idir an triúr a iompraíonn an scéal, agus a n-amhras faoi bhás na céad mná. Leisce orm aon scéalmhilleadh a dhéanamh - fágfaidh mé fúibh féin é a léamh. 

Mar a dúirt léirmheastóir ar RnaG, tá neart cainte ar bhia agus béilí agus an suíomh a chruthú go mall fáilí, go dtí go dtagann luas agus teannas faoin scéal i dtreo deireadh. 

Thaithin sé go mór liom. Lonnaithe san lá atá inniu ann, tamall tar éis an phandéim. 

Ní bean mé (na Seán) - ní thig liom mar sin dearbhú go bhfuil meon na mban ceaptha go cruinn aige. B'fhearr sin a fhágáil faoi na mná. Ach tá an insint inchreidte domsa. 

Mar a dúirt léirmheastóir amháin ar RnaG, tá neart trácht ar bhia agus ar bhéilí. Chuirfeadh sé ocras ar dhuine....

⭐ ⭐ ⭐ ⭐ ⭐ 

Sí 
Seán Ó Muireagáin 
Éabhlóid 

2026-04-06

Gabriel Rosenstock - púróg ar charn

Tá daoine eile i bhfad níos cáilithe ná mise chun éagnairc Gabriel Rosenstock, a chuaigh ar shlí na fírinne inniu, a scríobh.

Ní mór dom a admháil nach raibh mé ró thógtha lena shaothar i dtús ama. Diaidh ar ndiaidh a tháinig mé isteach air. Tríd IMRAM go príomha. Toisc go bhfuil sé de nós agam blúire a scríobh anseo faoi na himeachtaí a fhreastalaíonn mé orthu, chuaigh Gabriel i dteagmháil liom maidir le blag dá shaothar. Bhí sé go mór i bhfabhar le foilsiú saor in aisce filíochta, agus in aimsiú bealaí nua. Ach ní raibh fonn ar leith air dul ag iomrascáil leis an teicneolaíocht. 

Mar sin, ó 2012 i leith tá mé mar blogmeister (a théarma siúd aige). San tréimhse sin tá breis is ceithre míle mír foilsithe. Neart haiku - go háirithe haiku pictiúrtha - ach neart foirmeacha eile freisin. Meascán eicléictiúil. Agus comhoibriú le filí agus ealaíontóirí ó ar fud na cruinne.

Soir, san Áis a bhí tinfeadh Ghabriel. A mhiúil ag ól as an Ganges. 

Bhí tuairimí láidre ag Gabriel, agus peann sách géar aige nuair a shíl sé gá a bheith leis. Is iomaí Limerick lán de ghreann dóite ar an mblag. 

Cáilíochtaí na seanfhilí aige, ó cáinte go hollamh.

Suaimhneas síoraí dá anam, sólás dá chlann. Agus sólás freisin dá chairde éigse fud fad na cruinne. 

2026-02-15

An Géillsineach


Ar mo chamchuairt inné bhuail mé isteach chuig leabharlann Institiúid Goethe ar Chearnóg Mhuirfean. Tá cnuasach scannáin acu ar DVD chomh maith le neart leabhar.

Chroch mé liom Der Untertan  scannán dubh agus bán ó 1951. DEFA an Ghearmáin Thoir a rinne, bunaithe ar úrscéal de chuid Thomas Mann ó 1918.

Aor shearbh ghreannmhar ar sár náisiúnaithe an impireacht tar éis Liam I Hohenzollern teacht i réim. Géillsine don arm, mar a léirigh scéal Captaen Köpenick. Fimíneacht i gcúrsa collaíochta - diúltaíonn an laoch an bhean atá sé tar éis í a bhréagadh agus atá torrach a phósadh, ar an mbonn nach bhfuil sí geanmnaí. (Imríonn leifteanant an chleas suarach céanna ar a dheirfiúr).

Na schlagande Verbindungen - cumann mic léinn tugtha do troid le claíomh, agus colm ar an aghaidh mar cúis mórtais acu.

Dímheas ar an lucht oibre. 

Leanbh faiteach lag atá sa laoch i dtús báire, ach go dtagann sé ar an dtuiscint nach bhfuil sé chun bheith saor ó chos ar bolg mura imríonn sé féin é, géillsine suas, an bhuatais síos. 

Deireadh an scannán é ag nochtadh dealbh den impire, i lár stoirme. Agus ansin ag móradh an chogaíocht chun an náisiúin a neartú. 

An radharc deiridh ná an dealbh i lár faiche agus na tithe timpeall air ina fhothrach. 

Greann dubh dóite agus aor fíochmhar. Bhain mé an-taitneamh as. 

2026-02-14

Ní bhíonn sólás againn ann....

Ní bhíonn sólás againn ann
Gan dólás ann a cheann,
Ní bhíonn maise gan a masla,
Ná an díreach gan an cam.


Tugann beartas Barzaz scoth litríocht na Mór Roinne a chur i nGaeilge saothair i mo threo nach mbeadh agam dá uireasa (ach seans maith nach mbacfainn leo nach mbeadh ach leagan Béarla ar fáil dom). 

Scéal neamhghnách (domsa) sa cheann seo. Fear atá rathúil ach duairc, bean atá uaillmhianach ach ag déanamh faillí ina páirtí, an obair ina leannán aici, í ard san feidhmeannas, gar do Emanuel (Macron) ach gan a bheith ina ionadaí phoiblí. Teagmháil scoile i bhfad siar a thugann ar Amelié Éric a earcú dá rannóg. Ag éirí go maith leis an obair. 

Go gcuireann turas gnó go Súl corr i mbeatha Éric. Agus trí sin i mbeatha Amelié freisin. Casadh sa scéal taithí Éric ar nós na Cóiré deis a thabhairt do duine a bhás féin a shamhlú, dul tríd a shochraid féin agus seal a chaitheamh i gcónra. 

Scéalta faoi caidrimh, idir tuismitheoirí agus páistí, idir páirtithe, idir comhghleacaithe. Colscaradh is cúpláil. Athmhuintearas.  Dúlagar. Strus agus a fhaoiseamh. Díomá, dóchas gan choinne. 

Caibidil ghairide, cúpla snáth san insint. Dul siar agus aniar san am, agus réamhamharc. Fonótaí ar minic a bhain siad miongháire asam. Iad ag cuir leis an insint seachas ina ngluaiseanna tura acadúil. 

Scéal comhaimseartha, lonnaithe i tús na fichidí seo. Ré na paindéime. Ré Macron. Scéal buirgéiseach. 

Bhain mé taitneamh as (cé go raibh sé gar den chnámh agus mé ag teacht as babhta dúlagair nuair a chur mé tús leis). 

Údar: David Foenkinos
Leagan Gaeilge: Máirín Ní Mhárta 
Barzaz