Píosaí liom in áiteanna eile:

2026-10-02

Úrscéal na Trá Báine


Tá an úrscéal is déanaí seo de chuid Mhichíl Uí Chonghaile bunaithe ar shaol Bríd Ní Mháille agus na heachtraí a spreag an dá amhrán léi atá againn - Amhrán an Bháthadh (Amhrán na Trá Báine) agus Amhrán South Boston. 

Más buan mo chuimhne, bhí tinfeadh ann freisin ón scríbhneoireacht thart ar logainmneacha (mar a bhí i gceist leis An bhlaosc sa mbois) 

Agus arís fuair mé réamhbhlaiseadh den saothar seo ag Cúirt na bliana seo caite. Go deimhin, tá an leabhar tiomnaithe do na taibheóirí sin. 

Smaointe agus brionglóidí Bríd Ní Mháille atá sa leabhar, agus í thall i South Boston nuair a fhaigheann sí scéal tubaisteach bá a triúr deartháir (agus deartháir eile báite rompu). 

Tosaíonn an insint leis an American wake agus í ar tí dul ar deoraíocht. Nó bhféidir lena cuimhní air. Sruth comhfheasa atá san insint, míreanna éagsúla, ag dul siar is aniar. Scéalta ón mbaile ag baint corr as na smaointe, pé acu litir nó duine nua anoir. 

Abairtí gairide, luas lasrach faoin insint, smaointe coscracha corraithe. An bá agus an toradh á shamhlú aici ar bhealaí éagsúla. De réir mar a tháinig eolas chuici. 

A Deaide agus an cás inar fágadh é. Col aige le ronnachaí ar eagla gur ar coirp a chlann mac a beathaíodh iad. 

Ansin cúinsí a saol féin thall, anró agus cruatan agus a clann séalaithe roimpi seachas duine amháin. 

Na hamhrán a chum sí imithe siar, agus ansin tagtha anoir agus fabhtach! Cúis feirge di. 

Macallaí as na hamhráin arís is arís eile. 

Anois is arís liodán logainmneacha - thall agus abhus. 

Trí intriacht Béarla - litir anoir óna deirfiúr Nell, litir aniar chuig Nell, agus teistiméireacht an Sagart paróiste di agus í ag dul anall. É le tuiscint gur máistir scoile nó sagart a scríobh agus a léigh na litreacha. Dul na Gaeilge ar an mBéarla - go deimhin codanna dothuigthe don té a bheadh taobh le Béarla amháin. 

Thaithin an insint go mór liom. Agus tá an leabhar féin gleoite. Ealaín le Seán Ó Flaithearta - Ó Mhaidhm go Maidhm. Mír idir na caibidil. Currach báite le feiceáil scaití iontu. An méid oiriúnach - 18.2 × 12.3 cm - , cló soiléir soléite. 

Tá nóta staire agus leagan den dá amhrán ann freisin. 


Táim buíoch do Cló Iar-Chonnacht a sheol cóip léirmheasa chugam. 


Micheál Ó Conghaile 
Cló Iar-Chonnacht 
ISBN 978-1-78444-312-2