Píosaí liom in áiteanna eile:

Posts mit dem Label Laoighseach Ní Choisdealbha werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label Laoighseach Ní Choisdealbha werden angezeigt. Alle Posts anzeigen

2026-04-07

Péacadh an Dearcáin


Bhí mé i dTeach Purcell de chuid Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, áit a raibh An Dearcán, iris nua filíochta faoi eagar ag Laoighseach Ní Choisdealbha agus Ellen Corbett, le seoladh. Ar an Ollamh Ciarán Mac Murchaidh a thit an cúram an iris a sheoladh, de bhrí go raibh an ceann scoile thar lear. Tá Laoighseach ina scríbhneoir cónaitheach san ollscoil faoi láthair. 

Rinne sé píosa cainte, ach is ag tagairt do eagarfhocal Laoighseach a bhí sé go minic! Eagarfhocal ar fiú go mór é a léamh. 

Tá filí idir aibí agus ámh idir na clúdaigh, agus bhí cuid acu i láthair chun saothair dá gcuid as an iris a léamh. 

(D'éirigh le Eoin P. saothar dá chuid atá coincréiteach ar an leathanach a chuir in iúl lena ghuth). 

Sa bhreis ar na dánta maille nótaí gairide beathaisnéise, tá agallamh le Ceaití Ní Bheildiúin

Agus - gníomh misnigh - dréachtaí de chuid dán Laoisigh, le nótaí fúthu. Obair gharbh. 
File í Laoighseach a phléann an ceird uaireanta ina dánta. Agus seo uraiceacht ar an dóigh le machnamh agus eagarthóireacht ar dhán. 

Tá an iris féin snasta, le léaráidí dubh, dearg agus bán ó pheann Laoisigh. An íomhá ar an gclúdach ag tagairt d'fhilí INNTI. 

Íomhá an Dearcáin, an síol a thiteann sa chré as a phéacann an daróg as a dtagann an bhile. 

Bheadh dóchas agam go mbeadh gais go leor ag eascairt as Dearcán. Tá súil Dearcán 2 a bheith ar fáil san Fhómhair.

2025-11-23

Dán na Caillí

Bíonn rogha na himeachtaí le freastal orthu le linn féile IMRAM i gcónaí deacair. I mbliana, ar an ndrochuair, bhí orm bheith thar lear don bpríomh deireadh seachtaine. 

Ba leor áfach duine de Laoighseach Ní Choisdealbha, Dairena Ní Chinnéide nó Eithne Ní Ghallchobhair mé a mhealladh go lár na cathrach - ach an triúr acu le chéile!

Anuraidh bhí comhdháil acadúil ag an Acadamh Ríoga faoi phearsa na Caillí. D'aithin siad an uair úd go raibh rud le rá freisin ag na healaíontóirí faoin ábhar, agus chuaigh i bpáirt le hIMRAM agus na filí chun an bhearna sin a líonadh. Bhí an tinfeadh ag Majella Ní Chriocháin, bainisteoir IMRAM Róis a luadh le Liam Carson mar cheoltóir feiliúnach.

Triúr ban ultach, trodaí Duibhneach agus an file físe Margaret Lonergan, ar dheacair ócáid de chuid IMRAM a shamhlú d'uireasa a híomhánna teilgthe. 

Is iomaí brí ag an bhfocal Cailleach ar ndóigh, agus thagair Máire Ní hAnnracháin do brí amháin, i. Bean scothaosta agus í ag baint feidhme as an cuir síos sin uirthi féin. 

Baineann sanasaíocht Cailleach le caille, i. fial. Agus bhí éadan Róis folaithe faoi chaille dhubh lása nuair a tháinig sí i láthair chun a cheol diamhair féin a chuir i láthair - guth álainn agus asarlaíocht leictreonach scaití á threisiú agus babhtaí eile á choimhthiú. Thug sí amhráin dúinn idir na filí agus tionlacan cúlra dóibh. 

Thug Laoighseach sraith dánta dúinn, mar is iondúil ionchollaithe, baineann, láidir. Lán de thagairtí do théacsanna idir saolta, scrioptúrtha agus ó litríocht na cruinne agus na Gaeilge. Fite fuaite le tuiscint ar Chailleach Bhéara an dáin agus a miangas sise. 

Bhí dánta Dairena Ní Chinnéide fáiscthe as Dinnseanchas Iarthar Dhuibhne agus cuimhní teaghlaigh ar mná feasa, agus coimhlint idir piseog is creideamh, mná feasa agus cléireach tiarnúil. 

Agus bhí reacaireacht Eithne Ní Ghallchobhair báite sa bhéaloideas, cuid de na téamaí a chíor sí i Múscail, a ghiorria. Tuiscint is neamhbhreithiúnacht an bhean feasa, beag beann ar na claontuairimí fúithi féin agus a dlúthbhaint leis an dúlra. 

Bhí dán amháin i nGaeilge na hAlban againn, ó Caitrìona Lexy Chaimbheul .

Mar is iondúil le ócáidí imram.ie, fiú agus seo i suíomh acadúil leabharlann an Acadaimh ríoga, is Gesamtkunstwerk a bhí ann - filíocht, íomhánna agus ceol ag tagairt dá chéile, fite fuaite le chéile chun an lucht éisteachta agus féachana a fhuadach chuig domhain na samhlaíochta faoi réir na Caillí. 



2025-10-12

Mainistir na Feola

Seo an dara cnuasach filíochta le Laoighseach Ní Choisdealbha atá foilsithe ag Barzaz. Bhí mé tógtha le Solas geimhridh. Mainistir na Feola iontach láidir freisin. Dánta ina bhfuil sé follasach gur ó dhearcadh baineann a scríobhadh. Neamhleithscéalach. Colainneach, uaireanta miangasach, i dtólamh lán íomhánna láidre. Rabhadh sláinte do mo leithéid ann, agus greann dóite. 

Baineannach Fireann
A fhir chóir!
Bí cúramach is tú ag léamh na filíochta seo. 
Tá seans ann go dtógfaidh tú
 an bhandacht 
ón dán
mar a bheadh deilgneach ann.

... 

Agus freisin
tá suim mhíchuí agam i gcónai
i rudaí fearúla,
de réir na ndánta:
an saol, an fhilíocht, 
an grá féin.

Déantús an dáin faoi chaibidil i roinnt de na dánta, allagar samhailteach freisin le filí eile fearacht Biddy Jenkinson (ábhar PhD Laoighseach) nó Colm Breathnach agus a ghéag taosctha. 

Dearbhú ar an méid atá ráite ag scríbhneoirí eile - mar a dúirt Diarmuid Johnson le déanaí - go mbíonn an scríbhneoir cráite mura bhfuil sé ag scríobh le sruth na smaointe a ídiú. 

Dánta eile ag plé leis an gcolainn agus a aicíd. Dán fíor phearsanta Scrúdú a haistríodh agus a bhuaigh duais. 

An dán fada Mainistir na Feola ag plé le gearradh meaill as colainn ach é ar maos le tagairtí agus machnaimh, ar chiontach, ceap milleán agus miangas. 

Baintear feidhm as an gcreideamh Chaitliceach ar bhealaí cruthaitheach. Ós pápaire mé féin, ní raibh mé ar mo chompord uilig leis sin, go háirithe athinsint miangasach ar Theachtaireacht an Aingil, bunaithe air phictiúr le Henry Ossawa Tanner sa dán Gan smál. (Mhúscail an teideal an saoithín ionam freisin, ní do choimpeart Íosa a thagraíonn Giniúint gan smál, ach don dóigh a chaomhnaigh Dia a mháthair ó smál pheaca an tsinsir, reamhthoradh a pháise.) 
Tá an t-aon aistriúchán san aicme seo freisin, dán Naomi Shihab Nye faoi atrua d'Íosa maidir leis na daoine uilig a shíleann labhairt ar a shon. Thaithin an dán sin, agus an dán faoi Iúdás, á ghlanadh a cháil seisean, níos fearr liom. 
Spreag 蛸と海女 Tako to Ama dán anghrách, ag samhlú gliúcalaí baineann ar an láthair, an miangas atá san saothair á iniúchadh trí priosma baineann (téacs íomhá Hokusai fite tríd chomh maith leis an íomhá). 
Dán fhada ag logánú seanscéal iontais a fuair sí via scannán Ghibli かぐや姫の物語 scéal an bhanphrionsa Kaguya  Aimsithe sa phortach. Cíortar éirí in airde, grá agus saint, miangas agus maoin. 

Nuachainteoir ón Lagáin í Laoighseach, agus sa chnuasach seo arís cíortar caidreamh teangan, teanga a tógáil agus teanga a Bé, a shamhlaíonn sí fireann. 

Cnuasach láidir. Táim lánchinnte go saibhreas tagairt ann a bhfuilim féin, tuatach, dall orthu. Fuair mé sásamh ann ámh agus is breá liom an spreagadh anoir a d'úsáid sí. (Fios curtha agam ar scannán Ghibli ón leabharlann). 

Cosa i bportach agus eibhir an áit thiar, rútaí sa Lagáin ach samhlaíocht idirnáisiúnta. Dearcadh baineann ag déanamh spior spear le greann séimh de chinnteacht mascalach. Neamhspleách. Misniúil fiú agus í ag iomrascáil le ceardaíocht agus friotail. Fréamhaithe i saothair glúinte filí roimpi gan a bheith faoi chuing. 

Tá an leabhar féin álainn. Clúdach crua, clúdach páipéir snasta. Clóchur shoiléir. Páipéar cuanna. 

Cloch gan locht eile in áras Bharzaz. 

Laoighseach Ní Choisdealbha 
Barzaz 
Clúdach maisithe ag Anastasia Melnykova. 

2024-12-14

Baile an Eibhir

(Goidte ó X Laoighseach Ní Choisdealbha. Tá cúpla pictiúir agam a thóg mé ag Ceolta ach tá siad go hainnis. Creidim gur Laoighseach féin a tharraing an pictiúir thuas agus ceapann sé go maith í)

I ndiaidh di na dánta ón cnuasach ar na bacáin Baile an Eibhir a léamh ag Ceolta Imram, bhronn Laoighseach a cóip de na dánta orm. Mar sin, bhí mé in ann iad a léamh agus athléamh ar mo shuaimhneas. 

Nuachainteoir í Laoighseach. Mo dhála féin, is strainséir sa Ghaeltacht í, nuair a bhíonn sí ann. Tá sí imithe cúpla céim sa bhreis ormsa. Cónaí uirthi sa Ghaeltacht, agus in aontíos - nó aon carbhán? le fear Gaeltachta. 

Seasann Baile an Eibhir - sa Sacs-Bhéarla Ballynever - don nGaeltacht, agus na taithíocha éagsúla agus na radhairc éagsúla uirthi. Cuirtear os ár gcomhair iad. Breathnóireacht grinn gan breithiúnas borb.

Tá línte agus rannta ann a cheapann na ceisteanna a bhaineann léi agus na caidrimh casta atá ag lucht na Gaeltachta agus strainséirí araon léi ar bhealach nach bhfuil ar chumas an iliomad coiste, ná tuairisc (a bhaileoidh deannach).

Cloisim go raibh an Bhé iontach flaithiúil le Laoighseach agus go bhfuil dhá chnuasach eile ar na bacáin chomh maith leis an gcnuasach seo a fuair mé géarú goile as. 

Táim fiosrach fúthu uilig!