Bhí mé féin agus mo mhac i tábhairne gnóthach i mBath Shasana ag an deireadh seachtaine. Ag Gaeilgeoireacht, gan amhras, mar sin ár nós. Le leathchluas chuala go raibh blas na hÉireann ar Bhéarla an lánúin ag an mbord taobh linn. Nuair a bhí siad ag imeacht bhuail an fear bleid orainn - as Gaeilge ar a laghad. An gnáthrud maidir leis bheith chomh hiontach an Ghaeilge a chlos.
Tháinig beirt Gearmánach i gcomharbas ar an lánúin ar an mbord ansin. Le teann searbhas dúirt mé le mo mhac go mba cheart dúinn rá leo go raibh sé iontach an Ghearmáinis a chlos. Bheadh sin aisteach, ar sé. Agus bheadh.
Santaím an lá go mbeidh sé aisteach a rá - as Gaeilge nó as Béarla - go bhfuil sé iontach an Ghaeilge a chlos.